1.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 62/104


Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) 2022/264 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 42 I an 23 Feabhra 2022 )

Ar leathanach 95, aithris (2), an chéad abairt:

in ionad:

“Sna conclúidí uaithi an 24 agus an 25 Meitheamh 2021, d'iarr an Chomhairle ar an Rúis freagracht a ghlacadh go hiomlán as cur chun feidhme iomlán Chomhaontuithe Mhionsc a áirithiú mar an príomhchoinníoll le haghaidh aon athrú suntasach ar sheasamh an Aontais.”,

léitear:

“Sna conclúidí uaithi an 24 agus an 25 Meitheamh 2021, d'iarr an Chomhairle Eorpach ar an Rúis freagracht a ghlacadh go hiomlán as cur chun feidhme iomlán Chomhaontuithe Mhionsc a áirithiú mar an príomhchoinníoll le haghaidh aon athrú suntasach ar sheasamh an Aontais.”.

Ar leathanach 96, aithris (7), an abairt dheireanach:

in ionad:

“D’fhógair sé go bhfreagródh an tAontas do na sáruithe neamhdhleathacha is déanaí sin ag an Rúis

trí bhearta breise sriantacha a ghlacadh mar ábhar práinne.”,

léitear:

“D’fhógair sé go bhfreagródh an tAontas do na sáruithe is déanaí sin ag an Rúis trí bhearta breise sriantacha a ghlacadh mar ábhar práinne.”.