4.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 105/39


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/529 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Márta 2022

lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil, arb í atá iontu nó a tháirgtear as ola ráibe ghéinmhodhnaithe 73496 (DP-Ø73496-4) a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 1868)

(Is é an téacs Ollainnise atá barántúil, agus an téacs sin amháin)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe (1), agus go háirithe Airteagal 7(3) agus Airteagal 19(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Bealtaine 2012, rinne Pioneer Overseas Corporation, atá lonnaithe sa Bheilg, iarratas a chur isteach, thar ceann Pioneer Hi-Bred International, Inc., atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, chuig údarás inniúil náisiúnta na hÍsiltíre (‘an t-iarratas’) maidir le bianna, comhábhair bhia agus beatha ina bhfuil, arb í atá iontu nó a tháirgtear as ola ráibe ghéinmhodhnaithe 73496 a chur ar an margadh, i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. Bhain an t-iarratas freisin le táirgí ina bhfuil nó arb í atá iontu ola ráibe ghéinmhodhnaithe 73496 a chur ar an margadh le haghaidh úsáidí seachas bia agus beatha, cé is moite de shaothrú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 5(5) agus Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, áiríodh san iarratas faisnéis agus conclúidí maidir leis an measúnú riosca arna dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Áiríodh ann freisin an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Treoir sin mar aon le plean faireacháin maidir le héifeachtaí ar an gcomhshaol i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

An 17 Meitheamh 2021, d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch fhabhrach i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (3). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid maidir le hola ráibe ghéinmhodhnaithe 73496, mar a thuairiscítear san iarratas, go bhfuil sí chomh sábháilte céanna lena macasamhail thraidisiúnta agus leis na cineálacha tagartha ola ráibe nach bhfuil modhnaithe go géiniteach a ndearnadh tástáil orthu, a mhéid a bhaineann leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar shláinte an duine, ar shláinte ainmhithe agus ar an gcomhshaol. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach ábhar imní cothaithe atá in ola ráibe ghéinmhodhnaithe 73496 a chaitheamh.

(4)

Ina thuairim eolaíoch, bhreithnigh an tÚdarás gach ceist agus ábhar imní a tharraing na Ballstáit anuas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na húdaráis inniúla náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 6(4) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(5)

Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin i dtaca leis an bplean faireacháin maidir leis na héifeachtaí ar an gcomhshaol, arna chur isteach ag an iarratasóir, ina bhfuil plean ginearálta faireachais, go bhfuil an plean sin i gcomhréir leis na húsáidí atá beartaithe le haghaidh na dtáirgí.

(6)

Ina theannta sin, mhol an tÚdarás plean monatóireachta iarmhargaidh a chur chun feidhme, plean lena ndíreofaí ar shonraí a bhailiú maidir le hallmhairí a thagann isteach san Aontas i ndáil le hola ráibe ghéinmhodhnaithe 73496 agus i ndáil le táirgí a dhíorthaítear ó ola ráibe ghéinmhodhnaithe 73496 le haghaidh bia agus le haghaidh beatha, agus ar bhailiú sonraí maidir lena caitheamh i dtaca le daoine agus le hainmhithe chun a fhíorú gurb iad na coinníollacha úsáide d’ola ráibe ghéinmhodhnaithe 73496 na coinníollacha a breithníodh le linn an mheasúnaithe riosca réamh-mhargaithe.

(7)

Ní thugann tuairim an Údaráis údar le coinníollacha sonracha nó srianta sonracha eile a fhorchur maidir lena cur ar an margadh, maidir le húsáid agus láimhseáil ná le héiceachórais/comhshaoil agus/nó limistéir gheografacha ar leith a chosaint, dá bhforáiltear in Airteagal 6(5)(e) agus Airteagal 18(5)(e) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(8)

Agus na conclúidí sin á gcur san áireamh, maidir le táirgí ina bhfuil, arb í atá iontu nó a tháirgtear as ola ráibe ghéinmhodhnaithe 73496, ba cheart údarás a thabhairt chun na táirgí sin a chur ar an margadh le haghaidh na n-úsáidí a liostaítear san iarratas.

(9)

I litir dar dáta an 1 Samhain 2021, d’iarr Pioneer Hi-Bred International, Inc. go ndéanfadh an Coimisiún cearta agus oibleagáidí Pioneer Hi-Bred International, Inc. a bhaineann le gach údarú agus le hiarratais atá ar feitheamh maidir le táirgí géinmhodhnaithe, a aistriú go Corteva Agriscience LLC, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium B.V., atá lonnaithe sa Bheilg. Le litir dar dáta an 1 Samhain 2021, dheimhnigh Corteva Agriscience Belgium B.V. toiliú leis an aistriú seo thar ceann Corteva Agriscience LLC.

(10)

Ba cheart aitheantóir uathúil a shannadh d’ola ráibe ghéinmhodhnaithe 73496 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún (4).

(11)

I gcás na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, is cosúil nach gá aon cheanglas sonrach maidir le lipéadú, seachas iad siúd dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). D’fhonn a áirithiú, áfach, go bhfanfaidh úsáid na dtáirgí sin laistigh de theorainneacha an údaraithe a dheonaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart léiriú soiléir a bheith ar lipéadú na dtáirgí ina bhfuil nó arb í atá iontu ola ráibe ghéinmhodhnaithe 73496, cé is moite de bhianna agus comhábhair bia, léiriú a shoiléiríonn nach bhfuil siad ceaptha lena saothrú.

(12)

Ba cheart do shealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin i ndáil le héifeachtaí ar an gcomhshaol agus maidir leis na torthaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin. Ba cheart na torthaí sin a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún (6).

(13)

Ba cheart do shealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach freisin maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin iarmhargaidh agus maidir leis na torthaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin.

(14)

Gach faisnéis ábhartha maidir le húdarú na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo ba cheart í a chur isteach i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(15)

Cuirfear an Cinneadh seo in iúl trí Theach Imréitigh na Bithshábháilteachta do Pháirtithe Phrótacal Cartagena maidir leis an mBithshábháilteacht don Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, de bhun Airteagal 9(1) agus Airteagal 15(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(16)

Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos. Measadh an gníomh cur chun feidhme seo a bheith riachtanach agus chuir an Cathaoirleach faoi bhráid an choiste achomhairc é le go ndéanfar tuilleadh plé ina leith. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Orgánach géinmhodhnaithe agus aitheantóir uathúil

Sanntar aitheantóir uathúil DP-Ø73496-4 d’ola ráibe ghéinmhodhnaithe (Brassica napus L.) 73496, mar atá sonraithe i bpointe (b) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004.

Airteagal 2

Údarú

Údaraítear na táirgí seo a leanas chun críocha Airteagal 4(2) agus Airteagal 16(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo:

(a)

bianna agus comhábhair bia ina bhfuil, arb í atá iontu nó a tháirgtear as ráib ola ghéinmhodhnaithe DP-Ø73496-4;

(b)

beatha ina bhfuil, arb í atá inti nó a tháirgtear as ola ráibe ghéinmhodhnaithe DP-Ø73496-4;

(c)

táirgí ina bhfuil nó arb í atá iontu ola ráibe ghéinmhodhnaithe DP-Ø73496-4 le haghaidh úsáidí eile seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b), cé is moite de shaothrú.

Airteagal 3

Lipéadú

1.   Chun críocha na gceanglas maidir le lipéadú a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘ola ráibe’ a bheidh mar ‘ainm an orgánaigh’.

2.   Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar lipéad na dtáirgí agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí sin ina bhfuil nó arb í atá iontu ola ráibe ghéinmhodhnaithe DP-Ø73496-4, dá dtagraítear in Airteagal 1, cé is moite de na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a).

Airteagal 4

Modh braite

Beidh feidhm ag an modh a leagtar amach i bpointe (d) den Iarscríbhinn maidir le hola ráibe ghéinmhodhnaithe DP-Ø73496-4 a bhrath.

Airteagal 5

Faireachán ar éifeachtaí ar an gcomhshaol

1.   Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin maidir le héifeachtaí ar an gcomhshaol, mar a leagtar amach i bpointe (h) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.

2.   Cuirfidh sealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin iarmhargaidh agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i gCinneadh 2009/770/CE.

Airteagal 6

Faireachán iarmhargaidh

1.   Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin iarmhargaidh maidir le hola ráibe ghéinmhodhnaithe DP-Ø73496-4, mar a leagtar amach i bpointe (i) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.

2.   Cuirfidh sealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin iarmhargaidh agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí sin.

Airteagal 7

Clár Comhphobail

Cuirfear an fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn isteach i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

Airteagal 8

Sealbhóir an údaraithe

Is é Corteva Agriscience LLC, arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium B.V, a bheidh ina shealbhóir údaraithe.

Airteagal 9

Bailíocht

Beidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a dtabharfar fógra ina leith.

Airteagal 10

Seolaithe

Dírítear an Cinneadh seo chuig Corteva Agriscience LLC, 9330 Zionsville Road Indianapolis, Indiana, 46268-1054, Stáit Aontaithe Mheiriceá, arna n-ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium B.V., Bedrijvenlaan 9, 2800 Mechelen, an Bheilg.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.

(2)  Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe amach sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1).

(3)  Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2021. Tuairim Eolaíoch maidir le measúnú ar ola ráibe ghéinmhodhnaithe 73496 le haghaidh úsáidí bia agus beatha, faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (iarratas EFSA-GMO-NL-2012-109). EFSA Journal [Iris EFSA] 2021; 19(6):6610, 57 pp. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2021.6610.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2004 lena mbunaítear córas chun aitheantóirí uathúla d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe a fhorbairt agus a shannadh (IO L 10, 16.1.2004, lch. 5).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus le lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24).

(6)  Cinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear formáidí tuairiscithe caighdeánacha maidir le cur i láthair thorthaí an fhaireacháin ar orgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh d’aon ghnó sa chomhshaol, i bhfoirm táirgí nó i dtáirgí, chun iad a chur ar an margadh, de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 21.10.2009, lch. 9).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le gluaiseachtaí trasteorann d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe (IO L 287, 5.11.2003, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

(a)

Iarratasóir agus sealbhóir an údaraithe:

Ainm

:

Corteva Agriscience LLC

Seoladh

:

9330 Zionsville Road, Indianapolis, IN 46268-1054, United States.

Arna n-ionadú san Aontas ag: Corteva Agriscience Belgium B.V., Bedrijvenlaan 9, 2800 Mechelen, Belgium.

(b)

Ainmniú agus sonrú na dtáirgí:

(1)

bianna agus comhábhair bia ina bhfuil, arb í atá iontu nó a tháirgtear as ráib ola ghéinmhodhnaithe DP-Ø73496-4;

(2)

beatha ina bhfuil, arb í atá inti nó a tháirgtear as olashíl ráibe ghéinmhodhnaithe DP-Ø73496-4;

(3)

táirgí ina bhfuil nó arb í atá iontu olashíl ráibe ghéinmhodhnaithe DP-Ø73496-4 le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (1) agus (2), cé is moite de shaothrú.

Léiríonn olashíl ráibe ghéinmhodhnaithe DP-Ø73496-4 an ghéin gat4621, lena dtugtar frithsheasmhacht in aghaidh luibhicídí atá bunaithe ar an ngliofosáit.

(c)

Lipéadú:

(1)

Chun críocha na gceanglas maidir le lipéadú a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘olashíl ráibe’ a bheidh mar ‘ainm an orgánaigh’.

(2)

Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar lipéad na dtáirgí agus i ndoiciméid a ghabhann leis na táirgí sin ina bhfuil nó arb í atá iontu olashíl ráibe DP-Ø73496-4, cé is moite de na táirgí dá dtagraítear i bpointe (b)(1).

(d)

Modh braite:

(1)

Modh atá bunaithe ar PCR saintheagmhas fíor-ama cainníochtúil chun olashíl ráibe ghéinmhodhnaithe DP-Ø73496-4 a bhrath;

(2)

Arna bailíochtú ag saotharlann tagartha an Aontais arna bunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003,, arna fhoilsiú ag http://gmo-crl.jrc.ec.europa.eu/StatusOfDossiers.aspx;

(3)

Ábhar Tagartha: Tá ERM®-BF434 inrochtana tríd Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) an Choimisiúin Eorpaigh ag https://crm.jrc.ec.europa.eu/

(e)

Aitheantóir uathúil:

DP-Ø73496-4

(f)

Faisnéis a éilítear faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch:

[Teach Imréitigh na Bithshábháilteachta, Uimhir aitheantais an chomhaid: arna fhoilsiú i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe nuair a fhógraítear é].

(g)

Coinníollacha nó srianta maidir leis na táirgí a chur ar an margadh, a úsáid nó a láimhseáil:

Ní gá.

(h)

Plean monatóireachta maidir le héifeachtaí ar an gcomhshaol:

Plean faireacháin maidir le héifeachtaí ar an gcomhshaol i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE

[Nasc: plean a fhoilsíodh i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe]

(i)

Plean faireacháin iarmhargaidh:

1.

Baileoidh sealbhóir an údaraithe an fhaisnéis seo a leanas:

(i)

cainníochtaí olashíl ráibe ghéinmhodhnaithe DP-Ø73496-4 arna n-allmhairiú isteach san Aontas lena gcur ar an margadh agus cainníochtaí táirgí arna ndíorthú ó olashíl ráibe ghéinmhodhnaithe DP-Ø73496-4 le haghaidh bia agus le haghaidh beatha;

(ii)

i gcás allmhairiú, sonraí maidir leis an olashíl ráibe ráibe ghéinmhodhnaithe DP-Ø73496-4 á caitheamh ag daoine agus ag ainmhithe agus le táirgí arna ndíorthú ó olashíl ráibe ghéinmhodhnaithe DP-Ø73496-4 le haghaidh bia agus le haghaidh beatha.

2.

Bunaithe ar an bhfaisnéis a bhaileofar agus a thuairisceofar, déanfaidh sealbhóir an údaraithe an méid seo a leanas:

(i)

athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí réamh-mheasta maidir leis an méid olashíle ráibe ghéinmhodhnaithe DP-Ø73496-4 a chaithfear;

(ii)

na coinníollacha úsáide olashíl ráibe ghéinmhodhnaithe DP-Ø73496-4 a fhíorú, ionas gurb iad na coinníollacha iad a chuirtear san áireamh le linn an mheasúnaithe riosca réamh-mhargaidh.

Nóta: d’fhéadfadh sé gur ghá na naisc chuig na doiciméid ábhartha a athrú thar thréimhse ama. Cuirfear na modhnuithe sin ar fáil don phobal trí chlár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe a thabhairt cothrom le dáta.