6.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 132/102


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/706 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Bealtaine 2022

lena leagtar síos rialacha chun Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm, a mhéid a bhaineann le critéir agus nósanna imeachta chun tiomantas seanbhunaithe don Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta agus rannchuidiú urghnách leis a aithint

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 2884)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (1), agus go háirithe Airteagal 32(1), pointe (hb), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

D’fhonn tiomantas seanbhunaithe don Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (‘an Sásra Aontais’) agus rannchuidiú urghnách leis a aithint, foráiltear le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE go bhféadfaidh an Coimisiún boinn a bhronnadh ar na rannpháirtithe ábhartha.

(2)

Chun boinn an tSásra Aontais sin a bhronnadh (‘boinn UCPM’), ba cheart don Choimisiún na critéir agus na nósanna imeachta a leagadh síos maidir le tiomantas seanbhunaithe don Sásra Aontais agus rannchuidiú urghnách leis a aithint.

(3)

I bhfianaise chur chuige trasearnála an chúnaimh a sholáthraítear tríd an Sásra Aontais, ba cheart boinn UCPM a bhronnadh ar shaoránaigh an Aontais agus ar shaoránaigh tríú tíortha, lena n-áirítear pearsanra cosanta sibhialta, pearsanra bainistithe tubaistí, pearsanra míleata na mBallstát, nó pearsanra údarás nó comhlachtaí ábhartha eile de bharr rannchuidiú a tugadh don Sásra Aontais. Féadfar boinn UCPM a bhronnadh ar dhaoine nádúrtha nó ar mhodúil, lena n-áirítear foirne idirghabhála, foirne cúnaimh theicniúil agus tacaíochta (‘TAST’), agus acmhainneachtaí freagartha eile atá cláraithe sa Chomhchóras Cumarsáide agus Faisnéise Éigeandála (‘CECIS’).

(4)

Chun gníomhaíochtaí an timthrialla bainistithe tubaistí ina iomláine a chumhdach, ba cheart gníomhaíochtaí coisctheacha, ullmhachta agus freagartha a chuimsiú sa raon feidhme ábhartha a bhaineann le haitheantas agus urraim a thabhairt do thiomantas seanbhunaithe don Sásra Aontais agus rannchuidiú urghnách leis.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 20a(3) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, ba cheart don Choimisiún dhá chineál bhoinn UCPM a bhronnadh: bonn le haghaidh tiomantas seanbhunaithe agus bonn le haghaidh rannchuidiú urghnách. Is gá mar sin critéir incháilitheachta a shainiú maidir le bronnadh an dá chineál bonn.

(6)

Toisc gur tugadh boinn UCPM isteach sa Sásra Aontais le Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), an tréimhse atá le cur san áireamh chun incháilitheacht fhaighteoirí féideartha bhoinn UCPM a chinntiú, ba cheart í a shocrú agus dáta glactha an Chinnidh á chur san áireamh, eadhon an 21 Márta 2019.

(7)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a bheith i dteideal faighteoirí féideartha a ainmniú. Chun meastóireacht a dhéanamh ar fhaighteoirí féideartha, ba cheart don Bhord Bronnta na hainmniúcháin sin a mheasúnú, ar bord é ina mbeidh ionadaithe an Choimisiúin. Ba cheart don Bhord Bronnta teacht le chéile chun moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun cinneadh a dhéanamh faoi bhoinn UCPM.

(8)

Chun urraim a thabhairt do na faighteoirí ar bhealach iomchuí, ba cheart boinn UCPM a bhronnadh ag searmanas foirmiúil, amhail an Fóram Eorpach um Chosaint Shibhialta nó searmanais fhoirmiúla eile ar bhonn ad hoc.

(9)

Chun cuimsiú a áirithiú agus comhionannas a chur chun cinn, ba cheart cothromaíocht inscne agus dáileadh geografach a chur san áireamh agus cinntí á ndéanamh boinn UCPM a bhronnadh.

(10)

Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart don Choimisiún clár a choinneáil ar bun maidir le boinn UCPM a bhronntar.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chosaint Shibhialta dá dtagraítear in Airteagal 33(1) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar amach leis an gCinneadh seo na critéir agus na nósanna imeachta maidir le boinn an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta (‘boinn UCPM’) a bhronnadh chun aitheantas agus urraim a thabhairt do thiomantas seanbhunaithe don Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (‘Sásra Aontais’) agus rannchuidiú urghnách leis.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘duine dea-charachtair’ duine nach bhfuil ciontuithe coiriúla aige nó aici roimhe seo;

(2)

ciallaíonn ‘crógacht shármhaith’ misneach eisceachtúil nó diongbháilteacht chróga is mó ná mar a bheifí ag súil leis agus a léiríodh le linn comhraic;

(3)

ciallaíonn ‘éacht iontach inmholta’ leibhéal an-ard éachta, a théann thar a bhfuil gnách nó iondúil.

Airteagal 3

Cineálacha bhoinn UCPM

1.   Bronnfaidh an Coimisiún an dá chineál bhoinn UCPM seo a leanas:

(a)

bonn le haghaidh tiomantas seanbhunaithe;

(b)

bonn le haghaidh rannchuidiú urghnách.

2.   Ní bheidh faighteoirí na mbonn i dteideal aon tairbhe airgeadais a fháil.

3.   Ní bhronnfar boinn UCPM níos mó ná uair amháin in aghaidh an chineáil boinn ar an duine nádúrtha céanna, na modúil chéanna, na foirne idirghabhála céanna, an fhoireann cúnaimh theicniúil agus tacaíochta céanna agus acmhainneachtaí freagartha eile. Feadfar iad a bhronnadh tar éis báis.

Airteagal 4

Incháilitheacht

1.   Féadfar boinn UCPM a bhronnadh ar na daoine nádúrtha seo a leanas mar gheall ar a rannchuidiú leis an Sásra Aontais:

(a)

baill na cosanta sibhialta agus pearsanra bainistíochta tubaiste de chuid na mBallstát nó de chuid na Stát Rannpháirteach sa Sásra Aontais;

(b)

baill údarás eile, eintiteas eile nó comhlachtaí eile a rannchuidíonn leis na gníomhaíochtaí faoin Sásra Aontais;

(c)

saoránaigh an Aontais nó saoránaigh tríú tíortha.

Daoine dea-charachtair a bheidh sna daoine nádúrtha sin.

2.   Féadfar boinn UCPM a bhronnadh ar na heintitis seo a leanas mar gheall ar a rannchuidiú leis an Sásra Aontais:

(a)

modúil arna mbunú i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE;

(b)

foirne idirghabhála mar a shainítear in Airteagal 2(4) de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2014/762/AE ón gCoimisiún (3);

(c)

foirne cúnaimh theicniúil (‘TAST’) agus tacaíochta mar a shainítear in Airteagal 2(5) de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2014/762/AE;

(d)

acmhainneachtaí freagartha eile dá dtagraítear in Airteagal 9(4) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE.

Clárófar na heintitis sin sa Chomhchóras Cumarsáide agus Faisnéise Éigeandála (CECIS).

3.   Foireann an Aontais atá faoi réir Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (4), ní bheidh an fhoireann sin incháilithe do bhoinn UCPM.

Airteagal 5

Tréimhse incháilitheachta

Tosóidh an tréimhse incháilitheachta chun boinn UCPM a bhronnadh an 21 Márta 2019.

Airteagal 6

Bonn le haghaidh tiomantas seanbhunaithe

Féadfar bonn UCPM le haghaidh tiomantas seanbhunaithe a bhronnadh ar fhaighteoirí incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus Airteagal (2) a chomhlíonann ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

rinneadh iad a imscaradh trí huaire ar a laghad in oibríochtaí freagartha faoin Sásra Aontais;

(b)

léirigh siad tiomantas gairmiúil seanbhunaithe do ghníomhaíochtaí coisctheacha nó ullmhachta faoin Sásra Aontais. Glacfar leis na tréimhsí ama a chaith na faighteoirí incháilithe lena mbaineann ar na gníomhaíochtaí sin mar aitheantas dá dtiomantas.

Airteagal 7

Bonn le haghaidh rannchuidiú urghnách

Féadfar bonn UCPM le haghaidh rannchuidiú urghnách a bhronnadh ar fhaighteoirí incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus Airteagal 4(2) a chomhlíonann ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

rinne siad éacht crógachta sármhaithe, éacht fiúntach neamhghnách nó gníomhaíocht a théann thar a bhféadfaí le réasún ag súil leis le linn oibríocht freagartha faoin Sásra Aontais;

(b)

rinne siad éacht fiúntach neamhghnách ar son fhorbairt an tSásra Aontais i gcoitinne.

Airteagal 8

Ainmniúchán

1.   Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit ainmniúcháin a chur faoi bhráid an Bhoird Bronnta maidir le bronnadh na mbonn seo a leanas:

(a)

boinn UCPM le haghaidh tiomantas seanbhunaithe ar bhonn na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 6;

(b)

boinn UCPM le haghaidh rannchuidiú urghnách ar bhonn na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 7.

2.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú rialta ar na hainmniúcháin, tríd an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha, agus tuairisceoidh sé don Bhord Bronnta nuair a chomhlíonfar na critéir dá dtagraítear in Airteagal 6.

Airteagal 9

Bord Bronnta agus cinneadh maidir le bronnadh

1.   Bunófar Bord Bronnta chun athbhreithniú a dhéanamh ar na hainmniúcháin a chuirfidh an Coimisiún nó na Ballstáit isteach i gcomhréir le hAirteagal 8 agus chun moltaí a thabhairt don Choimisiún maidir le bronnadh bhoinn UCPM.

2.   Beidh trí ionadaí ón gCoimisiún sa Bhord Bronnta.

3.   Tionólfaidh an Coimisiún an Bord Bronnta mí amháin ar a laghad sula reáchtálfar aon searmanas dá dtagraítear in Airteagal 11(1).

Cuirfidh an Bord Bronnta cothromaíocht inscne agus dáileadh geografach san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir le bronnadh bhoinn UCPM.

Airteagal 10

Boinn UCPM arna mbronnadh a chúlghairm agus diúltú dóibh

1.   Aon bhonn UCPM a bronnadh i gcás ciontaithe coiriúil, nó i gcás aon ghníomhaíocht atá easonórach nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, déanfaidh an Coimisiún é a chúlghairim.

2.   Forchoimeádfaidh na faighteoirí an ceart diúltú do bhonn UCPM a bhronntar.

Airteagal 11

Searmanas bronnta bhoinn UCPM

1.   Bronnfar boinn UCPM ag an bhFóram Eorpach um Chosaint Shibhialta, nó i gcás inarb iomchuí, ag searmanais fhoirmiúla ar bhonn ad-hoc.

2.   Tabharfaidh ionadaí an Choimisiúin boinn UCPM do na faighteoirí nó dá n-ionadaithe.

3.   I gcás inar modúl, foireann idirghabhála, foireann cúnaimh theicniúil agus tacaíochta nó acmhainn freagartha eile é faighteoir bhonn UCPM tabharfar an bonn do cheannaire na foirne a ghlacfaidh é thar ceann an mhodúil sin, na foirne idirghabhála sin, na foirne cúnaimh theicniúil agus tacaíochta sin nó na hacmhainne freagartha eile.

Airteagal 12

Dearadh agus clár poiblí ar líne

1.   Cinnfidh an Coimisiún dearadh agus múnla bhoinn UCPM.

2.   Coinneoidh an Coimisiún clár poiblí ar líne d’fhaighteoirí bhoinn UCPM.

Airteagal 13

Caitheamh bhoinn UCPM

Déanfar caitheamh bhoinn UCPM a rialú le rialacháin ábhartha Stát an fhaighteora.

Airteagal 14

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Janez LENARČIČ

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 924.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2019 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 77I, 20.3.2019, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/762/AE ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/277/CE, Euratom agus 2007/606/CE, Euratom ón gCoimisiún (IO L 320, 6.11.2014, lch. 1).

(4)   IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.