19.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 117/36


CINNEADH (CBES) 2022/637 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Aibreán 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/339 (1), lenar bunaíodh beart cúnaimh ag a bhfuil méid tagartha airgeadais EUR 50 000 000 atá beartaithe chun maoiniú soláthair trealaimh agus soláthairtí nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a sheachadadh, a chumhdach amhail trealamh cosanta pearsanta, fearais gharchabhrach agus breosla, d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine.

(2)

An 23 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/472 (2) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 100 000 000.

(3)

I bhfianaise an fhogha armtha leanúnach arna thabhairt ag Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin, ba cheart EUR 50 000 000 breise a chur leis an méid tagartha airgeadais atá beartaithe chun maoiniú soláthair trealaimh agus soláthairtí nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a sheachadadh, a chumhdach, amhail trealamh cosanta pearsanta, fearais gharchabhrach agus breosla, d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine. Ba cheart síneadh 24 mhí a chur le fad an bhirt cúnaimh freisin.

(4)

Ba cheart Cinneadh (CBES) 2022/339 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Mairfidh an Beart Cúnaimh 60 mí ó ghlacadh an Chinnidh seo.”;

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   EUR 150 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.”;

(3)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glao ar thograí a dhéanamh tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 150 000 000. Ní úsáidfear na cistí a ghlaofaidh an riarthóir um bearta cúnaimh ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach 2022 agus sna buiséid do na blianta ina dhiaidh sin a chomhfhreagraíonn don Bheart Cúnaimh.”;

(4)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Beidh an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme cáilithe amhail ón 1 Eanáir 2022 agus go dtí dáta a chinnfidh an Chomhairle. Le 66 faoin gcéad ar a laghad den mhéid tagartha airgeadais, cumhdófar caiteachas arna thabhú amhail ón 11 Márta 2022.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/339 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine (IO L 61, 28.2.2022, lch. 1).

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/472 ón gComhairle an 23 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine (IO L 96, 24.3.2022, lch. 45).