18.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 37/52


CINNEADH (AE) 2022/220 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Feabhra 2022

maidir leis an seasamh atá le bheith ag an Aontas Eorpach sa Chomhchoiste a bunaíodh faoin Meabhrán Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta lena ndéantar foráil maidir le creat comhair fheabhsaithe, a mhéid a bhaineann le Socrú Oibre a ghlacadh i dtaca leis an gcomhar i réimse an tuairiscithe ar thionóiscí agus ar theagmhais san eitlíocht shibhialta, agus lena gceaptar cathaoirleach de chuid an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chinneadh (2012/243/AE) ón gComhairle an 8 Márta 2012 maidir le Meabhrán Comhair a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta lena ndéantar foráil maidir le creat comhair fheabhsaithe (1), agus lena leagtar síos socruithe nós imeachta i ndáil leis sin, agus go háirithe d’Airteagal 4(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Síníodh an Meabhrán Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta lena ndéantar foráil maidir le creat comhair fheabhsaithe in Montréal agus sa Bhruiséil an 28 Aibreán agus an 4 Bealtaine 2011. Cuireadh an Meabhrán Comhair i bhfeidhm go sealadach ó dháta an dara síniú go dtí go dtiocfadh sé i bhfeidhm.

(2)

Formheasadh an Meabhrán Comhair thar ceann an Aontais leis an gCinneadh (2012/243/AE). Tháinig an Meabhrán Comhair i bhfeidhm an 8 Márta 2012.

(3)

De bhun Airteagal 3.3 den Mheabhrán Comhair, féadfaidh na Páirtithe socruithe oibre a bhunú lena sonraítear na sásraí agus nósanna imeachta a comhaontaíodh go frithpháirteach a bhfuil gá leo chun gníomhaíochtaí comhair a leagtar síos sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Meabhrán Comhair a chur chun feidhme go héifeachtach.

(4)

Le hAirteagal 7.1 den Mheabhrán Comhair bunaítear Comhchoiste atá comhdhéanta d’ionadaithe an dá Pháirtí. Faoi Airteagal 7.3 (c), is é an Comhchoiste a bheidh freagrach as Iarscríbhinní a ghabhfadh leis an Meabhrán Comhair, agus as glacadh na socruithe oibre laistigh de raon feidhme na nIarscríbhinní.

(5)

Ar bhonn Socrú Oibre a glacadh an 21 Meán Fómhair 2011, d’oibrigh na Páirtithe i gcomhar go rathúil i réimse an tuairiscithe ar thionóiscí agus ar theagmhais san eitlíocht shibhialta. I bhfianaise forbairtí sa réimse sin, agus go háirithe i bhfianaise feidhmeanna ábhartha an Áirmheáin Chomhpháirtigh Taighde a bheith glactha ar láimh ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, meastar gur gá Socrú Oibre nua idir na Páirtithe i dtaca leis an gcomhar i réimse an tuairiscithe ar thionóiscí agus ar theagmhais san eitlíocht shibhialta a chur in ionad Shocrú Oibre an 21 Meán Fómhair 2011. Tá sé beartaithe go nglacfar an Socrú Oibre nua ach a thionólfar cruinniú den Chomhchoiste.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 4(1) den Chinneadh ón gComhairle maidir leis an Meabhrán Comhair a thabhairt i gcrích, an seasamh a bheidh ag an Aontas sa Chomhchoiste a mhéid a bhaineann le cinntí maidir le socruithe oibre, cinnfidh an Coimisiún é tar éis dó dul i gcomhairle le Coiste Speisialta a cheapfaidh an Chomhairle agus tuairim an Choiste sin a chur san áireamh go hiomlán.

(7)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste Speisialta an 25 Eanáir 2022.

(8)

Dá bhrí sin, an seasamh a bheidh ag an Aontas sa Chomhchoiste a mhéid a bhaineann le Socrú Oibre a ghlacadh i dtaca leis an gcomhar i réimse an tuairiscithe ar thionóiscí agus ar theagmhais san eitlíocht shibhialta, is seasamh é ba cheart a ghlacadh.

(9)

Faoi Airteagal 7.1 den Mheabhrán Comhair, is faoi chomhchathaoirleacht ionadaí amháin ó gach Páirtí a bheidh an Comhchoiste. De bhun Airteagal 7.4, is ar bhonn comhaontú idir na cathaoirligh de chuid gach Páirtí a fheidhmeoidh an Comhchoiste.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart cathaoirleach de chuid an Aontais sa Chomhchoiste a cheapadh.

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

An seasamh atá le bheith ag an Aontas Eorpach sa Chomhchoiste a bunaíodh faoin Meabhrán Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta lena ndéantar foráil maidir le creat comhair fheabhsaithe, a mhéid a bhaineann le Socrú Oibre a ghlacadh i dtaca leis an gcomhar i réimse an tuairiscithe ar thionóiscí agus ar theagmhais san eitlíocht shibhialta, is seasamh é a bheidh bunaithe ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Ceaptar Ard-Stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair ina chathaoirleach de chuid an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh faoin Meabhrán Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta lena ndéantar foráil maidir le creat comhair fheabhsaithe. Féadfaidh an cathaoirleach ionadaí a cheapadh i gcásanna ar leith.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina-Ioana VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 121, 8.5.2012, lgh. 16.


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE AN AONTAIS EORPAIGH/ICAO an XX 202X maidir le glacadh Socraithe Oibre idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i dtaca leis an gcomhar i réimse an tuairiscithe ar thionóiscí agus ar theagmhais san eitlíocht shibhialta

TÁ COMHCHOISTE AN AONTAIS EORPAIGH/ICAO,

Ag féachaint don Mheabhrán Comhair idir an tAontas Eorpach agus ICAO lena ndéantar foráil maidir le creat comhair fheabhsaithe a síníodh in Montréal agus sa Bhruiséil an 28 Aibreán agus an 4 Bealtaine 2011 (MC), agus go háirithe Airteagail 3.3 agus 7.3(c) de;

Ag féachaint don Iarscríbhinn maidir le Sábháilteacht na hEitlíochta a ghabhann le MC, agus go háirithe Airteagal 3.1 de;

Ag féachaint do Phlean ICAO um Shábháilteacht na hEitlíochta Domhanda (GASP) (ICAO Doc 10004) agus do na tionscnaimh um shábháilteacht dhomhanda (GSI);

Ag féachaint don Treochlár um Shábháilteacht na hEitlíochta Domhanda (GASR, 2006) maidir le roinnt idirnáisiúnta córais sonraí/córais domhanda tuairiscithe sonraí a chur chun feidhme;

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (1);

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE (2);

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (3),

De bhrí gur ar Chaighdeáin agus Cleachtais Mholta (SARPanna) ICAO, ar lámhleabhair agus ar ábhar treoraíochta atá sainmhínithe thacsanomaíocht ICAO maidir le Tuairisciú Sonraí Tionóiscí/Teagmhas (ADREP) bunaithe go príomhúil;

De bhrí go dteastaíonn ó úsáideoirí ADREP agus an Ionaid Comhordaithe Eorpaigh um Chórais Tuairiscithe ar Theagmhais Aerárthaí (ECCAIRS) i mBallstáit ICAO tuilleadh úsáide a bhaint as faisnéisí a dhíorthaítear ó bhailiú, anailís agus roinnt na sonraí chun bagairtí ar an tsábháilteacht agus na nithe a chuireann leis na bagairtí sin a shainaithint ar scála domhanda;

De bhrí go mbraitheann sábháilteacht na haerloingseoireachta agus an dul chun cinn i gcomhchuibhiú na heitlíochta sibhialta idirnáisiúnta ar chaighdeáin aitheanta amhail an córas ADREP, agus ag aithint tábhacht an chúnaimh fhrithpháirtigh agus an chomhair i réimse bhainistíocht na sábháilteachta agus na gcóras bunachar sonraí;

De bhrí na hoibleagáide atá ar Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) laistigh den Aontas Eorpach cúnamh a thabhairt don Choimisiún Eorpach maidir le bainistíocht an Stóir Lárnaigh Eorpaigh ina stóráiltear gach tuairisc ar tharlú a bhailítear san Aontas Eorpach, agus go háirithe de bhrí an chúraim atá uirthi leagan nua den fhoireann bogearraí ECCAIRS, ar a dtugtar ECCAIRS 2, a fhorbairt agus a chothabháil;

De bhrí go bhfuil na feidhmeanna uile a fheidhmíonn Ard-Stiúrthóireacht an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde sa Choimisiún Eorpach faoi láthair maidir leis an fhoireann bhogearraí ECCAIRS glactha ar láimh ag EASA ón 1 Eanáir 2021;

De bhrí gur gá, dá bhrí sin, ionad an tSocraithe Oibre a rinneadh in Montréal an 21 Meán Fómhair 2011 maidir leis an gcomhar i réimse an tuairiscithe ar thionóiscí agus ar theagmhais san eitlíocht shibhialta a dhéanamh;

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Glactar leis seo an Socrú Oibre atá i gceangal leis an gCinneadh seo agus gabhann sé ionad an tSocraithe Oibre a rinneadh in Montréal an 21 Meán Fómhair 2011 maidir leis an gcomhar i réimse an tuairiscithe ar thionóiscí agus ar theagmhais san eitlíocht shibhialta.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

Thar ceann Chomhchoiste an Aontais/ICAO:

Na Cathaoirligh [sínithe amháin]

CEANGALTÁN CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE AN AONTAIS EORPAIGH/ICAO an XX/202X

SOCRÚ OIBRE IDIR AN EAGRAÍOCHT EITLÍOCHTA SIBHIALTA IDIRNÁISIÚNTA AGUS AN tAONTAS EORPACH

I dTACA LEIS AN gCOMHAR I RÉIMSE AN TUAIRISCITHE AR THIONÓISCÍ AGUS AR THEAGMHAIS SAN EITLÍOCHT SHIBHIALTA

Is é atá sa Socrú Oibre seo sásraí agus nósanna imeachta a comhaontaíodh go frithpháirteach agus ar gá iad chun gníomhaíochtaí comhair idir an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) agus an tAontas Eorpach (an tAontas) a chur chun feidhme go héifeachtach.

An “Páirtí” a ghairfear de ICAO agus den Aontas anseo feasta nuair is ceann amháin acu a bheidh i gceist, agus na “Páirtithe” a ghairfear díobh le chéile.

1.   CUSPÓIR AN tSOCRAITHE OIBRE

1.1.

Is é is cuspóir don Socrú Oibre seo, ar socrú oibre é a thagann faoi raon feidhme an Mheabhráin Comhair (MC) agus na hIarscríbhinne um Shábháilteacht na hEitlíochta a ghabhann leis, go háirithe Airteagail 3.3 agus 7.3(c) de MC, an comhar idir na Páirtithe a chur chun feidhme, comhar arb aidhm dó, i gcás inar féidir, tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí a chéile i réimse an tuairiscithe ar thionóiscí agus ar theagmhais san eitlíocht shibhialta agus na gníomhaíochtaí sin a chur cinn.

1.2.

Chun cuspóirí an tSocraithe Oibre seo a bhaint amach, comhaontaíonn na Páirtithe ar an gcur chuige ginearálta seo a leanas:

a)

Chun críocha chur chun feidhme éifeachtach an tSocraithe Oibre seo, ainmníonn an tAontas Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) (4) ina “ghníomhaire teicniúil” aige.

b)

Cuirfidh EASA úsáid thacsanomaíocht ICAO maidir le Tuairisciú Sonraí Tionóiscí/Teagmhas (ADREP) chun cinn ar an mbonn gurb í an caighdeán chun faisnéisí maidir le tionóiscí agus teagmhais a thuairisciú agus a mhalartú laistigh de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, de Stáit an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) agus den Eilvéis.

c)

Cuirfidh ICAO úsáid fhoireann bogearraí an Aontais ECCAIRS 2 chun cinn ag Ballstáit ICAO chun faisnéisí maidir le tionóiscí agus teagmhais a bhailiú.

d)

I ndáil le húsáid na foirne bogearraí ECCAIRS 2, comhordóidh ICAO agus EASA roinnt agus comhchuibhiú a n-iarrachtaí oiliúna agus tacaíochta agus a gcuid ábhar oiliúna agus tacaíochta le leas úsáideoirí deiridh ECCAIRS uile a dhéanamh.

e)

Oibreoidh ICAO agus EASA i gcomhar chun bunachar sonraí lárnach inrochtana domhanda maidir le tionóiscí agus teagmhais a bhunú agus is iad bogearraí ECCAIRS 2 a bheidh in úsáid acu. Is i gcomhréir leis na beartais ábhartha maidir le slándáil na gcóras faisnéise a bheidh i bhfeidhm a bheidh an bunachar sonraí á oibriú.

2.   COMHRÉITEACH SONRACH IDIR NA PÁIRTITHE

2.1.

Chun úsáid na tacsanomaíochta ADREP a chur chun cinn — féachtar pointe 1.2 b) thuas — comhaontaíonn na Páirtithe ar an méid seo a leanas:

a)

Is é ICAO an t-úinéir agus an Páirtí atá freagrach as forbairt agus cothabháil ghníomhach na tacsanomaíochta ADREP.

b)

Déanann ICAO agus an Grúpa Oibre um Thacsanomaíocht ECCAIRS comhordú agus oibríonn siad i ndlúthchomhar chun éabhlóid agus cur chun feidhme comhsheasmhach a áirithiú don tacsanomaíocht ADREP, lena n-áirítear a héabhlóid agus a cur chun feidhme sa Chóras Tuairiscithe ECCAIRS.

c)

Foilseoidh ICAO an tacsanomaíocht ADREP ar a shuíomh gréasáin mar dhoiciméad foirmiúil de chuid ICAO agus tabharfaidh sé an doiciméad sin cothrom le dáta nuair is gá.

d)

Is é tacsanomaíocht ADREP ICAO is bonn don chur chuige maidir leis an tuairisciú ar thionóiscí agus ar theagmhais san eitlíocht mar a shainítear i Rialachán (AE) Uimh. 376/2014. Athruithe sa tacsanomaíocht ADREP de chuid ICAO, déanfar iad a chomhtháthú, i bprionsabal, le heisiúintí bhogearraí eitlíochta ECCAIRS.

e)

Leanfaidh EASA ag spreagadh Bhallstáit an Aontais, Stáit an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) agus an Eilvéis leis an gCóras Tuairiscithe ECCAIRS a úsáid chun a gcuid tionóiscí agus teagmhas a thuairisciú go leictreonach do ICAO de réir na bhforálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn 13 — Aircraft Accident and Incident Investigation [Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí].

f)

Féadfaidh EASA agus údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais, Stáit LEE agus na hEilvéise an tacsanomaíocht ADREP a úsáid saor in aisce sa Chóras Tuairiscithe ECCAIRS 2 agus sna huirlisí gaolmhara.

g)

Féadfaidh EASA nasc chuig an tacsanomaíocht ADREP ar shuíomh gréasáin ICAO a sholáthar do phobal ECCAIRS trí thairseach ghréasáin phobail ECCAIRS 2.

h)

Tabharfaidh ICAO cuireadh do EASA páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Rúnaíocht nó de ghrúpaí a bunaíodh chun tacsanomaíochtaí a fhorbairt agus/nó chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir le húsáid ADREP (e.g. an idir-inoibritheacht, an samhaltú, teicneolaíochtaí nua a thástáil agus uirlisí tuairiscithe, modhanna agus tacaíocht a fhorbairt a thuilleadh).

i)

Féadfaidh ICAO lógó ECCAIRS 2 a úsáid i gcomhar le ADREP.

2.2.

Chun úsáid ECCAIRS 2 a chur chun cinn — féachtar pointe 1.2 c) thuas — comhaontaíonn na Páirtithe ar an méid seo a leanas:

a)

Is é EASA atá freagrach as forbairt agus as cothabháil ghníomhach an chórais ECCAIRS 2, córas atá comhdhéanta de bhunachar sonraí agus de bhogearraí;

b)

Aithníonn ICAO gur córas é ECCAIRS 2 arb é aidhm atá ag gabháil leis, i bprionsabal, é a bheith comhoiriúnach le ADREP.

c)

Tá ICAO ag úsáid bhogearraí ECCAIRS 2 agus na huirlisí gaolmhara chun an córas ADREP de chuid ICAO a chur chun feidhme. Féadfaidh ICAO an córas ECCAIRS 2 a úsáid saor in aisce le freastal ar a gcuid riachtanas féin, lena n-áirítear bailiú na sonraí a bhaineann le hIarscríbhinn 13 — Aircraft Accident and Incident Investigation (Tionóiscí agus Teagmhais) agus próisis bailithe sonraí eile a d’fhéadfadh a bheith ann, amhail an bailiúchán IBIS maidir le himbhualadh éin nó tuairisciú ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le tarluithe.

d)

Molann ICAO do Bhallstáit ICAO an córas ECCAIRS 2 a úsáid chun a gcuid tionóiscí agus teagmhas a thuairisciú go leictreonach do ICAO de réir fhorálacha Iarscríbhinn 13 — Aircraft Accident and Incident Investigation ICAO. Má dhéanann Ballstát ICAO amhlaidh, beidh an réiteach ECCAIRS 2 saor in aisce, mar aon leis an gcothabháil a dhéantar air agus an tacaíocht a thugtar dó.

e)

Tabharfar cuireadh do ICAO páirt a ghlacadh i gCoiste Stiúrtha ECCAIRS agus na cearta céanna aige agus a thugtar do chomhaltaí an choiste le Téarmaí Tagartha an Choiste Stiúrtha.

f)

Molann Rúnaíocht ICAO do Bhallstáit ICAO úsáid an chórais ECCAIRS 2, ar córas é atá comhdhéanta de bhunachar sonraí agus de bhogearraí agus atá faoi riar EASA, ar an mbonn gurb é sin an modh a úsáidfear chun a stór náisiúnta tionóiscí agus teagmhas eitlíochta a ghabháil agus chun cothabháil a dhéanamh air. Más mian le Stát ICAO an córas ECCAIRS 2 a úsáid, tabharfaidh EASA faoi chomhaontú a shocrú leis na Stáit sin.

2.3.

Chun iarrachtaí maidir le hoiliúint agus tacaíocht a chomhchuibhiú agus a roinnt — féachtar pointe 1.2 d) thuas — comhaontaíonn na Páirtithe ar an méid seo a leanas:

a)

I bprionsabal, is é EASA atá freagrach as an oiliúint maidir le ECCAIRS 2 a chomhordú agus as tacaíocht a sholáthar i dtaca le Ballstáit an Aontais, le Stáit LEE agus leis an Eilvéis, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus leis na Stáit uile a n-oibríonn EASA i gcomhar leo faoi chlár Comhair Idirnáisiúnta EASA.

b)

I bprionsabal, is é ICAO atá freagrach as an oiliúint maidir le ECCAIRS 2 a chomhordú agus as tacaíocht a sholáthar i dtaca le páirtithe nach luaitear i bpointe a).

c)

I gcás inar féidir, agus acmhainní EASA á chur san áireamh aige maille leis an tosaíocht atá aige agus a luaitear i bpointe a), tabharfaidh EASA cúnamh do ICAO maidir lena chuid cúraimí siúd, ar an mbonn gurb é ICAO a íocfaidh as costais taistil agus liúntais lae (de réir nósanna imeachta inmheánacha ICAO).

d)

I ndáil le húsáid na foirne bogearraí ECCAIRS 2, féachfaidh ICAO agus EASA lena gcuid ábhar oiliúna agus tacaíochta a roinnt le leas phobal ECCAIRS.

e)

I gcás inarb ábhartha, féachfaidh ICAO agus EASA le dul i gcomhar le tríú páirtithe ó thaobh thacaíocht agus oiliúint ADREP/ECCAIRS de.

f)

Tar éis clárú ar líne ar bhealach iomchuí, bíonn rochtain ag údaráis inniúla Bhallstáit ICAO ar Mhol Lárnach ECCAIRS 2, mol a úsáidtear chun na gníomhaíochtaí oiliúna agus tacaíochta i ndáil leis an réiteach ECCAIRS 2 a chomhordú.

2.4.

Chun oibriú i gcomhar ar bhunú an bhunachair sonraí ECCAIRS 2, comhaontaíonn na Páirtithe ar an méid seo a leanas:

a)

I bprionsabal, is é EASA atá freagrach as suiteáil agus cothabháil an chórais ECCAIRS 2, córas atá comhdhéanta de bhunachar sonraí agus de bhogearraí.

b)

I bprionsabal, is é ICAO atá freagrach as bainistíocht na gceart rochtana ar an gcóras ECCAIRS 2 le haghaidh na mBallstát uile cé is moite de Bhallstáit an Aontais, de Stáit LEE agus den Eilvéis

c)

Aontaíonn EASA an bonneagar a bhaineann leis an gcóras ECCAIRS 2, córas atá comhdhéanta de bhunachar shonraí agus de bhogearraí, a sholáthar saor in aisce do ICAO agus do Bhallstáit ICAO ionas gurb é an córas sin a úsáidfidh siad mar bhunachar sonraí le haghaidh an tuairiscithe ar thionóiscí agus ar theagmhais de réir Iarscríbhinn 13 — Aircraft Accident and Incident Investigation ICAO.

d)

Tá sé comhaontaithe go mbeidh an rochtain ar na sonraí a stóráiltear sa bhunachar sonraí ECCAIRS 2, agus roinnt na sonraí sin, faoi réir na bhforálacha maidir le rúndacht a leagtar amach in Airteagal 6 de MC, agus go mbeidh siad faoi réir chosaint na dtaifead maidir le himscrúduithe tionóiscí agus teagmhas a leagtar amach in Iarscríbhinn 13 — Aircraft Accident and Incident Investigation.

e)

Gheobhaidh ICAO agus EASA toiliú sainráite i scríbhinn ón Stát lena mbaineann chun rochtain a fháil ar aon sonraí eile a d’fhéadfadh a bheith stóráilte sa chóras ECCAIRS 2 agus nach dtagann faoi raon feidhme phointe d)

f)

Oibreoidh ICAO agus EASA i gcomhar chun feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí trí thaighde a dhéanamh ar réitigh a thacóidh leis an tseirbhís aicmiúcháin lárnach agus leis na próisis rialaithe cáilíochta uathoibrithe le haghaidh na n-úsáideoirí uile.

3.   BAINISTÍOCHT

3.1.

Ainmneoidh ICAO agus EASA faoi seach pointí teagmhála a fheidhmeoidh ina gcomhordaitheoirí agus a bheidh freagrach as gníomhaíochtaí comhpháirteacha. Féadfaidh na comhordaitheoirí baill foirne eile a ainmniú chun ionadaíocht a dhéanamh orthu nó chun freastal ar chruinnithe.

3.2.

Is idir na comhordaitheoirí a dhéanfar an comhfhreagras faoi gach ábhar praiticiúil a bhaineann leis an Socrú Oibre seo.

3.3.

Tionólfaidh na Páirtithe cruinnithe, de réir mar is gá, chun dul chun cinn na ngníomhaíochtaí comhair i gcomhréir leis an Socrú Oibre seo a mheas.

4.   CISTIÚCHÁN

4.1.

Ach amháin i gcás ina gcomhaontaíonn na Páirtithe go sainráite ar a mhalairt trí shocruithe ar leith, is ar an bPáirtí féin atá costas aon chaiteachais a thabhaíonn sé i ndáil le feidhmiú a chuid cúraimí faoin Socrú Oibre seo.

4.2.

Na gníomhaíochtaí uile a sheolfar de bhun an tSocraithe Oibre seo, beidh siad faoi réir infhaighteacht cistí, pearsanra agus acmhainní eile a bheidh iomchuí, agus beidh siad faoi réir na ndlíthe, na rialachán, na mbeartas agus na gclár is infheidhme atá ag gach Páirtí.

5.   MAOIN INTLEACHTÚIL

5.1.

Is maoin intleachtúil de chuid ICAO í an tacsanomaíocht ADREP agus is amhlaidh a bheidh.

5.2.

Is maoin intleachtúil de chuid an Aontais é an córas ECCAIRS 2 agus na huirlisí bogearraí a bhaineann leis, agus is amhlaidh a bheidh.

5.3.

Níl na Páirtithe freagrach as cáilíocht na sonraí a bhailítear ná as méid na sonraí sin.

5.4.

Aithníonn gach Páirtí an úinéireacht agus gach ceart ar a chóipchearta, a thrádmharcanna, a ainm, a lógónna agus aon mhaoin intleachtúil eile, agus gach ceart dá ngabhann leo. Is faoi réir formheas i scríbhinn roimh ré ón bPáirtí eile atá úsáid mhaoin intleachtúil an Pháirtí eile ag aon Pháirtí. Má thugtar an cead sin, is ar bhonn neamheisiach a bhainfear úsáid aisti agus comhlíonfaidh an Páirtí a úsáideann maoin intleachtúil an Pháirtí eile, de mheon macánta, na treoracha i scríbhinn, na treoirlínte agus na sonraíochtaí a thabharfaidh an Páirtí eile dó

6.   LEASUITHE AGUS FOIRCEANNADH

6.1.

Féadfar an Socrú Oibre seo a mhodhnú nó a leasú le cinneadh ó Chomhchoiste an Aontais Eorpaigh/ICAO.

6.2.

Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí an Socrú Oibre seo a fhoirceannadh tráth ar bith ach fógra sé (6) mhí a thabhairt i scríbhinn don Pháirtí eile.

(1)   IO L 122, 24.4.2014, lgh. 18-43

(2)   IO L 295, 12.11.2010, lgh. 35-50

(3)   IO L 212, 22.8.2018, lgh. 1-122

(4)  https://www.easa.europa.eu/