11.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 112/67


CINNEADH (AE) 2022/589 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Aibreán 2022

lena mbunaítear comhdhéanamh agus forálacha oibríochtúla bhunú Ghrúpa Comhordúcháin an Choimisiúin um an mBochtaineacht Fuinnimh agus Tomhaltóirí Leochaileacha

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168 agus Airteagal 194 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá aistriú cóir agus cothrom i dtreo Aontas a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 ina chuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip agus de spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 de chuid an Aontais. Leis na pacáistí reachtacha chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích, pacáistí a cuireadh i láthair i mí Iúil agus i mí na Nollag 2021, dírítear go mór ar aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar dhaoine leochaileacha a chosaint. Thairis sin, leis an tionscnamh “Rabharta Athchóiriúcháin” (1), mórthionscnamh a ceapadh chun borradh a chur faoi athchóiriú struchtúrach foirgneamh príobháideach agus poiblí, cuirtear i dtábhacht go mór aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh. Sa chomhthéacs sin, sheol an Coimisiún Tionscnamh maidir le Tithíocht Inacmhainne, ar tionscadal treoraithe é chun athchóiriú a dhéanamh ar 100 ceantar tithíochta sóisialta agus inacmhainne agus glacadh Moladh ón gCoimisiún maidir leis an mBochtaineacht Fuinnimh (2) in 2020 chun cuidiú le deireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh “trí dhíriú ar na bunchúiseanna léi” agus straitéisí athchóirithe fuinneamh éifeachtúla a chur chun cinn a chuirfidh feabhas ar cháilíocht saoil shaoránaigh an Aontais Eorpaigh.

(2)

Is coincheap í an bhochtaineacht fuinnimh freisin atá comhdhlúite sa phacáiste reachtaíochta dar teideal “Fuinneamh Glan do gach Eorpach”, trí thomhaltóirí a chur i gcroílár aistrithe cóir fuinnimh agus trí roinnt beart spriocdhírithe a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar laigí sonracha trí bhíthin reachtaíocht fuinnimh.

(3)

Tá rochtain ar sheirbhísí fuinnimh fíor-riachtanach le haghaidh an chuimsithe shóisialta. Cuimsítear an fuinneamh, i measc na seirbhísí riachtanacha (3) a bhfuil gach duine i dteideal rochtain a fháil orthu, i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go comhpháirteach an 17 Samhain 2017. Ní mór tacaíocht a bheith le fáil ag daoine atá i ngátar chun rochtain a fháil ar na seirbhísí sin (4). I bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (5), leagtar amach gníomhaíochtaí nithiúla chun an 20 prionsabal de chuid an Cholúin a bhaint amach, lena n-áirítear tionscnaimh nithiúla le haghaidh 2022 a chuideoidh freisin le dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh.

(4)

Agus a Mholadh maidir leis an mBochtaineacht Fuinnimh agus doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis á soláthar aige, chomhlíon an Coimisiún freisin a oibleagáid treoir tháscach a sholáthar maidir le táscairí iomchuí chun an bhochtaineacht fuinnimh a thomhas agus maidir leis an sainmhíniú ar “líon suntasach teaghlach atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh” mar a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (“an Rialachán Rialachais”) agus faoin Treoir athmhúnlaithe maidir le Leictreachas. Cuireann sé i dtábhacht freisin a thábhachtaí atá na beartais a bhaineann le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (“PNFAnna”) agus le straitéisí athchóirithe fadtéarmacha chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin. Cuirfidh an Grúpa le hobair Fhóram Fuinnimh na Saoránach agus Fhaireachlann an Aontais um Bochtaineacht Fuinnimh.

(5)

Tá na sainmhínithe caighdeánacha ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar thomhaltóirí leochaileacha fós á bhforbairt. Dá bhrí sin, socraíonn na Ballstáit a gcritéir féin de réir an chomhthéacs náisiúnta agus áitiúil. Aithnítear go bhfuil na hiarrachtaí a dhéanann na Ballstáit chun an bhochtaineacht a laghdú i gcoitinne chomh luachmhar céanna. Ní mór Treoir an Choimisiúin maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh (7) a chur san áireamh agus na PNFAnna á gcur chun feidhme agus á dtabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide.

(6)

In Airteagal 28 de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus in Airteagal 3(3) de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ceanglaítear ar na Ballstáit coincheap coincheap an chustaiméara leochailigh a shainmhíniú, coincheap a d’fhéadfadh tagairt a dhéanamh don bhochtaineacht fuinnimh agus, inter alia, do dhíscor an leictreachais a fhaigheann custaiméirí den sórt sin a thoirmeasc ag amanna criticiúla. Maidir le coincheap na gcustaiméirí leochaileacha, féadfar a áireamh leis leibhéil ioncaim, an sciar den chaiteachas fuinnimh as ioncam indiúscartha, éifeachtúlacht fuinnimh na dtithe, dianspleáchas ar threalamh leictreach ar chúiseanna sláinte, mar gheall ar aois nó bunaithe ar chritéir eile. Tá sé de cheangal ar na Ballstáit na bearta is iomchuí a dhéanamh chun custaiméirí a chosaint agus chun a áirithiú, go háirithe, go bhfuil coimircí iomchuí ann chun custaiméirí leochaileacha a chosaint.

(7)

Le hAirteagal 29 de Threoir athmhúnlaithe (AE) 2019/944 maidir le Leictreachas, ceanglaítear freisin ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar líon na dteaghlach atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh agus luaitear ann nach mór dóibh na critéir is bonn don mheasúnú sin a bhunú agus a fhoilsiú. I gcás ina bhfuil líon suntasach teaghlach den sórt sin ann, ní mór do na Ballstáit cuspóir táscach a áireamh ina PNFAnna maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh a laghdú, creat ama a sholáthar, agus beartais agus tomhais ábhartha a leagan amach. Ceanglaítear orthu ansin tuairisc a thabhairt don Choimisiún, i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, ar aon dul chun cinn atá déanta acu i dtreo na sprice líon na dteaghlach atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh a laghdú. Ar an gcaoi chéanna, le hAirteagal 3(4) de Threoir 2009/73/CE ceanglaítear ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh.

(8)

Maidir leis na tionscnaimh uile faoin bpacáiste “Oiriúnach do 55” chun cuspóirí aeráide agus fuinnimh 2030 de chuid an Aontais a chur chun feidhme, ceapadh go comhsheasmhach iad chun sineirgí a chruthú, chun éifeachtaí dáileacháin a d’fhéadfadh a bheith diúltach a mhaolú, lena n-áirítear dáileachán idir na Ballstáit, go háirithe ar na daoine is leochailí agus is boichte ó thaobh fuinnimh de (togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, togra le haghaidh Ciste Sóisialta Aeráide, togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh, togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh, an pacáiste maidir le Hidrigin agus Dícharbónú Gáis, togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú). Chun tacaíocht iomlán a thabhairt do na Ballstáit, ghlac an Coimisiún Moladh (10) ina bhfuil treoirlínte agus samplaí maidir le cur chun feidhme chéad phrionsabal na hÉifeachtúlachta Fuinnimh sa chinnteoireacht san earnáil fuinnimh agus in earnálacha eile.

(9)

Tá sé ríthábhachtach dea-chleachtais a mhalartú agus comhordú na mbeart beartais a mhéadú idir na Ballstáit, páirtithe leasmhara eile lena mbaineann agus an Coimisiún chun tacú le teaghlaigh leochaileacha, le teaghlaigh atá lag ó thaobh an airgeadais de nó leo siúd atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh, d’fhonn na hiarrachtaí agus na gealltanais a neartú chun Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích a bheidh cóir agus cothrom. Ba cheart, dá bhrí sin, Grúpa Comhordúcháin um an mBochtaineacht Fuinnimh agus Tomhaltóirí Leochaileacha a bhunú.

(10)

Ba cheart é a bheith mar mhisean foriomlán ag an nGrúpa Comhordúcháin um an mBochtaineacht Fuinnimh agus Tomhaltóirí Leochaileacha an saineolas beartais is gá a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit le haghaidh tionscnaimh atá dírithe ar na tomhaltóirí is leochailí a shainaithint, tacú leo agus iad a chosaint, agus dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh á chaomhnú agus á fheabhsú san am céanna. Ba cheart dó idirchaidreamh a dhéanamh le comhlachtaí ullmhúcháin ábhartha de chuid na Comhairle, amhail an Coiste um Chosaint Shóisialta, go háirithe a mhéid a bhaineann le tionchar na mbeartas ar theaghlaigh leochaileacha agus teaghlaigh atá ar ioncam íseal agus le ról na mbeartas sóisialta chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh.

(11)

Ba cheart an Grúpa a bheith comhdhéanta d’údaráis inniúla na mBallstát. Ba cheart rialacha maidir le faisnéis a nochtadh ag comhaltaí an Ghrúpa a leagan síos,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Ábhar

Tá an Grúpa Comhordúcháin um an mBochtaineacht Fuinnimh agus Tomhaltóirí Leochaileacha (“an Grúpa”) bunaithe.

Airteagal 2

Cúraimí an Ghrúpa

1.   Is iad seo a leanas na cúraimí a bheidh ar an nGrúpa:

(a)

feidhmiú mar an príomhardán chun faisnéis a mhalartú agus chun comhordú a dhéanamh idir an Coimisiún agus na Ballstáit i ndáil le saincheisteanna a bhaineann le dearadh agus cur chun feidhme reachtaíocht, chláir agus bheartais an Aontais lena dtugtar aghaidh ar theaghlaigh atá lag ó thaobh an airgeadais de nó orthu siúd atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh agus tomhaltóirí leochaileacha, lena n-áirítear maidir le hinacmhainneacht fuinnimh, bearta athchóirithe spriocdhírithe agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus scéimeanna maoinithe ar an leibhéal náisiúnta;

(b)

fóram a sholáthar chun taithí, dea-chleachtais agus saineolas a mhalartú maidir le haghaidh a thabhairt ar thomhaltóirí leochaileacha agus ar theaghlaigh atá lag ó thaobh an airgeadais de nó orthu siúd atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh, agus ar an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil san áireamh;

(c)

cuidiú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit tionscnaimh bheartais a cheapadh, go háirithe i ndáil lena bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, lena dTuarascálacha Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide ar Dhul Chun Cinn agus le straitéisí gaolmhara.

2.   Déanfaidh an Grúpa na nithe seo a leanas, go háirithe:

(a)

faisnéis a mhalartú faoi chinntí maidir le bearta chun tacú le tomhaltóirí leochaileacha agus le teaghlaigh atá lag ó thaobh an airgeadais de nó leo siúd atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh agus chun na teaghlaigh agus na daoine sin a chumhachtú, agus maidir le haghaidh a thabhairt ar an inacmhainneacht fuinnimh ina gcomhthéacs náisiúnta agus i gcreat níos leithne an aistrithe chuig fuinneamh glan, ar aon leibhéal rialtais (náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil);

(b)

saincheisteanna sonracha a phlé maidir le tomhaltóirí leochaileacha agus teaghlaigh atá lag ó thaobh an airgeadais de nó maidir leo siúd atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh d’fhonn gníomhaíochtaí iomchuí agus réitigh chomhordaithe a shainaithint i gcomhréir le dlí an Aontais;

(c)

na tuartha agus na tuarascálacha rialta a ullmhóidh an Mol Comhairleach maidir leis an bhFuinneamhbhochtaineacht agus an Coimisiún a athbhreithniú, go háirithe trí aghaidh a thabhairt ar an dul chun cinn maidir le bunchúiseanna agus réitigh, agus sin a thomhas agus faireachán a dhéanamh air, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí anailís shocheacnamaíoch ábhartha;

(d)

cáilíocht agus raon na sonraí agus na dtáscairí staidrimh atá le fáil a fheabhsú, lena n-áirítear bailiú comhchuibhithe sonraí de chuid an Aontais, agus aird chuí á tabhairt aige ar shonraíochtaí náisiúnta, chun a áirithiú go ndéanfar an cur chuige, i ndáil le tacú le tomhaltóirí atá bocht ó thaobh fuinnimh de agus le tomhaltóirí atá leochaileach agus i ndáil leo siúd a chumhachtú, a bhunú ar thuiscint atá feasach agus cothrom le dáta ar na príomh-shaincheisteanna atá ann faoi láthair agus ar na gnéithe ábhartha, chomh maith lena n-éagsúlachtaí spásúla agus ama, i ndlúthchomhar leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta (agus lena Fhoghrúpa um Tháscairí) agus le ESTAT;

(e)

malartú faisnéise, cosc agus gníomhaíocht chomhordaithe a chur chun cinn i gcás éigeandála laistigh den Aontas.

Airteagal 3

Comhairliúchán

Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an nGrúpa maidir le haon ábhar a bhaineann leis an mbochtaineacht fuinnimh agus le tomhaltóirí leochaileacha.

Airteagal 4

Ballraíocht

1.   Beidh an Grúpa comhdhéanta d’údaráis ó gach Ballstát.

2.   Déanfaidh údaráis na mBallstát, go háirithe Aireachtaí atá inniúil maidir le fuinneamh, a n-ionadaithe a ainmniú agus beidh siad freagrach as a áirithiú go soláthróidh a n-ionadaithe ardleibhéal saineolais i ndáil leis an obair atá le déanamh agus ag brath ar shocruithe inmheánacha an Bhallstáit.

3.   Ní ainmneoidh aon Bhallstát níos mó ná beirt bhuanionadaithe agus beirt ionadaithe malartacha chun páirt a ghlacadh in obair an Ghrúpa ar an leibhéal ceart cinnteoireachta.

4.   Ceapfar na hionadaithe malartacha i gcomhréir leis na coinníollacha céanna lena gceapfar na comhaltaí a leagtar amach i bpointe 2 thuas; tagann ionadaithe malartacha go huathoibríoch in ionad comhaltaí atá as láthair nó nach bhfuil ar fáil.

5.   Féadfaidh an Coimisiún ainmniú ionadaí a dhiúltú má mheasann sé nach iomchuí an t-ainmniúchán i bhfianaise na gceanglas a shonraítear faoi phointe 2 thuas. Sa chás sin, iarrfar ar na Ballstáit lena mbaineann ionadaí eile a cheapadh. Áiritheoidh gach comhalta den Ghrúpa go bhfuil a stádas ballraíochta cothrom le dáta.

6.   Déanfar sonraí pearsanta na gComhaltaí a bhailiú, a phróiseáil agus a fhoilsiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 (11) nó Rialachán (AE) 2018/1725 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, de réir mar is infheidhme.

7.   Fanfaidh na comhaltaí in oifig go dtí deireadh a dtéarma oifige nó go dtí go ndéanfar iad a ionadú. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan.

Airteagal 5

Feidhmiú

1.   Is ionadaí ó AS ENER a bheidh ina chathaoirleach ar an nGrúpa.

2.   Tionólfaidh an Cathaoirleach an Grúpa ar bhonn rialta agus comhroinnfidh sé an fhaisnéis a gheofar óna chomhaltaí leis an nGrúpa agus rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de á caomhnú an tráth céanna.

3.   Reáchtálfar cruinnithe an Ghrúpa ar líne nó ar áitreabh an Choimisiúin.

4.   Cuirfidh AS ENER seirbhísí rúnaíochta ar fáil. Féadfaidh oifigigh de chuid an Choimisiúin ó ranna ábhartha freastal ar chruinnithe an Ghrúpa.

5.   Cuirfidh AS ENER na doiciméid oibre ábhartha uile ar fáil do chomhaltaí an Ghrúpa trí ionad oibre comhoibríoch. Ina theannta sin, foilseoidh an Coimisiún na doiciméid ábhartha uile trína gcur ar an gClár nó trí nasc ón gClár chuig suíomh gréasáin tiomnaithe. Foilseoidh AS ENER an clár oibre agus doiciméid chúlra ábhartha eile in am trátha roimh na cruinnithe. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ón bhfoilsiú córasach i gcás ina mbainfeadh nochtadh doiciméid an bonn de chosaint leasa phoiblí nó leasa phríobháidigh faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

6.   Déanfaidh an rúnaíocht atá faoi fhreagracht an Chathaoirligh miontuairiscí a dhréachtú agus soláthrófar iad go gairid tar éis an chruinnithe.

7.   A mhéid is féidir, is de chomhthoil a ghlacfaidh an Grúpa a thuairimí, a mholtaí nó a thuarascálacha. I gcás vóta, cinnfear toradh na vótála trí thromlach simplí de na comhaltaí. Beidh sé de cheart ag na comhaltaí a chaith vóta freasúra nó a staon ó vótáil go gcuirfí doiciméad i gceangal leis na tuairimí, na moltaí nó na tuarascálacha ina ndéanfar achoimre ar na cúiseanna lena seasamh.

Airteagal 6

Fo-ghrúpaí

Féadfaidh AS ENER foghrúpaí a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna sonracha ar bhonn téarmaí tagartha arna sainiú ag an nGrúpa. Feidhmeoidh na foghrúpaí i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus feidhmiú ghrúpaí saineolaithe (13) an Choimisiúin agus tuairisceoidh siad don Ghrúpa. Déanfar iad a lánscor a luaithe a chomhlíonfar a sainordú.

Airteagal 7

Saineolaithe seachtracha

Saineolaithe ó lasmuigh den Ghrúpa a bhfuil saineolas sonrach acu in ábhar atá ar an gclár oibre, féadfaidh AS ENER cuireadh a thabhairt dóibh a bheith rannpháirteach in obair an Ghrúpa nó na bhfoghrúpaí ar bhonn ad hoc.

Airteagal 8

Breathnóirí

1.   Féadfar stádas breathnóra a thabhairt do dhaoine aonair, d’eagraíochtaí, d’eintitis phoiblí atá cláraithe sa chlár trédhearcachta, amhail tomhaltóirí, eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta agus ionadaithe de chuid na sochaí sibhialta, trí bhíthin cuireadh díreach.

2.   Féadfaidh an Cathaoirleach cead a thabhairt do bhreathnóirí agus dá n-ionadaithe páirt a ghlacadh i bpléití an Ghrúpa agus saineolas a sholáthar. Ní bheidh cearta vótála acu, áfach.

Airteagal 9

Rialacha Nós Imeachta

Ar thogra ón gCoimisiún agus i gcomhaontú leis, glacfaidh an Grúpa a rialacha nós imeachta trí thromlach simplí a chomhaltaí, i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha (14).

Airteagal 10

An rúndacht ghairmiúil agus faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil

Comhaltaí an Ghrúpa agus a n-ionadaithe, chomh maith le saineolaithe agus breathnóirí a bhfuil cuireadh faighte acu, tá siad faoi réir na hoibleagáide maidir le rúndacht ghairmiúil, oibleagáid a bhfuil feidhm aici maidir le gach comhalta de chuid na n-institiúidí agus lena bhfoireann, de bhua na gConarthaí agus na rialacha lena gcuirtear chun feidhme iad, chomh maith le rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil a bhaineann le cosaint fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais, a leagtar síos i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (15) agus (AE, Euratom) 2015/444 (16) ón gCoimisiún. Mura n-urramóidh siad na hoibleagáidí sin, féadfaidh an Coimisiún gach beart is iomchuí a ghlacadh.

Airteagal 11

Caiteachas a chomhlíonadh

1.   Ní íocfar rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí an Ghrúpa agus na bhfoghrúpaí as na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.

2.   Aisíocfaidh an Coimisiún na costais taistil agus chothaithe a thabhóidh rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí an Ghrúpa agus na bhfoghrúpaí.

Déanfar an aisíocaíocht i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm laistigh den Choimisiún agus laistigh de theorannacha na leithreasuithe atá ar fáil arna leithdháileadh ar ranna an Choimisiúin faoin nós imeachta bliantúil chun acmhainní a leithdháileadh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Kadri SIMSON

Comhalta den Choimisiún


(1)  COM/2020/662 final.

(2)  Moladh (AE) 2020/1563 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh.

(3)  I dTreoirlíne 8, dar teideal “Comhionannas deiseanna do chách a chur chun cinn, an cuimsiú sóisialta a chothú agus an bhochtaineacht a chomhrac”, de na Treoirlínte Fostaíochta comhtháite, lena gcuirtear bonn eolais faoi chomhordú bheartais fostaíochta agus shóisialta na mBallstát faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh, cuirtear i dtábhacht freisin an gá atá ann go dtabharfaidh na Ballstáit aghaidh ar an mbochtaineacht fuinnimh.

(4)  CECS, Prionsabal 20 “Rochtain ar sheirbhísí fíor-riachtanacha”: Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus a 20 prionsabal | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)

(5)  COM(2021) 102 final.

(6)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(7)  SWD(2020) 960 final.

(8)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(9)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).

(10)  Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún.

(11)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(13)  C(2016) 3301 final.

(14)  Féach Airteagal 17 de Chinneadh C (2016) 3301 ón gCoimisiún.

(15)  IO L 72, 17.3.2015, lch. 41.

(16)  IO L 72, 17.3.2015, lch. 53.