|
6.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 107/80 |
CINNEADH (AE) 2022/550 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Márta 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an dara mír den cheathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, a mhéid a bhaineann le glacadh Cinnidh lena mbunaítear tairseacha i ndáil le dramhaíl mhearcair, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den Choinbhinsiún sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas Coinbhinsiún Minamata (“an Coinbhinsiún”) maidir le Mearcair i gcrích le Cinneadh (AE) 2017/939 (1) ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Lúnasa 2017. |
|
(2) |
De bhun Chinneadh MC-1/1 maidir le Rialacha Nós Imeachta, arna ghlacadh ag Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún (“COP”) ag an gcéad chruinniú a bhí aici, ba cheart do na Páirtithe gach iarracht a dhéanamh teacht, de chomhthoil, ar chomhaontú maidir le gach ábhar substainteach. |
|
(3) |
Le linn an tríú cruinniú a bhí ag COP an 25-29 Samhain 2019, ghlac COP Cinneadh MC-3/5 lena socraítear tairseacha i ndáil le dramhaíl atá comhdhéanta de mhearcair nó de chomhdhúile mearcair nó ina bhfuil mearcair nó comhdhúile mearcair, dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Choinbhinsiún, agus lena gceanglaítear ar an ngrúpa saineolaithe teicniúla, a bhunaigh COP le linn an dara cruinniú a bhí aici ar an 19-23 Samhain 2018, tairseacha i ndáil le dramhaíl atá éillithe le mearcair nó le comhdhúile mearcair (“dramhaíl atá éillithe le mearcair”), lena n-áirítear tairseacha i ndáil le fuíll ó mhianadóireacht nach mianadóireacht phríomha mearcair í. |
|
(4) |
Meastar go nglacfaidh COP, le linn an dara mír den cheathrú cruinniú a bheidh aici, an 21-25 Márta 2022, Cinneadh (“an Cinneadh atá beartaithe”) maidir le tairseacha i ndáil le dramhaíl atá éillithe le mearcair, dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Choinbhinsiún, ar Cinneadh é a shaineodh, dá thoradh sin, raon feidhme chur i bhfeidhm Airteagal 11 den Choinbhinsiún i gcás dramhaíl den sórt sin. Ba cheart dramhaíl éillithe mearcair a thiocfadh faoi Airteagal 11(2) den Choinbhinsiún a bheith faoi réir bainistiú atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de bhua Airteagal 11(3) den Choinbhinsiún. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag COP a leagan síos, toisc go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gCinneadh atá beartaithe, má fhormheastar é, ós rud é go mbeidh ar na Páirtithe sa Choinbhinsiún bearta a dhéanamh chun é a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach, nó an dá rud. |
|
(6) |
Rannchuidigh an tAontas go mór le forbairt na bhforálacha maidir le dramhaíl atá sa Choinbhinsiún agus leis an obair shaineolach idirsheisiúnach a seoladh le Cinneadh MC-3/5 agus as ar tháinig an Cinneadh atá beartaithe. |
|
(7) |
Le acquis an Aontais, cuirtear de cheangal cheana féin, maidir le gach cineál dramhaíola mearcair dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Choinbhinsiún, ar a n-áirítear dramhaíl atá éillithe le mearcair, go ndéanfar an cineál sin dramhaíola a bhainistiú gan sláinte an duine a chur i mbaol agus gan dochar a dhéanamh don chomhshaol, gan beann ar an gcion mearcair atá sa dramhaíl sin; |
|
(8) |
Níor cheart don Aontas tacú le glacadh Cinnidh COP ach amháin má tá an Cinneadh sin i gcomhréir le acquis an Aontais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an dara mír den cheathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, is éard a bheidh ann tacú le glacadh Cinnidh maidir le tairseacha i ndáil le dramhaíl atá éillithe le mearcair ar Cinneadh é atá comhsheasmhach le acquis an Aontais.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Márta 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
B. POMPILI
(1) Cinneadh (AE) 2017/939 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 maidir le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair thar ceann an Aontais Eorpaigh (IO L 142, 2.6.2017, lch. 4).