25.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 98/76


CINNEADH (AE) 2022/481 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Márta 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhairle Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála a mhéid a bhaineann le glacadh cinnidh i dtaca leis an athbhreithniú ar an gComhthuiscint maidir le Forálacha a bhaineann le Riarachán na dTaraif-Chuótaí le haghaidh Táirgí Talmhaíochta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 22 Nollaig 1994, rinne an tAontas Comhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (“Comhaontú EDT”) a thabhairt i gcrích trí bhithín Chinneadh 94/800/CE ón gComhairle (1) agus tháinig an cinneadh sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995.

(2)

De bhun mhír 1 d’Airteagal IV de Chomhaontú EDT, tá sé d’údarás ag Comhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) cinntí a ghlacadh maidir le gach ábhar a chumhdaítear faoi aon cheann de na Comhaontuithe Trádála Iltaobhacha.

(3)

De bhun mhír 2 d’Airteagal IV de Chomhaontú EDT, le linn na dtréimhsí idir cruinnithe na Comhdhála Aireachta, is í Comhairle Ghinearálta EDT a dhéanfaidh feidhmeanna na Comhdhála Aireachta.

(4)

De bhun mhír 1 d’Airteagal IX de Chomhaontú EDT, déanann comhlachtaí EDT cinntí de chomhthoil de ghnáth.

(5)

I mí na Nollag 2013, ag an Naoú Seisiún de Chomhdháil Aireachta EDT, glacadh Cinneadh Aireachta maidir le Comhthuiscint maidir le Forálacha a bhaineann le Riarachán na dTaraif-Chuótaí le haghaidh Táirgí Talmhaíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Chomhaontú maidir leis an Talmhaíocht (WT/MIN(13)/39) (“an Chomhthuiscint maidir le Taraif-Chuótaí”). Rialaítear leis an gComhthuiscint maidir le Taraif-Chuótaí bainistíocht na dtaraif-chuótaí le haghaidh táirgí talmhaíochta.

(6)

De bhun mhír 13 den Chomhthuiscint maidir le Taraif-Chuótaí, tá tús le cur le hathbhreithniú ar fheidhmiú na Comhthuisceana maidir le Taraif-Chuótaí tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis a glactha, agus an taithí a fuarthas go dtí an tráth sin á cur san áireamh. Is é is cuspóir don athbhreithniú próiseas leanúnach a chur chun cinn chun feabhas a chur ar úsáid taraif-chuótaí.

(7)

I gcomhréir le mír 13 den Chomhthuiscint maidir le Taraif-Chuótaí, lean an Coiste um Thalmhaíocht ar aghaidh leis an athbhreithniú ar an gComhthuiscint maidir le Taraif-Chuótaí in 2018. I mí na Nollag 2019, cuireadh torthaí an athbhreithnithe faoi bhráid an chruinnithe de Chomhairle Ghinearálta EDT i bhfoirm tuarascála a d’eisigh an Coiste um Thalmhaíocht (doiciméad G/AG/29 an 31 Deireadh Fómhair 2019).

(8)

An 9 Samhain 2021, chuir Cathaoirleach an Choiste um Thalmhaíocht i láthair a thuarascáil maidir leis an gcaibidlíocht agus maidir le dréachtchinneadh, mar atá i ndoiciméad G/AG/32. An tráth céanna, chuir an Coiste um Thalmhaíocht an dréachtchinneadh a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil atá i ndoiciméad G/AG/32 (“an dréachtchinneadh”) faoi bhráid na Comhairle Ginearálta lena bhreithniú agus lena tharchur ina dhiaidh sin chuig an 12ú Comhdháil Aireachta lena ghlacadh go críochnaitheach, ach tugadh faoi deara nach raibh na comhairliúcháin inmheánacha maidir leis an ábhar sin tugtha chun críche fós ag roinnt Comhaltaí EDT.

(9)

Ós rud é gur cuireadh an 12ú Comhdháil Aireachta EDT ar athló, chomhaontaigh an Coiste um Thalmhaíocht síneadh eisceachtúil 3 mhí leis an sprioc-am (eadhon, go dtí an 31 Márta 2022) a mholadh chun cinneadh maidir leis an athbhreithniú a thabhairt chun críche.

(10)

Ag an gcruinniú speisialta den Chomhairle Ghinearálta an 15 Nollaig 2021, tháinig Comhaltaí EDT ar chomhaontú maidir le síneadh 3 mhí a chur leis an sprioc-am go dtí an 31 Márta 2022.

(11)

Faoin 31 Márta 2022, nó faoi dháta níos faide anonn in 2022, b’fhéidir, i gcás ina gcomhaontófar síneadh breise, meastar go n-iarrfar ar Chomhairle Ghinearálta EDT glacadh dréachtchinnidh a mheas, agus b’fhéidir go ndéanfar roinnt leasuithe air tar éis na caibidlíochta.

(12)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Ghinearálta EDT a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh atá le glacadh ina cheangal ar an Aontas.

(13)

Sa dréachtchinneadh, tá moltaí maidir le feidhmiú Shásra Tearc-líonta na dtaraif-chuótaí amach anseo, a d’fhéadfadh an t-athbhreithniú a thabhairt i gcrích, má tá siad inghlactha do chomhaltaí uile EDT. Dá nglacfaí an dréachtchinneadh, d’imeodh forálacha na Comhthuisceana maidir le Taraif-Chuótaí lena ndíolmhaítear SAM agus na tíortha i mbéal forbartha ón Sásra Tearc-líonta i léig, rud atá chun leas an Aontais go soiléir.

(14)

I gComhairle Ghinearálta EDT, déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht thar ceann an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 17(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála ag aon chruinniú atá le tionól faoin 31 Márta 2022, nó ina dhiaidh sin má chomhaontaítear síneadh breise, tacú le toradh atá bunaithe ar chomhthoil d’fhonn cinneadh a ghlacadh lena dtabharfar i gcrích an t-athbhreithniú ar fheidhmiú Chinneadh Chomhdháil Aireachta EDT an 7 Nollaig 2013 i dtaca leis an gComhthuiscint maidir le Forálacha a bhaineann le Riarachán na dTaraif-Chuótaí le haghaidh Táirgí Talmhaíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Chomhaontú maidir leis an Talmhaíocht (WT/MIN(13)/39), rud a fhágfaidh go mbeidh míreanna 13 go15 den Chinneadh sin, chomh maith le hIarscríbhinn B a ghabhann leis an gCinneadh sin, neamhoibríochtúil dá bhrí sin, mar a leagtar amach sa dréachtchinneadh a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil atá i ndoiciméad. G/AG/32, atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Féadfaidh ionadaithe an Aontais i gComhairle Ghinearálta EDT mionathruithe ar an dréachtchinneadh a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil atá i ndoiciméad G/AG/32 a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, a mhéid a bhaineann le hábhair laistigh dá inniúlacht, na gcomhaontuithe ar ar thángthas i mBabhta Uragua den chaibidlíocht iltaobhach (1986-1994) (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1).


AN COISTE UM THALMHAÍOCHT

G/AG/32

An 11 Samhain 2021

ATHBHREITHNIÚ AR OIBRÍÚ CHINNEADH BHAILÍ MAIDIR LE RIARACHÁN TARAIF-CHUÓTAÍ

TUARASCÁIL ÓN gCATHAOIRLEACH CHUIG AN gCOMHAIRLE GHINEARÁLTA

1.1.

Ag an Naoú Seisiún den Chomhdháil Aireachta i mí na Nollag 2013 i mBailí, ghlac na hAirí an Cinneadh maidir le ‘Comhthuiscint maidir le Forálacha a bhaineann le Riarachán na dTaraif-Chuótaí le haghaidh Táirgí Talmhaíochta, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2 den Chomhaontú maidir leis an Talmhaíocht’ (WT/MIN(13)/39) (dá ngairfear ‘an Cinneadh’ anseo feasta). Éilíodh leis an gCinneadh freisin athbhreithniú ar a oibriú le tosú tráth nach déanaí ná deireadh 2017 d’fhonn an ráta a úsáidtear taraif-chuótaí a fheabhsú. Mír 4 den Sásra Tearclíonta in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCinneadh, sainordaíodh a oibriú amach anseo go sonrach é le go nglacfar é faoin Athbhreithniú de réir mhíreanna 13-14 den Chinneadh.

1.2.

Tugadh an tAthbhreithniú i gcrích nuair a d’fhormheas an Chomhairle Ghinearálta, ag a cruinniú an 9-10 Nollaig 2019, na moltaí ón gCoiste um Thalmhaíocht atá ar fáil in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le G/AG/29. Mar sin féin, le linn athbhreithniú 2017-19 ní raibh aon chomhaontú substainteach maidir le saincheist oibriú mhír 4 den Sásra Tearclíonta amach anseo. Ina ionad sin, de réir mhír 1 de na moltaí formheasta in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le G/AG/29, d’aontaigh na Comhaltaí an amlíne le haghaidh cinneadh maidir le mír 4 den Sásra Tearclíonta a chur siar ar feadh 2 bhliain, i.e. go dtí deireadh 2021.

1.3.

Leis na moltaí déantar tagairt freisin d’ilroinnt fhéideartha an Chinnidh tríd an gceart chun Comhaltaí a roghnú, a liostaítear in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gCinneadh, a thairiscint, chun scor de chur i bhfeidhm mhír 4, i gcás nach mbeidh comhaontú idir na Comhaltaí maidir le hoibriú na míre seo amach anseo. Seachaint díolmhaithe le haghaidh Comhaltaí áirithe, a d’fhéadfadh an easpa comhaontaithe ar oibriú mhír 4 amach anseo laistigh d’amlíne chomhaontaithe a spreagadh, lean sí de bheith ina spreagadh tábhachtach do roinnt Comhaltaí chun réiteach sásúil a aimsiú ar an mír seo sna pléití i ndiaidh 2019 ar an ábhar sin de chuid an Choiste um Thalmhaíocht.

1.4.

Sna pléití sin, scrúdaigh na Comhaltaí go mion an chaoi a n-oibreodh an mhír 4 reatha go hiarbhír le linn na céime deiridh den Sásra Tearclíonta. Tugadh faoi deara go bhfuil oibleagáid ar an gComhalta is allmhaireoir sa chéim dheiridh den Sásra Tearclíonta faoin mír 4 reatha an modh riaracháin taraif-chuótaí a athrú go dtí an bonn ‘tagadh do sheal mar a tháinig tú féin’ ag custam nó go córas uathoibríoch neamhchoinníollach faoina dtugtar ceadúnas ar éileamh - agus an rogha le roghnú bunaithe ar chomhairliúcháin leis na Comhaltaí is onnmhaireoirí lena mbaineann. Dhéanfaí an modh riaracháin arna roghnú a choinneáil ar bun ansin ar feadh 2 bhliain ar a laghad, agus ar choinníoll go dtabharfaí fógra faoi rátaí líonta tráthúla le haghaidh an 2 bhliain sin, dhéanfaí an t-ábhar a ‘chur i gcrích’ agus a mharcáil dá réir ar Chlár Rianaithe na hArdrúnaíochta.

1.5.

Na Comhaltaí is allmhaireoirí atá i mbéal forbartha agus atá sa chéim dheiridh den Sásra Tearclíonta, faoin gcuid dheireanach den mhír 4 reatha féadfaidh siad modh riaracháin taraif-chuótaí malartach a roghnú nó an modh reatha a choinneáil. Dá roghnófaí modh riaracháin taraif-chuótaí malartach, ba ghá fógra a thabhairt don Choiste um Thalmhaíocht laistigh d’oibriú an tSásra Tearclíonta. Dhéanfaí an modh arna roghnú a choinneáil ar bun ar feadh 2 bhliain ar a laghad agus dhéanfaí an t-ábhar a ‘chur i gcrích’ ar choinníoll gur méadaíodh an ráta líonta faoi dhá thrian de na hincrimintí bliantúla a thuairiscítear i mír 3(b) den Sásra Tearclíonta.

1.6.

Fuair na Comhaltaí tuiscint níos fearr ar an bpríomhbhacainn a sainaithníodh i ndáil le hoibriú mhír 4 den Sásra Tearclíonta amach anseo bunaithe ar na pléití sin, i gcás nach ndéanann Comhalta is allmhaireoir atá i mbéal forbartha an méadú is gá ar an ráta líonta a bhaint amach agus an modh riaracháin taraif-chuótaí reatha á choinneáil ar bun aige nó modh riaracháin malartach á úsáid aige.

1.7.

Le hiarrachtaí na gComhaltaí teacht ar chomhaontú maidir le mír 4, díríodh go príomha ar aimsiú cur chuige féideartha chun aghaidh a thabhairt ar an méid a d'fhéadfadh a bheith fós le réiteach ag Comhaltaí is allmhaireoirí atá i mbéal forbartha d’fhonn ‘cur i gcrích’ an ábhair thearclíonta arna ardú a bhaint amach.

1.8.

Bhí tacaíocht fhorleathan ann le haghaidh cur chuige mar aon le moladh téacsúil arna dhéanamh go neamhfhoirmiúil ag Cósta Ríce ina ndeirtear go mbeadh Comhalta is allmhaireoir atá i mbéal forbartha a mhainníonn an caighdeán ráta líonta is gá a chomhlíonadh (i.e. dhá thrian de na hincrimintí bliantúla a tuairiscíodh i mír 3 (b) den Sásra Tearclíonta) tar éis 2 bhliain sa chéim dheiridh den Sásra Tearclíonta, tar éis modh riaracháin malartach a úsáid nó an modh atá i bhfeidhm faoi láthair a choinneáil ar bun, faoi réir an cheanglais chaighdeánaigh sa chéad abairt de mhír 4, arna iarraidh sin ag na Comhaltaí leasmhara is allmhaireoirí. In éagmais iarrata den sórt sin, dhéanfaí an tsaincheist a mharcáil mar shaincheist a ‘cuireadh i gcrích’ tar éis 2 bhliain sa chéim dheiridh fiú murar baineadh amach an méadú is gá ar an ráta líonta. Is é is aidhm don mholadh sin a áirithiú go ndéanfaidh ábhar sa chéim dheiridh den Sásra stádas ‘curtha i gcrích’ nó ‘réitithe’ a bhaint amach faoi dheireadh.

1.9.

Bhain saincheist bhreise amháin a ardaíodh níos déanaí sa phlé sin leis an gcaidreamh idir na hoibleagáidí a eascraíonn as an Sásra Tearclíonta agus na forálacha sonracha maidir le riarachán taraif-chuótaí a d’fhéadfadh a bheith ag Comhalta is allmhaireoir ina Sceideal Lamháltas. Go ginearálta, d’aithin na Comhaltaí tosaíocht na lamháltas agus na gceangaltas sna Sceidil, agus gurbh é ról an Chinnidh agus a Shásra Tearclíonta cur chun feidhme éifeachtach na gceangaltas sceidealaithe a chur chun cinn, seachas iad a mhodhnú. Anseo, treoraíodh na Comhaltaí go sonrach le mír 5 den Sásra Tearclíonta, lena mbunaítear go sainráite ordlathas idir na hoibleagáidí faoi na comhaontuithe cumhdaithe (lena n-áirítear, de réir Airteagal II:7 de GATT 1994, sceidil earraí na gComhaltaí) agus forálacha an tSásra Tearclíonta, trína mhaíomh ‘i gcás aon choimhlinte, is ag forálacha na gcomhaontuithe cumhdaithe a bheidh an forlámhas’.

1.10.

I bhfianaise pléití, áirítear sa Dréachtchinneadh atá beartaithe maidir le hoibriú mhír 4 den Sásra Tearclíonta amach anseo (mar a léirítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo) na gnéithe seo a leanas:

i.

Deighilt na míre 4 reatha den Sásra Tearclíonta ina dhá fho-mhír chun soiléireacht a chur ar fáil maidir leis an gceanglas ‘caighdeánach’ mar atá san fho-mhír 4a) atá beartaithe, agus maidir leis an láimhseáil speisialta agus dhifreálach i bhfo-mhír 4b);

ii.

Déantar ábhar na gné láimhseála speisialta agus difreálaí sa mhír 4 reatha a atáirgeadh, gan aon athrú, san fho-mhír 4b) atá beartaithe;

iii.

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar an méid a d'fhéadfadh a bheith fós le réiteach ina mhainníonn Comhalta is allmhaireoir atá i mbéal forbartha an caighdeán ráta líonta is gá a chomhlíonadh tar éis 2 bhliain agus an modh riaracháin taraif-chuótaí reatha á choinneáil ar bun nó modh riaracháin malartach á úsáid, moltar sa dréachtchinneadh rogha bhreise a chur isteach sa chuid dheireanach d’fho-mhír 4 (b) d’fhonn ‘cur i gcrích’ an ábhair a bhaint amach. Leis sin, cheanglófaí ar an gComhalta is allmhaireoir atá i mbéal forbartha lena mbaineann an ceanglas ‘caighdeánach’ sa chéad chuid den mhír 4 reatha a chur chun feidhme;

iv.

Tá fonóta 6 nua beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ann a chuir roinnt Comhaltaí in iúl maidir leis an gcaidreamh idir na hoibleagáidí a eascraíonn as an Sásra Tearclíonta agus iad sin atá ar fáil i sceidil lamháltas na gComhaltaí is allmhaireoirí. Soiléirítear cheana i mír 5 den Sásra Tearclíonta an caidreamh idir na hoibleagáidí a eascraíonn as an Sásra Tearclíonta agus cearta agus oibleagáidí na gComhaltaí faoi na ‘comhaontuithe cumhdaithe’;

v.

De bharr go mbeadh cur i gcrích an athbhreithnithe ar oibriú Chinneadh Bhailí maidir le taraif-chuótaí mar thoradh freisin ar chomhaontú maidir le hoibriú mhír 4 den Sásra Tearclíonta amach anseo de bhun mhíreanna 13-15 den Chinneadh, moltar sa dréachtchinneadh dá réir sin go ndéanfar na trí mhír sin, mar aon le hIarscríbhinn B a ghabhann leis an gCinneadh, neamhoibríochtúil

1.11.

Ceanglaítear le mír 14 den Chinneadh go ndéanfar le moltaí na Comhairle Ginearálta i ndáil le mír 4 den Sásra Tearclíonta foráil maidir le láimhseáil speisialta agus dhifreálach. I ndáil leis sin, déantar leis an Dréachtchinneadh ina bhfuil moltaí le haghaidh oibriú mhír 4 amach anseo an fhoráil láimhseála speisialta agus difreálaí reatha faoin bhfo-mhír 4b) atá beartaithe a choinneáil ar bun, toisc go luaitear ann go bhféadfaidh Comhalta is allmhaireoir atá i mbéal forbartha atá sa chéim dheiridh den Sásra Tearclíonta an modh riaracháin taraif-chuótaí reatha a choinneáil ar bun nó modh riaracháin malartach a úsáid, agus réiteach an ábhair a bhaint amach tríd an méadú is gá ar an ráta líonta a léiriú. Cosúil leis an mír 4 reatha den Chinneadh, níl aon athrú ar an rogha sin. I gcás, le linn an 2 bhliain ina dhiaidh sin, nach mbaineann an Comhalta is allmhaireoir atá i mbéal forbartha an méadú is gá ar an ráta líonta amach faoi na cúinsí sin, d’fhéadfadh go gceanglófaí leis an gCinneadh atá beartaithe ar an gComhalta sin an ceanglas ‘caighdeánach’ a chur i bhfeidhm mar atá sa chéad chuid den mhír 4 reatha (i.e. ar an mbonn ‘tagadh do sheal mar a tháinig tú féin’ ag an gceadúnú custaim nó uathoibríoch). Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil an ceanglas chun an fhoráil sin a chur i bhfeidhm uathoibríoch fiú tar éis an 2 bhliain sin. Ina ionad sin, ní bheadh feidhm ag an oibleagáid atá beartaithe ach amháin bunaithe ar iarraidh ó na Comhaltaí is onnmhaireoirí lena mbaineann. I gcás nach ndéantar iarraidh, in ainneoin nach gcomhlíonann an Comhalta is allmhaireoir atá i mbéal forbartha an caighdeán ráta líonta is gá, mharcálfaí an t-ábhar tearclíonta ‘curtha i gcrích’.

1.12.

Rinne an Coiste um Thalmhaíocht an 99ú cruinniú rialta dá chuid a ationól an 9 Samhain 2021 chun glacadh leis an mír 2 D(i) den chlár oibre ar cuireadh ar fionraí í i dtaca le cur chun feidhme Chinneadh Bhailí maidir le riarachán taraif-chuótaí. Ag an gcruinniú sin, d’aontaigh an Coiste an Dréachtchinneadh (1) san Iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Ghinearálta lena bhreithniú agus lena chur faoi bhráid an 12ú Comhdháil Aireachta (MC-12) ina dhiaidh sin le haghaidh cinneadh ó na hAirí.


(1)  Thug roinnt Comhaltaí le fios go mbeadh tuilleadh ama de dhíth orthu chun dul i gcomhairle lena bpríomhchathracha.


IARSCRÍBHINN

Tá an Chomhdháil Aireachta,

Ag féachaint do mhír 1 d’Airteagal IX de Chomhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’);

Agus Cinneadh Aireachta an 7 Nollaig 2013 á thabhairt faoi deara maidir leis an gComhthuiscint maidir le Forálacha a bhaineann le Riarachán na dTaraif-Chuótaí le haghaidh Táirgí Talmhaíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Chomhaontú maidir leis an Talmhaíocht (WT/MIN(13)/39-WT/L/914) dar dáta an 11 Nollaig 2013 (dá ngairfear ‘Cinneadh Bhailí maidir le Riarachán Taraif-chuótaí’ anseo feasta);

Agus moltaí an Athbhreithnithe á meabhrú di ar oibriú Chinneadh Bhailí maidir le Riarachán Taraif-chuótaí in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le G/AG/29 a d’fhormheas an Chomhairle Ghinearálta ag a cruinniú an 9-10 Nollaig 2019;

Agus á aithint di go socraítear le mír 1 de na moltaí thuasluaite sprioc-am an 31 Nollaig 2021 le haghaidh cinneadh ar oibriú mhír 4 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Cinneadh Bhailí maidir le Riarachán Taraif-chuótaí amach anseo;

Tar éis an méid seo a leanas a chinneadh:

1.

Léifear mír 4 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Cinneadh Bhailí maidir le Riarachán Taraif-chuótaí mar a leanas:

4.a.

Ansin, déanfaidh an Comhalta is allmhaireoir rochtain neamhualaithe a chur ar fáil go pras trí cheann de na modhanna riaracháin taraif-chuótaí seo a leanas (2) ,, (3): ar an mbonn ‘tagadh do sheal mar a tháinig tú féin’ amháin (ag an teorainn); nó córas uathoibríoch neamhchoinníollach faoina dtugtar ceadúnas ar éileamh laistigh den taraif-chuótaí. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cén ceann den dá rogha sin a chur chun feidhme, rachaidh an Comhalta is allmhaireoir i gcomhairle le Comhaltaí leasmhara is onnmhaireoirí. Déanfaidh an Comhalta is allmhaireoir an modh arna roghnú a choinneáil ar bun ar fead 2 bhliain ar a laghad, agus tar éis na tréimhse sin – ar choinníoll gur cuireadh fógraí tráthúla isteach le haghaidh an 2 bhliain sin – déanfar nóta de ar chlár rianaithe na hArdrúnaíochta agus marcálfar an tsaincheist ‘curtha i gcrích’.

4.b.

Féadfaidh Comhaltaí is tíortha atá i mbéal forbartha modh riaracháin taraif-chuótaí malartach a roghnú nó an modh reatha a choinneáil ar bun. Má roghnaítear modh riaracháin taraif-chuótaí malartach, cuirfear an rogha sin in iúl don Choiste um Thalmhaíocht faoi fhorálacha an tsásra seo. Déanfaidh an Comhalta is allmhaireoir an modh arna roghnú a choinneáil ar bun ar feadh 2 bhliain ar a laghad, agus tar éis na tréimhse sin, má tá méadú dhá thrian de na hincrimintí bliantúla a thuairiscítear i mír 3(b) tar éis teacht ar an ráta líonta, déanfar nóta de ar chlár rianaithe na hArdrúnaíochta agus marcálfar an tsaincheist ‘curtha i gcrích’. Arna iarraidh sin do Chomhalta leasmhar, beidh feidhm ag na forálacha faoi mhír 4(a) mura mbeidh, tar éis an 2 bhliain sin, an ráta líonta méadaithe faoi dhá thrian ar a laghad de na hincrimintí bliantúla a thuairiscítear i mír 3(b). Mura ndéanfar aon iarraidh, marcálfar an tsaincheist ‘curtha i gcrích’.

2

Míreanna 13-15 de Chinneadh Bhailí maidir le Riarachán Taraif-chuótaí, mar aon le hIarscríbhinn B, déantar iad neamhoibríochtúil feasta.


(2)  Leis na gníomhartha agus na leigheasanna arna ndéanamh ag an gComhalta is allmhaireoir, ní mhodhnófar ná ní chuirfear bac ar chearta Comhalta a bhfuil leithdháileadh tír-shonrach le haghaidh an taraif-chuótaí sin ina sheilbh aige i leith a leithdháilte thír-shonraigh.

(3)  I gcás coimhlinte, beidh forlámhas ag na forálacha sonracha maidir le socruithe allmhairiúcháin taraif-chuótaí a shonraítear i Sceideal Lamháltas an Chomhalta is allmhaireoir faoi chuimsiú na coimhlinte.