23.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 94/4


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/464 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Márta 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/54/AE a mhéid a bhaineann leis an údarú arna dheonú do Phoblacht na Slóivéine leanúint den bheart speisialta de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a chur i bhfeidhm

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 287, pointe (15), de Threoir 2006/112/CE, maidir le daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná coibhéis EUR 25 000, ceadaítear don tSlóivéin iad sin a dhíolmhú ó cháin bhreisluacha (CBL).

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/54/AE ón gComhairle (2), tugadh údarú don tSlóivéin, go dtí an 31 Nollaig 2015, beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 287, pointe (15), de Threoir 2006/112/CE agus, dá bhrí sin, daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 50 000 a dhíolmhú ó CBL (‘an beart speisialta’). Cuireadh síneadh le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta faoi dhó, agus cuireadh an síneadh is deireanaí acu sin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1700 ón gComhairle (3), go dtí an 31 Nollaig 2021.

(3)

Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2021, d’iarr an tSlóivéin údarú breise chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024, an dáta faoina gcaithfidh na Ballstáit Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle a thrasuí (4). Maidir leis an soláthar earraí agus seirbhísí a dhéanann daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná tairseach EUR 85 000 i mBallstát ar leith nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, de thoradh na Treorach sin, ón 1 Eanáir 2025 ceadófar do na Ballstáit an soláthar sin a dhíolmhú.

(4)

De bhun Airteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, chuir an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas le litir dar dáta an 15 Samhain 2021 maidir leis an iarraidh a rinne an tSlóivéin. Le litir dar dáta an 16 Samhain 2021, thug an Coimisiún fógra don tSlóivéin go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

(5)

Tá an beart speisialta i gcomhréir le Treoir (AE) 2020/285, lena bhféachtar leis an ualach comhlíontachta ar fhiontair bheaga a laghdú agus saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach a sheachaint.

(6)

Leanfaidh an beart speisialta de bheith roghnach do dhaoine inchánach toisc go bhféadfaidh siad na gnáthshocruithe CBL a roghnú de bhun Airteagal 290 de Threoir 2006/112/CE.

(7)

De réir faisnéis a chuir an tSlóivéin ar fáil, ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag an mbeart speisialta ar an méid iomlán ioncaim cánach a bhailíonn an tSlóivéin ag céim an tomhaltais deiridh.

(8)

Tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle (5), níl an tSlóivéin chun aon ríomh ar chúiteamh a dhéanamh maidir leis an ráiteas faoi acmhainní dílse CBL le haghaidh bhliain airgeadais 2021 agus ina dhiaidh sin.

(9)

I bhfianaise thionchar dearfach an bhirt speisialta maidir le hoibleagáidí a bhaineann le CBL a shimpliú, agus gur laghdaíodh an ualach riaracháin agus na costais chomhlíontachta a bhíonn ar fhiontair bheaga agus ar na riaracháin chánach leis, agus ós rud é nach bhfuil aon tionchar mór ar an ioncam CBL iomlán a ghintear, ba cheart údarú a thabhairt don tSlóivéin leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm.

(10)

Ba cheart teorainn ama a bheith le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta. Ba cheart an teorainn ama a bheith leordhóthanach chun gur féidir leis an gCoimisiúin meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus oiriúnacht na tairsí reatha. Thairis sin, de bhun Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2020/285, tá na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2024, leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a ghlacadh agus a fhoilsiú chun Airteagal 1 den Treoir sin a chomhlíonadh, lena leasaítear Treoir 2006/112/CE, agus tá siad leis na forálacha sin a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025. Is iomchuí, dá bhrí sin, údarú a thabhairt don tSlóivéin an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024.

(11)

Chun aon chur isteach a sheachaint, ba cheart cead a bheith ag an tSlóivéin leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm gan bhriseadh. Ba cheart, dá bhrí sin, an t-údarú arna iarraidh a dheonú ón 1 Eanáir 2022, chun leanúint gan uaim de na réamhshocruithe faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/54/AE.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/54/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/54/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2024.”.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an lá a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Slóivéine.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/54/AE ón gComhairle an 22 Eanáir 2013 lena n-údaraítear do Phoblacht na Slóivéine beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 22, 25.1.2013, lch. 15).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1700 ón gComhairle an 6 Samhain 2018 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/54/AE lena n-údaraítear don tSlóivéin beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 285, 13.11.2018, lch. 78).

(4)  Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d’fhiontair bheaga agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis an gcomhar riaracháin agus leis an malartú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta d’fhiontair bheaga (IO L 62, 2.3.2020, lch. 13).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 maidir leis na comhshocraíochtaí aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú (IO L 165, 11.5.2021, lch. 9).