|
3.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 68/19 |
CINNEADH (AE) 2022/361 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Feabhra 2022
lena gceaptar ochtar comhaltaí agus naonúr comhaltaí malartacha, arna moladh ag Poblacht na Fraince, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint do na tograí ó Rialtas na Fraince,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. |
|
(3) |
Tá suíocháin ochtar comhaltaí ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Agnès RAMPAL éirí as oifig, agus tar éis deireadh a theacht leis an sainordú ar dá bhun a moladh Danièle BOEGLIN, Frank CECCONI, Vanessa CHARBONNEAU, Guillaume CROS, Mélanie FORTIER, Pascal MANGIN agus Patrice VERCHÈRE a cheapadh. |
|
(4) |
Tá suíocháin naonúr comhaltaí malartacha ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Patrick AYACHE agus Nicole PEYCELON éirí as oifig agus tar éis deireadh a theacht leis an sainordú ar dá bhun a moladh Christian GILLET, Mathieu KLEIN, Gérard LAHELLEC, Miguel LAVENTURE, Nicole MULLER BECKER, Nicole PIERRARD agus Claude WALLENDORFF a cheapadh. |
|
(5) |
Mhol Rialtas na Fraince na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach, mar chomhaltaí de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Magali ALTOUNIAN, Conseillère régionale de la région Provence-Alpes-Côte-d’Azur, Anne BESNIER, Vice-présidente de la région Centre-Val-de-Loire, Mathieu CUIP, Conseiller régional de la région Ile-de-France, Laurent DEJOIE, Vice-président de la région Pays-de-la-Loire, Patrick MOLINOZ, Vice-président de la région Bourgogne-Franche-Comté, Nadia PELLEFIGUE, Vice-présidente de la région Occitanie, agus Huguette ZELLER, Conseillère régionale de la région Grand-Est. |
|
(6) |
Mhol Rialtas na Fraince Anne ROBERTSON-RUDISUHLI, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Conseillère départementale des Bouches-du-Rhône, mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025. |
|
(7) |
Mhol Rialtas na Fraince na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Wilfrid BERTILE, Conseiller régional de la région Réunion, Christian DEBEVE, Conseiller régional de la région Grand-Est, Sébastien DENAJA, Conseiller régional de la région Occitanie, agus Patricia TELLE, Vice-présidente de la collectivité territoriale de Martinique. |
|
(8) |
Mhol Rialtas na Fraince na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás áitiúil, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Frédéric BIERRY, Président de la collectivité européenne d’Alsace, Martine MOUSSERION, Maire d’Anché (Vienne), Christophe RAMOND, Président du conseil départemental du Tarn, Gilbert SCHUH, Vice-président du conseil départemental de la Moselle, agus Isabelle de WAZIERS, Vice-présidente du conseil départemental de la Somme, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:
|
(a) |
mar chomhaltaí:
|
agus
|
(b) |
mar chomhaltaí malartacha:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Feabhra 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. PANNIER-RUNACHER
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).