21.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 14/23 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/88 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Eanáir 2022
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/53/AE a mhéid a bhaineann le húdarú do Ríocht na Beilge an beart speisialta de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a chur i bhfeidhm go ceann tréimhse eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/53/AE ón gComhairle (2), údaraíodh do Ríocht na Beilge beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE chun daoine inchánacha nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 25 000 a dhíolmhú ó cháin bhreisluacha (CBL) go dtí an 31 Nollaig 2015 (“an beart speisialta”). Cuireadh síneadh leis an údarú sin ar dtús le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2348 ón gComhairle (3) go dtí an 31 Nollaig 2018 agus, ina dhiaidh sin, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2077 ón gComhairle (4) go dtí an 31 Nollaig 2021. |
(2) |
I litir dar dáta an 5 Bealtaine 2021, chuir an Bheilg iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar údarú chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024, an dáta faoina ndéanfaidh na Ballstáit Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle (5) a thrasuí, lena leagtar síos rialacha CBL níos simplí d’fhiontair bheaga. Leis an Treoir sin, ceadaítear do na Ballstáit freisin daoine inchánach nach sáraíonn a láimhdeachas bliantúil tairseach de EUR 85 000 a dhíolmhú. |
(3) |
De bhun Airteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a rinne an Bheilg chuig na Ballstáit eile, trí litir dar dáta an 29 Meitheamh 2021. I litir dar dáta an 30 Meitheamh 2021, thug an Coimisiún fógra don Bheilg go raibh an fhaisnéis ar fad aige a bhí riachtanach chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh. |
(4) |
Tá an beart speisialta i gcomhréir le Treoir (AE) 2020/285, lena bhféachtar le costais chomhlíontachta CBL d’fhiontair bheaga, saobhadh iomaíochta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, agus an tionchar diúltach atá ag an aistriú ó dhíolmhú go cánachas (éifeacht na tairsí) a laghdú. Féachann sí freisin le comhlíonadh ag fiontair bheaga a éascú chomh maith le faireachán ag údaráis chánach. Tá an tairseach EUR 25 000 comhsheasmhach leis an tairseach nua don díolúine arna leagan síos le Treoir (AE) 2020/285. |
(5) |
Leanfaidh an beart speisialta de bheith roghnach do dhaoine inchánacha. Féadfaidh daoine inchánacha na gnáthshocruithe CBL a roghnú fós de bhun Airteagal 290 de Threoir 2006/112/CE. |
(6) |
De réir na faisnéise arna cur ar fáil ag an mBeilg, ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailíonn an Bheilg ag céim an tomhaltais chríochnaithigh. |
(7) |
Tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle (6), ní dhéanfaidh an Bheilg aon ríomh ar chúiteamh maidir leis an ráiteas faoi acmhainní dílse CBL don bhliain airgeadais 2021 ar aghaidh. |
(8) |
I bhfianaise thionchar dearfach an bhirt speisialta maidir le hoibleagáidí a bhaineann le CBL a shimpliú tríd an ualach riaracháin agus na costais chomhlíontachta a laghdú d’fhiontair bheaga agus údaráis chánach araon, agus i bhfianaise na heaspa tionchar mór ar an ioncam iomlán CBL a ghintear, ba cheart údarú a thabhairt don Bheilg an beart speisialta a chur i bhfeidhm go ceann tréimhse eile. |
(9) |
Ba cheart teorainn ama a bheith leis an údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm. Ba cheart gur leor an teorainn ama chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus oiriúnacht na tairsí. Thairis sin, de bhun Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2020/285, tá na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 1 den Treoir sin a chomhlíonadh le glacadh agus le foilsiú ag na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2024, agus tá na forálacha sin le cur i bhfeidhm acu ón 1 Eanáir 2025. Is iomchuí, dá bhrí sin, an Bheilg a údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024. |
(10) |
Chun éifeachtaí suaiteacha a sheachaint, ba cheart cead a bheith ag an mBeilg an beart speisialta a chur i bhfeidhm gan bhriseadh. Ba cheart, dá bhrí sin, an t-údarú a iarradh a dheonú le héifeacht ón 1 Eanáir 2022, chun leanúint gan uaim de na réamhshocruithe faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/53/AE. |
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/53/AE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/53/AE:
“Airteagal 2
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2024.”.
Airteagal 2
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an lá a thabharfar fógra faoi.
Airteagal 3
Is chuig Ríocht na Beilge a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Eanáir 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
B. LE MAIRE
(1) IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/53/AE ón gComhairle an 22 Eanáir 2013 lena n-údaraítear do Ríocht na Beilge beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 22, 25.1.2013, lch. 13).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2348 ón gComhairle an 10 Nollaig 2015 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/53/AE lena n-údaraítear do Ríocht na Beilge beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 330, 16.12.2015, lch. 51).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2077 ón gComhairle an 20 Nollaig 2018 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/53/AE lena n-údaraítear do Ríocht na Beilge beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 331, 28.12.2018, lch. 222).
(5) Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d’fhiontair bheaga agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis an gcomhar riaracháin agus leis an malartú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta d’fhiontair bheaga (IO L 62, 2.3.2020, lch. 13).
(6) Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 maidir leis na comhshocraíochtaí aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú (IO L 165, 11.5.2021, lch. 9).