21.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 92/1


CINNEADH (AE) 2022/451 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Márta 2022

lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh chun comhaontú idirnáisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí, chomh maith le leasuithe comhlántacha ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 168(5), i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Bealtaine 2021, trí bhíthin chinneadh WHA74(16) uaidh, lorg an 74ú Comhthionól Domhanda Sláinte (CDS) seisiún speisialta chun breathnú ar na buntáistí a bheadh ann i dtaca le coinbhinsiún, comhaontú nó ionstraim idirnáisiúnta eile den Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) a fhorbairt maidir le hullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí d’fhonn próiseas idir-rialtasach a bhunú chun coinbhinsiún, comhaontú nó ionstraim den sórt sin a dhréachtú agus a chaibidil.

(2)

An 1 Nollaig 2021, trí bhíthin chinneadh SSA2(5) uaidh, sa seisiún speisialta de CDS, cinneadh comhlacht caibidlíochta idir-rialtasach a bhunú a bheadh oscailte do gach Ballstát EDS, Comhalta Comhlach agus eagraíochtaí réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíochta, chun coinbhinsiún, comhaontú nó ionstraim idirnáisiúnta eile EDS a dhréachtú nó a chaibidil maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí, d’fhonn go nglacfaí é faoi Airteagal 19, nó faoi fhorálacha eile de Bhunreacht EDS faoi mar a mheasfadh an comhlacht caibidlíochta idir-rialtasach a bheith iomchuí.

(3)

An 20 Eanáir 2022, chuir Ard-Stiúrthóir EDS téacs togra le haghaidh leasú ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005) (RSI) arna moladh ag Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal 55(1) de RSI in iúl do na Stáit is Páirtithe.

(4)

Ag an 150ú seisiún de Bhord Feidhmeannach CDS, a reáchtáladh ón 24 Eanáir go dtí an 29 Eanáir 2022, cinneadh tathant ar na Ballstáit EDS agus, i gcás inarb infheidhme, na heagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíoch, gach beart iomchuí a dhéanamh chun leasuithe féideartha ar RSI a mheas.

(5)

Ba cheart don Aontas, ar ábhair a thagann faoina inniúlacht, a bheith rannpháirteach, lena Bhallstáit, ar ábhair a thiteann faoina n-inniúlachtaí, i gcaibidlíocht le haghaidh coinbhinsiún, comhaontú nó ionstraim idirnáisiúnta eile maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí, agus ar leasuithe comhlántacha eile RSI, dá bhforáiltear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 168(5) CFAE, i réimse cosanta agus feabhsaithe sláinte an duine, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne mhóraicídí trasteorann chomh maith le faireachán a dhéanamh ar mhórbhagairtí trasteorann ar an tsláinte, luathrabhadh a thabhairt faoi bhagairtí den sórt sin, agus iad a chomhrac, ba cheart do ghníomhaíocht an Aontais tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, comhordú a dhéanamh orthu nó cur leo.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 168(7) CFAE, ba cheart lánurraim a thabhairt, le linn phróiseas na caibidlíochta, do na freagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir lena mbeartas sláinte a shainiú agus seirbhísí sláinte agus cúram liachta a eagrú agus a sholáthar, lena n-áirítear seirbhísí sláinte agus cúram liachta a bhainistiú agus na hacmhainní a shanntar dóibh a chionroinnt orthu.

(8)

Tá an Cinneadh seo gan dochar do roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit agus do rannpháirtíocht na mBallstát sa chaibidlíocht i gcomhréir leis na Conarthaí.

(9)

I gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhoibriú go dlúth le linn phróiseas na caibidlíochta, lena n-áirítear trí theagmhálacha rialta le saineolaithe teicniúla na mBallstát agus le hionadaithe sa Ghinéiv.

(10)

Chuige sin, ba cheart, a luaithe agus is féidir, sainiú a dhéanamh ar na socruithe praiticiúla a bheidh i bhfeidhm agus an chaibidlíocht ar bun, go háirithe d’fhonn comhar éifeachtach a áirithiú idir idirbheartaí an Aontais agus na Ballstáit, gan dochar do ról an choiste speisialta de réir bhrí Airteagal 218(4) CFAE.

(11)

Ba cheart don Chomhairle athbhreithniú agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na treoracha caibidlíochta a leagtar síos san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo, faoi mar is iomchuí ag brath ar éabhlóid na caibidlíochta.

(12)

Reáchtálfar an chaibidlíocht i gcomhthéacs EDS,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, údaraítear an Coimisiún le caibidlíocht a dhéanamh thar ceann an Aontais, d’ábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais, i gcomhréir leis na Conarthaí, ar chomhaontú idirnáisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí, chomh maith le leasuithe comhlántacha ar RSI, faoi chuimsiú chreat an chinnidh SSA2(5) ó CDS an 1 Nollaig 2021 agus an chinnidh EB150(3) ó Bhord Fheidhmeannach EDS an 26 Eanáir 2022 faoi seach.

2.   Déanfar an chaibidlíocht bunaithe ar na treoracha caibidlíochta a leagtar amach san aguisín (1) a ghabhann leis an gCinneadh. Déanfar athbhreithniú agus tuilleadh forbartha ar na treoracha sin faoi mar is iomchuí ag brath ar éabhlóid na caibidlíochta.

Airteagal 2

1.   Déanfar an chaibidlíocht i ndlúthchomhar leis an Meitheal um an tSláinte Phoiblí, a ainmnítear leis seo mar choiste speisialta de réir bhrí Airteagal 218(4) CFAE.

2.   Tuairisceoidh an Coimisiún don choiste speisialta agus rachaidh sé i gcomhairle leis ar bhonn rialta. Arna iarraidh sin ag an gComhairle, tuairisceoidh an Coimisiún don Chomhairle maidir le seoladh agus toradh na caibidlíochta, lena n-áirítear i scríbhinn.

Airteagal 3

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DARMANIN


(1)  Féach doiciméad ST 6133/22 ADD 1 ar http://register.consilium.europa.eu