18.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 91/22


CINNEADH (CBES) 2022/450 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Márta 2022

lena leasaítear Cinneadh 2011/173/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 21 Márta 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/173/CBES (1).

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/173/CBES, ba cheart na bearta sriantacha a athnuachan go dtí an 31 Márta 2024.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/173/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cinneadh 2011/173/CBES mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail (3):

“1.   Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ó Bhallstát nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, an liosta atá san Iarscríbhinn a bhunú agus a leasú.”;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d’Airteagal 6:

“Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Márta 2024.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Cinneadh 2011/173/CBES ón gComhairle an 21 Márta 2011 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (IO L 76, 22.3.2011, lch. 68).