31.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 20/38


CINNEADH (AE) 2022/124 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Eanáir 2022

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a leasú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh 2010/465/AE ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle (2), síníodh an Prótacal chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, a síníodh an 25 agus 30 Aibreán 2007, a leasú (“an Prótacal”), an 24 Meitheamh 2010, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(2)

Dhaingnigh gach Ballstát an Prótacal, seachas Poblacht na Cróite. Tá Poblacht na Cróite le haontú don Phrótacal i gcomhréir le hAirteagal 6(2) d’Ionstraim Aontachais 2012.

(3)

Ba cheart an Prótacal a fhormheas.

(4)

Ós rud é nach bhfuil Airteagal 5 de Chinneadh 2010/465/AE, maidir le soláthar faisnéise ag na Ballstáit, riachtanach a thuilleadh, ba cheart go scoirfeadh an tAirteagal sin d’fheidhm a bheith aige ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Prótacal chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, a síníodh an 25 agus 30 Aibreán 2007 (“an Prótacal”), a leasú (3).

Airteagal 2

Rachaidh Uachtarán na Comhairle ar aghaidh, thar ceann an Aontais, le nótaí taidhleoireachta a mhalartú dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Phrótacal.

Airteagal 3

Scoirfidh Airteagal 5 de Chinneadh 2010/465/AE d’fheidhm a bheith aige ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  Toiliú an 14 Nollaig 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh 2010/465/AE ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, an 24 Meitheamh 2010 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a leasú (IO L 223, 25.8.2010, lch. 1).

(3)  Foilsíodh téacs an Phrótacail in IO L 223, 25.8.2010, lch. 3 in éineacht leis an gcinneadh tráth a shínithe.