|
24.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 145/44 |
CINNEADH (AE) 2022/811 ÓN mBORD RÉITIGH AONAIR
an 24 Márta 2022
ar urscaoileadh maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme agus le cuntais an Bhoird Réitigh Aonair (“BRA”) a dhúnadh don bhliain airgeadais 2020 (SRB/PS/2022/03)
(Is é an leagan Béarla amháin atá barántúil)
TÁ AN BORD RÉITIGH AONAIR,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta ar leith a réiteach sa chreat de Shásra Réitigh Aonair agus de Chiste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (1), agus go sonrach, Airteagail 50(1)(b) agus 63(8) den Rialachán SRA,
Ag féachaint d’Airteagail 97, 98 agus 99 de Rialachán Airgeadais an BRA an 17 Eanáir 2020,
Ag féachaint do Chuntais Bhliantúla Deiridh an BRA don bhliain airgeadais 2020 mar a glacadh iad ar an 30 Meitheamh 2021 (“Cuntais Bhliantúla Deiridh 2020”),
Ag féachaint do Chuntais Bhliantúla Deiridh an BRA don bhliain airgeadais 2020 mar a glacadh iad ar an 7 Bealtaine 2021 (“Cuntais Bhliantúla Deiridh 2020”),
Ag féachaint don Tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le cuntais bhliantúla an Bhoird Réitigh Aonair (BRA) don bhliain airgeadais 2020, mar aon leis na freagraí ó BRA (“Tuarascáil Bhliantúil 2020 ón gCúirt Iniúchóirí”),
Ag féachaint don Tuarascáil ar Chuntais Bhliantúla Deiridh 2020 lena n-áirítear tuairimí iniúchóireachta an 16 Meitheamh 2021 arna n-ullmhú ag Mazars Réviseurs d’Enterprises (“Tuarascáil Iniúchta 2020 Mazars”),
Ag féachaint don Tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (de bhun Airteagal 92(4) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014) maidir le haon dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as feidhmiú a gcúraimí ag an mBord Réitigh Aonair, ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún faoi Rialachán SRA don bhliain airgeadais 2020 (“Tuarascáil um Dhliteanais Teagmhasacha na Cúirte Iniúchóirí 2020”),
Ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil an Iniúchta Inmheánaigh 2020 an 14 Nollaig 2020,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal aonair
1. Urscaoileadh a thabhairt do Chathaoirleach an BRA maidir le buiséad an BRA a chur chun feidhme don bhliain airgeadais 2020;
2. Dúnadh na gcuntas BRA a fhaomhadh don bhliain airgeadais 2020;
3. A thuairimí a leagan amach sa rún thíos;
4. Treoir a thabhairt do Chathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair an Cinneadh seo a chur in iúl don Chomhairle, don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí, lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L), agus ar shuíomh gréasáin an BRA a shocrú.
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a shínithe.
Thar ceann an Bhoird Réitigh Aonair,
Birgit RODOLPHE
Comhalta Iomlánach