5.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/38


CINNEADH (AE, Euratom) 2022/1690 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 4 Bealtaine 2022

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún

TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (1),

ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021) 381 — C9-0258/2021) (2),

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2019 (COM(2021) 405), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2020 ón gCoimisiún ar Bhainistiú agus ar Fheidhmíocht i ndáil le Buiséad an Aontais (COM(2021) 301),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2020 (COM(2021) 292), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2021)132),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020, mar aon leis na freagraí ó na hinstitiúidí (3), don tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le feidhmíocht bhuiséad an Aontais — an stádas ag deireadh 2020, mar aon le freagraí na n-institiúidí (4) agus do na tuarascálacha speisialta ón gCúirt Iniúchóirí,

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 15 Márta 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Choimisiún i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06001/2022 — C9-0061/2022),

ag féachaint d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de,

ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0127/2022),

 

1.

ag deonú urscaoileadh don Choimisiún i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020;

2.

ag leagan amach a bharúlacha sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus chuig na parlaimintí náisiúnta agus chuig institiúidí iniúchóireachta náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát, agus socrú a dhéanamh go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L) iad.

 

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArdrúnaí

Klaus WELLE


(1)   IO L 57, 27.2.2020, lch. 1.

(2)   IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.

(3)   IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.

(4)   IO C 458, 12.11.2021, lch. 21.

(5)   IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.

(6)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.