21.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 40/26 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/242 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Feabhra 2022
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 1 Lúnasa 2011, cuireadh Mohammed Makhlouf le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha de bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme 2011/488/CBES ón gComhairle (2). |
(2) |
De bhun Chinneadh 2013/255/CBES, coinníodh Mohammed Makhlouf ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha. |
(3) |
An 12 Meán Fómhair 2020, fuair Mohammed Makhlouf bás. Ós rud é gur baill de theaghlach Makhlouf iad a oidhrí uile, tá baol bunúsach ann go n-úsáidfear na sócmhainní arna bhfáil le hoidhreacht chun tacú le gníomhaíochtaí réimeas na Siria agus go rachaidh siad díreach isteach i seilbh an réimis, rud a d’fhéadfadh cur leis an gcur faoi chois le foréigean atá á dhéanamh ag an réimeas ar an bpobal sibhialtach. |
(4) |
I bhfianaise thromchúis na staide sa tSiria, agus aird againn ar an méid thuas, ba cheart cúigear ball breise de theaghlach Makhlouf a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Feabhra 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 147, 1.6.2013, lch. 14.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/488/CBES ón gComhairle an 1 Lúnasa 2011 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/273/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (IO L 199, 2.8.2011, lch. 74).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES:
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“318. |
Hala Tarif ALMAGHOUT هلا طريف الماغوط |
Inscne: Baineann Dáta breithe: 30.6.1980 nó 30.7.1980. |
Baintreach Mohammed Makhlouf. Ball de theaghlach Makhlouf. |
21.2.2022 |
319. |
Ghada Adib MHANNA غاده أديب مهنا |
Inscne: Baineann Dáta breithe: 22.5.1948 |
Baintreach Mohammed Makhlouf. Ball de theaghlach Makhlouf. |
21.2.2022 |
320 |
Shalaa Mohammed MAKHLOUF شهلاء محمد مخلوف |
Inscne: Baineann Dáta breithe: 22.3.1967 |
Iníon Mohammed Makhlouf. Ball de theaghlach Makhlouf. |
21.2.2022 |
321 |
Kinda Mohammed MAKHLOUF كندا محمد مخلوف |
Inscne: Baineann Dáta breithe: 25.9.1977 |
Iníon Mohammed Makhlouf. Ball de theaghlach Makhlouf |
21.2.2022 |
322. |
Sara Mohammed MAKHLOUF ساره محمد مخلوف |
Inscne: Baineann Dáta breithe: 27.8.1984 |
Iníon Mohammed Makhlouf. Ball de theaghlach Makhlouf. |
21.2.2022” |