|
7.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 26/17 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/161 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Feabhra 2022
lena bhfoirceanntar an nós imeachta scrúdúcháin a bhaineann le constaicí ar thrádáil de réir bhrí Rialachán (AE) 2015/1843 arna gcur i bhfeidhm ag Stáit Aontaithe Mheicsiceo, constaicí arb é atá i gceist leo bearta a dhéanann difear d’allmhairiú Tequila
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais i réimse an chomhbheartais tráchtála chun feidhmiú chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (1), agus go háirithe Airteagal 5(2) agus Airteagal 12 (1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
|
(1) |
An 23 Iúil 2020, trí fhógra tionscnaimh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), thionscain an Coimisiún Eorpach nós imeachta scrúdúcháin a bhaineann le constaicí ar thrádáil arna gcur i bhfeidhm ag Stáit Aontaithe Mheicsiceo, constaicí arb é atá i gceist leo diúltú deimhnithe onnmhairiúcháin i leith Tequila a dheonú. |
|
(2) |
Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis do Chomhlachas Ghrúdairí na hEorpa gearán a dhéanamh thar ceann thionscal an Aontais. Ba leor an fhianaise a bhí sa ghearán i leith srianta trádála agus i leith na díobhála is toradh air sin chun údar cuí a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. |
|
(3) |
An 16 Aibreán 2021, chuir seirbhísí an Choimisiún an Coiste arna bhunú le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2015/1843 ar an eolas faoin nós imeachta scrúdúcháin. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil, cé nach raibh sé chun leas láithreach an Aontais dul i mbun réiteach díospóidí, gur cheart an nós imeachta a fhágáil ar oscailt agus gur cheart faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i Stáit Aontaithe Mheicsiceo. |
2. TARRAINGT SIAR AN GHEARÁIN AGUS FOIRCEANNADH AN IMEACHTA
|
(4) |
An 6 Deireadh Fómhair 2021, chuir Comhlachas Ghrúdairí na hEorpa in iúl don Choimisiún gur mian leis an gearán a tharraingt siar. |
|
(5) |
Faoi Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2015/1843, is féidir imeachtaí a fhoirceannadh i gcás ina ndéanfar an gearán a tharraingt siar, ach amháin mura mbeadh an foirceannadh sin chun leas an Aontais. Faoi Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/1843, déanfar imeachtaí a fhoirceannadh i gcás nach gá aon ghníomhaíocht a dhéanamh ar son leas an Aontais. |
|
(6) |
Níor tháinig aon tásca chun cinn le linn an imscrúdaithe a léirigh nach mbeadh sé chun leas an Aontais imeachtaí a fhoirceannadh. Go háirithe, cuireadh tús athuair le honnmhairí Tequila chuig an ngrúdaire Eorpach lena mbaineann agus níl iarmhairt shistéamach ag an mbeart líomhnaithe ar chuideachtaí eile an Aontais. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, maidir leis an nós imeachta scrúdúcháin a bhaineann le constaicí ar thrádáil arna gcur i bhfeidhm ag Stáit Aontaithe Mheicsiceo, constaicí arb é atá i gceist leo diúltú deimhnithe onnmhairiúcháin i leith na biotáille “Tequila” a dheonú, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart an nós imeachta sin a fhoirceannadh. |
|
(8) |
Tá an Cinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2015/1843, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Foirceanntar an nós imeachta scrúdúcháin a maidir le diúltú Stáit Aontaithe Mheicsiceo deimhnithe onnmhairiúcháin i leith na biotáille “Tequila” a dheonú.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN