23.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 94/6 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/465 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Márta 2022
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 a mhéid a bhaineann le hacmhainneachtaí saotharlann shoghluaiste rescEU agus acmhainneachtaí braite, samplála, sainaitheantais agus faireacháin CBRN rescEU
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 1831)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (1), agus go háirithe Airteagal 32(1), pointe (g), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE, leagtar amach creat dlíthiúil rescEU, ar cúlchiste acmhainneachtaí ar leibhéal an Aontais é arb é is aidhm dó cúnamh a sholáthar i staideanna treascracha nach féidir leis na hacmhainneachtaí foriomlána atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta ná leo siúd arna ngealladh ag na Ballstáit don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta freagairt éifeachtach ar thubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine a áirithiú. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, tá acmhainneachtaí rescEU le cinneadh trí rioscaí arna sainaithint agus rioscaí atá ag teacht chun cinn, acmhainneachtaí foriomlána agus bearnaí ar leibhéal an Aontais a chur san áireamh. Tá ceithre réimse ann ar cheart do rescEU díriú orthu go háirithe, eadhon aerchomhrac na ndóiteán foraoise, teagmhais cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (“CBRN”), an phráinnfhreagairt leighis, mar aon leis an iompar agus an lóistíocht. |
(3) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 ón gCoimisiún (2), leagtar amach comhdhéanamh tosaigh rescEU i dtéarmaí acmhainneachtaí agus ceanglas cáilíochta. Is é atá i gcúlchiste rescEU go dtí seo acmhainneachtaí aerchomhrac na ndóiteán foraoise, acmhainneachtaí aslonnaithe aerleighis, foirne leighis éigeandála, trealamh leighis nó trealamh cosanta pearsanta a stoc-charnadh, nó an dá cheann díobh sin, acmhainneachtaí dí-éilliúcháin CBRN, acmhainneachtaí stoc-charntha CBRN, acmhainneachtaí dídine sealadacha agus acmhainneachtaí iompair agus lóistíochta. |
(4) |
Le hanailís ar rioscaí sainaitheanta agus rioscaí atá ag teacht chun cinn, chomh maith le hanailís ar acmhainneachtaí agus ar bhearnaí ar leibhéal an Aontais, léirítear go bhfuil gá le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí cosanta sibhialta trí bhrath, sampláil, sainaitheantas agus faireachán CBRN a sholáthar ar an láthair le haghaidh na freagartha d’éigeandálaí (i.e., chun iarmhairtí díobhálacha do shaol an duine nó do shláinte an duine a eascraíonn as substaintí CBRN a mhaolú), le haghaidh gníomhaíochtaí cuardaigh (i.e., chun suíomh shubstaintí CBRN atá lasmuigh den rialú rialála a shocrú), le haghaidh na freagartha d’eachtraí slándála (i.e., chun freagairt do ghníomhartha a d’fhéadfadh a bheith coiriúil nó gníomhartha neamhúdaraithe intinneacha a bhaineann le substaintí CBRN nó gníomhartha a dhírítear orthu), agus le haghaidh an fhaireachais ar mhórimeachtaí (i.e., chun gníomhartha coiriúla nó gníomhartha neamhúdaraithe intinneacha a bhaineann le substaintí CBRN a chosc). |
(5) |
Ba cheart a áireamh san acmhainneacht tacaíocht measúnaithe theicniúil siarshínidh le haghaidh gníomhaíochtaí braite, samplála, sainaitheantais agus faireacháin CBRN a chuirtear chun feidhme faoin Sásra Aontais. Ba cheart an comhpháirt siarshínidh sin a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta. D’fhéadfadh institiúid aonair nó díorma institiúidí speisialaithe an siarshíneadh a sholáthar. |
(6) |
Beartaítear gur pacáiste aonair a bheidh san acmhainneacht agus beidh leibhéal ard inscálaitheachta inmheánaigh agus módúlachta inmheánaigh inti; fágann sé sin gur féidir, más gá, comhpháirteanna aonair na hacmhainneachta a imscaradh ar leithligh agus iad curtha in oiriúint do ghníomhaíochtaí freagartha d’éigeandálaí, cuardaigh, freagartha slándála nó faireachais, agus in oiriúint don ghuais nó don bhagairt cheimiceach, bhitheolaíoch, raideolaíoch nó núicléach. |
(7) |
San anailís a rinneadh ar rioscaí arna sainaithint agus rioscaí atá ag teacht chun cinn, chomh maith le hinniúlachtaí agus bearnaí ar leibhéal an Aontais, léiríodh go bhfuil gá le hacmhainneachtaí saotharlann shoghluaiste. Is é príomhchuspóir acmhainneachtaí na saotharlann shoghluaiste tacaíocht sholúbtha inoiriúnaithe a sholáthar i gcás ina sáraítear acmhainneacht na mBallstát maidir le pataiginí nó substaintí CBRN a bhrath, a anailísiú nó a fhíorú. Le hacmhainneachtaí na saotharlann shoghluaiste, d’fhéadfaí díriú ar speisialtóireachtaí éagsúla ina bhfuil leibhéal ard inscálaitheachta, módúlachta agus idir-inoibritheachta. |
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 12(4) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, ba cheart ceanglais cháilíochta faoi rescEU a bheith bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta sheanbhunaithe, i gcás inarb ann do chaighdeáin mar sin cheana féin. Ba cheart na ceanglais cháilíochta maidir le comhpháirt bhitheolaíoch na saotharlann shoghluaiste a bheith bunaithe ar aicmiúcháin saotharlann shoghluaiste mhearfhreagartha (3) a sholáthraíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. |
(9) |
Ba cheart acmhainneachtaí braite, samplála, sainaitheantais agus faireacháin i leith CBRN agus acmhainneachtaí saotharlann shoghluaiste a bhunú chun dul i ngleic le rioscaí lena ngabhann dóchúlacht íseal ach tionchar mór, i gcomhréir leis na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 3d de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 agus tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit. |
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 a leasú dá réir. |
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 33(1) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 1a, cuirtear an pointe 4 seo a leanas isteach “(4) ciallaíonn ‘siarshíneadh’ an próiseas ina bhfaightear tacaíocht ó eintitis nach bhfuil imscartha in obair allamuigh.”; |
(2) |
in Airteagal 2, leasaítear mír 2 mar a leanas:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3a: “Airteagal 3a Costais incháilithe maidir le haslonnú aerleighis rescEU, foirne leighis éigeandála chineál 2 agus 3, stoc-charnadh leighis, dí-éilliúchán CBRN, stoc-charnadh CBRN, dídean shealadach, iompar, lóistíocht, acmhainneachtaí braite, samplála, sainaitheantais agus faireacháin CBRN, agus acmhainneachtaí saotharlann shoghluaiste Déanfar gach catagóir costais dá dtagraítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE a chur san áireamh agus costas iomlán incháilithe acmhainneachtaí rescEU á ríomh.”; |
(4) |
in Airteagal 3e, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4: “3. Bunófar acmhainneachtaí rescEU dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (c) go (l), leis an gcuspóir bainistíocht a dhéanamh ar rioscaí lena ngabhann dóchúlacht íseal ach tionchar mór. 4. I gcás ina ndéantar acmhainneachtaí rescEU dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (c) go (l), a imscaradh faoin Sásra Aontais, cumhdófar 100 % de na costais oibríochtúla le cúnamh airgeadais ón Aontas, de bhun Airteagal 23(4b) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE.”; |
(5) |
leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Janez LENARČIČ
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 924.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hacmhainneachtaí rescEU agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/762/AE ón gCoimisiún (IO L 99, 10.4.2019, lch. 41).
(3) Treoraíocht maidir le haicmiúchán saotharlann shoghluaiste mhearfhreagartha. Cóbanhávan: Oifig Réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) don Eoraip; 2021.
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an Roinn 11 agus Roinn 12 seo a leanas san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570:
“11. Acmhainneacht bhraite, samplála, sainaitheantais agus faireacháin CBRN, le haghaidh na freagartha d’éigeandálaí, gníomhaíochtaí cuardaigh, na freagartha d’eachtraí slándála agus an fhaireachais ar mhórimeachta
|
|
||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||
|
|
12. Acmhainneachtaí saotharlann shoghluaiste
Tascanna |
|
||||||||||||||||
Acmhainneachtaí |
|
||||||||||||||||
Príomh-chomhpháirteanna |
Saineolaithe
Lóistíocht
Bainistíocht faisnéise
Trealamh
Sábháilteacht
|
||||||||||||||||
Neamhthuilleamaíocht |
|
||||||||||||||||
Imscaradh |
|
(1) Aon imeacht a bhféadfadh sé gur ghá gníomhaíochtaí faireachais CBRN ina leith mar gheall ar mheasúnuithe náisiúnta ar bhagairtí (e.g. cruinnithe poiblí móra, ócáidí spóirt, cruinnithe na gceann stáit, ceolchoirmeacha, mórthaispeántais dhomhanda).
(2) Cumhdófar leis seo aon chineál éigeandála arb éigeandáil nádúrtha í nó ar de dhéanamh an duine í agus arb éigeandáil í lena mbaineann ábhair ghuaiseacha nó substaintí CBRN. Is samplaí iad éigeandálaí a tharlaíonn de thoradh tubaistí nádúrtha, gníomhaíochtaí tionsclaíochta, iompair nó taighde, gníomhartha coiriúla nó gníomhartha neamhúdaraithe intinneacha, gníomhartha sceimhlitheoireachta nó coinbhleachta armtha, nó tuairteanna satailíte nó smionagair spáis.
(3) I gcomhréir le hAirteagal 12(10) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, i gcás ina bhféadfaí cur isteach go mór ar Bhallstát amháin nó níos mó nó ar shaoránaigh an Bhallstáit le tubaiste lasmuigh den Aontas, féadfar acmhainneachtaí rescEU a imscaradh.
(4) Amhail údaráis a bhaineann leis an gcosaint shibhialta, forghníomhú an dlí, faisnéis, diúscairt ordanáis phléascaigh nó tacaíocht theicniúil.
(5) E.g., chun tacú leis an anailís tosaigh ar shamplaí.”