8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/67


CINNEADH (CBES) 2022/574 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Aibreán 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/809 mar thaca le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 11 Bealtaine 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/809 (1), lena bhforáiltear do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh sin, le haghaidh na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de.

(2)

An 16 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/795 (2) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/809 mar thaca le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta, trí shíneadh a chur le tréimhse cur chun feidhme an Chinnidh go dtí an 10 Lúnasa 2021.

(3)

An 21 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1025 (3) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/809 mar thaca le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta, trí shíneadh a chur leis an tréimhse cur chun feidhme go dtí an 25 Aibreán 2022.

(4)

An 15 Feabhra 2022, d’iarr Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA), atá freagrach as cur chun feidhme teicniúil na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2017/809, síneadh 10 mí eile ar thréimhse cur chun feidhme an Chinnidh sin. Chuirfeadh an síneadh atá iarrtha ar chumas UNODA leanúint de chúnamh a chur ar fáil do Bhallstáit na Náisiún Aontaithe a bhfuil Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“UNSCR 1540”) á chur chun feidhme acu, rannchuidiú a thuilleadh le hathbhreithniú cuimsitheach leanúnach, leanúint de chúnamh a chur ar fáil do Choiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú le UNSCR 1540 go dtí deireadh a shainordaithe a bhfuil síneadh curtha leis go dtí an 30 Samhain 2022, agus na caillteanais a eascraíonn as tionscadail atá fós gan seachadadh de bharr phaindéim COVID-19 a mhaolú.

(5)

Níl aon impleacht ó thaobh acmhainní airgeadais de le leanúint de na tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2017/809 go dtí an 25 Feabhra 2023.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2017/809 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2017/809, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 25 Feabhra 2023.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 7 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. DENORMANDIE


(1)  Cinneadh (CBES) 2017/809 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 mar thaca le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta (IO L 121, 12.5.2017, lch. 39).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/795 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/809 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta (IO L 193, 17.6.2020, lch. 14).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/1025 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/809 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta (IO L 224, 24.6.2021, lch. 22).