|
24.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 43/62 |
CINNEADH (AE) 2022/286 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Feabhra 2022
lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó Rialtas na Gearmáine,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Michael SCHNEIDER éirí as oifig. |
|
(4) |
Mhol Rialtas na Gearmáine Sven SCHULZE, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach nó áitiúil é atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Minister für Wirtschaft, Tourismus, Landwirtschaft und Forsten des Landes Sachsen-Anhalt (Aire Gnóthaí Eacnamaíocha, Turasóireachta, Talmhaíochta agus Foraoiseachta Stát Cónaidhme na Sacsaine-Anhalt), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 25 Eanáir 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Sven SCHULZE, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach nó áitiúil é atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Minister für Wirtschaft, Tourismus, Landwirtschaft und Forsten des Landes Sachsen-Anhalt (Aire Gnóthaí Eacnamaíocha, Turasóireachta, Talmhaíochta agus Foraoiseachta Stát Cónaidhme na Sacsaine-Anhalt) ina chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 25 Eanáir 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. BEAUNE
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).