7.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 4/6


CINNEADH (AE) 2022/10 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Nollaig 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 22ú cruinniú de na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (Coinbhinsiún Barcelona) gona Phrótacail a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena leasaítear Iarscríbhinní I, II agus IV a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú ó Fhoinsí agus Gníomhaíochtaí ar Talamh (Prótacal LBS)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe a Airteagal 192(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Prótacal leasaithe a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (“Coinbhinsiún Barcelona”) i dtaca le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú ó Fhoinsí agus Gníomhaíochtaí ar Talamh (“Prótacal LBS”), thug an tAontas i gcrích é trí bhíthin Chinneadh 1999/801/CE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 11 Bealtaine 2008.

(2)

De bhun Airteagal 18(2), pointe (iii), de Choinbhinsiún Barcelona, tá cruinniú de na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail le leasuithe a ghlacadh ar na hiarscríbhinní a ghabhann leis na Prótacail a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

(3)

Ag an 22ú cruinniú dá gcuid, ón 7 go dtí 10 Nollaig 2021, táthar ag súil go nglacfaidh na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail, cinneadh (“Cinneadh ó na Páirtithe Conarthacha”) lena leasaítear na hIarscríbhinní I, II agus IV a ghabhann le Prótacal LBS chun forbairtí rialála, eolaíocha agus teicniúla a bhaineann le foinsí agus gníomhaíochtaí ar talamh a chur san áireamh ar baineadh amach iad ar an leibhéal domhanda agus réigiúnach.

(4)

Is le cosaint an chomhshaoil, ar inniúlacht chomhroinnte í idir an tAontas agus na Ballstáit faoi Airteagal 4(2), pointe (e), den Chonradh a bhaineann Cinneadh ó na Páirtithe Conarthacha. Ní chuimsítear Cinneadh ó na Páirtithe Conarthacha faoi aon réimse a chumhdaítear den chuid is mó le rialacha an Aontais maidir leis an gcosaint sin. Níl sé de rún ag an Aontas úsáid a bhaint as an bhféidearthacht a inniúlacht sheachtrach a fheidhmiú maidir le réimsí a chumhdaítear le Cinneadh ó na Páirtithe Conarthacha nár feidhmíodh a inniúlacht go hinmheánach ina leith go fóill.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinniú de na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail a bhunú, ó tharla go mbaineann Cinneadh ó na Páirtithe Conarthacha le leasuithe a ghlacadh ar Iarscríbhinní I, II agus IV a ghabhann leis an bPrótacal LBS, leasuithe a bheidh ina gceangal ar an Aontas.

(6)

Toisc go ndéanfar i ngeall ar na leasuithe ar atá beartaithe ar Iarscríbhinní I, II agus IV a ghabhann le Prótacal LBS ceanglais a bhaineann le cosaint na Meánmhara a nuashonrú, difear do ghealltanais agus uaillmhianta idirnáisiúnta an Aontais, agus feabhas a chur ar chosaint an chomhshaoil, ba cheart don Aontas tacú le glacadh an Chinnidh ó na Páirtithe Conarthacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 22ú cruinniú de na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail tacú le cinneadh a ghlacadh lena leasaítear Iarscríbhinní I, II agus IV a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú ó Fhoinsí agus Gníomhaíochtaí ar Talamh.

Airteagal 2

I bhfianaise forbairtí ag an 22ú cruinniú de na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail, féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a mhionchoigeartú le linn na gcruinnithe comhordaithe a bheidh ar siúl ar an láthair gan cinneadh dá éis sin ón gComhairle.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. VRTOVEC


(1)  Cinneadh 1999/801/CE ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 1999 maidir leis na leasuithe ar an bPrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara ar thruailliú ó fhoinsí ar talamh a ghlacadh (Coinbhinsiún Barcelona) (IO L 322, 14.12.1999, lch. 18).