18.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 90/197


CINNEADH (AE) 2022/447 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 8 Márta 2022

lena leasaítear Cinneadh 2011/15/AE maidir le cuntais a oscailt chun íocaíochtaí a phróiseáil i ndáil le hiasachtaí EFSF do na Ballstáit arb é an euro an t-airgeadra iontu (ECB/2022/10)

TÁ BORD FEIDHMIÚCHÁIN AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 17 agus 21 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart taiscí a shealbhaítear sa Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/15/AE ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2010/31) (1) a íoc i gcomhréir le forálacha Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE) 2019/1743 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/31) (2) chun an chomhsheasmhacht a áirithiú a mhéid a bhaineann le híocaíocht taiscí inchomparáide ar fud an Eurochórais.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2011/15/AE (BCE/2010/31) a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 de Chinneadh 2011/15/AE (ECB/2010/31):

“Airteagal 5

Íocaíocht

Íocfar cuntas airgid an Bhainc Ceannais Náisiúnta (BCN) i gcomhréir le forálacha Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE) 2019/1743 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/31) (*1).

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 8 Márta 2022.

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE


(1)  Cinneadh 2011/15/AE ón mBanc Ceannais Eorpach an 20 Nollaig 2010 maidir le cuntais a oscailt chun íocaíochtaí a phróiseáil i ndáil le hiasachtaí EFSF do na Ballstáit arb é an euro an t-airgeadra iontu (BCE/2010/31) (IO L 10, 14.1.2011, lch. 7).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/1743 ón mBanc Ceannais Eorpach an 15 Deireadh Fómhair 2019 maidir le sealúchais cúlchistí farasbairr agus taiscí áirithe a íoc (BCE/2019/31) (IO L 267, 21.10.2019, lch. 12).