10.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 83/55


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/406 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Márta 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le buinní uathoibríocha lena n-úsáid ar dháileoirí breosla, caidéil mhéadraithe, dáileoirí agus aonaid chaidéalaithe chianda, bristeacha sábháilteachta lena n-úsáid ar chaidéil mhéadraithe agus ar dháileoirí, comhlaí fiartha, agus sclóinte lena n-úsáid ar chaidéil mhéadraithe agus ar dháileoirí, ar nithe iad a úsáidtear i stáisiúin pheitril

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), táirgí atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó na codanna sin díobh.

(2)

Le litir BC/CEN/46-92 – BC/CLC/05-92 an 12 Nollaig 1994, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 94/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Cuireadh Treoir 2014/34/AE in ionad na Treorach sin gan athrú a dhéanamh ar na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 94/9/CE.

(3)

Go háirithe, iarradh ar CEN agus Cenelec na caighdeáin seo a leanas a dhréachtú maidir le táirgí a úsáidtear i stáisiúin pheitril: Tógáil agus feidhmíocht buinní uathoibríocha lena n-úsáid ar dháileoirí breosla, Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht caidéal méadraithe, dáileoirí agus aonad caidéalaithe cianda, Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht bristeacha sábháilteachta lena n-úsáid ar chaidéil mhéadraithe agus ar dháileoirí, Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht comhlaí fiartha agus Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht sclóinte lena n-úsáid ar chaidéil mhéadraithe agus ar dháileoirí. Cuireadh an obair chaighdeánúcháin sin in iúl i gCaibidil I den chlár um chaighdeánú a comhaontaíodh idir CEN, Cenelec agus an Coimisiún agus a cuireadh i gceangal le hiarraidh BC/CEN/46-92 – BC/CLC/05-92. Ina theannta sin, iarradh ar CEN agus Cenelec na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú d’fhonn iad a ailíniú le buncheanglais sláinte agus sábháilteachta Threoir 94/9/CE.

(4)

Ar bhonn iarraidh BC/CEN/46-92 – BC/CLC/05-92, dhréachtaigh CEN na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas maidir le táirgí a úsáidtear i stáisiúin pheitril: EN 13012:2021 Tógáil agus feidhmíocht buinní uathoibríocha lena n-úsáid ar dháileoirí breosla, EN 13617-1:2021 Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht caidéal méadraithe, dáileoirí agus aonad caidéalaithe cianda, EN 13617-2:2021 Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht bristeacha sábháilteachta lena n-úsáid ar chaidéil mhéadraithe agus ar dháileoirí, EN 13617-3:2021 Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht comhlaí fiartha agus EN 13617-4:2021. Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht sclóinte lena n-úsáid ar chaidéil mhéadraithe agus ar dháileoirí.

(5)

Caighdeáin 13012:2021, EN 13617-1:2021, EN 13617-2:2021, EN 13617-3:2021, EN 13617-4:2021 a dhréachtaigh CEN, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin sin iarraidh BC/CEN/46-92 – BC/CLC/05-92.

(6)

Comhlíonann caighdeáin EN 13012:2021, EN 13617-1:2021, EN 13617-2:2021, EN 13617-3:2021 agus EN 13617-4:2021 na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/34/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)

Cuirtear caighdeán EN 13012:2021 in ionad chaighdeán EN 13012:2012. Cuirtear caighdeán EN 13617-1:2021 in ionad chaighdeán EN 13617-1:2012. Cuirtear caighdeán EN 13617-2:2021 in ionad chaighdeán EN 13617-2:2012. Cuirtear caighdeán EN 13617-3:2021 in ionad chaighdeán EN 13617-3:2012. Cuirtear caighdeán EN 13617-4:2021 in ionad chaighdeán EN 13617-4:2012. Dá bhrí sin, na tagairtí do chaighdeáin EN 13012:2012, EN 13617-1:2012, EN 13617-2:2012, EN 13617-3:2012, agus EN 13617-4:2012, tagairtí a foilsíodh i dTeachtaireacht (2018/C 371/01) ón gCoimisiún (4), is gá iad a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(8)

Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí a gcuid táirgí a oiriúnú do leaganacha athbhreithnithe chaighdeáin EN 13012:2012, EN 13617-1:2012, EN 13617-2:2012, EN 13617-3:2012, agus EN 13617-4:2012, is gá tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin sin a chur siar.

(9)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 ón gCoimisiún (5), liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE. Maidir leis na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE, chun a áirithiú go ndéanfar iad uile a liostú in aon ghníomh amháin, ba cheart na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 13012:2021, EN 13617-1:2021, EN 13617-2:2021, EN 13617-3:2021 agus EN 13617-4:2021 a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(10)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202, liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE, tagairtí a tarraingíodh siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Maidir leis na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 13012:2012, EN 13617-1:2012, EN 13617-2:2012, EN 13617-3:2012 agus EN 13617-4:2012, ba cheart iad a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 a leasú dá réir.

(12)

Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréireacht ann leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 309).

(3)  Treoir 94/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Márta 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (IO L 100, 19.4.1994, lch. 1).

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (Foilsiú teideal caighdeán comhchuibhithe agus tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais) (IO C 371, 12.10.2018, lch. 1).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 189, 15.7.2019, lch. 71).


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

“5.

EN 13012:2021

Stáisiúin pheitril — Tógáil agus feidhmíocht buinní uathoibríocha lena n-úsáid ar dháileoirí breosla

6.

EN 13617-1:2021

Stáisiúin pheitril — Cuid 1: Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht caidéal méadraithe, dáileoirí agus aonad caidéalaithe cianda

7.

EN 13617-2:2021

Stáisiúin pheitril — Cuid 2: Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht bristeacha sábháilteachta lena n-úsáid ar chaidéil mhéadraithe agus ar dháileoirí

8.

EN 13617-3:2021

Stáisiúin pheitril — Cuid 3: Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht comhlaí fiartha

9.

EN 13617-4:2021

Stáisiúin pheitril — Cuid 4: Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht sclóinte lena n-úsáid ar chaidéil mhéadraithe agus ar dháileoirí”


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

“4.

EN 13012:2012

Stáisiúin pheitril — Tógáil agus feidhmíocht buinní uathoibríocha lena n-úsáid ar dháileoirí breosla

3 Meán Fómhair 2023

5.

EN 13617-1:2012

Stáisiúin pheitril — Cuid 1: Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht caidéal méadraithe, dáileoirí agus aonad caidéalaithe cianda

3 Meán Fómhair 2023

6.

EN 13617-2:2012

Stáisiúin pheitril — Cuid 2: Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht bristeacha sábháilteachta lena n-úsáid ar chaidéil mhéadraithe agus ar dháileoirí

3 Meán Fómhair 2023

7.

EN 13617-3:2012

Stáisiúin pheitril — Cuid 3: Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht comhlaí fiartha

3 Meán Fómhair 2023

8.

EN 13617-4:2012

Stáisiúin pheitril — Cuid 4: Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht sclóinte lena n-úsáid ar chaidéil mhéadraithe agus ar dháileoirí

3 Meán Fómhair 2023”