5.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/508


CINNEADH (AE) 2022/1837 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 4 Bealtaine 2022

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0107/2022),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagail 71 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1488 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2018 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú (4),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (5),

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 110/2014 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an samhailrialachán airgeadais le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 209 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialahchán airgeadais le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7),

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0078/2022),

 

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2020;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

 

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArdrúnaí

Klaus WELLE


(1)   IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.

(2)   IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 252, 8.10.2018, lch. 1.

(5)   IO L 256, 19.7.2021, lch. 3.

(6)   IO L 38, 7.2.2014, lch. 2.

(7)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.