5.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/282


CINNEADH (AE) 2022/1755 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 4 Bealtaine 2022

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne (EIGE) don bhliain airgeadais 2020

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Institiúid i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0084/2022),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) 1922/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le hInstitiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (4)a bhunú, agus go háirithe Airteagal 15 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0091/2022),

 

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide don bhliain airgeadais 2020;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

 

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArdrúnaí

Klaus WELLE


(1)   IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697

(2)   IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 403, 30.12.2006, lch. 9.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.