|
2.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 128/1 |
CINNEADH (AE) 2022/689 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Márta 2022
lena gceaptar comhalta agus beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó rialtas na hEastóine,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 25 Meán Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/1384 (3), lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún. An 25 Eanáir 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/84 (4), lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Andres JAADLA a cheapadh. |
|
(4) |
Tá suíocháin bheirt chomhaltaí mhalartacha ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis na sainorduithe náisiúnta ar dá mbun a moladh Piret RAMMUL agus Marika SAAR a cheapadh. |
|
(5) |
Mhol Rialtas na hEastóine Andres JAADLA, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Rakvere Linnavolikogu liige (Comhalta de Chomhairle Cathrach Rakvere) mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025. |
|
(6) |
Mhol Rialtas na hEastóine na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás áitiúil, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Piret RAMMUL, Kanepi Vallavolikogu liige (Comhalta de Chomhairle Bardais Tuaithe Kanepi) agus Marika SAAR, Elva Vallavolikogu liige (Comhalta de Chomhairle Bardais Tuaithe Elva), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:
|
(a) |
mar chomhalta:
|
agus
|
(b) |
mar chomhaltaí malartacha:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Márta 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
É. BORNE
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).
(3) Cinneadh (AE) 2020/1384 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2020 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún (IO L 320, 2.10.2020, lch. 8).
(4) Cinneadh (AE) 2021/84 ón gComhairle an 25 Eanáir 2021 lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún (IO L 29, 28.1.2021, lch. 25).