16.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 233/26


CINNEADHÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2022

lena gceaptar ceathrar comhaltaí de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí

(2022/C 233/04)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 ina leagtar síos nósanna imeachta Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht ar tháirgí míochaine lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (1), agus go háirithe Airteagal 65(1) de,

Ag féachaint do liosta na n-iarrthóirí a chuir an Coimisiún Eorpach faoi bhráid na Comhairle an 27 Eanáir 2022,

Ag féachaint do na tuairimí a léirigh Parlaimint na hEorpa i litir dar dáta an 24 Bealtaine 2022,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 65(4) de Rialachán (CE) 726/2004, rachaidh téarma oifige chomhaltaí Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (“an Bord Bainistíochta”) atá i seilbh oifige faoi láthair in éag an 14 Meitheamh 2022. Na comhaltaí den Bhord Bainistíochta a bhfuil a dtéarma oifige le tosú an 15 Meitheamh 2022, tá siad le ceapadh i gcomhréir leis an nós imeachta chun comhaltaí a ainmniú agus a cheapadh a leagadh síos i Rialachán (CE) 726/2004.

(2)

Ceanglaítear le hAirteagal 65(1) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 go n-áireofar ar an mBord Bainistíochta beirt ionadaithe ó eagraíochtaí othar, ionadaí amháin ó eagraíochtaí dochtúirí agus ionadaí amháin ó eagraíochtaí tréidlianna.

(3)

Is í an Chomhairle atá leis na comhaltaí sin a cheapadh i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa ar bhonn liosta arna tharraingt suas ag an Coimisiún agus tá i bhfad níos mó ainmneacha le bheith ar an liosta ná mar atá poist le líonadh. Téarma oifige trí bliana a bheidh acu agus is féidir é a athnuachan.

(4)

Dhréachtaigh an Coimisiún liosta iarrthóirí agus thíolaic sé an liosta sin chuig an gComhairle an 27 Eanáir 2022. Roghnaíodh na hiarrthóirí atá ar an liosta a thíolaic an Coimisiún tar éis glao ar léiriú spéise agus ar bhonn a saincháilíochtaí, an réimse leathan saineolais ábhartha atá acu chomh maith leis an saineolas ábhartha atá acu ar bhainistíocht agus an taithí atá acu i réimse na dtáirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine nó le haghaidh úsáid tréidliachta.

(5)

Scrúdaíodh an liosta a thíolaic an Coimisiún d’fhonn ceathrar comhaltaí den Bhord Bainistíochta a dhéanann ionadaíocht do leasanna na sochaí sibhialta a cheapadh, ar bhonn na doiciméadachta a sholáthair an Coimisiún agus i bhfianaise na dtuairimí a chuir Parlaimint na hEorpa in iúl. Trí na comhaltaí sin a cheapadh, trí bhíthin an Chinnidh seo, daingnítear a thuilleadh go mbeidh na leibhéil is airde saincháilíochtaí, réimse leathan saineolais ábhartha agus an raon geografach is leithne is féidir laistigh den Aontas, chomh maith le saineolas ábhartha ar bhainistíocht agus taithí i réimse na dtáirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine nó le haghaidh úsáid tréidliachta, ar fáil sa Bhord ,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceaptar, leis seo, na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí go ceann tréimhse trí bliana ón 15 Meitheamh 2022:

EAGRAÍOCHTAÍ OTHAR

EAGRAÍOCHTAÍ DOCHTÚIRÍ

EAGRAÍOCHTAÍ TRÉIDLIANNA

Marco GRECO

Virginie HIVERT

Denis LACOMBE

Despoina IATRIDOU

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh in Lucsamburg, 13 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. FESNEAU


(1)  IO L 136, 30.4.2004, lch. 1.