8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/6


CINNEADH (AE) 2022/563 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Aibreán 2022

lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais do Phoblacht na Moldóive

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leantar den chaidreamh idir an tAontas Eorpach (“an tAontas”) agus Poblacht na Moldóive (“an Mholdóiv”) a fhorbairt faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE) agus Chomhpháirtíocht an Oirthir. Tháinig an Mholdóiv isteach i gComhpháirtíocht an Oirthir in 2009, agus ina dhiaidh tháinig caibidlíocht i ndáil leisan gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (2) (“an Comhaontú Comhlachais”). Síníodh an Comhaontú Comhlachais, lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála a thabhairt isteach de réir a chéile (DCFTA), an 27 Meitheamh 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)

Tá geilleagar na Moldóive buailte go mór ag an gcúlú eacnamaíochta in 2020, arbh é paindéim COVID-19 ba chúis leis, ag an tsáinn fhada pholaitiúil sa tír tar éis na dtoghchán uachtaránachta i mí na Samhna 2020, agus ag an ngéarchéim fuinnimh a tharla le déanaí. Chuir na himthosca sin leis an mbearna maoiniúcháin réasúnta mór sa Mholdóiv, lena seasamh seachtrach atá ag dul in olcas, agus leis na riachtanais fhioscacha atá ag dul i méid.

(3)

Tar éis na dtoghchán páirliminteach i mí Iúil 2021, tá tiomantas láidir d’athchóirithe breise a chur i bhfeidhm léirithe ag rialtas nua na Moldóive, le clár uaillmhianach dar teideal “Moldova in good times 2021-2025” [“An Mholdóiv in aimsir an ratha 2021-2025”]. Sa chlár sin, dírítear ar phríomhréimsí beartais lena n-áirítear athchóirithe ar earnáil an cheartais, an comhrac i gcoinne an éillithe, dea-rialachas agus an smacht reachta.

(4)

Mar thoradh ar thiomantas athnuaite chun athchóirithe den sórt sin a dhéanamh agus ar thoil láidir pholaitiúil, chuir údaráis na Moldóive dlús suntasach le cur chun feidhme na n-athchóirithe. Leis sin, cuireadh ar chumas na Moldóive an oibríocht maidir le cúnamh macrairgeadais i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 a thabhairt chun críche go rathúil freisin de bhun Chinneadh (AE) 2020/701 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ós rud é gur comhlíonadh na gníomhaíochtaí uile um athchóiriú a comhaontaíodh leis an Aontas sa Mheabhrán Tuisceana, cé is moite de ghníomhaíocht amháin, maidir le haisghabháil sócmhainní, ar deonaíodh tarscaoileadh ina leith. Chuige sin, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le coiste ionadaithe na mBallstát, agus ní dhearnadh aon agóid.

(5)

Tar éis don teip ar ghlacadh chlár nua an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), a caibidlíodh in 2020, tá aghaidh as an nua tugtha ag CAI ar an Moldóiv tar éis na dtoghchán páirliminteach i mí Iúil 2021 agus tháinig sé ar chomhaontú ar leibhéal na foirne maidir le clár faoin Saoráid Chreidmheasa Shínte agus faoin Saoráid Chiste Shínte do mhéid USD 564 mhilliún. Glacadh an clár nua le cinneadh ó Bhord Feidhmiúcháin CAI an 20 Nollaig 2021. Is é is aidhm don chlár sin téarnamh eacnamaíoch na Moldóive a chothú, clár oibre uaillmhianach maidir le rialachas agus athchóiriú institiúideach a sheoladh, trédhearcacht agus cuntasacht a neartú, intuarthacht beartais phoiblí a fheabhsú, institiúidí airgeadais a neartú agus dírialáil a chothú.

(6)

I bhfianaise na staide eacnamaíche agus an ionchais eacnamaíoch a bheith ag dul in olcas, d’iarr an Mholdóiv cúnamh macrairgeadais comhlántach ar an Aontas i mí na Samhna 2021.

(7)

Ba é EUR 518,15 milliún leithdháileadh táscach an Aontais don Mholdóiv faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht do thréimhse 2014-2020, lena n-áirítear tacaíocht bhuiséadach agus cúnamh teicniúil. Sainaithníodh i gcreataí tacaíochta aonair le do thréimhsí 2014-2017 agus 2017-2020 an earnáil tosaíochta le haghaidh comhair leis an Moldóiv arna maoiniú ag an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht don tréimhse bhuiséadach roimhe sin. Leagfar amach sa Chlár Táscach Ilbhliantúil nua tosaíochtaí don tréimhse 2021-2027, clár a ullmhaíodh i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir.

(8)

Ós rud é gur tír í an Mholdóiv a chumhdaítear faoi BCE, ba cheart a mheas go bhfuil sí incháilithe cúnamh macrairgeadais a fháil ón Aontas.

(9)

Is é ba cheart a bheith i gcúnamh macrairgeadais an Aontais ionstraim airgeadais eisceachtúil lena dtugtar tacaíocht neamhcheangailte agus neamhshannta ar mhaithe le comhardú na n-íocaíochtaí, agus é d’aidhm aici aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin sheachtraigh an tairbhí, agus ba cheart an cúnamh sin a úsáid mar bhonn le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí bearta láidre práinneacha i bhfeidhm maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, bearta a bheadh ceaptha an staid i dtaca le comhardú íocaíochtaí an tairbhí a fheabhsú sa ghearrthéarma.

(10)

I bhfianaise go bhfuil bearna iarmharach shuntasach fós sa mhaoiniú seachtrach a mhéid a bhaineann le comhordú íocaíochtaí na Moldóive, ar bearna í atá go mór os cionn na n-acmhainní a sholáthraítear le CAI agus le hinstitiúidí iltaobhacha eile, meastar, sna himthosca eisceachtúla atá faoi láthair ann, gur freagairt iomchuí ar iarraidh na Moldóive ar thacaíocht dá cobhsú eacnamaíoch, i gcomhar le clár CAI, atá i gcúnamh macrairgeadais an Aontais don Mholdóiv. Thacódh cúnamh macrairgeadais an Aontais le cobhsú eacnamaíoch agus le clár um athchóiriú struchtúrach na Moldóive, agus na hacmhainní a cuireadh ar fáil faoi shocrú airgeadais CAI á bhforlíonadh.

(11)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag cúnamh macrairgeadais an Aontais staid inbhuanaithe maidir le maoiniú seachtrach a athbhunú san Mholdóiv, rud a thacódh le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na tíre.

(12)

Táthar ag súil go mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais ag teacht le cur chun feidhme oibríochtaí tacaíochta buiséid faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — an Eoraip Dhomhanda, arna bunú le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(13)

Déantar méid an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas a chinneadh ar bhonn measúnú cainníochtúil iomlán ar na riachtanais maoinithe sheachtraigh atá fós ag an Moldóiv, agus cuirtear san áireamh inniúlacht na tíre sin a hacmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil di, a úsáid chun í féin a mhaoiniú. Ba cheart go gcomhlánófar le cúnamh macrairgeadais an Aontais na cláir agus na hacmhainní atá á gcur ar fáil ag CAI agus ag an mBanc Domhanda. Agus méid an chúnaimh á chinneadh, cuirtear san áireamh, freisin, na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo ó dheontóirí iltaobhacha agus an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, maille leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh eile sa Mholdóiv agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine.

(14)

Agus riachtanais iarmharacha maoinithe sheachtraigh na Moldóive á gcur san áireamh, mar aon le leibhéal forbartha eacnamaíche na Moldóive arna thomhas de réir cóimheasa ioncaim per capita agus bochtaineachta, a cumas í féin a mhaoiniú lena hacmhainní dílse agus go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil di, agus an measúnú ar a hanailís ar inbhuanaitheacht fiachais a aisíoc maidir lena cumas fiachas a aisíoc, ba cheart cuid den chúnamh a chur ar fáil i bhfoirm deontas.

(15)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil cúnamh macrairgeadais an Aontais i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí agus leis na príomhbhearta a glacadh i leith na réimsí sin, agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

(16)

Ba cheart cúnamh macrairgeadais an Aontais tacú le beartas seachtrach an Aontais i dtaca leis an Moldóiv. Ba cheart don Choimisiún agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile le linn oibríocht an chúnaimh macrairgeadais chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú.

(17)

Ba cheart cúnamh macrairgeadais an Aontais a thacú leis an ngealltanas atá tugtha ag an Moldóiv luachanna atá i gcoiteann aici leis an Aontas a urramú, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta, an dea-rialachas, urraim do chearta an duine, an fhorbairt inbhuanaithe agus laghdú na bochtaineachta, agus leis an ngealltanas atá tugtha aici maidir le prionsabail na trádála oscailte cothroime atá bunaithe ar rialacha a urramú.

(18)

Ba cheart é a bheith ina réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a dheonú don Mholdóiv, nach mór don Mholdóiv sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, maille leis an smacht reachta, agus a ráthú go n-urramófar cearta an duine. Ina theannta sin, le cuspóirí sonracha chúnamh macrairgeadais an Aontais ba cheart éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí sa Mholdóiv a neartú mar aon le héifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht rialachas agus mhaoirseacht a na hearnála airgeadais sa Mholdóiv a neartú, agus leis na cuspóirí sin ba cheart athchóirithe struchtúracha atá dírithe ar fhás inbhuanaithe cuimsitheach, cruthú cuibhiúil post agus comhdhlúthú fioscach a chur chun cinn. Ba cheart don Choimisiún agus do SEGS faireachán a dhéanamh go rialta ar chomhlíonadh an réamhchoinníll sin agus ar bhaint amach na gcuspóirí sin araon.

(19)

Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha lena chúnamh mhacrairgeadais, ba cheart don Mholdóiv bearta iomchuí a ghlacadh a bhaineann le calaois, éilliú agus neamhrialtachtaí eile i dtaca leis an gcúnamh sin a chosc agus a chomhrac. Sa bhreis air sin, ba cheart foráil a dhéanamh don Choimisiún seiceálacha a dhéanamh, don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh agus d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chuid inniúlachta a fheidhmiú.

(20)

Ní dochar eisíoc chúnamh macrairgeadais an Aontais do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina gcáil mar údarás buiséadach.

(21)

Maidir le méideanna an chúnaimh macrairgeadais de chuid an Aontais a sholáthraítear i bhfoirm deontas agus leis na méideanna den soláthar a éilítear le haghaidh cúnamh macrairgeadais i bhfoirm iasachtaí, ba cheart go mbeidís comhsheasmhach leis na leithreasuithe buiséadacha dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

(22)

Is é an Coimisiún ar cheart dó cúnamh macrairgeadais an Aontais a bhainistiú. Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Chinnidh seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go rialta faoi aon dul chun cinn a dhéantar maidir leis an gcúnamh sin, agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh.

(23)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(24)

Ba cheart cúnamh macrairgeadais an Aontais a bheith faoi réir coinníollacha beartais eacnamaíoch a bheidh le leagan amach i meabhrán tuisceana. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca leis an gcur chun feidhme agus ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha sin a chaibidliú le húdaráis na Moldóive faoi mhaoirseacht choiste ionadaithe na mBallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Faoin Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith leis an nós imeachta comhairliúcháin, mar riail ghinearálta, i ngach cás seachas na cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán sin. I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a d’fhéadfadh a bheith ag cúnamh de bhreis agus EUR 90 milliún, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a úsáid le haghaidh oibríochtaí os cionn na tairsí sin. I bhfianaise mhéid an chúnaimh macrairgeadais atá an tAontas a thabhairt don Mholdóiv, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le glacadh an mheabhráin tuisceana, agus maidir le haon chás ina ndéanfaí an cúnamh sin a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Déanfaidh an tAontas cúnamh macrairgeadais de EUR 150 milliún ar a mhéid a chur ar fáil don Mholdóiv (“cúnamh macrairgeadais an Aontais”), d’fhonn tacú le cobhsú eacnamaíoch agus le clár substainteach um athchóiriú na Moldóive. Den uasmhéid sin, déanfar suas le EUR 120 milliún a sholáthar i bhfoirm iasachtaí agus suas le EUR 30 milliún i bhfoirm deontas. Beidh fuascailt chúnamh macrairgeadais an Aontais faoi réir a fhormheasta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i mbuiséad an Aontais don bhliain ábhartha. Beidh an cúnamh sin ina chabhair chun riachtanais chomhordú íocaíochtaí na Moldóive a chlúdach, de réir mar a shainaithnítear na riachtanais sin i gclár CAI.

2.   Chun an chomhchuid iasachta de chúnamh macrairgeadais an Aontais a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún thar ceann an Aontais na cistí is gá a fháil ar iasacht sna margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus iad a thabhairt ar iasacht don Mholdóiv. Is é 15 bliana an uastréimhse aibíochta ar an meán a bheidh ag na hiasachtaí sin.

3.   Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an chaoi a n-eisíocfar cúnamh macrairgeadais an Aontais ar bhealach atá comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí arna dtabhairt i gcrích idir CAI agus an Mholdóiv, agus de réir phríomhphrionsabail agus phríomhchuspóirí na n-athchóirithe eacnamaíocha arna leagan síos sa Chomhaontú Comhlachais, lena n-áirítear an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, arna chomhaontú faoi BCE.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go rialta faoi aon fhorbairtí maidir le cúnamh macrairgeadais an Aontais, lena n-áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin, agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha do na hinstitiúidí sin in am trátha.

4.   Déanfar cúnamh macrairgeadais an Aontais a chur ar fáil ar feadh tréimhse 2 bhliain go leith, tréimhse a thosóidh an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an mheabhráin tuisceanna dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

5.   Más rud é, le linn na tréimhse ina mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais á eisíoc, go dtagann laghdú suntasach ar riachtanais mhaoiniúcháin na Moldóive i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), méid an chúnaimh a laghdú nó cuirfidh sé an cúnamh ar fionraí nó ar ceal.

Airteagal 2

1.   Beidh mar réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a thabhairt don Mholdóiv nach mór di sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, maille leis an smacht reachta, agus ráthaíocht a thabhairt go n-urramófar cearta an duine.

2.   Déanfaidh an Coimisiún agus SEGS faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1 le linn shaolré an chúnaimh macrairgeadais a thabharfaidh an tAontas.

3.   Beidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (6).

Airteagal 3

1.   I gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), comhaontóidh an Coimisiún i gcomhar le húdaráis na Moldóive, coinníollacha dea-shainithe airgeadais agus an bheartais eacnamaíoch, a mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais faoina réir. Leagfar na coinníollacha airgeadais agus coinníollacha an bheartais eacnamaíoch sin amach i meabhrán tuisceana ina mbeidh clár ama chun na coinníollacha sin a chomhlíonadh. Beidh na coinníollacha airgeadais agus coinníollacha an bheartais eacnamaíoch sin comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí dá dtagraítear in Airteagal 1(3), lena n-áirítear an coigeartú macra-eacnamaíoch agus na cláir um athchóiriú struchtúrach arna gcur chun feidhme ag an Moldóiv le tacaíocht ó CAI.

2.   Leis na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, féachfar, go háirithe, le héifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí sa Mholdóiv a fheabhsú, lena n-áirítear i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a úsáid. Nuair a bheidh bearta beartais á gceapadh, tabharfar aird chuí freisin ar an dul chun cinn maidir le hoscailt fhrithpháirteach an mhargaidh, ar fhorbairt trádála riailbhunaithe agus cothroime, agus ar thosaíochtaí eile i gcomhthéacs bheartas seachtrach an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.   Déanfar téarmaí airgeadais mionsonraithe chúnamh macrairgeadais an Aontais a leagan síos i gcomhaontú iasachta agus i gcomhaontú deontais a bheidh le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus údaráis na Moldóive.

4.   Fíoróidh an Coimisiún go rialta go bhfuiltear ag leanúint de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chomhlíonadh, lena n-áirítear cibé acu atá nó nach bhfuil beartais eacnamaíocha na Moldóive i gcomhréir leis na cuspóirí atá le cúnamh macrairgeadais an Aontais. Chun críocha an fhíoraithe sin, beidh an Coimisiún ag comhordú go dlúth le CAI agus leis an mBanc Domhanda agus, i gcás inar gá, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

Airteagal 4

1.   Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún cúnamh macrairgeadais an Aontais a chur ar fáil i dtrí thráthchuid, a mbeidh gach aon cheann díobh comhdhéanta de ghné iasachta agus de ghné dheontais. Leagfar síos méid gach tráthchoda sa mheabhrán tuisceana.

2.   I gcás inar gá, soláthrófar méideanna chúnamh macrairgeadais an Aontais arna gcur ar fáil i bhfoirm iasachtaí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/947.

3.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le heisíoc na dtráthchodanna faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:

(a)

an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(1);

(b)

teist leanúnach shásúil maidir le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí i bhfeidhm bearta láidre maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, clár beartais a fhaigheann tacaíocht ó shocrú creidmheasa CAI nach socrú réamhchúraim é;

(c)

na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais a socrófar orthu sa mheabhrán tuisceana a chur chun feidhme go sásúil.

4.   Ní dhéanfar an dara tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, tráth is luaithe ná 3 mhí tar éis an chéad tráthchuid a eisíoc. Ní dhéanfar an tríú tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, tráth is luaithe ná 3 mhí tar éis an dara tráthchuid a eisíoc.

5.   I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún eisíoc chúnamh macrairgeadais an Aontais a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na cúiseanna a bhí aige leis an bhfionraí nó leis an gcealú.

6.   Is le Banc Náisiúnta na Moldóive a eisíocfar cúnamh macrairgeadais an Aontais. Faoi réir na bhforálacha a chomhaontófar agus a leagtar amach sa mheabhrán tuisceana, lena n-áirítear deimhniú na riachtanas maoiniúcháin sheachtraigh atá fós ann, féadfar cistí an Aontais a aistriú chuig Aireacht Airgeadais na Moldóive ina cáil mar an tairbhí deireanach.

Airteagal 5

1.   Na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe a bhaineann leis an gcomhchuid iasachta de chúnamh macrairgeadais an Aontais, is in euro a dhéanfar iad agus beidh an dáta luacha céanna orthu, agus ní bheidh aon bhaint ag an Aontas leis an gclaochlú aibíochta, ná ní chuirfidh siad an tAontas i mbaol aon riosca ó thaobh ráta malairte nó ráta úis de, ná aon riosca tráchtála eile.

2.   I gcás inar féidir é sna himthosca, agus má iarann an Mholdóiv amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n-áireofar clásal luath-aisíocaíochta i dtéarmaí agus coinníollacha na hiasachta agus go mbeidh clásal comhfhreagrach i dtéarmaí agus coinníollacha na n-oibríochtaí iasachtaíochta.

3.   I gcás inar féidir ráta úis níos fabhraí i leith na hiasachta a bheith ann sna himthosca agus má iarrann an Mholdóiv amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh iomlán a iasachtaí tosaigh, nó páirt díobh, a athmhaoiniú, nó féadfaidh sé na coinníollacha airgeadais comhfhreagracha a athstruchtúrú. Déanfar oibríochtaí athmhaoiniúcháin nó athstruchtúrúcháin i gcomhréir le mír 1 agus mír 4 agus ní bheidh sé mar éifeacht leo síneadh a chur le haibíocht na n-iasachtaí lena mbaineann ná méid an chaipitil atá gan íoc ar dháta an athmhaoiniúcháin nó an athstruchtúrúcháin a mhéadú.

4.   Gach costas a thabhóidh an tAontas i dtaca leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta faoin gCinneadh seo, is í an Mholdóiv a sheasfaidh iad.

5.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi aon fhorbairtí i dtaca leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3.

Airteagal 6

1.   Cuirfear cúnamh macrairgeadais an Aontais chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

2.   Is faoi bhainistiú díreach a dhéanfar cúnamh macrairgeadais an Aontais a chur chun feidhme.

3.   Beidh na forálacha uile a leanas sa chomhaontú iasachta agus sa chomhaontú deontais a chomhaontófar le húdaráis na Moldóive:

(a)

forálacha lena n-áirithítear go ndearbhóidh an Mholdóiv go rialta gur baineadh úsáid cheart as an maoiniú arna sholáthar ó bhuiséad ginearálta an Aontais, go ndéanfaidh sí bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus, más gá, go dtabharfaidh sí caingean dlí chun aon chistí míleithreasaithe a cuireadh ar fáil faoin gCinneadh seo a aisghabháil;

(b)

forálacha lena n-áirithítear cosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus foráil á déanamh go háirithe maidir le bearta sonracha i dtaca le calaois, éilliú agus aon neamhrialtachtaí eile a dhéanann dochar do chúnamh macrairgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir le Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (8) agus (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (9) ón gComhairle, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus, do na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (11) freisin;

(c)

forálacha lena n-údaraítear go sainráite don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, lena n-áirítear oibríochtaí agus agallaimh fóiréinsice digití;

(d)

forálacha lena n-údaraítear go sainráite don Choimisiún, nó dá ionadaithe, seiceálacha a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair;

(e)

forálacha lena n-údaraítear go sainráite don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh le linn agus i ndiaidh na tréimhse ina mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais ar fáil, lena n-áirítear iniúchtaí ar dhoiciméid agus iniúchtaí ar an láthair, ar nós measúnuithe oibríochtúla;

(f)

forálacha lena n-údarófar go bhfuil an tAontas i dteideal luath-aisíocaíocht a dhéanamh ar an iasacht nó lán-aisíocaíocht a dhéanamh ar an deontas sa chás go mbeidh sé suite, i ndáil le bainistiú chúnamh macrairgeadais an Aontais, go raibh an Mholdóiv ag gabháil d’aon ghníomh calaoise nó éillithe nó d’aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais;

(g)

forálacha lena n-áirithítear gurb í an Mholdóiv a sheasfaidh aon chostas a thabhóidh an tAontas a bhaineann leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta faoin gCinneadh seo.

4.   Sula gcuirfear cúnamh macrairgeadais an Aontais chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún measúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, ar a fhónta atá socruithe airgeadais na Moldóive, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánaigh agus sheachtraigh is ábhartha maidir leis an gcúnamh.

Airteagal 7

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 8

1.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil sin, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

scrúdófar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a chur chun feidhme;

(b)

déanfar staid agus ionchais eacnamaíocha na Moldóive a mheasúnú, mar aon leis an dul chun cinn a bheidh déanta i dtaca leis na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chur chun feidhme;

(c)

sonrófar an chomhbhaint idir na coinníollacha beartais eacnamaíoch a leagtar amach sa mheabhrán tuisceana, feidhmíocht leanúnach eacnamaíoch agus fhioscach na Moldóive agus cinntí an Choimisiúin maidir le heisíoc thráthchodanna chúnamh macrairgeadais an Aontais.

2.   Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dhul in éag na tréimhse infhaighteachta dá dtagraítear in Airteagal 1(4), cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex-post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidigh sé le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 6 Aibreán 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Aibreán 2022.

(2)  IO L 260, 30.8.2014, lch. 4.

(3)  Cinneadh (AE) 2020/701 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar do chomhpháirtithe um méadú agus comhpháirtithe comharsanachta i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 (IO L 165, 27.5.2020, lch. 31).

(4)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(9)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).