22.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 93/191


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/460 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Márta 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/788 lena leagtar síos rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar ionfhabhtuithe SARS-CoV-2 i speicis áirithe ainmhithe

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 1270)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faireachán ar zónóisí agus ar oibreáin zónóiseacha, lena leasaítear Cinneadh 90/424/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 92/117/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4(5), Airteagal 9(1) agus Airteagal 11, an tríú mír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ó 2020 i leith, tuairiscíodh ionfhabhtuithe le víris SARS-CoV-2 i minceanna i mBallstáit áirithe agus i dtríú tíortha, agus suíodh gur féidir le tarchur ó dhuine go minc agus ó mhinc go duine tarlú. Dá bhrí sin, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/788 an 12 Bealtaine 2021 (2) leagtar síos rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú comhchuibhithe a dhéanamh, laistigh den Aontas, ar ionfhabhtuithe SARS-CoV-2 i speicis áirithe ainmhithe.

(2)

I dtréimhse chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/788, ba cheart go gcuirfí san áireamh eipidéimeolaíocht SARS-CoV-2 i speicis áirithe ainmhithe. I bhfianaise ráigeanna a tharla in 2021 agus 2022 i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar minceanna i mBallstáit éagsúla, is léir go bhfuil an staid eipidéimeolaíoch ag athrú i gcónaí agus go bhfuil gá le measúnú breise a dhéanamh ar na rioscaí.

(3)

I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche reatha san Aontas agus i dtríú tíortha, ba cheart, dá bhrí sin, tréimhse infheidhmeachta Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/788 a shíneadh chun a áirithiú go leanfar de gach faisnéis ábhartha a bhailiú trí chóras faireacháin agus tuairiscithe atá éifeachtúil comhchuibhithe. Ba cheart leanúint den fhaireachán agus den tuairisciú comhchuibhithe go dtí go ndéanfar measúnú breise ar na rioscaí agus ar na bearta rialaithe atá ar fáil.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/788 a leasú dá réir sin.

(5)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 6 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/788, cuirtear an dáta “31 Márta 2023” in ionad an dáta “31 Márta 2022”.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 325, 12.12.2003, lch. 31.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/788 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar ionfhabhtuithe SARS-CoV-2 i speicis áirithe ainmhithe (IO L 173, 17.5.2021, lch. 6).