13.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 115/185


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/624 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Aibreán 2022

lena bhfoirceanntar an páirt-athbhreithniú eatramhach ar bhearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Rúise iad

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 9(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Na bearta atá i bhfeidhm

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1795 (2), (“an Rialachán bunaidh”), rinne an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) dleacht chinntitheach frithdhumpála a fhorchur ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad, bíodh siad i gcornaí nó ná bíodh (lena n-áirítear táirgí “gearrtha san fhad iomchuí” agus “stiallacha cúnga”) gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith teorollta, gan bheith cumhdaithe, plátáilte ná brataithe (“HRF”) de thionscnamh, inter alia, na Rúise (“an táirge faoi athbhreithniú”).

1.2.   Iarratas ar athbhreithniú

(2)

Fuair an Coimisiún iarratas ar pháirt-athbhreithniú eatramhach de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2016/1036 (“an bun-Rialachán”). Rinne Eurofer (“an t-iarratasóir”) iarratas ar athbhreithniú thar ceann tháirgeoirí an Aontais agus bhí sé teoranta ina raon feidhme don imscrúdú ar dhumpáil a mhéid a bhaineann le táirgeoir onnmhairiúcháin amháin de chuid na Rúise, PAO Severstal (“Severstal”).

(3)

An dleacht arna forchur ag an Rialachán bunaidh, is dleacht sheasta í idir EUR 17,6 in aghaidh an tona agus EUR 96,5 in aghaidh an tona ar allmhairí ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa Rúis a ainmnítear ina n-aonair, le ráta dleacht iarmharach EUR 96,5 in aghaidh an tona ar allmhairí ó gach cuideachta eile sa Rúis. Is é EUR 17,6 in aghaidh an tona atá sa dleacht chinntitheach frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí ó Severstal.

1.3.   Páirt-athbhreithniú eatramhach a thionscnamh

(4)

Chinn an Coimisiún páirt-athbhreithniú eatramhach a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 11(3) den bhun-Rialachán, teoranta ina raon feidhme don imscrúdú ar dhumpáil a mhéid a bhaineann le Severstal. D’fhoilsigh an Coimisiún, an 18 Eanáir 2021, fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) (“an Fógra Tionscnaimh”).

(5)

Mhair tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2020.

1.4.   Páirtithe leasmhara

(6)

San Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar Severstal agus a chuideachtaí gaolmhara freagra ar an gCeistneoir a chur isteach laistigh de spriocdháta sonraithe. Chuir sé an t-iarratasóir agus údaráis na tíre is onnmhaireoir ar an eolas go sonrach maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach. D’iarr an Coimisiún freisin ar pháirtithe eile iad féin a chur in aithne agus a dtuairimí a chur in iúl ar choinníoll gur ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.

2.   TARRAINGT SIAR AN IARRATAIS AGUS FOIRCEANNADH AN IMEACHTA

(7)

An 18 Márta 2022, chuir an t-iarratasóir in iúl don Choimisiún go raibh sé ag tarraingt an iarratais ar pháirt-athbhreithniú eatramhach siar.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 9(1) den bhun-Rialachán, is féidir imeachtaí a fhoirceannadh i gcás ina ndéanfar an t-iarratas a tharraingt siar, ach amháin mura mbeadh an foirceannadh sin chun leas an Aontais.

(9)

Níor tháinig aon chúinse chun cinn le linn an imscrúdaithe a léirigh nach mbeadh foirceannadh an imscrúdaithe athbhreithniúcháin chun leas an Aontais.

(10)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart an páirt-athbhreithniú eatramhach atá teoranta ina raon feidhme don imscrúdú ar dhumpáil a mhéid a bhaineann le Severstal a fhoirceannadh gan leasú a dhéanamh ar na bearta atá i bhfeidhm.

3.   NOCHTADH

(11)

Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas faoina rún an t-athbhreithniú a fhoirceannadh mar gur tarraingíodh siar an t-iarratas agus d’iarr sé ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ina leith sin. Níor chuir aon pháirtí leasmhar in aghaidh an fhoirceanta.

(12)

Tá an Cinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An páirt-athbhreithniú eatramhach ar an dleacht dumpála is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad, bíodh siad i gcornaí nó ná bíodh (lena n-áirítear táirgí “gearrtha san fhad iomchuí” agus “stiallacha cúnga”), gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith teorollta, gan bheith cumhdaithe, plátáilte ná brataithe, ar táirgí de thionscnamh na Rúise iad, agus a thagann i láthair na huaire faoi chóid AC 7208 10 00, 7208 25 00, 7208 26 00, 7208 27 00, 7208 36 00, 7208 37 00, 7208 38 00, 7208 39 00, 7208 40 00, 7208 52 10, 7208 52 99, 7208 53 10, 7208 53 90, 7208 54 00, 7211 13 00, 7211 14 00, 7211 19 00, ex 7225 19 10 (cód TARIC 7225191090), 7225 30 90, ex 7225 40 60 (cód TARIC 7225406090), 7225 40 90, ex 7226 19 10 (cóid TARIC 7226191091 agus 7226191095), 7226 91 91 agus 7226 91 99, déantar an t-athbhreithniú sin a fhoirceannadh.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1795 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Brasaíle, na hIaráine, na Rúise agus na hÚcráine agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú ar allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Seirbia (IO L 258, 6.10.2017, lch. 24).

(3)  IO C 18, 18.1.2021, lch. 36.