25.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 98/72


CINNEADH (AE) 2022/480 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Márta 2022

maidir le coiste fiosrúcháin a chur ar bun chun imscrúdú a dhéanamh ar úsáid earraí spiaireachta faireachais Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha, agus lena sainítear ábhar an fhiosrúcháin, mar aon le freagrachtaí, líon comhaltaí agus téarma oifige an choiste

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don iarraidh arna tíolacadh ag 290 Feisire go ndéanfar coiste fiosrúcháin a chur ar bun chun imscrúdú agus fiosrúchán a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar dhrochriarachán líomhnaithe i gcur chun feidhme dhlí an Aontais maidir le húsáid earraí spiaireachta faireachais Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha a shuiteáiltear ar ghléasanna móibíleacha trí leochaileachtaí TF a dhúshaothrú (“earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha”),

ag féachaint don togra ó Chomhdháil na nUachtarán,

ag féachaint d’Airteagal 226 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

ag féachaint do Chinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGC ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Aibreán 1995 maidir leis na forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa (1),

ag féachaint do dhiongbháilteacht an Aontais Eorpaigh do luachanna agus prionsabail na saoirse, an daonlathais agus na hurraime do chearta an duine agus do chearta bunúsacha agus na smachta reachta mar a leagtar amach i mbrollach an Chonartha ar an Aontas Eorpach (CAE) agus go háirithe in Airteagal 2, Airteagal 6 agus Airteagal 21 den Chonradh sin,

ag féachaint d’Airteagal 4(2) CAE, lena n-athdhearbhaítear inniúlacht eisiach na mBallstát maidir leis an smacht reachta a chaomhnú agus an tslándáil náisiúnta a choimirciú;

ag féachaint d’Airteagail 16 agus 223 CFAE,

ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), agus go háirithe Airteagal 7, Airteagal 8, Airteagal 11, Airteagal 21 agus Airteagal 47 de, lena n-aithnítear na cearta sonracha, na saoirsí sonracha agus na prionsabail shonracha a leagtar amach ann, amhail meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an ceart chun neamh-idirdhealaithe, chomh maith leis an gceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, agus a bhfuil feidhm iomlán acu maidir leis na Ballstáit agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu, agus d’Airteagal 52(1) de lena lamháiltear do theorannú áirithe ar fheidhmiú ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha,

ag féachaint do Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint in earnáil na cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (2),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (3),

ag féachaint do Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (4),

ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2019/797 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe a chuireann an tAontas nó a Bhallstáit i mbaol (5), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2021/796 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2021 (6),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (7),

ag féachaint don Ionstraim maidir le toghadh fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (8),

ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus go háirithe Airteagal 8, Airteagal 9, Airteagal 13 agus Airteagal 17 de, agus do na Prótacail a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin,

ag féachaint do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (9),

ag féachaint do rún uaithi an 12 Márta 2014 maidir le clár faireachais Údarás Slándála Náisiúnta SAM, comhlachtaí faireachais i mBallstáit éagsúla agus an tionchar atá acu ar chearta bunúsacha shaoránaigh AE agus ar chomhar trasatlantach i gceartas agus gnóthaí baile (10) agus dá moltaí maidir le slándáil TF a neartú in institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE,

ag féachaint do Riail 208 dá Rialacha Nós Imeachta,

A.

de bhrí gur tháinig sé chun solais le déanaí gur bhain go leor tíortha, lena n-áirítear na Ballstáit, úsáid as earraí spiaireachta faireachais Pegasus i gcoinne iriseoirí, polaiteoirí, oifigigh forfheidhmithe dlí, taidhleoirí, dlíodóirí, lucht gnó, ghníomhaithe na sochaí sibhialta agus gníomhaithe eile, agus gur cúis mhór imní iad na cleachtais sin a dhealraíonn sé go ndeimhnítear leo na contúirtí a bhaineann le mí-úsáid na teicneolaíochta faireachais chun an bonn a bhaint de chearta an duine agus den daonlathas;

1.

á chinneadh coiste fiosrúcháin a chur ar bun chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar dhrochriarachán líomhnaithe i gcur chun feidhme dhlí an Aontais maidir le húsáid earraí spiaireachta faireachais Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha, gan dochar do dhlínse na gcúirteanna náisiúnta ná do dhlínse chúirteanna an Aontais;

2.

á chinneadh go ndéanfaidh an coiste fiosrúcháin an méid seo a leanas:

imscrúdú ar raon feidhme na sáruithe líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó an drochriaracháin líomhnaithe i gcur chun feidhme dhlí an Aontais a leanann as úsáid earraí spiaireachta faireachais Pegasus agus as earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha, faisnéis a bhailiú maidir lena mhéid a bhaineann na Ballstáit, lena n-áirítear an Ungáir agus an Pholainn ach gan a bheith teoranta dóibh, nó tríú tíortha úsáid as faireachas cunórach ar bhealach lena ndéantar sárú ar na cearta agus na saoirsí atá cumhdaithe sa Chairt, agus measúnú ar an leibhéal riosca a bhaineann leis sin ar na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE, amhail an daonlathas, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine;

chun a chuid dualgas a fheidhmiú, déanfaidh sé faisnéis a bhailiú agus a anailísiú chun na nithe seo a leanas a fhionnadh:

úsáid agus feidhmiú earraí spiaireachta faireachais Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha agus an drochthionchar líomhnaithe atá aici ar chearta bunúsacha faoin gCairt, i gcásanna a raibh dlí an Aontais á chur chun feidhme ag na Ballstáit;

an creat reachtach atá ann cheana ina bhfuair agus inar úsáid na Ballstáit earraí spiaireachta faireachais Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha;

cibé ar bhain údaráis na mBallstát úsáid as earraí spiaireachta faireachais Pegasus agus as earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha chun críoch polaitiúil, eacnamaíoch nó chun críoch eile nach raibh údar cuí leo chun spiaireacht a dhéanamh ar iriseoirí, polaiteoirí, oifigigh forfheidhmithe dlí, taidhleoirí, dlíodóirí, lucht gnó, gníomhaithe na sochaí sibhialta nó gníomhaithe eile, de shárú ar dhlí an Aontais agus ar na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE, nó de na cearta atá cumhdaithe sa Chairt;

cibé an raibh drochthionchar ag úsáid earraí spiaireachta faireachais Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha, de shárú ar dhlí an Aontais, ar phróisis dhaonlathacha sna Ballstáit maidir le toghcháin ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach;

na sáruithe líomhnaithe nó an drochriarachán líomhnaithe ag na Ballstáit ar Threoir 2002/58/CE a leanann as úsáid earraí spiaireachta faireachais Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha, go háirithe maidir le prionsabal na rúndachta cumarsáide agus an toirmeasc ar éisteacht, cúléisteacht, stóráil nó cineálacha eile idircheaptha cumarsáide nó faireachais ar chumarsáid agus sonraí tráchta gaolmhara daoine;

cibé arbh ionann úsáid earraí spiaireachta faireachais Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha ag na Ballstáit agus sáruithe ar Threoir (AE) 2016/680 agus Rialachán (AE) 2016/679, ar lean sárú ar an Treoir sin agus ar an Rialachán sin as a n-úsáid nó ar léiríodh sárú ar an Treoir sin agus ar an Rialachán sin mar gheall ar a n-úsáid;

cibé an raibh fianaise ag an gCoimisiún gur úsáideadh earraí spiaireachta faireachais Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha eile i gcoinne daoine;

cibé ar áirithigh na Ballstáit go mbeadh coimircí institiúideacha agus dlíthiúla leordhóthanacha ann chun úsáid neamhdhleathach earraí spiaireachta a sheachaint, agus cibé an bhfuil rochtain ar leigheas éifeachtach ag daoine a mheasann go ndearnadh sárú ar a gcearta trí úsáid earraí spiaireachta;

mainneachtain líomhnaithe na mBallstát gníomhú i leith rannpháirtíocht eintiteas in AE i bhforbairt, scaipeadh nó maoiniú earraí spiaireachta faireachais Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha eile, lena n-áirítear sa slabhra soláthair ó thaobh teicneolaíochta agus shaothrú na teicneolaíochta de, a mhéid a dhéanann sí sárú ar dhlí an Aontais, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2021/821, agus lena n-áirítear i gcás ina mbaintear úsáid as bogearraí faireachais a chuirtear ar an margadh chun críoch áirithe (e.g. an comhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta) i gcomhthéacs eile;

ról rialtas Iosrael agus ról tríú tíortha eile maidir le hearraí spiaireachta faireachais Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha eile a sholáthar do na Ballstáit;

cibé ar lean aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha, go háirithe Grúpa NSO, ach gan a bheith teoranta dó, agus chuig rialtais tríú tíortha as úsáid earraí spiaireachta faireachais Pegasus nó earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha eile;

cibé an ndearna úsáid earraí spiaireachta faireachais Pegasus nó earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha eile, lena mbaineann go díreach nó go hindíreach eintitis atá nasctha le AE, rannchuidiú le spiaireacht neamhdhleathach ar iriseoirí, polaiteoirí, oifigigh forfheidhmithe dlí, taidhleoirí, dlíodóirí, lucht gnó, gníomhaithe na sochaí sibhialta nó gníomhaithe eile i dtríú tíortha agus cibé ar lean sáruithe nó mí-úsáidí ar chearta an duine aisti, ar sáruithe agus mí-úsáidí iad ar cúis mhór imní iad maidir le cuspóirí chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, agus cibé an ndearna an úsáid sin sárú ar na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 21 CAE agus sa Chairt, agus aird chuí á tabhairt freisin ar Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus cearta eile atá cumhdaithe i ndlí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine;

cibé an raibh forais leordhóthanacha ann don Chomhairle bearta sriantacha nó smachtbhannaí i gcoinne tríú tír amháin nó níos mó a ghlacadh faoi chuimse chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais i gcás inar foráladh le cinneadh, arna ghlacadh i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal V CAE, go ndéanfaí caidreamh eacnamaíoch nó airgeadais a bhriseadh nó a laghdú, i gcomhréir le hAirteagal 215(1) CFAE;

cibé an raibh tionchar ag úsáid earraí spiaireachta faireachais Pegasus nó earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha eile ag tríú tíortha ar chearta bunúsacha a áirithítear faoi dhlí an Aontais agus cibé an raibh forais leordhóthanacha ann don Chomhairle athmheasúnú a dhéanamh ar aon chomhaontuithe um chomhar idirnáisiúnta i Limistéar na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais arna dtabhairt i gcrích le tríú tíortha de bhun Airteagal 218 CFAE;

aon mholtaí a thabhairt a mheasann sé a bhfuil gá leo san ábhar seo;

moltaí a thabhairt chun institiúidí AE, a gComhaltaí agus a mbaill foirne a chosaint ar earraí spiaireachta faireachais den sórt sin;

3.

á chinneadh go ndéanfaidh an coiste fiosrúcháin a thuarascáil chríochnaitheach a thíolacadh laistigh de 12 mhí tar éis ghlacadh an chinnidh seo;

4.

á chinneadh gur cheart don choiste fiosrúcháin aon fhorbairtí ábhartha a thagann chun cinn le linn a théarma a chur san áireamh ina chuid oibre faoi chuimse shainchúram an choiste;

5.

á chur i bhfios go láidir, chun dea-chomhar agus sreabhadh maith faisnéise a áirithiú idir an coiste fiosrúcháin agus na buanchoistí agus fochoistí ábhartha, go bhféadfaí an Cathaoirleach agus Rapóirtéir an choiste fiosrúcháin a rannpháirtiú i ndíospóireachtaí ábhartha na mbuanchoistí agus na bhfochoistí, agus vice versa, go háirithe le haghaidh éisteachtaí an choiste fiosrúcháin;

6.

á chinneadh gur cheart aon mholtaí arna dtarraingt suas ag an gcoiste fiosrúchain a chur ar aghaidh chuig na buanchoistí nó fochoistí ábhartha ina n-earnálacha inniúlachtaí faoi seach mar a shainítear le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta;

7.

á chinneadh go mbeidh 38 gcomhalta ag an goiste fiosrúcháin;

8.

á threorú dá hUachtarán socrú a dhéanamh maidir leis an gcinneadh seo a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 113, 19.5.1995, lch. 1.

(2)  IO L 201, 31.7.2002, lch. 37.

(3)  IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.

(4)  IO L 119, 4.5.2016, lch. 89.

(5)  IO L 129 I, 17.5.2019, lch. 13.

(6)  IO L 174 I, 18.5.2021, lch. 1.

(7)  IO L 206, 11.6.2021, lch. 1.

(8)  IO L 278, 8.10.1976, lch. 5.

(9)  https://www.ohchr.org/Documents/Publications/GuidingPrinciplesBusinessHR_EN.pdf

(10)  IO C 378, 9.11.2017, lch. 104.