26.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 17/56


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/101 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Eanáir 2022

maidir le dréacht-Fhoraithne ó Ríocht na hÍsiltíre maidir le deochanna do lapadáin agus bainne do lapadáin a dtugtar fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha faoi ina leith C(2022)313)

(Is ag an téacs san Ollainnis a bheidh an t-údarás agus aige sin amháin)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bia (1), agus go háirithe Airteagal 11(2)(b) agus 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bianna déantar foráil, in éagmais forálacha de chuid an Chomhphobail, maidir le fógra a thabhairt agus measúnú a dhéanamh ar fhorálacha nua náisiúnta a bhaineann inter alia le toirmeasc nó srian ar shubstaintí áirithe eile a úsáid i monarú bianna sonraithe.

(2)

I gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 12 arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 11(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, thug údaráis na hÍsiltíre fógra don Choimisiún an 28 Iúil 2020 maidir le dréacht-fhoraithne ina bhfuil rialacha maidir le bianna atá bunaithe ar phróitéin ó bhainne bó nó ó bhainne gabhair, ar cuireadh ar a laghad vitimín, mianra, nó substaint amháin eile nó níos mó leis, agus atá ceaptha lena n-úsáid mar dheoch do leanaí óga idir bliain amháin agus 3 bliana d’aois (Foraithne maidir le deochanna do lapadáin agus bainne do lapadáin i gcomhthéacs an Ghnímh um Thráchtearraí).

(3)

Leagtar síos in Airteagal 1 den dréacht-fhoraithne sainmhíniú ar “deoch do lapadáin” agus ar “bainne do lapadáin”.

(4)

Bunaítear le hAirteagail 3 agus 4 den dréacht-fhoraithne ceanglais maidir le comhdhéanamh “deoch do lapadáin” agus “bainne do lapadáin”, lena n-áirítear srianta ar úsáid substaintí áirithe eile de réir bhrí Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006.

(5)

Go háirithe, foráiltear in Airteagal 3 den dréacht-fhoraithne maidir le ceanglais íosta chomhdhéanaimh le haghaidh próitéiní, lipidí agus carbaihiodráití mar a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 ón gCoimisiún (2).

(6)

Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 4 den dréacht-fhoraithne go mbeidh feidhm, maidir le substaintí áirithe eile, ag na ceanglais chomhdhéanaimh a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127.

(7)

Measann údaráis na hÍsiltíre go bhfuil bonn cirt leis an dréachtbheart ar fhoras sláinte an duine a chosaint. Níos cruinne fós, áitíonn údaráis na hÍsiltíre gur cheart “bainne do lapadáin” agus “deochanna do lapadáin” na ceanglais chomhdhéanaimh chéanna a chomhlíonadh le haghaidh “substaintí eile” agus iad sin a leagtar síos sa reachtaíocht chomhchuibhithe maidir le foirmlí leantacha, chun a áirithiú go gcaithfidh leanaí óga méideanna sábháilte de “shubstaintí eile”.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lenar ceanglaíodh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar cibé an bhfuil gá le forálacha sonracha le haghaidh deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla atá ceaptha le haghaidh leanaí óga, ghlac an Coimisiún tuarascáil an 31 Márta 2016 (4). Baineadh de thátal as an tuarascáil nach bhfuil aon ghá le forálacha sonracha le haghaidh na catagóire bianna sin mar gur féidir le cur i bhfeidhm ceart agus iomlán chreat ginearálta dhlí bia an Aontais comhdhéanamh deochanna bainnebhunaithe le haghaidh leanaí óga agus cumarsáid maidir le saintréithe na dtáirgí sin a rialú. Bunaíodh na conclúidí sin ar chomhairle eolaíoch an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás” anseo feasta) a eisíodh in 2013 (5) maidir le foirmlí do leanaí óga inar thug sé dá aire nach bhfuil ‘aon ról uathúil’ ag na táirgí sin agus “nach féidir a mheas go bhfuil gá leo chun riachtanais chothaitheacha leanaí óga a shásamh” má chuirtear i gcomparáid iad le bianna eile a d’fhéadfaí a áireamh mar chuid dá ngnáth-aiste bia.

(9)

Dá bhrí sin, ón 20 Iúil 2016, meastar gur gnáthbhianna iad deochanna bainne do leanaí óga agus dá bhrí sin is le rialacha cothrománacha dhlí bia an Aontais Eorpaigh amháin a chumhdaítear iad.

(10)

I gcás ina gcuirfidh Ballstát bac ar thrádáil, ba cheart é sin a bheith gan dochar d’Airteagal 34 agus Airteagal 36 den Chonradh agus ba cheart é a bheith iomchuí agus comhréireach leis an aidhm inchosanta atá le baint amach. Maidir le comhréireacht, níor cheart an beart dul thar a bhfuil riachtanach chun an aidhm inchosanta a chosaint go héifeachtach.

(11)

Ní chuireann údaráis na hÍsiltíre aon fhianaise eolaíoch ar fáil chun tacú lena n-argóint go n-achtófar rialacha breise ar an leibhéal náisiúnta agus ní léiríonn siad go bhfuil aon riosca ann do shláinte an duine a thiocfadh as ‘deochanna do lapadáin’ agus ‘bainne do lapadáin’ gan bheith ag comhlíonadh na gceanglas comhdhéanaimh sin agus ní thugann siad bunús leis an riosca sin.. Ina ionad sin, míníonn siad go bhfuil Comhairle Sláinte na hÍsiltíre i mbun taighde faoi láthair ar chaighdeáin chothúcháin agus taighde ar aiste bia leanaí idir breith agus dhá bhliain d’aois, agus ar bhonn na dtorthaí agus na comhairle sin, go bhféadfar oiriúnú na dréacht-fhoraithne a mheas.

(12)

Ina theannta sin, níor chuir údaráis na hÍsiltíre fianaise eolaíoch ar fáil a chaithfeadh amhras ar an gcomhairle eolaíoch a chuir an tÚdarás ar fáil in 2013 (6) agus ar ar bhunaigh an Coimisiún a chonclúidí ina thuarascáil a glacadh in 2016. Fuarthas amach i gconclúidí Thuarascáil 2016 ón gCoimisiún maidir le deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla atá ceaptha le haghaidh leanaí óga nach bhfuil aon ghá le forálacha sonracha maidir le ceanglais chomhdhéanaimh amhail na ceanglais atá sa dréacht ar tugadh fógra ina leith le haghaidh bia a chaitheann leanaí óga.

(13)

Dá bhrí sin, níor chuir údaráis na hÍsiltíre aon údar eolaíoch ar fáil a thabharfadh bunús leis an ngá ceanglais shonracha chomhdhéanaimh a leagan síos maidir le “substaintí eile” le haghaidh na dtáirgí a chuirtear ar an margadh mar “dheochanna do lapadáin” agus “bainne do lapadáin”.

(14)

I gcomhréir le forálacha Airteagal 12(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe an 5 Deireadh Fómhair 2020.

(15)

I bhfianaise na mbarúlacha sin, thug an Coimisiún tuairim dhiúltach an 27 Eanáir 2021 maidir leis an dréacht ar tugadh fógra faoi, go háirithe maidir le hAirteagail 3 agus 4 de, de bhun Airteagal 12(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 agus ní mór dó tús a chur leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 12(3) den Rialachán sin.

(16)

Ba cheart, dá réir sin, a iarraidh ar údaráis na hÍsiltíre gan Airteagail 3 agus 4 den dréacht-fhoraithne atá i gceist a ghlacadh ós rud é, ar bhonn na mbarúlacha thuas, nár thug siad na réasúnuithe ba ghá chun iad a ghlacadh agus go raibh na hAirteagail sin faoi réir tuairim dhiúltach ón gCoimisiún ón 27 Eanáir 2021.

(17)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal aonair

Ar bhonn bharúlacha an Choimisiúin ina tuairim dhiúltach agus an Chinnidh seo, ní ghlacfaidh Ríocht na hÍsiltíre Airteagail 3 agus 4 den dréacht-Fhoraithne maidir le deochanna do lapadáin agus bainne do lapadáin i gcomhthéacs an Ghnímh um Thráchtearraí, rud a chuir sí in iúl don Choimisiún de bhun Airteagal 11(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, agus a bhí faoi réir tuairim dhiúltach ón gCoimisiún a cuireadh in iúl d’údaráis na hÍsiltíre an 27 Eanáir 2021.

Dírítear an Cinneadh seo chuig Ríocht na hÍsiltíre.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 404, 30.12.2006, lch. 26.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais shonracha i ndáil le comhdhéanamh agus faisnéis le haghaidh bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach do naíonáin agus a mhéid a bhaineann leis na ceanglais i ndáil le faisnéis a bhaineann le beathú naíonán agus leanaí óga (IO L 25, 2.2.2016, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE agus 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialacháin (CE) Uimh. 41/2009 agus (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35).

(4)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le foirmlí do leanaí óga (COM/2016/0169 final)

(5)  Painéal EFSA maidir le Táirgí Diaitéiteacha, Cothú agus Ailléirgí, 2013, ‘ Scientific Opinion on nutrient requirements and dietary intakes of infants and young children in the European Union ’, [Tuairim Eolaíoch maidir le ceanglais chothaitheach agus iontógálacha cothúcháin naíonán agus leanaí óga san Aontas Eorpach], Iris EFSA 2013;11(10):3408.

(6)  Ibid.