18.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 90/116


CINNEADH (AE) 2022/442 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Feabhra 2022

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Íoslainn, Ríocht na hIorua, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin d’fhonn Comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus na tíortha sin maidir le rialacha forlíontacha i ndáil leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2) agus Airteagal 79(2), pointe (d), i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Iúil 2021, glacadh Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí don tréimhse 2021-2027.

(2)

Is é is cuspóir do Rialachán (AE) 2021/1148, creat a sholáthar le haghaidh dlúthpháirtíocht a chur in iúl trí chúnamh maoiniúcháin do na Ballstáit agus na tíortha sin a chuireann forálacha acquis Schengen maidir le teorainneacha seachtracha i bhfeidhm. Is é atá ann forbairt ar acquis Schengen ina nglacann na tíortha comhlachaithe páirt.

(3)

Cuireann Rialachán (AE) 2021/1148 le acquis Schengen, agus chinn an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, an Rialachán sin a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta. I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(4)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (2). Dá bhrí sin níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(5)

An 1 Meán Fómhair 2021, an 17 Nollaig 2021, an 11 Lúnasa 2021, agus an 18 Lúnasa 2021 thug an Íoslainn, Ríocht na hIorua, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin faoi seach fógra faoina gcinneadh glacadh le hábhar na hIonstraime le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1148 agus í a chur chun feidhme i gcomhréir lena ndlíchóras inmheánach.

(6)

I bhfianaise Airteagal 7(6) de Rialachán (AE) 2021/1148, ba cheart, dá bhrí sin, tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích leis an Íoslainn, le Ríocht na hIorua, le Cónaidhm na hEilvéise agus le Prionsacht Lichtinstéin, maidir le rialacha forlíontacha a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/1148 ag gach ceann de na tíortha sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Údaraítear leis seo don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht d’fhonn Comhaontuithe a thabhairt i gcrích leis an Íoslainn, le Ríocht na hIorua, le Cónaidhm na hEilvéise agus le Prionsacht Lichtinstéin maidir le rialacha forlíontacha a bhaineann le Rialachán (AE) 2021/1148 a chur chun feidhme ag na tíortha sin.

2.   Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn treoracha caibidlíochta na Comhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Seolfar an chaibidlíocht i gcomhairle leis na Comhairleoirí um Cheartas agus Gnóthaí Baile, ar comhlacht ullmhúcháin iad a ainmnítear leis seo mar choiste speisialta de réir bhrí Airteagal 218(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. DENORMANDIE


(1)  Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 251, 15.7.2021, lch. 48).

(2)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).