|
28.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 100/54 |
CINNEADH (AE) 2022/492 ÓN gCOMHAIRLE EORPACH
an 24 Márta 2022
lena dtoghtar Uachtarán na Comhairle Eorpaí
TÁ AN CHOMHAIRLE EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 15(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 2 Iúil 2019, le Cinneadh (AE) 2019/1135 ón gComhairle Eorpach (1), toghadh Charles MICHEL ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach don tréimhse ón 1 Nollaig 2019 go dtí an 31 Bealtaine 2022. |
|
(2) |
I gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, féadfar sealbhóir oifig Uachtarán na Comhairle Eorpaí a atoghadh uair amháin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Atoghfar leis seo Charles MICHEL ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach don tréimhse ón 1 Meitheamh 2022 go dtí an 30 Samhain 2024.
Airteagal 2
Tabharfaidh Ardrúnaí na Comhairle fógra faoin gCinneadh seo do Charles MICHEL.
Airteagal 3
Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. MICHEL
(1) Cinneadh (AE) 2019/1135 ón gComhairle Eorpach an 2 Iúil 2019 lena dtoghtar Uachtarán na Comhairle Eorpaí (IO L 179 I, 3.7.2019, lch. 1).