21.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 92/3


CINNEADH (CBES) 2022/452 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Márta 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM Ukraine)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 22 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/486/CBES (1) maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM Ukraine).

(2)

Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go géar an fogha míleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin an 23 Feabhra 2022.

(3)

Mar thoradh sonrach ar an bhfogha míleata a thug Cónaidhm na Rúise, tá sreabhadh dídeanaithe ag teitheadh ón Úcráin go críoch Bhallstáit chomharsanacha.

(4)

Níl EUAM Ukraine in ann a shainordú a chur chun feidhme ina iomláine ar chríoch na hÚcráine a thuilleadh.

(5)

A fhad a bheidh na cúinsí reatha i bhfeidhm san Úcráin, ba cheart EUAM Ukraine tacaíocht a thabhairt d’údaráis na hÚcráine chun go n-éascófar sreabhadh na ndídeanaithe ón Úcráin go Ballstáit chomharsanacha, agus chun go dtabharfar cabhair dhaonnúil isteach san Úcráin.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/486/CBES a leasú dá réir sin.

(7)

Cuirfear EUAM Ukraine i gcrích i gcomhthéacs staide a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i gCinneadh 2014/486/CBES:

“Airteagal 2a

Cúraimí sealadacha

1.   Ón 18 Márta 2022 go dtí an dáta a chinnfidh an Choiste Polaitiúil agus Slándála a mhalairt, beidh cúram sealadach breise ar EUAM Ukraine comhairle a chur ar údaráis ábhartha na hÚcráine, go háirithe Seirbhís Gardaí Teorann na hÚcráine, an tSeirbhís Chustaim agus ar na fórsaí póilíneachta áitiúla, ar mhaithe le sreabhadh na ndídeanaithe ón Úcráin go dtí an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóvaic a éascú agus ar mhaithe le tabhairt isteach cabhrach daonnúil san Úcráin a éascú.

2.   Chun críche comhairle a thabhairt d’údaráis na hÚcráine, déanfaidh EUAM Ukraine freisin an méid seo a leanas:

pictiúr staide a tharraingt den trácht teorann idir an Úcráin agus an tAontas agus malartú faisnéise faoi sin a éascú idir an Úcráin, na Ballstáit, agus institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe an Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (‘Frontex’);

feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh a shainaithint agus comhairle straitéiseach a chur ar údaráis na hÚcráine, a mhéid a bhaineann le trasnú theorainn na hÚcráine leis an Aontas a éascú do dhídeanaithe agus do chabhair dhaonnúil;

cúnamh agus tacaíocht a thabhairt, faireachán agus meantóireacht a dhéanamh, chomh maith le comhairle a chur ar údaráis na hÚcráine maidir le bainistiú tráchta teorann ag pointí trasnaithe teorann.

3.   Chun na cúraimí sealadacha, breise a leagtar amach san Airteagal seo a chur chun feidhme chun tacú leis an Úcráin, féadfaidh EUAM Ukraine a bheith lonnaithe go sealadach sa Pholainn, sa Rómáin nó sa tSlóvaic agus cuirfidh sé a ghníomhaíochtaí ar an láthair i gcrích ar thaobh na hÚcráine de na pointí trasnaithe teorann. Féadfar socruithe chuige sin a dhéanamh idir EUAM Ukraine agus na Ballstáit sin.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Cinneadh 2014/486/CBES ón gComhairle an 22 Iúil 2014 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM an Úcráin) (IO L 217, 23.7.2014, lch. 42).