22.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 458/486


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2290 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Nollaig 2021

lena leagtar síos rialacha maidir leis na modhanna chun na comhtháscairí aschuir agus toraidh a ríomh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 133 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/2115, leagtar síos creat dlíthiúil nua maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) chun feabhas a chur ar an gcaoi a mbaintear cuspóirí an Aontais amach leis. Leagtar síos leis an Rialachán sin cuspóirí an Aontais i ndáil le CBT agus sainítear ann na cineálacha idirghabhála mar aon le ceanglais choiteanna an Aontais is infheidhme maidir leis na Ballstáit agus, san am céanna, solúbthacht á fágáil faoi na Ballstáit i gceapadh na n-idirghabhálacha atá le soláthar ina bPleananna Straitéiseacha CBT. Ní mór do na Ballstáit na Pleananna Straitéiseacha CBT a tharraingt suas agus a dtograí le haghaidh na bpleananna sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2022.

(2)

De bhun Airteagal 128 de Rialachán (AE) 2021/2115, bunófar creat feidhmíochta chun gur féidir tuairisciú, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an Phlean Straitéisigh CBT le linn a chur chun feidhme. Chun na críche sin, leagtar amach comhtháscairí aschuir agus toraidh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, comhtháscairí atá mar bhonn le sásra an imréitigh feidhmíochta agus le sásra an athbhreithnithe feidhmíochta, agus atá mar bhonn le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar CBT. Is gá rialacha soiléire coiteanna a leagan síos maidir leis na modhanna chun na táscairí sin a ríomh.

(3)

Ós rud é gur gá do na Ballstáit rialacha a bheith acu maidir leis na modhanna chun na comhtháscairí aschuir agus toraidh a ríomh agus a ndréachtphleananna straitéiseacha CBT á bhforbairt acu lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2022, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste an Chomhbheartais Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

San Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leagtar síos na modhanna chun na comhtháscairí aschuir agus toraidh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 a ríomh.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 435, 6.12.2021, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

MODHANNA CHUN NA COMHTHÁSCAIRÍ ASCHUIR AGUS TORAIDH A LEAGTAR AMACH IN IARSCRÍBHINN I A GHABHANN LE RIALACHÁN (AE) 2021/2115 A RÍOMH

TÁSCAIRÍ ASCHUIR

Modhanna ríofa le haghaidh táscairí aschuir atá le húsáid i gcás imréiteach feidhmíochta

1.

Agus táscairí á ríomh chun críche imréitigh feidhmíochta, cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

is in aghaidh na bliana airgeadais talmhaíochta a bheidh an phleanáil aschur agus déanfar í mar a leanas:

(i)

in aghaidh na hidirghabhála. Má bhunaítear roinnt aonadmhéideanna le haghaidh idirghabhála, féadfar aschuir a phleanáil in aghaidh an aonadmhéid, maidir le grúpaí aonadmhéideanna nó gach aonadmhéid. Má bhunaítear níos mó ná aonad tomhais amháin le haghaidh tháscaire aschuir na hidirghabhála, déanfar an phleanáil in aghaidh an aonaid tomhais;

(ii)

in aghaidh na hearnála i gcás idirghabhálacha in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na leannlusanna, in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird agus sna hearnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f) de Rialachán (AE) 2021/2115;

(b)

is in aghaidh na bliana airgeadais talmhaíochta a dhéanfar tuairisciú ar aschuir agus déanfar é sin ar na hidirghabhálacha uile a ndearnadh íocaíochtaí lena n-aghaidh laistigh den bhliain airgeadais talmhaíochta lena mbaineann mar a leanas:

(i)

in aghaidh an aonadmhéid;

(ii)

in aghaidh an chláir oibríochtúil in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na leannlusanna, in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird agus sna hearnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f) de Rialachán (AE) 2021/2115;

(c)

ní dhéanfar aschuir a ghintear le hidirghabháil a phleanáil agus a thuairisciú ach uair amháin faoin táscaire aschuir a bhaineann leis an idirghabháil sin sa Phlean Straitéiseach CBT;

(d)

i gcás ina n-áirítear le hidirghabháil tacaíocht i bhfoirm deontas agus ionstraimí airgeadais, ríomhfar an táscaire aschuir le haghaidh gach cineáil tacaíochta;

(e)

comhfhreagróidh an luach aschuir a thuairisceofar don sciar den chaiteachas a íocadh go héifeachtach le haghaidh an aschuir sin laistigh den bhliain airgeadais talmhaíochta lena mbaineann. Déanfar aschuir pháirteacha a thuairisciú le haghaidh idirghabhálacha a chuirtear i gcrích go páirteach sa bhliain airgeadais talmhaíochta áirithe sin.

Tuairisciú airleacan i dtáscairí aschuir atá le húsáid i gcás imréiteach feidhmíochta

2.

Maidir le hidirghabhálacha a ndearnadh íocaíocht lena n-aghaidh i bhfoirm airleacan dá dtagraítear in Airteagal 32(4) pointe (a), agus (5) agus in Airteagal 44(3) de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) roimh sheachadadh an aschuir chomhfhreagraigh, ní áireofar iad sin sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht i gcomhréir le hAirteagal 128 de Rialachán (AE) 2021/2115 le haghaidh na bliana airgeadais talmhaíochta inar íocadh an t-airleacan. Déanfar na hairleacain sin a thuairisciú le haghaidh na bliana airgeadais talmhaíochta ina n-íocfar as an aschur ina iomláine.

Tuairisciú luachanna comhiomlána táscairí aschuir agus luachanna tháscairí aschuir O.3 agus O.34 atá le húsáid chun críoch faireacháin, cumarsáide agus meastóireachta

3.

Beidh feidhm ag an méid seo a leanas agus luachanna comhiomlána táscairí aschuir mar aon le luachanna aschuir eile á dtuairisciú:

(a)

agus táscairí aschuir a úsáidtear le haghaidh imréiteach feidhmíochta á dtuairisciú, áireoidh na Ballstáit na luachanna comhiomlána seo a leanas freisin:

(i)

an t-aschur iomlán in aghaidh na hidirghabhála i gcás ina mbunaítear roinnt aonadmhéideanna le haghaidh idirghabhála;

(ii)

an t-aschur iomlán in aghaidh an aonaid tomhais i gcás ina mbunaítear roinnt aonaid tomhais le haghaidh idirghabhála;

(iii)

an t-aschur iomlán in aghaidh an chineáil idirghabhála i gcás ina bhfuil roinnt idirghabhálacha ag cineál idirghabhála;

(iv)

an t-aschur iomlán in aghaidh an aonaid tomhais agus, i gcás inarb iomchuí, an t-aschur iomlán agus aonad tomhais coiteann á úsáid i gcás ina n-áirítear leis an gcineál idirghabhálacha roinnt idirghabhálacha a dtomhaistear a n-aschur le haonaid tomhais dhifriúla;

(v)

maidir le táscairí aschuir O.4, O.36 agus O.37, i gcás nach mbaineann idirghabhálacha leis an gcineál céanna idirghabhála, an t-aschur iomlán le haghaidh na n-idirghabhálacha sin;

(b)

Soláthróidh na Ballstáit luachanna go bliantúil le haghaidh na dtáscairí aschuir seo a leanas nach n-úsáidtear le haghaidh imréiteach feidhmíochta:

(i)

táscaire aschuir O.3:

soláthrófar luach an táscaire sin in aghaidh na hidirghabhála agus in aghaidh an chineáil idirghabhála;

soláthrófar líon na dtairbhithe de thacaíocht CBT ar feirmeoirí iad agus líon iomlán na bhfeirmeoirí a fhaigheann íocaíochtaí díreacha;

soláthrófar líon na dtairbhithe de thacaíocht CBT ar feirmeoirí iad de réir inscne;

déanfar na tairbhithe a áireamh ina n-iomláine;

(ii)

táscaire aschuir O.34:

soláthrófar líon iomlán na heicteár dá dtugtar tacaíocht CBT a chumhdaítear leis na ceanglais reachtúla bhainistíochta ábhartha (CRB), dea-riochtaí talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC) a bhunaítear faoi Theideal III, Caibidil I, Roinn 2 de Rialachán (AE) 2021/2115 agus faoi chleachtais chomhshaoil a bhunaítear de bhun Airteagail 31 agus 70 agus Teideal III, Caibidil III, den Rialachán sin, seachas le haghaidh idirghabhálacha atá beartaithe in aonaid eile;

soláthrófar líon iomlán na heicteár faoi chleachtais chomhshaoil a bhunaítear faoi Airteagail 31 agus 70 agus Teideal III, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2021/2115. seachas le haghaidh idirghabhálacha atá beartaithe in aonaid eile;

déanfar na heicteáir a áireamh ina n-iomláine.

Modhanna ríofa le haghaidh luachanna comhiomlána táscairí aschuir atá le húsáid chun críoch faireacháin, cumarsáide agus meastóireachta

4.

Agus luachanna comhiomlána táscairí aschuir á ríomh, déanfar na haschuir a áireamh mar seo a leanas:

(a)

i gcás luachanna comhiomlána táscairí aschuir a bhaineann le hidirghabhálacha a chumhdaítear leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 65(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 (an “córas comhtháite”) agus a bhaineann le hidirghabhálacha a íoctar ina n-iomláine laistigh den bhliain airgeadais agus nach gcumhdaítear leis an gcóras comhtháite, déanfar na haschuir a áireamh ina n-iomláine i gcónaí;

(b)

i gcás luachanna comhiomlána táscairí aschuir a bhaineann le hidirghabhálacha nach gcumhdaítear leis an gcóras comhtháite a íoctar i dtráthchodanna difriúla thar roinnt blianta, déanfar aschuir pháirteacha a chomhaireamh.

Maoiniú náisiúnta breise le haghaidh táscairí aschuir

5.

I gcás ina ndeonaítear tacaíocht mar mhaoiniú náisiúnta breise dá dtagraítear in Airteagal 115(5) de Rialachán (AE) 2021/2115 (‘an maoiniú náisiúnta breise’), beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

leis na haschuir atá beartaithe, áireofar na haschuir a ghintear le maoiniú náisiúnta breise;

(b)

tuairisceofar aschuir a ghintear le maoiniú náisiúnta breise ar leithligh ó na haschuir a ghintear le caiteachas poiblí eile seachas maoiniú náisiúnta breise;

(c)

ní chuirfear san áireamh aschuir a ghintear le maoiniú náisiúnta breise chun críche imréitigh feidhmíochta;

(d)

cuirfear san áireamh aschuir a ghintear le maoiniú náisiúnta breise agus luachanna comhiomlána táscairí aschuir á ríomh chun críche faireacháin, cumarsáide agus meastóireachta.

Rialacha maidir le háireamh dúbailte a sheachaint i dtáscairí aschuir atá le húsáid chun críoch faireacháin, cumarsáide agus meastóireachta

6.

Chun luachanna comhiomlána táscairí aschuir a ríomh gan áireamh dúbailte, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

i gcás ina gcumhdaítear aonad aschuir le roinnt idirghabhálacha ábhartha, nó roinnt oibríochtaí laistigh den idirghabháil chéanna, ní dhéanfar an t-aonad aschuir sin a áireamh ach uair amháin agus an luach comhiomlán á ríomh;

(b)

le luachanna comhiomlána táscairí aschuir a bhaineann le hidirghabháil a chumhdaítear leis an gcóras comhtháite agus a thuairiscítear sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht le haghaidh na bliana airgeadais talmhaíochta N-1, áireofar líon na n-aonad dá dtugtar íocaíocht pháirteach nó íocaíocht iomlán sa bhliain airgeadais talmhaíochta N-1 i ndáil le hidirghabhálacha a thuairiscítear sa bhliain N-2;

(c)

i gcás ina gcuirtear teidlíochtaí íocaíochta nó uastairseacha i bhfeidhm, tuairisceoidh na Ballstáit an limistéar ábhartha ar cinneadh é a bheith incháilithe d’íocaíocht tar éis rialuithe riaracháin agus sula gcuirfidh siad na teorainneacha sin i bhfeidhm faoi na táscairí aschuir ábhartha.

TÁSCAIRÍ TORAIDH

Nasc idir cuspóirí sonracha, táscairí toraidh agus idirghabhálacha

7.

Ina bPlean Straitéiseach CBT, sainaithneoidh na Ballstáit naisc idir cuspóirí sonracha, táscairí toraidh agus idirghabhálacha mar seo a leanas:

(a)

Sainaithneoidh na Ballstáit nasc idir táscairí toraidh agus cuspóirí sonracha. Féadfar táscaire toraidh a nascadh le níos mó ná cuspóir sonrach amháin;

(b)

nascfar idirghabhálacha leis na táscairí toraidh uile a bhfuil na hidirghabhálacha sin ina rannchuidiú leo go díreach agus go mór;

(c)

ní shannfar don táscaire toraidh sin ach oibríochtaí laistigh d’idirghabháil atá ina rannchuidiú go díreach nó go mór le táscaire toraidh;

(d)

féadfaidh idirghabháil aonair, nó oibríocht aonair laistigh d’idirghabháil amháin, a bheith ina rannchuidiú le níos mó ná táscaire toraidh amháin;

(e)

sannfar luach an aschuir a ghintear le hoibríocht ina iomláine don táscaire toraidh ábhartha nó do na táscairí toraidh ábhartha i gcónaí, lena n-áirítear i gcás ina nasctar é le tuilleadh táscairí toraidh;

(f)

gealltanais bhainistíochta agus infheistíochtaí lena rannchuidítear leis an gcuspóir céanna, nascfar iad sin le táscairí toraidh ar leithligh, seachas i gcás tháscairí toraidh R.43 agus R.44;

(g)

nascfar táscaire toraidh R.35 le hidirghabhálacha in earnáil na beachaireachta a áirítear sa chineál idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 55(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115. Ní thuairisceofar na hidirghabhálacha sin ach amháin faoi tháscaire toraidh R.35;

(h)

limistéir atá faoi réir CRB agus DRTC amháin, ní áireofar iad i ríomh na dtáscairí toraidh, seachas i gcás táscaire toraidh R.4, atá ceaptha go sonrach chun an sciar den limistéar talmhaíochta dá dtugtar tacaíocht ioncaim CBT agus atá faoi réir coinníollachta a ghabháil.

Modhanna ríofa mionsonraithe le haghaidh táscairí toraidh

8.

Agus táscairí toraidh á bpleanáil agus á dtuairisciú sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht, cuirfear na pointí seo a leanas san áireamh:

(a)

ríomhfar luachanna le haghaidh táscairí toraidh ina n-iomláine le haghaidh na bliana airgeadais talmhaíochta ina ndéantar an chéad íocaíocht, fiú amháin mura ndéantar ach íocaíocht pháirteach sa bhliain airgeadais thalmhaíochta lena mbaineann;

(b)

de mhaolú ar phointe (a), i gcás tháscaire toraidh R.37, déanfar luachanna a áireamh ina n-iomláine tráth a chríochnófar an oibríocht;

(c)

maidir le luachanna a bhaineann le híocaíochtaí i bhfoirm airleacan dá dtagraítear in Airteagal 32(4), pointe (a) agus (5) agus in Airteagal 44(2), an dara fomhír, agus (3) de Rialachán (AE) 2021/2116, ní áireofar iad sin i gcainníochtú na dtáscairí toraidh ábhartha roimh sheachadadh an aschuir chomhfhreagraigh;

(d)

ríomhfar luachanna bliantúla le haghaidh tháscairí toraidh R.4, R.5, R.6, R.7, R.8, R.11, R.12, R.13, R.14, R.19, R.20, R.21, R.22, R.23, R.24, R.25, R.29, R.30, R.31, R.33, R.34, R.43 agus R.44;

(e)

ríomhfar luachanna carnacha le haghaidh tháscairí toraidh R.1, R.2, R.3, R.9, R.10, R.15, R.16, R.17, R.18, R.26, R.27, R.28, R.32, R.35, R.36, R.37, R.38, R.39, R.40 R.41 agus R.42;

(f)

baineann táscaire toraidh R.4 leis an limistéar a chumhdaítear le gach cineál idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí díreacha dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II de Rialachán (AE) 2021/2115 mar aon le tacaíocht do limistéar faoi shrianta nádúrtha nó faoi shrianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán sin agus le tacaíocht do mhíbhuntáistí de thoradh ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar dá dtagraítear in Airteagal 72 den Rialachán sin;

(g)

baineann táscaire toraidh R.6 le gach cineál idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí díreacha dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II, de Rialachán (AE) 2021/2115, seachas idirghabhálacha i bhfoirm na híocaíochta barrshonraí le haghaidh cadáis dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán sin;

(h)

baineann táscaire toraidh R.7 le gach cineál idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí díreacha dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II de Rialachán (AE) 2021/2115 seachas idirghabhálacha i bhfoirm na híocaíochta barrshonraí le haghaidh cadáis dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán sin, mar aon le tacaíocht do limistéir faoi shrianta nádúrtha nó faoi shrianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán sin agus le tacaíocht do mhíbhuntáistí de thoradh ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar dá dtagraítear in Airteagal 72 den Rialachán sin;

(i)

de mhaolú ar phointe (h), i gcás ina ndearann na Ballstáit idirghabhálacha i gcomhréir le hAirteagal 72 de Rialachán (AE) 2021/2115 lena dtacaítear le limistéir foraoise agus leis na limistéir sin amháin, féadfar na hidirghabhálacha sin a nascadh le táscaire toraidh R.30, faoi réir an mhéid seo a leanas:

ní dheartar aon idirghabhálacha le haghaidh limistéir thalmhaíochta faoi shrianta nádúrtha nó faoi shrianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2021/2115; agus

ní chuirtear i bhfeidhm Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) 2021/2115 i leith limistéir a ainmnítear de bhun Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2);

(j)

baineann táscaire toraidh R.38 le hidirghabhálacha le haghaidh LEADER dá dtagraítear in Airteagal 77(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/2115. Ina bPlean Straitéiseach CBT, agus an plean sin á chur isteach lena fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 118 de Rialachán (AE) 2021/2115, socróidh na Ballstáit sprioc le haghaidh tháscaire toraidh R.38, ar sprioc í lena léireofar daonra na tuaithe a mheastar a chumhdófar le straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Nuair a roghnófar na straitéisí forbartha áitiúla uile faoi Phlean Straitéiseach CBT, modhnóidh an Ballstát lena mbaineann an Plean Straitéiseach CBT i gcás inarb ábhartha chun an ranníocaíocht bhreise a mheastar a bheidh ann de thoradh chur chun feidhme na straitéisí forbartha áitiúla a roghnaíodh a chur leis na spriocluachanna atá ann cheana. Féadfar naisc breise idir na hidirghabhálacha le haghaidh LEADAR agus na comhtháscairí toraidh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 a áireamh leis sin;

(k)

Táscairí toraidh R.12, R.14, R.19, R.20, R.21, R.22, R.23, R.24, R.29, R.31, R.33 agus R.34, ar táscairí toraidh iad a bhaineann le limistéar, ní bhaineann siad ach le cleachtais chomhshaoil dheonacha a théann níos faide ná ceanglais shainordaitheacha a íoctar i heicteáir faoi éiciscéimeanna dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/2115, le gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE) 2021/2115, agus le hidirghabhálacha ábhartha in earnálacha áirithe dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III de Rialachán (AE) 2021/2115;

(l)

de mhaolú ar phointe (k), féadfaidh na Ballstáit freisin táscairí toraidh R.12, R.14, R.19, R.20, R.21, R.22, R.23, R.24, R.29, R.31, R.33 agus R.34 a nascadh le hidirghabhálacha seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (k), ar choinníoll go rachaidh na cleachtais dá dtugtar tacaíocht níos faide ná ceanglais shainordaitheacha ábhartha agus go rannchuideofar go mór agus go díreach leis na táscairí toraidh ábhartha leo;

(m)

cuirfear maoiniú náisiúnta breise san áireamh i ndáil le táscairí toraidh a ríomh.

Rialacha maidir le háireamh dúbailte a sheachaint i dtáscairí toraidh

9.

Chun táscairí toraidh a ríomh gan áireamh dúbailte, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

Maidir le haonad atá ina rannchuidiú le cainníochtú táscaire toraidh, i gcás ina gcumhdaítear é sin le roinnt idirghabhálacha, nó le roinnt oibríochtaí laistigh den idirghabháil chéanna, atá nasctha leis an táscaire toraidh céanna, ní dhéanfar an t-aonad sin a áireamh ach uair amháin i gcainníochtú an táscaire toraidh;

(b)

le táscairí aschuir a bhaineann le hidirghabháil a chumhdaítear leis an gcóras comhtháite agus a thuairiscítear sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht le haghaidh na bliana airgeadais talmhaíochta N-1, áireofar líon na n-aonad dá dtugtar íocaíocht pháirteach nó íocaíocht iomlán sa bhliain airgeadais talmhaíochta N-1 i ndáil le hidirghabhálacha a thuairiscítear sa bhliain N-2;

(c)

i gcás ina gcuirtear teidlíochtaí íocaíochta nó uastairseacha i bhfeidhm, tuairisceoidh na Ballstáit an limistéar ábhartha ar cinneadh é a bheith incháilithe d’íocaíocht tar éis rialuithe riaracháin agus sula gcuirfidh siad na teorainneacha sin i bhfeidhm faoi na táscairí toraidh ábhartha;

(d)

de mhaolú ar phointe (a), féadfar glacadh le háireamh dúbailte i gcás tháscairí toraidh R.1, R.2, R.3, R.10 agus R.28.

Ainmneoirí táscairí toraidh

10.

Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le hainmneoirí:

(a)

luachanna na dtáscairí comhthéacs a úsáidtear mar ainmneoirí táscairí toraidh, socrófar iad le haghaidh thréimhse iomlán an Phlean Straitéisigh CBT. Má tá údar cuí leis, féadfaidh na Ballstáit na luachanna sin a thabhairt cothrom le dáta mar chuid de leasú ar Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 119 de Rialachán (AE) 2021/2115;

(b)

de mhaolú ar phointe (a), maidir leis an tuairisciú, tabharfar ainmneoirí le haghaidh tháscairí toraidh R.6, R.7 agus R.11 cothrom le dáta gach bliain.

Miondealú ar tháscairí toraidh le haghaidh an tuairiscithe

11.

Ní thuairisceofar na Ballstáit ach luach amháin in aghaidh an táscaire toraidh ábhartha. De mhaolú ar an gcéad abairt, tá gá leis na miondealuithe seo a leanas:

(a)

de réir earnála i gcás tháscaire toraidh R.11;

(b)

de réir an fhochatagóra i gcás tháscaire toraidh R.17;

(c)

de réir an aistrithe go feirmeoireacht orgánach agus an fheirmeoireacht orgánach a choinneáil ar bun i gcás tháscaire toraidh R.29;

(d)

de réir an chineáil talún i gcás tháscaire toraidh R.33;

(e)

de réir inscne i gcás tháscaire toraidh R.36;

(f)

de réir an speicis beostoic i gcás tháscairí toraidh R.43 agus R.44.

Comhéifeachtaí chun ainmhithe a thiontú ina n-aonaid beostoic

12.

Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le comhéifeachtaí tiontúcháin a úsáid:

(a)

Bainfear úsáid as comhéifeachtaí Eurostat chun ainmhithe a thiontú ina n-aonaid beostoic i gcás táscairí aschuir agus táscairí toraidh, i gcás inarb ábhartha;

(b)

De mhaolú ar phointe (a), féadfar na comhéifeachtaí tiontúcháin simplithe a chuirtear ar fáil sa tábla seo a leanas a úsáid:

Speiceas

Aois/catagóir

Comhéifeacht

Bó-ainmhithe

faoi bhun 6 mhí d’aois

0,4

 

ó 6 mhí d’aois go dtí 2 bhliain d’aois

0,6

 

os cionn 2 bhliain d’aois

1,0

Each-ainmhithe

os cionn 6 mhí d’aois

1,0

Caoirigh agus gabhair

 

0,15

Muca

cránacha pórúcháin > 50kg

0,5

 

Muca eile

0,3

Éanlaith chlóis

 

 

 

béaróga

0,014

 

éanlaith chlóis eile

0,03

(c)

féadfar na comhéifeachtaí tiontúcháin a chuirtear ar fáil sa tábla a leagtar amach i bpointe (b) a mhéadú nó a laghdú i gcásanna ina bhfuil údar cuí leis agus féadfar iad a mhíniú sa Phlean Straitéiseach CBT agus fianaise eolaíoch á cur san áireamh;

(d)

féadfar catagóirí ainmhithe eile a chur leis an tábla a leagtar amach i bpointe (b) go heisceachtúil i gcásanna ina bhfuil údar cuí leis sin, agus déanfar an chomhéifeacht tiontúcháin le haghaidh aon cheann de na catagóirí sin a bhunú agus a mhíniú sa Phlean Straitéiseach CBT agus fianaise eolaíoch á cur san áireamh.


(1)  Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

(3)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha comhchoiteanna maidir le Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste um Aistriú Cóir agus leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leo siúd agus maidir leis an gCiste um Tearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Thacaíocht Airgeadais do Bhainistíocht Teorann agus Beartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).