28.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 19/67


CINNEADH (CBES) 2022/118 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Eanáir 2022

lena leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Eanáir 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/72/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/72/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha go dtí an 31 Eanáir 2023 i gcás 42 duine agus go dtí an 31 Iúil 2022 i gcás duine amháin. Thairis sin, san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin, ba cheart na ráitis ar chúiseanna a leasú i gcás triúr, agus ba cheart an fhaisnéis a bhaineann leis na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil faoi dhlí na Túinéise a leasú i gcás seachtar.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/72/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

1.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Eanáir 2023.

2.   De mhaolú ar mhír 1, beidh feidhm ag na bearta in Airteagal 1 maidir le hiontráil Uimhir 45 san Iarscríbhinn go dtí an 31 Iúil 2022.

3.   Coimeádfar an Cinneadh seo faoi athbhreithniú leanúnach. Féadfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh na cuspóirí atá leis.”;

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Eanáir 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Cinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle an 31 Eanáir 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis (IO L 28, 2.2.2011, lch. 62).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/72/CBES mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha i roinn “A. Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Forais

“7.

Halima Bent Zine El Abidine Ben Haj Hamda BEN ALI

Náisiúntacht: Túinéiseach

Áit bhreithe: Tunis, Tunisia

Dáta breithe: 17 Iúil 1992

An seoladh deiridh aici is eol dúinn: Presidential Palace, Tunis, Tunisia

Uimhir Aitheantais: 09006300

Tír eisiúna: Tunisia

Inscne: baineann

Faisnéis eile: iníon le Leïla TRABELSI,

Duine atá faoi réir imeachtaí breithiúnacha nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, agus tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile, agus baint aici le Leila Trabelsi (Uimh. 2).

29.

Ghazoua Bent Zine El Abidine Ben Haj Hamda BEN ALI

Náisiúntacht: Túinéiseach

Áit bhreithe: Le Bardo

Dáta breithe: 8 Márta 1963

An seoladh deiridh atá ar eolas: 49 avenue Habib Bourguiba — Carthage, Tunisia

Uimhir Aitheantais: 00589758

Tír eisiúna: Tunisia

Inscne: baineann

Faisnéis eile: dochtúir leighis, iníon le Naïma EL KEFI, pósta ar Slim ZARROUK

Duine atá faoi réir imeachtaí breithiúnacha nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, agus tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile, agus baint aici le Slim Zarrouk (Uimh. 30).

42.

Ghazoua Bent Hamed Ben Taher BOUAOUINA

Náisiúntacht: Túinéiseach

Áit bhreithe: Monastir

Dáta breithe: 30 Lúnasa 1982

An seoladh deiridh aici is eol dúinn: rue Ibn Maja — Khezama est — Sousse, Tunisia

Uimhir Aitheantais: 08434380

Tír eisiúna: Tunisia

Inscne: baineann

Faisnéis eile: iníon le Hayet BEN ALI, pósta ar Badreddine BENNOUR

Duine atá faoi réir imeachtaí breithiúnacha nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, agus tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile, agus baint aici le Hayet Ben Ali (Uimh. 33).”

(ii)

sna hiontrálacha seo a leanas i roinn B, “Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil faoi dhlí na Túinéise”, faoin gceannteideal “Cur i bhfeidhm na gceart chun cosanta a agus an chirt chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil”, cuirtear na habairtí deiridh seo a leanas leo:

“25.

An 15 Feabhra 2021 agus an 10 Márta 2021, thug breitheamh imscrúdaithe éisteacht don Uas. CHIBOUB i gcás 19592/1. An 31 Márta 2021, chinn an breitheamh imscrúdaithe a chás a scaradh ó chás ginearálta 19592/1. Tá cás 1137/2 ar feitheamh.

26.

An 31 Márta 2021, chinn an breitheamh imscrúdaithe a cás a scaradh ó chás ginearálta 19592/1. Tá cás 1137/2 ar feitheamh.

30.

Le breithiúnas ó Chúirt Achomhairc Thúinis dar dáta an 15 Aibreán 2021 i gcás 29443, ciontaíodh é i míleithreasú cistí poiblí.

31.

Le breithiúnas ó Chúirt Achomhairc Thúinis dar dáta an 1 Samhain 2018 i gcás 27658, ciontaíodh é i míleithreasú cistí poiblí.

33.

Le breithiúnas dar dáta an 14 Márta 2019 i gcás 40800, ciontaíodh í i míleithreasú cistí poiblí.

34.

Le breithiúnas dar dáta an 7 Eanáir 2016 i gcás 28264, ciontaíodh í i míleithreasú cistí poiblí.

46

Le breithiúnas ó Chúirt chéadchéime Thúinis dar dáta an 21 Márta 2019 i gcás 41328/19, ciontaíodh é i míleithreasú cistí poiblí.”