2.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 23/25


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/142 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Eanáir 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741 a mhéid a bhaineann le tuairisciú ar an méid táirgeachta agus lena gceartaítear an Cinneadh Cur Chun Feidhme sin

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 451)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoracha 91/689/CEE agus 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 7(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741 ón gCoimisiún (2), leagtar amach formáid agus minicíocht an tuairiscithe bhliantúil ar shonraí maidir le scaoileadh truailleán san aer, san uisce agus sa talamh agus ar aistriú dramhaíola lasmuigh den láthair.

(2)

Fágann Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741 go gceanglaítear ar na Ballstáit na sonraí maidir leis an méid táirgeachta a thuairisciú le haghaidh gach saoráide lena mbaineann maidir leis na hearnálacha inar bhunaigh an Coimisiún aonaid agus méadrachtaí atá le tuairisciú.

(3)

Chun éifeachtacht an Chláir Eorpaigh ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (E-PRTR) a fheabhsú mar fhoinse faisnéise comhshaoil chuimsitheach agus chun feabhas a chur ar úsáid na sonraí tuairiscithe maidir le tagarmharcáil a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhshaoil saoráidí tionsclaíocha, tá gá le tuairisciú éigeantach ar an méid táirgeachta le haghaidh gach saoráide lena mbaineann agus, dá réir sin, tá gá leis na haonaid agus na méadrachtaí a úsáidfear sa tuairisciú sin a bhunú agus leis an bhformáid a leagan amach go mionsonraithe le haghaidh an tuairiscithe ar an méid táirgeachta.

(4)

Tá sé iomchuí go mbeidh a ndóthain ama ag oibreoirí na saoráidí lena mbaineann agus ag údaráis inniúla na mBallstát na bearta is gá a dhéanamh chun tuairisciú ar an méid táirgeachta a éascú i gcomhréir leis an bhformáid nua. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an gceanglas maidir le sonraí den sórt sin a thuairisciú ón mbliain tuairiscithe 2023 ar aghaidh.

(5)

Le nótaí tábla (9) agus (10) san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741, tagraítear do nóta tábla (7) den Iarscríbhinn sin a bhaineann le cineál sainordaitheach agus dáta sainordaitheach chur i bhfeidhm an tuairiscithe ar an méid táirgeachta, ach ba cheart tagairt do nóta tábla (8) den Iarscríbhinn sin, a bhaineann le foilseachán pointí sonraí ar leith.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741 a leasú agus a cheartú dá réir.

(7)

Cuirfear na hiarrachtaí sin san áireamh i ngné ionchais agus fadbhreathnaitheachta den Chreat Faireacháin maidir le Truailliú Nialasach faoi Phlean Gníomhaíochta an Aontais “um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú” (3), lena gcabhraítear, dá bhrí sin, le dúshláin bheartais a réamh-mheas agus leis na réitigh is éifeachtaí agus is coiscthí a aithint.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste arna bhunú le hAirteagal 19(1) de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1, an tríú fomhír:

‘Cuirfear an fhaisnéis riaracháin a leagtar amach i ranna 1 go 4 den Iarscríbhinn faoi bhráid an Choimisiúin, ar a dhéanaí, faoin 30 Meán Fómhair den bhliain tuairiscithe dár gcionn. De mhaolú air sin, cuirfear an Fhaisnéis Riaracháin a leagtar amach i ranna 2.12, 2.13 agus 2.14 faoi bhráid an Choimisiúin, ar a dhéanaí, faoin 30 Samhain den bhliain tuairiscithe dár gcionn.’

Leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Ceartúcháin ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741

San Iarscríbhinn, i dtéacs nótaí tábla (9) agus (10), cuirtear “Uimh. 8” in ionad “Uimh. 7”.

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Virginijus SINKEVIČIUS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 33, 4.2.2006, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2019 lena mbunaítear formáid agus minicíocht an tuairiscithe bhliantúil ar shonraí atá na Ballstáit le cur ar fáil chun críoch tuairiscithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoracha 91/689/CEE agus 96/61/CE ón gComhairle (IO L 267, 21.10.2019, lch. 3).

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Plean Gníomhaíochta an Aontais dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All EU Action Plan [Plean Gníomhaíochta an Aontais dar teideal Conair chuig Pláinéad Sláintiúil do Chách]: “Um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú” (COM/2021/400 final).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn mar a leanas:

(1)

tar éis an teidil, cuirtear an téacs seo a leanas isteach:

“Cuid 1

Faisnéis riaracháin agus téarmach”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs nóta tábla (7):

“(7)

Roghnach do na blianta tuairiscithe 2019, 2020, 2021 agus 2022. Ón mbliain tuairiscithe 2023 ar aghaidh, déanfar méid táirgeachta gach saoráide a thuairisciú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i gCuid 2.”;

(3)

cuirtear isteach an Chuid 2 seo a leanas:

“Cuid 2

Na haonaid agus na méadrachtaí atá le tuairisciú ag na Ballstáit a bhunú faoi réimse 2.12 ‘An méid táirgeachta’

1.   Sainmhínithe

Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘tonaí na dtáirgí/na n-ábhar eastósctha’ meáchan an mhéadraigh a shonraítear, mura sonraítear a mhalairt, lena n-áirítear aon chion taise bunúsach na dtáirgí nó na n-ábhar eastósctha, seachas aon phacáistíocht táirge/aon choimeádán táirge;

(2)

ciallaíonn ‘tonaí na dtáirgí mar choibhéis ola’ aschur saoráide arna shloinneadh mar an méid fuinnimh a sceitear trí tona amháin amhola a dhó, ós rud é gur 42 ghigigiúl atá i luach fuinnimh tona amhola;

(3)

ciallaíonn ‘gigigiúla aschuir fuinnimh úsáidigh’ an fuinneamh arna thiontú go héifeachtach ina leictreachas nó ina theas, fuinneamh arna shloinneadh i ngigigiúla agus arna chur chuig an eangach nó chuig an tomhaltóir deiridh;

(4)

ciallaíonn ‘tonaí dramhaíola a fhaightear isteach’ meáchan na dramhaíola uile a fhaightear isteach ag saoráid, laistigh de bhliain féilire, ar a ndéantar tuilleadh láimhseála laistigh den ghníomhaíocht shainmhínithe aisghabhála nó diúscartha atá á déanamh ag an tsaoráid chéanna agus nach bhfuil cainníochtaí dramhaíola arna haistriú go saoráidí eile gan cóireáil san áireamh;

(5)

ciallaíonn ‘méadair chiúbacha fuíolluisce a fhaightear isteach’ méid an uisce a théann isteach in oibríochtaí cóireála na saoráide cóireála fuíolluisce ábhartha;

(6)

ciallaíonn ‘tonaí tuaslagóra orgánaigh’ meáchan an mhéid iomláin tuaslagóirí a ídítear le linn na n-oibríochtaí a dhéantar laistigh den tsaoráid;

(7)

ciallaíonn ‘tonaí péinte a úsáideadh agus/nó a baineadh’ meáchan na péinte a ídítear, an meastachán is fearr den phéint a baineadh, nó, nuair atá gníomhaíochtaí péinteála agus bainte ar siúl laistigh den tsaoráid chéanna, suim an dá rud;

(8)

Ciallaíonn ‘Líon na n-aonad beostoic’ na rátaí comhshó in Iarscríbhinn II de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (1); ba cheart na haonaid bheostoic le haghaidh ainmhithe nach gcumhdaítear go sainráite leis an Rialachán seo a bhunú de réir fianaise eolaíoch e.g. sicíní lena ramhrú 0,007 d’aonad beostoic, ostraisí 0,350 d’aonad beostoic.

2.   Rialacha ginearálta

(a)

Mura sonraítear a mhalairt, cumhdófar sna sonraí maidir leis an méid táirgeachta aschuir iomlána inmharthana ó shaoráid agus áireofar sna sonraí suim na n-aschur go léir le linn na bliana a dhíoltar, a stóráiltear ar an láthair, agus a úsáidtear ar an láthair le haghaidh tuilleadh próiseála. Déanfar suim na n-aschur atá lofa, a diúltaíodh nó nach gcomhlíonann sonraíochtaí a eisiamh.

(b)

Tá iolracht ag réimse an mhéid táirgeachta 2.12 de Chuid 1 de ‘ghníomhaíocht amháin go hiliomad gníomhaíochtaí’. Cuimseoidh an tuairisciú ar an méid táirgeachta gníomhaíochtaí a dhéantar sa tsaoráid agus a thuairisceofar do Clárlann an Aontais Eorpaigh um Láithreáin Tionscail (2) agus tagairt á déanamh don saoráid ábhartha. Cumhdófar gníomhaíocht amháin ar a laghad sa tuairisciú.

(c)

I gcás inar féidir, déanfar na sonraí maidir leis an méid táirgeachta a thuairisciú i gcomhréir leis an modheolaíocht Prodcom le haghaidh staidreamh náisiúnta maidir le táirgeadh earraí monaraithe agus i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (3)

(d)

Ba cheart na sonraí seo a leanas a thuairisciú faoi réimse 2.12 de Chuid 1:

(i)

cainníocht arna sloinneadh san aonad/méadracht a leagtar amach i bpointe 3;

(ii)

barúlacha (roghnach).

3.   Aonaid agus méadrachtaí

Gníomhaíocht

Aonad/méadracht

1.

An Earnáil Fuinnimh

1(a)

Scaglanna ola mianraí agus gáis

Tonaí na dtáirgí mar choibhéis ola

1(b)

Suiteálacha le haghaidh gásúcháin agus leachtaithe

Tonaí na dtáirgí mar choibhéis ola

1(c)

Stáisiúin chumhachta theirmeacha agus suiteálacha dócháin eile

Gigigiúla aschuir fuinnimh úsáidigh

1(d)

Oighinn cóic

Tonaí na dtáirgí mar choibhéis ola

1(e)

Muilte rollta guail

Tonaí na dtáirgí mar choibhéis ola

1(f)

Suiteálacha chun táirgí guail agus breosla soladach gan deatach a mhonarú

Tonaí na dtáirgí mar choibhéis ola

2.

Miotail a tháirgeadh agus a phróiseáil

2(a)

Suiteálacha le haghaidh róstadh mianta miotail (lena n-áirítear mian suilfíde) nó sintéarú

Tonaí na dtáirgí

2(b)

Suiteálacha chun muciarann nó cruach a tháirgeadh (leá príomhúil nó tánaisteach) lena n-áirítear teilgean leanúnach

Tonaí na dtáirgí

2(c)(i)

Suiteálacha chun miotail fheiriúla a phróiseáil: Muilte teorollta

Tonaí na dtáirgí

2(c)(ii)

Suiteálacha chun miotail fheiriúla a phróiseáil: Gaibhneachtaí casúir

Tonaí na dtáirgí

2(c)(iii)

Suiteálacha chun miotail fheiriúla a phróiseáil: Leathadh brat cosanta miotail chomhleáite

Tonaí na dtáirgí

2(d)

Teilgcheártaí miotail fheiriúil

Tonaí na dtáirgí

2(e)(i)

Suiteálacha: Chun amh-mhiotail neamhfheiriúla a tháirgeadh ó mhian, tiúcháin nó amhábhair thánaisteacha trí phróisis mhiotalóireachta, cheimiceacha, nó leictrealaíocha

Tonaí na dtáirgí

2(e)(ii)

Suiteálacha: Le haghaidh bruithniú, lena n-áirítear cóimhiotalú, miotal neamhfheiriúil, lena n-áirítear táirgí aisghafa (scagadh, teilgcheárta, múnlú, etc.

Tonaí na dtáirgí

2(f)

Suiteálacha chun cóireáil dromchla a dhéanamh ar mhiotail nó ar ábhair phlaisteacha trí phróiseas leictrealaíoch nó ceimiceach

Tonaí na substaintí cóireála dromchla (ionchur)

3.

Tionscal na mianraí

3(a)

Mianadóireacht faoi thalamh agus oibríochtaí lena mbaineann

Tonaí na n-ábhar eastósctha

3(b)

Mianadóireacht dromchla agus cairéalacht

Tonaí na n-ábhar eastósctha

3(c)(i)

Suiteálacha le haghaidh táirgeadh: Clincear stroighne in áitheanna rothlacha

Tonaí na dtáirgí

3(c)(ii)

Suiteálacha le haghaidh táirgeadh: Aol in áitheanna rothlacha

Tonaí na dtáirgí

3(c)(iii)

Suiteálacha le haghaidh táirgthe de: Clincear stroighne nó aol i bhfoirnéisí eile

Tonaí na dtáirgí

3(d)

Suiteálacha chun aispeist a tháirgeadh agus táirgí atá bunaithe ar aispeist a mhonarú

Tonaí na dtáirgí

3(e)

Suiteálacha chun gloine a mhonarú, lena n-áirítear snáithín gloine

Tonaí na dtáirgí

3(f)

Suiteálacha chun substaintí mianracha a leá, lena n-áirítear snáithíní mianra a tháirgeadh

Tonaí na dtáirgí

3(g)

Suiteálacha chun táirgí ceirmeacha a mhonarú trí fhaghairt, go háirithe tíleanna dín, brící, brící teasfhulangacha, tíleanna, earraí cruachré nó poircealláin

Tonaí na dtáirgí

4.

Tionscal na gceimiceán

4(a)(i)

Suiteálacha ceimiceacha chun buncheimiceáin orgánacha a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch, amhail: Hidreacarbóin shimplí (Hidreacarbóin líneacha nó timthriallacha, sáithithe nó neamhsháithithe, alafatacha nó aramatacha)

Tonaí na dtáirgí

4(a)(ii)

Suiteálacha ceimiceacha chun buncheimiceáin orgánacha a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch, amhail: Hidreacarbóin ina bhfuil ocsaigin amhail alcóil, aildéid, céatóin, aigéid charbocsaileacha, eistir, aicéatáití, éitir, sárocsaídí, roisíní eapocsacha

Tonaí na dtáirgí

4(a)(iii)

Suiteálacha ceimiceacha chun buncheimiceáin orgánacha a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch, amhail: Hidreacarbóin shulfarúla

Tonaí na dtáirgí

4(a)(iv)

Suiteálacha ceimiceacha chun buncheimiceáin orgánacha a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch, amhail: Hidreacarbóin nítrigineacha amhail amíní, aimídí, comhdhúile nítriúla, nítrea-chomhdhúile nó comhdhúile níotráite, nítrílí, cianáití, isicianáití

Tonaí na dtáirgí

4(a)(v)

Suiteálacha ceimiceacha chun buncheimiceáin orgánacha a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch, amhail: Hidreacarbóin ina bhfuil fosfar

Tonaí na dtáirgí

4(a)(vi)

Suiteálacha ceimiceacha chun buncheimiceáin orgánacha a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch, amhail: Hidreacarbóin halaiginithe

Tonaí na dtáirgí

4(a)(vii)

Suiteálacha ceimiceacha chun buncheimiceáin orgánacha a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch, amhail: Comhdhúile orgánaimhiotalacha

Tonaí na dtáirgí

4(a)(viii)

Suiteálacha ceimiceacha chun buncheimiceáin orgánacha a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch, amhail: Ábhair bhunphlaistigh (polaiméirí, snáithíní sintéiseacha agus snáithíní ceallalós-bhunaithe)

Tonaí na dtáirgí

4(a)(ix)

Suiteálacha ceimiceacha chun buncheimiceáin orgánacha a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch, amhail: Rubair shintéiseacha

Tonaí na dtáirgí

4(a)(x)

Suiteálacha ceimiceacha chun buncheimiceáin orgánacha a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch, amhail: Ruaimeanna agus líocha

Tonaí na dtáirgí

4(a)(xi)

Suiteálacha ceimiceacha chun buncheimiceáin orgánacha a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch, amhail: Gníomhaithe dromchlacha agus dromchlaghníomhaithe

Tonaí na dtáirgí

4(b)(i)

Suiteálacha ceimiceacha chun buncheimiceáin neamhorgánacha a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch, amhail: Gáis, amhail amóinia, clóirín nó clóiríd hidrigine, fluairín nó fluairíd hidrigine, ocsaídí carbóin, comhdhúile sulfair, ocsaídí nítrigine, hidrigin, dé-ocsaíd sulfair, clóiríd charbóinile

Tonaí na dtáirgí

4(b)(ii)

Suiteálacha ceimiceacha chun buncheimiceáin neamhorgánacha a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch, amhail: Aigéid, amhail aigéad crómach, aigéad hidreafluarach, aigéad fosfarach, aigéad nítreach, aigéad hidreaclórach, aigéad sulfarach, oiléam, aigéid shulfaracha

Tonaí na dtáirgí

4(b)(iii)

Suiteálacha ceimiceacha chun buncheimiceáin neamhorgánacha a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch, amhail: Bunanna, amhail hiodrocsaíd amóiniam, hiodrocsaíd photaisiam, hiodrocsaíd sóidiam

Tonaí na dtáirgí

4(b)(iv)

Suiteálacha ceimiceacha chun buncheimiceáin neamhorgánacha a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch, amhail: Salainn, amhail clóiríd amóiniam, clóiríd photaisiam, carbónáit photaisiam, carbónáit sóidiam, sárbhóráit, níotráit airgid

Tonaí na dtáirgí

4(b)(v)

Suiteálacha ceimiceacha chun buncheimiceáin neamhorgánacha a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch, amhail: Neamh-mhiotail, ocsaídí miotail nó comhdhúile neamhorgánacha eile amhail cairbíd chailciam, sileacan, cairbíd sileacain

Tonaí na dtáirgí

4(c)

Suiteálacha ceimiceacha le haghaidh leasacháin atá bunaithe ar fhosfar, nítrigin nó potaisiam, (leasacháin shimplí nó chumaisc) a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch

Tonaí na dtáirgí

4(d)

Suiteálacha ceimiceacha chun buntháirgí sláinte plandaí agus bithicídí a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch

Tonaí na dtáirgí

4(e)

Suiteálacha lena n-úsáidtear próiseas ceimiceach nó bitheolaíoch chun buntháirgí cógaisíochta a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch

Tonaí na dtáirgí

4(f)

Suiteálacha chun pléascáin agus táirgí piriteicniúila tháirgeadh ar scála tionsclaíoch

Tonaí na dtáirgí

5.

Bainistiú dramhaíola agus fuíolluisce

5(a)

Suiteálacha chun dramhaíl ghuaiseach a aisghabháil nó dhiúscairt

Tonaí dramhaíola a fhaightear isteach

5(b)

Suiteálacha chun dramhaíl neamhghuaiseach a loscadh a thagann faoi raon feidhme Threoir 2000/76/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2000 maidir le dramhaíl a loscadh

Tonaí dramhaíola a fhaightear isteach

5(c)

Suiteálacha le haghaidh diúscairt dramhaíola neamhghuaisí

Tonaí dramhaíola a fhaightear isteach

5(d)

Láithreáin líonta talún (seachas láithreáin líonta talún le dramhaíl thámh agus láithreáin líonta talún, arna ndúnadh go críochnaitheach roimh an 16 Iúil 2001 nó dóibh siúd a bhfuil an chéim iarchúraim imithe in éag, céim arna héileamh ag na húdaráis inniúla de réir Airteagal 13 de Threoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl)

Tonaí dramhaíola a fhaightear isteach

5(e)

Suiteálacha chun conablaigh ainmhithe nó dramhaíl ainmhithe a dhiúscairt nó a athchúrsáil

Tonaí dramhaíola a fhaightear isteach

5(f)

Gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh

Méadair chiúbacha fuíolluisce a fhaightear isteach

5(g)

Gléasraí cóireála fuíolluisce a fheidhmítear go neamhspleách ina ndéantar ceann amháin nó níos mó de ghníomhaíochtaí na Iarscríbhinne seo

Méadair chiúbacha fuíolluisce a fhaightear isteach

6.

Táirgeadh agus próiseáil páipéir agus adhmaid

6(a)

Gléasraí tionsclaíocha chun laíon a tháirgeadh as adhmad nó as ábhair shnáithíneacha chomhchosúla

Tonaí na dtáirgí

6(b)

Gléasraí tionsclaíocha chun páipéar agus clár agus táirgí adhmaid príomhúla eile a tháirgeadh (amhail slischlár, clár snáithíneach agus sraithadhmad)

Tonaí na dtáirgí

6(c)

Gléasraí tionsclaíocha chun adhmad agus táirgí adhmaid a chaomhnú le ceimiceáin

Tonaí na dtáirgí

7.

Diantáirgeadh beostoic agus dian-dobharshaothrú

7(a)(i)

Suiteálacha le haghaidh diantógáil éanlaithe clóis nó muc: Lena ngabhann 40 000 áit d’éanlaith chlóis

An líon aonad beostoic

7(a)(ii)

Suiteálacha le haghaidh diantógáil éanlaithe clóis nó muc: Lena ngabhann 2 000 áit le haghaidh muca táirgthe (os cionn 30 kg)

An líon aonad beostoic

7(a)(iii)

Suiteálacha le haghaidh diantógáil éanlaithe clóis nó muc: Lena ngabhann 750 áit le haghaidh cránacha

An líon aonad beostoic

7(b)

Dian-dobharshaothrú

Tonaí na dtáirgí

8.

Táirgí ainmhíocha agus glasraí ón earnáil bia agus deochanna

8(a)

Seamlais

Tonaí na dtáirgí

8(b)(i)

Cóireáil agus próiseáil a bheartaítear chun táirgí bia nó deochanna a tháirgeadh ó na nithe seo a leanas: Amhábhair ainmhithe (seachas bainne)

Tonaí na dtáirgí

8(b)(ii)

Cóireáil agus próiseáil a bheartaítear chun táirgí bia nó deochanna a tháirgeadh ó na nithe seo a leanas: Amhábhair glasraí

Tonaí na dtáirgí

8(c)

Cóireáil agus próiseáil bainne

Tonaí na dtáirgí

9.

Gníomhaíochtaí eile

9(a)

Gléasraí le haghaidh réamhchóireála (oibríochtaí amhail níochán, tuaradh, meirsiriú) nó dathú snáithíní nó teicstílí

Tonaí na dtáirgí

9(b)

Gléasraí chun súdaireacht a dhéanamh ar sheithí agus ar chraicne

Tonaí na dtáirgí

9(c)

Suiteálacha chun cóireáil a dhéanamh ar dhromchla substaintí, earraí nó táirgí trí úsáid a bhaint as tuaslagóirí orgánacha, go háirithe maidir le cóiriú, priontála, bratú, díbhealú, uiscedhíonadh, méideanna, péinteála, glantacháin nó tuile

Tonaí tuaslagóirí orgánacha (ionchur)

9(d)

Suiteálacha chun carbóin (gual diandóite) nó leictreaghraifíte a tháirgeadh trí loscadh nó graifítiú

Tonaí na dtáirgí

9(e)

Suiteálacha chun longa a thógáil, agus a phéinteáil nó péint a bhaint díobh

Tonaí de phéint a úsáideadh agus/nó a baineadh”


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO L 227, 31.7.2014, lch. 18)

(2)  https://cdr.eionet.europa.eu/help/euregistry

(3)  Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (IO L 327, 17.12.2019, lch. 1). “PRODuction COMmunautaire” (Táirgeadh an Chomhphobail). Féach https://ec.europa.eu/eurostat/web/prodcom/overview