8.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 27/8


CINNEADH (CBES) 2022/164 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 3 Feabhra 2022

maidir le cúram feidhmiúcháin tánaisteach oibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (Atalanta), a ghníomhachtú, lena rannchuidítear le cur i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile (ATALANTA/2/2022)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES ón gComhairle an 10 Samhain 2008 maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (1), agus go háirithe Airteagal 2b di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 22 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/2188 (2), lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES agus lenar dtugtar, inter alia, cúram tánaisteach feidhmiúcháin chun rannchuidiú le cur i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile (“an cúram feidhmiúcháin tánaisteach”) d’oibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (Atalanta).

(2)

Foráiltear le hAirteagal 2b(3) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, go ngníomhachtóidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála an cúram feidhmiúcháin tánaisteach nuair a thuairisceoidh Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh go bhfuil na sócmhainní is gá ag Atalanta chun na cúramaí dá dtagraítear san Airteagal sin a chomhlíonadh.

(3)

Thuairiscigh Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh go bhfuil na sócmhainní is gá ag Atalanta chun an cúram feidhmiúcháin tánaisteach a chomhlíonadh.

(4)

Ba cheart an cúram feidhmiúcháin tánaisteach a ghníomhachtú láithreach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déanfar an cúram feidhmiúcháin tánaisteach lena rannchuidítear le cur i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile, a thugtar do Atalanta trí bhíthin Airteagal 2b de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, a gníomhachtú.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)  IO L 301, 12.11.2008, lch. 33.

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/2188 ón gComhairle an 22 Nollaig 2020 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (IO L 435, 23.12.2020, lch. 74).