19.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 117/106


CINNEADH (AE) 2022/640 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Aibreán 2022

maidir le rialacha cur chun feidhme i dtaca le róil agus freagrachtaí na bpríomhghníomhaithe slándála

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 249 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún, (1)

Ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá feidhm ag Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 maidir le gach roinn de chuid an Choimisiúin agus áitribh uile an Choimisiúin.

(2)

I gcás inar gá, tá rialacha cur chun feidhme le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 60 de chun Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 a fhorlíonadh nó chun tacú leis.

(3)

Ba cheart na bearta slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint i rith a shaolré a bheith i gcomhréir go háirithe lena haicmiúchán slándála.

(4)

Leagtar síos na bearta slándála maidir le córais cumarsáide agus faisnéise a chosaint sa Choimisiún i gCinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún (3), go háirithe Airteagal 3 maidir le Prionsabail um Shlándáil TF sa Choimisiún agus Airteagal 9 maidir le húinéirí Córais.

(5)

Is é cuspóir na rialacha cur chun feidhme maidir le róil agus freagrachtaí na bpríomhghníomhaithe slándála treoir a thabhairt maidir leis na réamhriachtanais agus na dualgais a leagtar síos i ndáil leis na róil sin i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 agus i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444.

(6)

Le hAirteagal 36(7) de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444 leagtar síos roinnt feidhmeanna breise a bhaineann leis an tslándáil a bheidh le glacadh ag Údarás Slándála an Choimisiúin air féin. Leagtar síos sa Chinneadh seo na cúraimí a bhaineann leis na feidhmeanna sin.

(7)

Tá freagrachtaí sonracha ar Oifigigh Slándála Áitiúla agus ar Oifigigh Rialaithe Clárlainne as faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint ina ranna de réir Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444.

(8)

An 4 Bealtaine 2016, ghlac an Coimisiún cinneadh (4) lena dtugtar cumhacht don Chomhalta den Choimisiún atá freagrach as cúrsaí slándála, na rialacha cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 60 de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444 a ghlacadh, thar ceann an Choimisiúin agus faoina fhreagracht; ina dhiaidh sin an 13 Aibreán 2021, ghlac an Comhalta den Choimisiún atá freagrach as cúrsaí slándála, thar ceann an Choimisiúin agus faoina fhreagracht, cinneadh (5) lena ndéantar na rialacha cur chun feidhme sin a fhotharmligean chuig Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

Forálacha Ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar amach sa Chinneadh seo róil agus freagrachtaí na bpríomhghníomhaithe slándála atá freagrach as faisnéis rúnaicmithe AE (FRAE) a chosaint sa Choimisiún faoi Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444.

2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le gach roinn de chuid an Choimisiúin agus i ngach áitreabh de chuid an Choimisiúin.

CAIBIDIL 2

An Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil

Airteagal 2

Údarás Slándála an Choimisiúin

1.   Is é an tÚdarás Slándála de chuid an Choimisiúin (CSA) dá dtagraítear in Airteagal 7 de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444 a bheidh ina Stiúrthóir ar an Stiúrthóireacht Slándála san Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil.

2.   Comhlíonfaidh an CSA a chuid feidhmeanna sna réimsí seo a leanas mar a leagtar síos i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444, i gcomhréir le hAirteagal 3 go hAirteagal 7 den Chinneadh seo:

(a)

slándáil phearsanra;

(b)

an tslándáil fhisiciúil;

(c)

FRAE a bhainistiú;

(d)

creidiúnú córais cumarsáide agus faisnéise (CCF) a láimhseálann FRAE;

(e)

slándáil thionsclaíoch; agus

(f)

faisnéis rúnaicmithe a mhalartú.

3.   Cuirfidh an CSA oiliúint éigeantach ar fáil do na hOifigigh Slándála Áitiúla (LSOnna), na Leas-Oifigigh Slándála Áitiúla, na hOifigigh Rialaithe Clárlainne (RCOnna) agus na leas-RCOnna maidir lena bhfreagrachtaí agus lena ndualgais.

Airteagal 3

An tÚdarás um Ráthú Faisnéise

Beidh an tÚdarás um Rathú Faisnéise freagrach as na gníomhaíochtaí seo a leanas i ndáil le FRAE a chosaint:

(a)

beartais slándála agus treoirlínte slándála maidir le ráthú faisnéise a fhorbairt agus faireachán a dhéanamh ar a n-éifeachtacht agus ar a n-oiriúnacht;

(b)

faisnéis theicniúil a bhaineann le táirgí cripteagrafacha a chosaint agus a riar;

(c)

a áirithiú go gcomhlíonann bearta um ráthú faisnéise beartais slándála agus soláthair an Choimisiúin de réir mar is iomchuí;

(d)

a áirithiú go roghnófar táirgí cripteagrafacha i gcomhréir leis na beartais lena rialaítear a n-incháilitheacht agus a roghnúchán;

(e)

dul i gcomhairle le húinéirí córais, le soláthraithe córais, le gníomhaithe slándála agus le hionadaithe úsáideoirí maidir le beartais slándála um ráthú faisnéise agus treoirlínte slándála.

Airteagal 4

An tÚdarás um Chreidiúnú Slándála

1.   Beidh an CSA freagrach as Limistéir Dhaingnithe a chomhlíonann ceanglais Airteagal 18 de Chinneadh 2015/444 a chreidiúnú mar aon le Córais Cumarsáide agus Faisnéise (CCF) a láimhseálann FRAE.

2.   Rachaidh ranna an Choimisiúin i gcomhairle leis an Údarás um Chreidiúnú Slándála i gcomhar lena LSO agus lena LISO de réir mar is iomchuí aon uair a bheartóidh roinn é sin a dhéanamh:

(a)

Limistéar Daingnithe a thógáil;

(b)

CCF a chur chun feidhme chun FRAE a láimhseáil;

(c)

aon trealamh eile a shuiteáil chun faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil, lena n-áirítear naisc le CCF tríú páirtí.

Cuirfidh an tÚdarás um Chreidiúnú Slándála (SAA) comhairle ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí sin le linn na bpróiseas pleanála agus tógála nó forbartha araon.

3.   Ní dhéanfar FRAE a láimhseáil i Limistéar Daingnithe ná in CCF sula n-eiseoidh an tÚdarás um Chreidiúnú Slándála creidiúnú ar an leibhéal iomchuí FRAE.

4.   Áireofar an méid seo a leanas ar na ceanglais chun Limistéar Daingnithe a chreidiúnú:

(a)

formheas na bpleananna don Limistéar Daingnithe;

(b)

aon chonarthaí le haghaidh oibreacha a dhéanann conraitheoirí seachtracha a fhormheas, agus na forálacha maidir le slándáil thionsclaíoch amhail aon cheanglas maidir le himréiteach slándála na gconraitheoirí agus a bhfoirne á gcur san áireamh;

(c)

na dearbhuithe agus na deimhnithe comhréireachta uile is gá a bheith ar fáil;

(d)

cigireacht fhisiciúil ar an Limistéar Daingnithe chun a fhíorú go gcomhlíonann na hábhair agus na modhanna tógála, na rialuithe rochtana, an trealamh slándála agus aon ítimí eile na ceanglais arna n-eisiúint ag an CSA;

(e)

bailíochtú na bhfrithbheart in aghaidh radaíocht leictreamaighnéadach d’aon Limistéar Daingnithe ó thaobh cúrsaí teicniúla de;

(f)

na nósanna imeachta oibríochta slándála (SecOPanna) don Limistéar Daingnithe a fhormheas.

5.   Áireofar an méid seo a leanas ar na ceanglais chun CCF a láimhseálann FRAE a chreidiúnú:

(a)

straitéis um Chreidiúnú Córas a chruthú;

(b)

plean slándála CCF a bhailíochtú, bunaithe ar chur chuige bainistithe riosca;

(c)

bailíochtú na SecOPanna don CCF;

(d)

bailíochtú na ndoiciméad slándála eile go léir a bhfuil gá leo, de réir mar a chinnfidh an tÚdarás um Chreidiúnú Slándála;

(e)

aon úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí criptiúcháin a fhormheas;

(f)

bailíochtú na bhfrithbheart in aghaidh radaíocht leictreamaighnéadach do CCF a láimhseálann faisnéis a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó os a chionn sin;

(g)

cigireacht ar an CCF lena fhíorú go bhfuil na bearta slándála doiciméadaithe á gcur chun feidhme i gceart.

6.   Tar éis na ceanglais maidir le creidiúnú a chomhlíonadh go rathúil, eiseoidh an tÚdarás um Chreidiúnú Slándála údarú foirmiúil maidir le FRAE a láimhseáil sa Limistéar Daingnithe nó sa CCF, ar uasleibhéal sonraithe FRAE agus ar feadh suas le 5 bliana, ag brath ar na leibhéil FRAE atá á láimhseáil agus na rioscaí lena mbaineann.

7.   Má fhaightear fógra faoi shárú slándála nó faoi athrú suntasach ar dhearadh nó ar bhearta slándála an Limistéir Dhaingnithe nó an CCF, déanfaidh an tÚdarás um Chreidiúnú Slándála athbhreithniú ar an údarú chun FRAE a láimhseáil agus, más gá, féadfaidh sé an t-údarú chun FRAE a láimhseáil a chúlghairm go dtí go réiteofar aon saincheisteanna a shainaithneofar.

Airteagal 5

Údarás TEMPEST

1.   Cuirfear bearta slándála TEMPEST chun feidhme chun cosaint a thabhairt do CCF a láimhseálann faisnéis a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó os a chionn sin, agus féadfar iad a chur chun feidhme maidir le faisnéis a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED.

2.   Beidh an tÚdarás TEMPEST freagrach as formheas a dhéanamh ar na bearta a glacadh chun cosaint a thabhairt i gcoinne comhréiteach FRAE trí sceitheadh neamhbheartaithe leictreonach.

3.   Arna iarraidh sin d’úinéir córais CCF a bhfuil FRAE á láimhseáil aige, eiseoidh an tÚdarás TEMPEST sonraíochtaí maidir le bearta slándála TEMPEST de réir mar is iomchuí do leibhéal rúnaicmiúcháin na faisnéise.

4.   Déanfaidh an tÚdarás TEMPEST tástáil theicniúil le linn chreidiúnú na Limistéar Daingnithe agus an CCF chun FRAE a láimhseáil ar leibhéal CONFIDENTIAL UE/EU CONFIDENTIAL nó os a chionn sin agus, tar éis dó tástáil rathúil a dhéanamh, eiseoidh sé deimhniú TEMPEST.

5.   Sonrófar an méid seo a leanas ar a laghad i ndeimhniú TEMPEST:

(a)

dáta na tástála;

(b)

tuairisc ar bhearta slándála TEMPEST, maille le pleananna an áitribh;

(c)

dáta éaga an deimhnithe;

(d)

aon athruithe a chuirfidh an deimhniúchán ó bhailíocht;

(e)

síniú Údarás TEMPEST.

6.   Féadfaidh LSO nó eagraí cruinnithe atá freagrach as cruinniú rúnaicmithe a eagrú, i gcomhar le LSO, iarraidh ar Údarás TEMPEST seomraí cruinnithe a thástáil chun a áirithiú go bhfuil siad slán ó thaobh cúrsaí teicniúla de.

Airteagal 6

Údarás Formheasa do Tháirgí Cripteagrafacha

1.   Beidh an tÚdarás Formheasa do Tháirgí Cripteagrafacha freagrach as úsáid teicneolaíochtaí criptiúcháin a fhormheas.

2.   Cuirfidh an tÚdarás Formheasa do Tháirgí Cripteagrafacha treoir ar fáil maidir leis na ceanglais le haghaidh teicneolaíochtaí criptiúcháin a úsáid agus a fhormheas.

3.   Déanfaidh an tÚdarás Formheasa do Tháirgí Cripteagrafacha úsáid réiteach criptiúcháin a fhormheas ar bhonn iarrata ó úinéir an chórais. Beidh an formheas bunaithe ar mheastóireacht shásúil ar na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

riachtanais slándála na faisnéise atá le cosaint;

(b)

forbhreathnú ar an CCF a bhaineann leis an réiteach;

(c)

measúnú ar na rioscaí fréimhíochta agus iarmharacha;

(d)

tuairisc ar an réiteach atá beartaithe;

(e)

na SecOPanna don réiteach criptiúcháin.

4.   Coimeádfaidh an tÚdarás Formheasa do Tháirgí Cripteagrafacha clár de réitigh fhormheasta criptiúcháin.

Airteagal 7

An tÚdarás Criptea-Dháiliúcháin

1.   Beidh an tÚdarás Criptea-Dháiliúcháin freagrach as ábhair chripteagrafacha a úsáidtear chun FRAE a chosaint (trealamh criptiúcháin, eochracha cripteagrafacha, deimhnithe, agus fíordheimhnitheoirí gaolmhara den chuid is mó) a dháileadh ar na húsáideoirí seo a leanas:

(a)

úsáideoirí nó ranna laistigh den Choimisiún le haghaidh CCF a riarann páirtithe seachtracha;

(b)

úsáideoirí nó eagraíochtaí lasmuigh den Choimisiún le haghaidh CCF a riarann an Coimisiún.

2.   Féadfaidh an tÚdarás Criptea-Dháiliúcháin dáileadh ábhar cripteagrafach do thríú páirtithe a tharmligean chuig ranna eile i gcomhréir le hAirteagal 17(3) de Chinneadh 2015/443.

3.   Áiritheoidh an tÚdarás Criptea-Dháiliúcháin go seolfar na hábhair chripteagrafacha uile trí chainéil dhaingne lena dtugtar cosaint ar aon athrú calaoiseach agus lena dtaispeántar fianaise ina leith, i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme maidir le leibhéal aicmiúcháin an FRAE a bheidh cosanta ag na hábhair sin.

4.   Cuirfidh an tÚdarás Criptea-Dháiliúcháin treoir ar fáil don LSO agus, i gcás inarb ábhartha, don Oifigeach Slándála Faisnéisíochta Áitiúil i ngach roinn den Choimisiún a bhfuil baint aige le táirgeadh, dáileadh nó úsáid na n-ábhar cripteagrafach.

5.   Áiritheoidh an tÚdarás Criptea-Dháiliúcháin go mbunófar Nósanna Imeachta Oibríochtaí Slándála (SecOPanna) oiriúnacha don phróiseas dáileacháin.

CAIBIDIL 3

Ranna an Choimisiúin

Airteagal 8

Cinn Roinne

1.   Ceapfaidh gach Ceann Roinne:

(a)

LSO agus ionadaí amháin nó níos mó, nuair is iomchuí, don roinn nó don chomh-aireacht;

(b)

RCO agus ionadaí amháin nó níos mó, nuair is iomchuí, don roinn nó don chomh-aireacht;

(c)

úinéir córais le haghaidh gach CCF a láimhseálann FRAE.

2.   Iarrfaidh an Ceann Roinne formheas ó Stiúrthóir Stiúrthóireacht Slándála na hArd-Stiúrthóireachta um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil sula gceapfar LSOnna, Leas-LSOnna, RCOnna agus leas-RCOnna.

3.   I gcomhairle leis an LSO, sainaithneoidh an Ceann Roinne gach post a dteastaíonn imréiteach ina leith chun rochtain a fháil ar FRAE. Le linn an phróisis earcaíochta, cuirfear iarrthóirí ar na poist sin ar an eolas faoin gceanglas maidir le himréiteach.

4.   Is é ceann na roinne a bhfuil FRAE aici a bheidh freagrach as pleananna scriosta éigeandála agus as pleananna aslonnaithe a ghníomhachtú nuair is gá. Áireofar sna pleananna, rogha mhalartach i gcásanna nuair nach féidir dul i dteagmháil leis an gCeann Roinne.

Airteagal 9

Úinéirí córais CFC a láimhseálann FRAE

1.   Rachaidh úinéir an chórais i dteagmháil leis an Údarás um Chreidiúnú Slándála a luaithe is féidir i dtionscadal chun CCF a láimhseálann FRAE a chur chun feidhme chun na caighdeáin agus na ceanglais slándála ábhartha a chinneadh, agus chun tús a chur leis an bpróiseas creidiúnaithe slándála.

2.   Áiritheoidh úinéir an chórais go gcomhlíonann na bearta slándála ceanglais an Údaráis um Chreidiúnú Slándála agus nach ndéanfaidh an CCF FRAE a láimhseáil sula mbeidh creidiúnú faighte aige.

3.   Rachaidh úinéir an chórais i dteagmháil leis an Údarás Formheasa do Tháirgí Cripteagrafacha chun formheas a fháil chun aon teicneolaíochtaí criptiúcháin a úsáid. Ní oibreoidh úinéirí córais teicneolaíochtaí criptiúcháin i gcórais táirgthe gan formheas a fháil roimh ré.

4.   Rachaidh úinéir an chórais i gcomhairle le LISO na roinne maidir le hábhair a bhaineann le slándáil CCFanna.

5.   Déanfaidh úinéir an chórais athbhreithniú uair sa bhliain ar a laghad ar na bearta slándála a chuirtear i bhfeidhm ar chóras, a phlean slándála san áireamh.

6.   I gcás ina dtarlaíonn teagmhas slándála in CCF ina léirítear nach féidir leis an CCF FRAE a chosaint go leordhóthanach a thuilleadh, cuirfidh úinéir an chórais an méid sin in iúl don LSO agus rachaidh sé i dteagmháil láithreach leis an Údarás um Chreidiúnú Slándála chun comhairle a fháil maidir leis an gcéad chéim eile. Sa chás sin, féadfar creidiúnú a chur ar fionraí agus féadfar an córas a dhíghníomhú go dtí go ndéanfar gníomh ceartaitheach oiriúnach.

7.   Tabharfaidh úinéir an chórais lántacaíocht don Údarás um Chreidiúnú Slándála i gcónaí i ndáil le dualgais an Údaráis um Chreidiúnú Slándála a bhaineann le creidiúnú CCF.

Airteagal 10

An tÚdarás Oibriúcháin um Ráthú Faisnéise

Déanfaidh an tÚdarás Oibriúcháin um Ráthú Faisnéise maidir le gach CCF an méid seo a leanas:

(a)

doiciméadacht slándála a bhunú i gcomhréir le beartais agus treoirlínte slándála, go háirithe an plean slándála, na SecOPanna a bhaineann leis an gcóras agus an doiciméadacht chripteagrafach laistigh den phróiseas creidiúnaithe CCF;

(b)

páirt a ghlacadh i roghnú agus i dtástáil na mbeart, na ngléasanna agus na mbogearraí slándála teicniúla córas-shonracha, chun maoirseacht a dhéanamh ar a gcur chun feidhme agus chun a áirithiú go ndéanfar iad a shuiteáil, a chumrú agus a chothabháil go daingean i gcomhréir leis an doiciméadacht slándála ábhartha;

(c)

páirt a ghlacadh i mbearta agus gléasanna slándála TEMPEST a roghnú, i gcás ina gceanglaítear sin sa phlean slándála, agus, i gcomhar le hÚdarás TEMPEST, a áirithiú go ndéanfar iad a shuiteáil agus a chothabháil go daingean;

(d)

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm na SecOPanna a bhaineann le hoibriú an chórais;

(e)

táirgí cripteagrafacha a bhainistiú agus a láimhseáil, i gcomhar leis an Údarás Criptea-Dháiliúcháin, chun a áirithiú go gcoimeádfar ábhair chripteagrafacha agus ítimí rialaithe i gceart agus, i gcás ina gceanglaítear sin, chun giniúint na n-athróg cripteagrafaíochta a áirithiú;

(f)

anailís slándála, athbhreithnithe agus tástálacha a dhéanamh, go háirithe chun na tuairiscithe ábhartha ar rioscaí a chur ar fáil, de réir mar a cheanglaíonn an tÚdarás um Chreidiúnú Slándála;

(g)

oiliúint maidir le Rathú Faisnéise a chur ar fáil a bhaineann go sonrach le CCF;

(h)

bearta slándála a bhaineann go sonrach le CCF a chur chun feidhme agus a oibriú.

CAIBIDIL 4

Oifigeach Slándála Áitiúil

Airteagal 11

Ceapadh an LSO

1.   Oifigigh nó gníomhairí sealadacha a bheidh sna LSOnna agus sna leas-LSOnna.

2.   Beidh údarú slándála bailí ag na LSOnna agus na leas-LSOnna uile chun rochtain a fháil ar FRAE suas go dtí an leibhéal SECRET UE/EU SECRET, agus suas go dtí leibhéal TRES SECRET UE/EU TOP SECRET i gcás inar gá. Gheobhaidh an LSO nó an Leas-LSO an t-údarú slándála sula gceapfar iad.

3.   Féadfaidh Ionadaíochtaí an Choimisiúin iarraidh ar CSA eisceacht a dheonú ar na riachtanais a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2.

Airteagal 12

Nósanna imeachta oibríochta slándála le haghaidh Limistéir Dhaingnithe

1.   Déanfaidh LSO den roinn den Choimisiún lena mbaineann SecOPanna a tharraingt suas do gach Limistéar Daingnithe atá faoina gcúram.

2.   Áiritheoidh an LSO go n-áireofar na ceanglais seo a leanas ar na SecOPanna:

(a)

ní cheadófar rochtain gan tionlacan ar Limistéar Daingnithe ach amháin do chomhaltaí foirne a bhfuil údarú slándála bailí acu agus a bhfuil gá seanbhunaithe acu le rochtain a fháil ar dhoiciméid a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó os a chionn sin;

(b)

ní thabharfar rochtain gan tionlacan ar Limistéar Daingnithe lasmuigh d’uaireanta oifige ach do LSO na roinne, do RCO(nna) an Limistéir Dhaingnithe, a n-ionadaithe, agus foireann údaraithe ó Stiúrthóireacht Slándála na hArd-Stiúrthóireachta um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil;

(c)

ní cheadófar gléasanna taifeadta agus cumarsáide, amhail fóin phóca, ríomhairí, ceamaraí nó gairis chliste eile, laistigh de Limistéir Dhaingnithe gan údarú roimh ré ón CSA; ní mór aon mhaolú a iarraidh ar an CSA roimh ré; gníomhóidh an LSO mar phointe teagmhála;

(d)

an pearsanra inmheánach nó seachtrach ar fad a dteastaíonn rochtain ar Limistéar Daingnithe uathu ach nach gcomhlíonann na critéir a leagtar amach i bpointe (a) thuas, déanfaidh ball foirne cuí-údaraithe iad a thionlacan agus a mhaoirsiú i gcónaí; déanfar an rochtain sin go léir ar Limistéar Daingnithe a thaifeadadh i logleabhar a choimeádfar ag an mbealach isteach chuig an Limistéar Daingnithe;

(e)

áiritheoidh an LSO go mbeidh na córais braite ionraidh lena ndéantar faireachán ar Limistéar Daingnithe gníomhach i gcónaí agus go bhfeidhmeoidh siad i gceart i gcónaí, agus déanfaidh sé gach pasfhocal, eochair, fógra réamhaisnéise (PIN) nó sásra rochtana agus fíordheimhnithe gaolmhara a bhainistiú.

(f)

déanfar aláraim i Limistéar Daingnithe a thuairisciú do Stiúrthóireacht Slándála na hArd-Stiúrthóireachta um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil, agus tabharfaidh siad fógra láithreach do na LSOnna;

(g)

coinneoidh LSO na roinne ina bhfuil an Limistéar Daingnithe taifead ar gach idirghabháil a tharlaíonn tar éis aláraim nó teagmhas slándála;

(h)

beidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun déileáil le haláram nó staid éigeandála eile laistigh den Limistéar Daingnithe, lena n-áirítear pearsanra a aslonnú agus mearfhreagairt ó fhoireann éigeandála faoi údarás an CSA agus seirbhísí éigeandála seachtracha a áirithiú de réir mar is gá;

(i)

déanfaidh an LSO aon sárú slándála a tharlaíonn laistigh de Limistéar Daingnithe nó a bhaineann le Limistéar Daingnithe a thuairisciú láithreach don CSA chun an fhreagairt iomchuí a chinneadh;

(j)

déanfar oifigí, seomraí agus taisceadáin ar leithligh laistigh de Limistéar Daingnithe a choimeád faoi ghlas aon uair a fhágfar iad gan aon duine ina mbun;

(k)

ní dhéanfaidh an fhoireann faisnéis rúnaicmithe a phlé i bpasáistí nó i limistéir choiteanna eile den Limistéar Daingnithe má bhíonn daoine aonair neamhúdaraithe in aice leo.

Airteagal 13

Eochracha slándála agus teaglamaí slándála

1.   Is ar an LSO a bheidh an fhreagracht fhoriomlán as láimhseáil agus stóráil chuí eochracha agus teaglamaí a úsáidtear i Limistéir Dhaingnithe nó as rochtain a fháil orthu a áirithiú. Stórálfar eochracha agus teaglamaí i gcoimeádán slándála agus cosnófar iad go dtí an leibhéal céanna ar a laghad leis an ábhar a dtugann siad rochtain air.

2.   Coimeádfaidh an LSO clár de choimeádáin slándála agus de sheomraí daingne, mar aon le liosta cothrom le dáta de na baill foirne go léir a bhfuil rochtain gan tionlacan acu orthu.

3.   Coimeádfaidh an LSO clár d’eochracha na gcoimeádán slándála agus na seomraí daingne, agus clár de na baill foirne ar a bhfuil siad leithdháilte. Coinneofar admháil le haghaidh gach eochair a eiseofar, lena n-áirítear an príomhaitheantas, an faighteoir, an dáta agus an t-am.

4.   Ní eiseofar eochracha agus teaglamaí ach chuig baill foirne a bhfuil gá acu le bheith ar an eolas agus dár tugadh an t-údarú iomchuí chun rochtain a fháil ar FRAE. Déanfaidh an LSO aon eochair a aisghabháil mura mbeidh na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh.

5.   Coimeádfaidh an LSO eochracha spártha agus taifead scríofa maidir le gach teaglaim i gclúdach litreach ar leith atá séalaithe, teimhneach, sínithe agus dátaithe agus a chuirfidh an ball foirne atá freagrach as na heochracha ar fáil. Coinneofar na clúdaigh sin i gcoimeádán slándála atá rátaithe le haghaidh an aicmithe is airde ábhair a stóráiltear sa choimeádán nó sa seomra daingean iomchuí.

6.   Má thagann athrú ar theaglaim nó ar uainíocht eochracha, má léiríonn clúdach litreach fianaise go ndearnadh athrú calaoiseach nó damáiste, déileálfaidh an LSO leis an méid sin mar theagmhas slándála agus cuirfidh sé an CSA ar an eolas láithreach.

7.   Is faoi mhaoirseacht an LSO a dhéanfar athruithe ar shocruithe teaglama na gcoimeádán slándála i Limistéir Dhaingnithe. Athshocrófar na teaglamaí gach 12 mhí ar a laghad agus sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfaightear coimeádán nua nó ina suiteáiltear glas nua (go háirithe, athrófar teaglamaí réamhshocraithe láithreach);

(b)

i gcás ina bhfuil amhras ann faoi chur i mbaol nó ina bhfuil a leithéid tar éis tarlú;

(c)

i gcás nach bhfuil rochtain ag teastáil a thuilleadh ó dhuine a bhfuil teaglaim aige.

8.   Coimeádfaidh an LSO taifead de na dátaí ar a ndearnadh na teaglamaí a athrú dá dtagraítear i mír 7.

Airteagal 14

Pleananna éigeandála aslonnaithe agus scriosta FRAE

1.   Tabharfaidh an LSO cúnamh don Cheann Roinne pleananna aslonnaithe agus scriosta éigeandála a bhunú le haghaidh FRAE, bunaithe ar threoir arna soláthar ag HR.DS.

2.   Aon trealamh a bhfuil gá leis chun na pleananna dá bhforáiltear i mír 1 a oibriú, áiritheoidh an LSO go mbeidh an trealamh sin ar fáil go héasca agus go gcoinneofar in ord maith oibre é.

3.   Déanfaidh an LSO, in éineacht leis na hoifigigh a ainmneofar sna pleananna dá bhforáiltear i mír 1, athbhreithniú ar staid ullmhachta na bpleananna gach 12 mhí ar a laghad agus déanfaidh sé aon bheart is gá chun iad a thabhairt cothrom le dáta.

Airteagal 15

Údaruithe slándála

1.   Coimeádfaidh an LSO taifead de na poist go léir laistigh den roinn a bhfuil údarú slándála ón gCoimisiún ag teastáil ina leith maille le taifead de na baill foirne atá sna poist sin. Ní mór an ceanglas maidir le húdarú slándála a shonrú san fhógra folúntais le linn an phróisis earcaíochta agus é a chur in iúl don iarrthóir le linn an agallaimh.

2.   Déanfaidh an LSO maoirseacht ar gach iarraidh ar údarú slándála chun rochtain a fháil ar FRAE. Is é an LSO a bheidh ina phointe teagmhála laistigh den roinn agus déanfaidh sé idirchaidreamh leis an CSA maidir leis na húdaruithe slándála.

3.   Tionscnóidh an LSO an iarraidh chun tús a chur leis an nós imeachta um údarú slándála i ndáil leis an mball foirne lena mbaineann agus áiritheoidh sé go dtabharfaidh an ball foirne an ceistneoir náisiúnta imréitigh slándála ar ais go pras don CSA.

4.   Áiritheoidh an LSO go leanfaidh na baill foirne sa roinn a bhfuil imréiteach slándála acu an fhaisnéisiú éigeantach FRAE chun a n-údarú slándála a fháil.

5.   Déanfaidh an LSO idirchaidreamh rialta le seirbhís acmhainní daonna na roinne chun faisnéis a fháil maidir le gach athrú ar phoist a bhfuil údarú slándála ag teastáil ina leith agus cuirfidh sé an CSA ar an eolas láithreach faoi aon athrú den sórt sin.

6.   Cuirfidh an LSO in iúl don CSA má thagann ball foirne nua ag a bhfuil imréiteach slándála aige cheana chun dul i mbun poist ina n-éilítear ball foirne údaraithe slándála.

7.   Áiritheoidh an LSO go ndéanfaidh baill foirne na roinne an nós imeachta maidir le himréiteach slándála a athnuachan faoin sprioc-am atá leagtha síos. Aon bhall foirne a dhiúltóidh an nós imeachta a dhéanamh, beidh sé d’oibleagáid air aistriú chuig post nach n-éilíonn ball foirne údaraithe slándála.

Airteagal 16

Clárlann FRAE

1.   I gcás ina bhfuil clárlann FRAE i bhfeidhm ag roinn, déanfaidh an LSO maoirseacht ar ghníomhaíochtaí na RCOnna maidir le láimhseáil FRAE agus ar chomhlíonadh na rialacha slándála maidir le FRAE a chosaint.

2.   Déanfaidh an LSO na seiceálacha seo a leanas ar a laghad gach 12 mhí agus nuair a athrófar RCO nó leas-RCO:

(a)

seiceáil ar shampla de dhoiciméid i gclárlann FRAE chun stádas agus cruinneas chlár na ndoiciméad rúnaicmithe a dheimhniú;

(b)

seiceáil ar shampla admhálacha agus duillíní tarchuir chun FRAE a dháileadh ar chlárlann FRAE agus amach uaidh;

(c)

seiceáil ar shampla de dheimhnithe um scriosadh

3.   Ar bhonn míosúil ar a laghad, déanfaidh an LSO spotseiceálacha ar chlár na ndoiciméad rúnaicmithe agus ar dhoiciméid rúnaicmithe a fuarthas le déanaí chun a áirithiú go bhfuil doiciméid á gclárú i gceart.

4.   Déanfar gach seiceáil a thaifeadadh i gclár na ndoiciméad rúnaicmithe.

Airteagal 17

Freagrachtaí eile slándála

Leagfar amach freagrachtaí slándála eile an LSO i bhfógra slándála lena gcumhdófar go háirithe slándáil fhisiciúil daoine, áitreabh agus sócmhainní eile, agus slándáil faisnéise.

CAIBIDIL 5

Oifigeach Rialaithe Clárlainne (RCO)

Airteagal 18

Ceapadh an RCO

1.   Oifigigh nó gníomhairí sealadacha a bheidh sna RCOnna agus sna leas-RCOnna.

2.   Beidh údarú slándála bailí ag na RCOnna agus na leas-RCOnna uile chun rochtain a fháil ar FRAE suas go dtí an leibhéal SECRET UE/EU SECRET, agus suas go dtí leibhéal TRES SECRET UE/EU TOP SECRET i gcás inar gá. Gheobhaidh an RCO nó an Leas-RCO an t-údarú slándála sula gceapfar é.

3.   Féadfaidh Ionadaíochtaí an Choimisiúin iarraidh ar CSA eisceacht a dheonú ar na riachtanais a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2.

Airteagal 19

Freagrachtaí

1.   Cláróidh RCOnna faisnéis atá aicmithe mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó os a chionn sin chun críocha slándála sna cásanna seo a leanas:

(a)

tagann sí isteach chuig roinn de chuid an Choimisiúin nó fágann sí roinn de chuid an Choimisiúin; nó

(b)

tagann sí isteach chuig CCF nó fágann sé CCF.

2.   Cláróidh RCOnna gach imeacht i saolré na faisnéise go léir a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó os a chionn sin. Áiritheoidh RCOanna freisin go gcoimeádfar taifead den fhaisnéis uile a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED nó a choibhéis a mhalartaítear le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Déanfar é sin i gcomhar le clárlann FRAE atá á bhainistiú ag an Ardrúnaíocht.

3.   Cláróidh an RCO doiciméid a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó os a chionn sin i gclár na ndoiciméad rúnaicmithe agus áiritheoidh sé go ndéanfar iad a stóráil go daingean laistigh de chlárlann FRAE.

4.   Cabhróidh an RCO le foireann an Choimisiúin faisnéis a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó os a chionn sin a chruthú agus a sheoladh.

5.   Nuair a gheofar doiciméid a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó os a chionn sin ó ranna eile nó ó pháirtithe seachtracha, áiritheoidh an RCO go ndéanfar an admháil sheachadta a chur ar ais go cuí chuig an tionscnóir.

6.   Sula gceadófar do bhall foirne rochtain a fháil ar dhoiciméad rúnaicmithe atá i seilbh chlárlann FRAE, fíoróidh an RCO leis an LSO, go bhfuil an ball foirne údaraithe ag an CSA ó thaobh slándála de.

7.   Coinneoidh an RCO taifead den phearsanra uile a thagann isteach sa chlárlann FRAE agus a théann amach as nach bhfuil údaraithe rochtain gan tionlacan a bheith acu agus déanfaidh sé iad a thionlacan fad a bheidh siad ar cuairt.

8.   Nuair a ghlacann ball foirne doiciméad le haghaidh comhairliúcháin lasmuigh de chlárlann FRAE, áiritheoidh an RCO go bhfuil sé nó sí ar an eolas faoi na bearta slándála cúiteacha ábhartha agus go dtabharfaidh an ball foirne an doiciméad ar ais a luaithe nach mbeidh gá leis a thuilleadh. Meabhróidh an RCO don fhoireann aon doiciméad den sórt sin a thabhairt ar ais a luaithe is féidir.

9.   Eiseoidh clárlann FRAE deimhniú cúiréara má dhéantar doiciméid rúnaicmithe a iompar de láimh lasmuigh den tír ina bhfuil an clárlann suite.

10.   Leagfar amach treoracha mionsonraithe i bhfógra slándála do RCOnna maidir le doiciméid rúnaicmithe a chlárú.

Airteagal 20

Íosghrádú agus scaoileadh ó rúnaicmiú

Cabhróidh an RCO leis na ranna tionscnaimh agus athbhreithniú á dhéanamh acu ar FRAE cláraithe chun a fháil amach an bhfuil an bunleibhéal aicmiúcháin fós iomchuí, nó an féidir an doiciméad a íosghrádú nó a scaoileadh ó rúnaicmiú.

Airteagal 21

Scriosadh

1.   Beidh RCOnna freagrach as faisnéis a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL agus os a chionn sin a scriosadh trí mheáin fhormheasta, i gcás inarb iomchuí, i láthair finnéithe a bhfuil imréiteach slándála déanta orthu.

2.   Déanfaidh RCOnna aon scriosadh a dhéantar ar fhaisnéis a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL agus os a chionn sin a thaifeadadh i gclár na ndoiciméad rúnaicmithe agus coinneoidh siad na deimhnithe comhfhreagracha um scriosadh i gclárlann FRAE.

Airteagal 22

Cúraimí breise

1.   Cuirfidh an RCO gach cúnamh is gá ar fáil don LSO nuair a dhéanfaidh an LSO gníomhaíochtaí maoirseachta i gclárlann FRAE.

2.   Déanfaidh an RCO aon teagmhas slándála amhrasta nó iarbhír a thuairisciú don LSO, agus tuairisceoidh an LSO iad don CSA ina dhiaidh sin.

3.   Déanfaidh RCO an chláir FRAE de roinn de chuid an Choimisiúin a eagraíonn cruinniú rúnaicmithe ar an leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó os a chionn sin an FRAE a ullmhú a ndéileálfar leis le linn an chruinnithe agus déanfaidh sé comhordú le heagraí an chruinnithe chun a áirithiú go ndéileálfar leis na doiciméid agus leis na hadmhálacha uile i gcomhréir leis na rialacha ábhartha.

CAIBIDIL 6

Forálacha Críochnaitheacha

Airteagal 23

Trédhearcacht

Tarraingeofar aird fhoireann an Choimisiúin agus gach duine aonair a bhfuil feidhm aige maidir leo, ar an gCinneadh seo, agus foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 24

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Gertrud INGESTAD

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil


(1)   IO L 72, 17.3.2015, lch. 41.

(2)   IO L 72, 17.3.2015, lch. 53.

(3)  Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach (IO L 6, 11.1.2017, lch. 40).

(4)  Cinneadh C(2016) 2797 final ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2016 maidir le cumhachtú a bhaineann le slándáil.

(5)  Cinneadh C(2021) 2684 final ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2021 lena ndeonaítear fo-tharmligean cumhachtaí a deonaíodh i gCinneadh C(2016) 2797 ón gCoimisiún maidir le cumhachtú a bhaineann le slándáil.