10.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 29/8


CINNEADH (AE) 2022/178 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Feabhra 2022

lena n-aisghairtear, thar ceann Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, Cinneadh (AE) 2016/394

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí de Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (ACC), de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 (1), arna leasú go deireanach, agus go háirithe Airteagal 96(2)(a), an ceathrú fomhír, de

Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis na bearta a bheidh le glacadh agus na nósanna imeachta a bheidh le leanúint chun Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (2) a chur chun feidhme, agus go háirithe Airteagal 3 de agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Na comhairliúcháin le Poblacht na Burúine faoi Airteagal 96 den Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000, arna leasú go deireanach, tugadh i gcrích iad trí bhíthin Chinneadh (AE) 2016/394 ón gComhairle (3). Glacadh bearta iomchuí, mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin, tar éis togra ón gCoimisiún i gcomhaontú le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”).

(2)

Ar an iomlán, leis an bpróiseas síochánta polaitiúil a bhí ann mar gheall ar olltoghchán mhí na Bealtaine 2020, cuireadh tús le ré nua dóchais do phobal na Burúine agus deiseanna don Bhurúin agus dá caidreamh lena comhpháirtithe.

(3)

Ó shin i leith, tá aitheantas tugtha ag an Aontas don dul chun cinn dearfach a rinne Rialtas na Burúine maidir le cearta an duine, an dea-rialachas agus an smacht reachta, chomh maith leis na gealltanais a tugadh ina threochlár (‘feuille de route’) i dtreo tuilleadh feabhsuithe sna réimsí sin.

(4)

Bunaíodh rialtas atá tiomanta do na hathchóirithe a bheidh riachtanach le haghaidh forbairt agus cobhsaíocht na tíre a chur chun feidhme, agus rinneadh dul chun cinn i dtreo chur chun feidhme na ngealltanas a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2016/394.

(5)

I gcomhréir leis an measúnú ón gCoimisiún, i gcomhaontú leis an Ardionadaí, níl na cúiseanna ar glacadh Cinneadh (AE) 2016/394, mar a leagtar amach sa chinneadh sin, iomchuí a thuilleadh. Ba cheart, dá bhrí sin, an Cinneadh sin a aisghairm thar ceann Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le hábhair a thagann faoi inniúlacht na mBallstát.

(6)

Tá dúshláin fós le sárú i réimsí chearta an duine, an dea-rialachais agus an smachta reachta, agus tá gá le tuilleadh dul chun cinn ó údaráis na Burúine, lena n-áirítear tríd an treochlár a chur chun feidhme, faoi chuimsiú an idirphlé pholaitiúil leanúnach idir an tAontas agus an Bhurúin.

(7)

Tá an Bhurúin leochaileach i gcónaí agus tá tacaíocht na gcomhpháirtithe idirnáisiúnta de dhíth ar na húdaráis chun clár athchóirithe agus clár forbartha na tíre a chur chun feidhme.

(8)

Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit, in éineacht le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile, tacú le hiarrachtaí leanúnacha údarás na Burúine na hinstitiúidí daonlathacha a chobhsú agus a chomhdhlúthú, cearta an duine, an dea-rialachas agus an smacht reachta a chur chun cinn, agus na gealltanais a tugadh ina threochlár i dtreo tuilleadh feabhsuithe sna réimsí sin a chur chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar Cinneadh (AE) 2016/394 a aisghairm thar ceann Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le hábhair a thagann faoin inniúlacht na mBallstát.

Airteagal 2

Tabharfaidh an Coimisiún, thar ceann Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, fógra don Bhurúin maidir le Cinneadh (AE) 2016/394 a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)   IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.

(2)   IO L 317, 15.12.2000, lch. 376.

(3)  Cinneadh (AE) 2016/394 ón gComhairle an 14 Márta 2016 maidir le comhairliúcháin a thabhairt chun críche le Poblacht na Burúine faoi Airteagal 96 den Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (IO L 73, 18.3.2016, lch. 90).