5.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/181


CINNEADH (AE) 2022/1715 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 4 Bealtaine 2022

maidir le dúnadh chuntais an ochtú, an naoú, an 10ú agus an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta don bhliain airgeadais 2020

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do na ráitis airgeadais agus do na cuntais ioncaim agus caiteachais don ochtú, don naoú, don 10ú agus don 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020 (COM(2021) 379 — C9-0310/2021)),

ag féachaint don fhaisnéis airgeadais maidir leis na Cistí Eorpacha Forbraíochta (COM(2021) 379),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an ochtú, ag an naoú, ag an 10ú agus ag an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta don bhliain airgeadais 2020, mar aon leis na freagraí ón gCoimisiún (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholtaí ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Choimisiún i ndáil le cur chun feidhme oibríochtaí na gCistí Eorpacha Forbraíochta don bhliain airgeadais 2020 (00553/2022 — C9-0114/2022, 00554/2022 — C9-0115/2022, 00555/2022 — C9-0116/2022, 00556/2022 — C9-0117/2022),

ag féachaint do na tuarascálacha ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar an urscaoileadh don bhliain airgeadais 2019 (COM(2021) 405), agus ar an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis (SWD(2021) 132),

ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a síníodh in Cotonou (Beinin) an 23 Meitheamh 2000  (3) agus a leasaíodh in Ouagadougou, Buircíne Fasó, an 22 Meitheamh 2010  (4),

ag féachaint do Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (‘an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear’) (5),

ag féachaint d’Airteagal 33 de Chomhaontú Inmheánach an 20 Nollaig 1995 idir ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile i gcruinniú dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú agus riar chabhair an Chomhphobail faoin Dara Prótacal Airgeadais a ghabhann le ceathrú Coinbhinsiún ACC-CE (6),

ag féachaint d’Airteagal 32 de Chomhaontú Inmheánach an 18 Meán Fómhair 2000 idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile i gcruinniú dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le Maoiniú agus Riaradh Cabhrach Comhphobail faoin bPrótacal Airgeadais a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta idir na Stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, arna shíniú in Cotonou (Beinin) an 23 Meitheamh 2000 agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair de Chonradh CE maidir leo (7),

ag féachaint d’Airteagal 11 de Chomhaontú Inmheánach an 24 agus an 26 Meitheamh 2013 idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile i gcruinniú dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cabhair ón Aontas Eorpach a mhaoiniú faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020 i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE agus maidir le cúnamh airgeadais a leithdháileadh do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (8),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 74 de Rialachán Airgeadais an 16 Meitheamh 1998 is infheidhme maidir le comhar airgeadais forbraíochta faoin gceathrú Coinbhinsiún ACC-CE (9),

ag féachaint d’Airteagal 119 de Rialachán Airgeadais an 27 Márta 2003 is infheidhme maidir leis an 9ú Ciste Eorpach Forbraíochta (10),

ag féachaint d’Airteagal 50 de Rialachán (CE) Uimh. 215/2008 ón gComhairle an 18 Feabhra 2008 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir leis an 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta (11),

ag féachaint d’Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2015/323 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (12).

ag féachaint do Riail 99 agus don tríú fleasc de Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0124/2022),

 

1.

ag formheas dhúnadh chuntais an ochtú, an naoú, an 10ú agus an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta don bhliain airgeadais 2020;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

 

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArdrúnaí

Klaus WELLE


(1)   IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.

(2)   IO C 438, 28.10.2021, lch. 137.

(3)   IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.

(4)   IO L 287, 4.11.2010, lch. 3.

(5)   IO L 344, 19.12.2013, lch. 1.

(6)   IO L 156, 29.5.1998, lch. 108.

(7)   IO L 317, 15.12.2000, lch. 355.

(8)   IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.

(9)   IO L 191, 7.7.1998, lch. 53.

(10)   IO L 83, 1.4.2003, lch. 1.

(11)   IO L 78, 19.3.2008, lch. 1.

(12)   IO L 58, 3.3.2015, lch. 17.