|
28.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 61/1 |
CINNEADH (CBES) 2022/339 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Feabhra 2022
maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata sonrach a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 (1), bunaíodh an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, i gcomhréir le hAirteagal 1(2), pointe (b)(i), de Chinneadh (CBES) 2021/509, le SES, féadfar gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú. |
|
(2) |
Tá doimhniú an idirphlé agus an chomhair i réimse na slándála agus na cosanta ar cheann de phríomhchuspóirí an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (2). Bhí an comhar feabhsaithe i réimse an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC) agus ailíniú le CBES idir an tAontas agus an Úcráin ar cheann de na torthaí ó chruinniú mullaigh 2020 idir an tAontas agus an Úcráin, a neartaíodh tuilleadh ag cruinniú mullaigh 2021 idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin. |
|
(3) |
Tá Fórsaí Armtha na hÚcráine páirteach i gcoinbhleacht 7 mbliana le taismigh agus básanna míleata agus sibhialtacha leanúnacha ann dá bharr sin. Chuaigh an choinbhleacht in olcas go mór i mí Feabhra 2022 de bharr ionradh gan chúis fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin. |
|
(4) |
Agus cúrsaí ag dul in olcas ó thús 2022 i leith, tá cúnamh á chur ar fáil ag na Ballstáit d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine. Ba cheart go mbeadh cúnamh den sórt sin incháilithe do chistiú faoi SES. |
|
(5) |
An 25 Feabhra 2022, rinne Rialtas na hÚcráine iarraidh phráinneach ar chúnamh ón Aontas i bhfoirm trealamh míleata a sholáthar. |
|
(6) |
Cuirfear bearta cúnaimh chun feidhme agus aird á tabhairt ar na prionsabail agus ar na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509, agus go háirithe ar chomhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (3), agus i gcomhréir leis na Rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna mhaoiniú faoi SES. |
|
(7) |
Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré
1. Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a théann chun tairbhe na hÚcráine (an “tairbhí”), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (an “Beart Cúnaimh”).
2. Is é cuspóir an Bhirt Cúnaimh atá beartaithe cuidiú le cumais agus teacht aniar Fhórsaí Armtha na hÚcráine a neartú chun sláine críche agus ceannasacht na hÚcráine a chosaint agus chun an pobal sibhialta a chosaint ar an bhfogha míleata atá á thabhairt faoi láthair.
3. D’fhonn an cuspóir atá leagtha amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mBeart Cúnaimh soláthar trealaimh agus soláthairtí nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a thabhairt, amhail trealamh cosanta pearsanta, fearais gharchabhrach agus breosla d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine.
4. Mairfidh an Beart Cúnaimh 24 mhí ó ghlacadh an Chinnidh seo.
Airteagal 2
Socruithe airgeadais
1. EUR 50 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.
2. Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.
3. I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glao ar thograí a dhéanamh tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 50 000 000. Ní úsáidfear na cistí a ghlaofaidh an riarthóir um bearta cúnaimh ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach 2022 a chomhfhreagraíonn don Bheart Cúnaimh.
4. Beidh an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme cáilithe amhail ón 1 Eanáir 2022 agus go dtí dáta a chinnfidh an Chomhairle.
Airteagal 3
Socruithe leis an tairbhí
1. Déanfaidh an tArdionadaí pé socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann an tairbhí an dlí idirnáisiúnta, go háirithe cearta idirnáisiúnta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus Airteagal 62(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mBeart Cúnaimh.
2. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mBeart Cúnaimh i gcás ina suitear go bhfuil na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 á sárú ag an tairbhí.
Airteagal 4
Cur chun feidhme
1. Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus leis na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais faoi SES a chur chun feidhme, agus go mbeidh sé comhsheasmhach leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.
2. Déanfaidh an Coiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 cineál agus cainníocht na tacaíochta a bheidh le maoiniú faoin mBeart Cúnaimh a shainiú tuilleadh, agus breithniú á dhéanamh ar na tosaíochtaí arna moladh ag Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh chun riachtanais Fhórsaí Armtha na hÚcráine a chomhlíonadh.
3. Déanfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh, ar bhonn faisnéis a fhaightear ón ngníomhaí cur chun feidhme, tuairisc a thabhairt don Choiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 maidir le seachadadh trealaimh, lena n-áirítear cainníochtaí, cineálacha agus aon fhaisnéis ábhartha eile, le haghaidh tuilleadh obair leantach agus faireacháin.
4. Is iad seo a leanas a fhéadfaidh cur chun feidhme na gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a dhéanamh:
|
(a) |
Aireacht Chosanta na hOstaire; |
|
(b) |
Aireacht Chosanta na Beilge; |
|
(c) |
Aireacht Chosanta na Bulgáire; |
|
(d) |
Aireacht Chosanta na Cróite; |
|
(e) |
Aireacht Chosanta na Cipire; |
|
(f) |
Aireacht Chosanta na Seicia; |
|
(g) |
Aireacht Chosanta na Danmhairge; |
|
(h) |
Lárionad na hEastóine d’Infheistíochtaí Cosanta (ECDI) thar ceann Aireacht Chosanta na hEastóine; |
|
(i) |
Aireacht Chosanta na Fionlainne; |
|
(j) |
Aireacht Chosanta na Fraince; |
|
(k) |
Aireacht Chosanta na Gearmáine; |
|
(l) |
Aireacht Chosanta na Gréige; |
|
(m) |
Aireacht Chosanta na hUngáire; |
|
(n) |
Roinn Cosanta na hÉireann; |
|
(o) |
Aireacht Chosanta na hIodáile; |
|
(p) |
Lárionad Lóistíochta agus Soláthair Cosanta Stáit na Laitvia; |
|
(q) |
Aireacht Chosanta na Liotuáine; |
|
(r) |
Stiúrthóireacht Cosanta Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha Lucsamburg; |
|
(s) |
Aireacht Gnóthaí Baile, Slándála Náisiúnta, agus um Fhorfheidhmiú an Dlí Mhálta; |
|
(t) |
Aireacht Chosanta na hÍsiltíre; |
|
(u) |
Aireacht Chosanta na Polainne; |
|
(v) |
Aireacht Chosanta na Portaingéile; |
|
(w) |
Aireacht Chosanta na Rómáine; |
|
(x) |
Aireacht Chosanta Phoblacht na Slóvaice; |
|
(y) |
Aireacht Chosanta na Slóivéine; |
|
(z) |
Aireacht Chosanta na Spáinne; |
|
(aa) |
Aireacht Chosanta na Sualainne / Fórsaí Armtha na Sualainne. |
Airteagal 5
Grinnscrúdú ó na Ballstáit
1. Déanfaidh na Ballstáit a machnamh ar thacaíocht airgeadais agus lóistíochta a chur ar fáil don Úcráin, lena n-áirítear trealamh cosanta a sholáthar.
2. Ceadóidh na Ballstáit trealamh míleata a aistriú, lena n-áirítear pearsanra tionlacain, trína gcríocha, lena n-áirítear a n-aerspás.
Airteagal 6
Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht
1. Áiritheoidh an tArdionadaí go ndéantar faireachán ar urramú na n-oibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 ag an tairbhí. Le faireachán den sórt sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag aonaid de chuid Fhórsaí Armtha na hÚcráine dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh.
2. Eagrófar an rialú iarlastála ar sholáthairtí ar bhealach atá i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíoch Comhtháite chun measúnú agus sainaithint a dhéanamh ar na bearta agus na rialuithe is gá le haghaidh beart cúnaimh faoi SES.
Airteagal 7
Tuairisciú
Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla ar fáil do CPS maidir le cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509.
Airteagal 8
Fionraí agus foirceannadh
Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.
Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh go ndéanfadh an Chomhairle an Beart Cúnaimh a fhoirceannadh.
Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Feabhra 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-Y. LE DRIAN
(1) Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).
(2) IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.
(3) Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha faoina rialaítear onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealamh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).