|
13.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 115/187 |
Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2268 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht agus leis an gcur i láthair is bonn taca le cásanna feidhmíochta, cur i láthair costas agus an modheolaíocht chun táscairí achomair costais a ríomh, cur i láthair agus inneachar na faisnéise maidir le feidhmíocht roimhe seo agus cur i láthair na gcostas de réir táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) ina dtairgtear raon roghanna infheistíochta agus ailíniú an tsocraithe eatramhaigh le haghaidh monaróirí PRIIPanna a thairgeann aonaid cistí dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar roghanna bunúsacha infheistíochta leis an socrú eatramhach buan a leagtar síos san Airteagal sin
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 455 I an 20 Nollaig 2021 )
Ar leathanach 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad téacs an Rialacháin Tarmligthe (AE) 2021/2268:
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/… ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Meán Fómhair 2021
lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht agus leis an gcur i láthair is bonn taca le cásanna feidhmíochta, cur i láthair costas agus an modheolaíocht chun táscairí achomair costais a ríomh, cur i láthair agus inneachar na faisnéise maidir le feidhmíocht roimhe seo agus cur i láthair na gcostas de réir táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) ina dtairgtear raon roghanna infheistíochta agus ailíniú an tsocraithe eatramhaigh le haghaidh monaróirí PRIIPanna a thairgeann aonaid cistí dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar roghanna bunúsacha infheistíochta leis an socrú eatramhach buan a leagtar síos san Airteagal sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (1), agus go háirithe Airteagal 8(5) agus Airteagal 10(2) de sin,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thaispeáin an taithí a fuarthas i rith chéad bhlianta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún (2) nach mór gnéithe áirithe de chur i láthair agus d’inneachar na ndoiciméad faisnéise bunriachtanaí a athbhreithniú. Tá gá le hathbhreithniú den sórt sin lena áirithiú go leantar de sholáthar faisnéise iomchuí d’infheisteoirí miondíola thar an raon de chineálacha difriúla táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (“PRIIPanna”), gan beann ar imthosca áirithe an mhargaidh, go háirithe le linn tréimhse leanúnach feidhmíochta dearfaí ar an margadh. |
|
(2) |
Chun faisnéis intuigthe, nach bhfuil míthreorach, agus ábhartha le haghaidh cineálacha difriúla PRIIPanna a sholáthar, níor cheart do chásanna feidhmíochta a thaispeántar sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí tuar ródheimhneach a sholáthar le haghaidh torthaí ionchasacha sa todhchaí. Tá feidhmíocht infheistíochtaí bunúsacha agus feidhmíocht cistí infheistíochta neamh-struchtúracha agus PRIIPanna comhchosúla eile nasctha go díreach. Ba cheart an modheolaíocht atá mar bhonn taca chun cásanna feidhmíochta a chur i láthair a chur in oiriúint dá bhrí sin ionas nach mbeifear ag brath ar mhodh staidrimh ina gcruthaítear cásanna feidhmíochta a d’fhéadfadh torthaí breathnaithe a fhairsingiú. Ba cheart an mhodheolaíocht atá mar bhonn taca do chur i láthair na gcásanna feidhmíochta a chur in oiriúint lena áirithiú go mbeidh na cásanna sin bunaithe ar thréimhse níos faide torthaí breathnaithe, ag gabháil an dá thréimhse d’fhás dearfach agus diúltach, rud lena soláthraítear dá bhrí sin cásanna feidhmíochta níos cobhsaí le himeacht aimsire agus lena n-íoslaghdaítear torthaí comhthimthriallacha. Léiríodh cumas na modheolaíochta chun cásanna feidhmíochta a chur i láthair chun meastacháin réamhbhreathnaitheacha iomchuí a sholáthar trí chúltástáil ina ndearnadh comparáid idir torthaí na modheolaíochta sin agus feidhmíocht bhreathnaithe iarbhír PRIIPanna. |
|
(3) |
Ionas nach meastar cásanna feidhmíochta mar réamhaisnéisí den mheastachán is fearr, is gá foláirimh níos feiceálaí a fhorchur maidir leis na cásanna sin. Ba cheart an nochtadh, i dtéarmaí simplí, maidir le sonraí breise ar na toimhdí ar a bhfuil na cásanna sin bunaithe an riosca maidir le hionchais mhíchuí ar thorthaí féideartha sa todhchaí a laghdú freisin. |
|
(4) |
Tá faisnéis maidir le costais thábhachtacha d’infheisteoirí miondíola nuair a bhítear ag cur PRIIPanna difriúla i gcomparáid lena chéile. D’fhonn é a chur ar a gcumas d’infheisteoirí miondíola tuiscint níos fearr a fháil ar na cineálacha difriúla struchtúr costais sPRIIPanna difriúla agus ábharthacht na struchtúr sin lena n-imthosca aonair, ba cheart go n-áireofaí tuairisc ar na príomhghnéithe de na costais san fhaisnéis sna doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Ina theannta sin, d’fhonn an chomhairle a thugtar maidir le PRIIPanna agus maidir le díol PRIIPanna a éascú, ba cheart na táscairí le haghaidh gnéithe costais aonair a ailíniú le faisnéis a nochtar faoi reachtaíocht earnála an Aontais, go háirithe Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). An tráth céanna, is gá comparáideacht a áirithiú thar gach cineál PRIIP maidir le costais iomlána. Ba cheart soiléiriú a thabhairt ar an mbrí atá le táscairí achomair costais i ndoiciméid faisnéise bunriachtanaí, ionas go mbeidh infheisteoirí miondíola in ann tuiscint níos fearr a fháil ar tháscairí achomair costais den sórt sin. |
|
(5) |
Chun gnéithe eacnamaíocha aicmí sócmhainní áirithe a chur san áireamh ar bhealach níos fearr agus PRIIPanna sin nach ngineann dóthain idirbheart chun gluaiseachtaí margaidh a dhíothú le dóthain cinnteachta staidrimh, ba cheart go n-úsáidfí cur chuige níos difreálaí agus níos comhréire sa mhodheolaíocht athbhreithnithe chun costais idirbhirt a ríomh. Ba cheart go bhfágfaí as an áireamh freisin sa mhodheolaíocht sin costais idirbhirt dhiúltacha a d’fhéadfadh tarlú ionas nach gcuirfí mearbhall ar infheisteoirí miondíola. |
|
(6) |
I gcás PRIIPanna lena dtairgtear raon roghanna i gcomhair infheistíochta, ba cheart cur i láthair coigeartaithe maidir leis an bhfaisnéis ar chostais a leagan síos chun feabhas a chur ar an tuiscint atá ag infheisteoirí miondíola ar impleachtaí costais na roghanna infheistíochta difriúla sin. |
|
(7) |
Chun gur féidir le hinfheisteoirí miondíola breathnú, tuiscint agus comparáid a dhéanamh idir an luaineacht a bhaineann le torthaí PRIIPanna líneacha agus na roghanna bunúsacha infheistíochta líneacha chomh maith le feidhmíocht roimhe seo in imthosca margaidh ar leith, is gá ceanglais áirithe a leagan síos maidir le hinneachar agus cur i láthair caighdeánaithe na feidhmíochta roimhe seo i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653, trí rialacha áirithe atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 583/2010 ón gCoimisiún (5) a ionchorprú agus a oiriúnú. Ba cheart d’inneachar agus do chur i láthair na feidhmíochta roimhe seo an fhaisnéis arna soláthar ag cásanna feidhmíochta a chomhlánú. Sna doiciméid faisnéise bunriachtanaí maidir le PRIIPanna líneacha sin agus roghanna bunúsacha infheistíochta líneacha ba cheart go mbeadh sa roinn dar teideal “Faisnéis ábhartha eile” crostagairtí do dhoiciméid nó do shuíomhanna gréasáin ar leithligh le faisnéis maidir le feidhmíocht roimhe seo. |
|
(8) |
De bhun Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, maidir le cuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta agus daoine a thugann comhairle i dtaobh aonaid de GCUInna nó a dhíolann iad, tá díolúine acu ó na hoibleagáidí faoin Rialachán sin go dtí an 31 Nollaig 2021. Nuair a chuireann Ballstát rialacha i bhfeidhm maidir le formáid agus inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, a leagtar síos in Airteagail 78 go 81 de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ar chistí neamh-GCUInna a thairgtear d’infheisteoirí miondíola, beidh feidhm ag an díolúine a leagtar síos in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 maidir le cuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta agus daoine a thugann comhairle maidir le haonaid de chistí den sórt sin le hinfheisteoirí miondíola nó a dhíolann iad. Chun córas dlí eatramhach comhsheasmhach a sholáthar do na cistí sin, ceadaítear le hAirteagal 14(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653, a bheidh i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán Tarmligthe sin, go dtí 31 Nollaig 2021, do mhonaróirí táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe (“monaróirí PRIIP”) leanúint de bheith ag úsáid doiciméad den sórt sin arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 78 go 81 de Threoir 2009/65/CE, i gcás gurb ionann ceann amháin ar a laghad de na roghanna bunúsacha infheistíochta agus ciste GCUI nó neamh-GCUI. Leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, beartaítear síneadh ama a chur leis na socruithe idirthréimhseacha dá dtagraítear in Airteagal 32 de go dtí an 30 Meitheamh 2022. Is gá go mbeidh monaróirí PRIIP in ann leanúint de dhoiciméid arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 78 go 81 de Threoir 2009/65/CE a úsáid chomh fada agus a fhanfaidh na socruithe idirthréimhseacha sin i bhfeidhm. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 a leasú dá réir sin. |
|
(10) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (na “hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha”) faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(11) |
Reáchtáil na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne siad anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, agus d’iarr comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). |
|
(12) |
Toisc go bhfuil dlúthcheangal ag na caighdeáin theicniúla rialála lena chéile agus chun a áirithiú go bhfuil na ceanglais a tugadh isteach leo comhsheasmhach go hiomlán, is iomchuí é gníomh dlí aonair a ghlacadh lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653. |
|
(13) |
Chun dóthain ama a thabhairt do mhonaróirí PRIIP, agus do dhaoine a dhíolann nó a thugann comhairle maidir le PRIIPanna, ullmhú don oibleagáid maidir le doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas i gcomhréir le ceanglais nua ba cheart go mbeadh an Rialachán seo i bhfeidhm ón 1 Iúil 2022, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
|
(4) |
in Airteagal 8, cuirtear an mhír 3 seo a leanas isteach: ‘3. Maidir le GCUInna mar a shainmhínítear i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn VIII, áireofar in CIManna mar a shainmhínítear i bpointe 1(b) den Iarscríbhinn sin, nó táirgí infheistíochta aonadnasctha atá árachas-bhunaithe mar a shainmhínítear i bpointe 1(c) den Iarscríbhinn sin, sa roinn dar teideal ‘Faisnéis ábhartha eile’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí:
I gcás PRIIPanna dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, Cuid 1, pointe 5, ar cistí iata iad, nó PRIIPanna eile atá oscailte i gcomhair suibscríbhinne, déanfar ríomhanna maidir le cás feidhmíochta roimhe seo a fhoilsiú ar bhonn míosúil agus luafar sa roinn dar teideal ‘Faisnéis ábhartha eile’ cá háit ar féidir na ríomhanna sin a aimsiú.”; |
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil II: “CAIBIDIL II FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS NA DOICIMÉID FAISNÉISE BUNRIACHTANAÍ DE RÉIR PRIIPanna A THAIRGEANN RAON ROGHANNA I gCOMHAIR INFHEISTÍOCHTA ”; |
|
(6) |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):
|
|
(7) |
in Airteagal 11, scriostar pointe (c). |
|
(8) |
Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
|
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 13 agus Airteagal 14: “Airteagal 13 An roinn ‘Cad iad na costais?’ sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí ginearálta Sa roinn dar teideal ‘Cad iad na costais?’, de mhaolú ar Airteagal 5(1), pointe (b), sonróidh monaróirí PRIIP iad seo a leanas:
Airteagal 14 Faisnéis shonrach maidir le gach rogha bhunúsach infheistíochta Soláthrófar an fhaisnéis shonrach maidir le gach rogha bhunúsach infheistíochta, dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (b), i ndoiciméad faisnéise sonrach lena bhforlíontar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí ginearálta. Áireoidh monaróirí PRIIP le haghaidh gach rogha bhunúsach infheistíochta gach ceann díobh seo a leanas:
Leanfaidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) den mhír seo struchtúr na gcodanna ábhartha den teimpléad atá leagtha síos in Iarscríbhinn I.”; |
|
(10) |
cuirtear isteach an Chaibidil IIa seo a leanas: “CAIBIDIL IIa FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS NA DOICIMÉID FAISNÉISE BUNRIACHTANAÍ DE RÉIR GCUInna agus CIManna ÁIRITHE Airteagal 14a Urrann infheistíochta de chuid GCUInna nó CIManna 1. I gcás ina gcuimsítear dhá urrann infheistíochta nó níos mó le GCUInna nó CIManna, táirgfear doiciméad faisnéise bunriachtanaí ar leithligh le haghaidh gach urrainne aonair. 2. Beidh i ngach doiciméad faisnéise bunriachtanaí dá dtagraítear i mír 1, sa roinn dar teideal ‘Cad é an táirge seo?’, an fhaisnéis seo a leanas:
3. I gcás ina socraíonn an chuideachta bainistíochta GCUI nó an BCIM muirear don infheisteoir miondíola chun a infheistíocht a mhalartú i gcomhréir le mír 2, pointe (c), agus go bhfuil difear idir an muirear sin agus an muirear caighdeánach chun aonaid a cheannach nó a dhíol, luafar an muirear sin ar leithligh sa roinn dar teideal ‘Cad iad na costais?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí. Airteagal 14b Aicmí scaireanna de GCUI nó CIManna 1. I gcás ina bhfuil níos mó ná aicme amháin aonad nó scaireanna i gceist le GCUI nó CIM, ullmhófar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí le haghaidh gach aicme aonad nó scaireanna. 2. Féadfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a bhaineann le dhá aicme nó níos mó de GCUI nó CIM céanna a chomhcheangal in aon doiciméad faisnéise bunriachtanaí amháin, ar choinníoll go gcomhlíonann an doiciméad a tháirgfear dá bharr gach ceanglas maidir le fad, teanga agus cur i láthair an doiciméid faisnéise bunriachtanaí. 3. Féadfaidh an chuideachta bainistíochta GCUI nó BCIM aicme a roghnú chun ionadaíocht a dhéanamh ar aicme amháin nó níos mó de GCUI nó CIM, ar choinníoll go bhfuil an rogha cothrom, soiléir agus nach bhfuil sí míthreorach d’infheisteoirí miondíola ionchais sna haicmí eile sin. I gcásanna den sórt sin, beidh sa roinn dar teideal ‘Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí an míniú ar an riosca ábhartha is infheidhme maidir le haon cheann de na haicmí eile ar a ndéantar ionadaíocht. Féadfar doiciméad faisnéise bunriachtanaí bunaithe ar an aicme ionadaíoch a sholáthar d’infheisteoirí miondíola sna haicmí eile. 4. Ní dhéanfar aicmí difriúla a chomhcheangal in aicme ionadaíoch ilchodach dá dtagraítear i mír 3. 5. Coimeádfaidh cuideachta bainistíochta GCUI nó BCIM taifead de na haicmí eile ar a ndéanann an aicme ionadaíoch dá dtagraítear i mír 3 ionadaíocht orthu agus na forais a bheidh mar údar ag an rogha sin. 6. I gcás inarb infheidhme, déanfar an roinn dar teideal ‘Cad é an táirge seo?’ sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí a fhorlíonadh trí thásc maidir le cén aicme a roghnaíodh mar aicme ionadaíoch, ag úsáid an téarma faoina ndéantar é a ainmniú i réamheolaire GCUI nó sa tuairisc ar straitéis agus ar chuspóirí infheistíochta an CIM. 7. Tabharfar le fios freisin sa roinn sin cá háit ar féidir le hinfheisteoirí miondíola faisnéis a fháil maidir leis na haicmí eile de GCUI nó CIM a mhargaítear ina mBallstát féin. Airteagal 14c GCUI nó CIManna mar chistí cistí 1. I gcás ina n-infheistíonn GCUI cuid shubstaintiúil dá shócmhainní in GCUInna eile nó i ngnóthais chomhinfheistíochta eile dá dtagraítear in Airteagal 50(1), pointe (e), de Threoir 2009/65/CE, áireofar leis an tuairisc ar chuspóirí agus ar bheartas infheistíochta an GCUI sin sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí míniú gairid ar conas a roghnófar na gnóthais chomhinfheistíochta eile ar bhonn leanúnach. I gcás inar ciste de chistí fálaithe é an GCUI áireofar sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí faisnéis maidir le ceannach CIManna neamh-AE nach bhfuil faoi mhaoirseacht. 2. I gcás ina n-infheistíonn an CIM cuid shubstaintiúil dá shócmhainní in GCUInna nó CIManna eile, beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 mutatis mutandis. Airteagal 14d Fothaire GCUI 1. Maidir le fothaire GCUI, mar a shainmhínítear in Airteagal 58 de Threoir 2009/65/CE, beidh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, sa roinn dar teideal ‘Cad é an táirge seo?’ an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann go sonrach leis an bhfothaire GCUI:
2. I gcás ina bhfuil difear idir próifíl riosca agus luaíochta an fhothaire GCUI in aon ghné ábhartha agus próifíl riosca agus luaíochta an mháistir GCUI, déanfar é sin agus an chúis atá leis a mhíniú sa roinn dar teideal ‘Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí. 3. Déanfar aon riosca leachtachta agus an gaol idir socruithe ceannacháin agus fuascailte le haghaidh an mháistir GCUI agus an fhothaire GCUI a mhíniú sa roinn dar teideal ‘Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí. Airteagal 14e GCUI nó CIM struchtúrach Is ionann cistí infheistíochta struchtúracha agus GCUI nó CIManna a sholáthraíonn eisíocaíochtaí bunaithe ar algartam d’infheisteoirí miondíola, ar dhátaí réamhchinntithe áirithe, atá nasctha le feidhmíocht, nó le réadú athruithe ar phraghsanna nó ar choinníollacha eile, de shócmhainní airgeadais, innéacsanna nó punann infheistíochta GCUInna nó CIManna lena mbaineann gnéithe den chineál céanna.”; |
|
(11) |
in Airteagal 15, mír 2, cuirtear an pointe (d) seo a leanas leis:
|
|
(12) |
Cuirtear an Caibidil IVa seo a leanas isteach: “CAIBIDIL IVa CROSTAGAIRTÍ Airteagal 17a Úsáid as crostagairtí d’fhoinsí eile faisnéise Gan dochar d’Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, féadfar crostagairtí d’fhoinsí eile faisnéise, lena n-áirítear an réamheolaire agus tuarascálacha bliantúla nó tuarascálacha leathbhliantúla, a áireamh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis go léir atá bunúsach maidir le tuiscint na n-infheisteoirí miondíola ar na heilimintí riachtanacha den infheistíocht áirithe sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí. Ceadófar crostagairtí do shuíomh gréasáin an PRIIP nó an mhonaróra PRIIP, lena n-áirítear cuid d’aon suíomh gréasáin den sórt sin ina bhfuil an réamheolaire agus na tuarascálacha tréimhsiúla. Na crostagairtí dá dtagraítear sa chéad fomhír, treoróidh siad an t-infheisteoir miondíola chuig an roinn shonrach den fhoinse faisnéise ábhartha. Féadfar roinnt crostagairtí difriúla a úsáid laistigh den doiciméad faisnéise bunriachtanaí ach ní bheidh iontu ach an laghad agus is féidir.”; |
|
(13) |
in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír: ‘Beidh feidhm ag Airteagal 14(2) go dtí an 30 Meitheamh 2022.’; |
|
(14) |
Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I; |
|
(15) |
Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(16) |
Leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(17) |
Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn IV. |
|
(18) |
Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn V; |
|
(19) |
Leasaítear Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(20) |
Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VII; |
|
(21) |
déantar an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII den Rialachán seo a chur isteach mar Iarscríbhinn VIII. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022. Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe 13 ón 1 Eanáir 2022, áfach.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN I
“IARSCRÍBHINN I
TEIMPLÉAD I gCOMHAIR AN DOICIMÉID FAISNÉISE BUNRIACHTANAÍ
Comhlíonfaidh monaróirí PRIIPanna ord na roinne agus na teidil a leagtar amach sa teimpléad, rud nach socraítear paraiméadair leis maidir le fad na rann aonair ná socrú na mbristeacha idir leathanaigh, áfach, agus beidh an doiciméad faoi réir uasmhéid fhoriomlán trí thaobh de pháipéar ar mhéid A4 nuair a dhéanfar é a phriontáil.
|
Doiciméad Faisnéise Bunriachtanaí |
|
|
Cuspóir Tugtar faisnéis bhunriachtanach duit sa doiciméad seo faoin táirge infheistíochta seo. Ní ábhar margaíochta é. Ceanglaítear leis an dlí an fhaisnéis a thabhairt chun cuidiú leat an cineál táirge atá ann, agus na rioscaí, na costais, na gnóthachain agus na caillteanais fhéideartha a bhaineann leis an táirge seo a thuiscint agus chun cuidiú leat comparáid a dhéanamh idir é agus táirgí eile. |
|
|
Táirge [Ainm an Táirge] [Ainm an mhonaróra PRIIP] (i gcás inarb infheidhme) [ISIN nó UPI] [suíomh gréasáin don mhonaróir PRIIP] [Glaoigh ar [uimhir theileafóin] le haghaidh tuilleadh eolais] [[Ainm an Údaráis Inniúil] atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar [Ainm an Mhonaróra PRIIP] i ndáil leis an Doiciméad Faisnéise Bunriachtanaí seo] (i gcás inarb infheidhme) [Údaraítear an PRIIP seo in [ainm an Bhallstáit]] (i gcás inarb infheidhme) tá [[Ainm na cuideachta bainistíochta GCUI] údaraithe in [ainm an Bhallstáit] agus rialaithe ag [céannacht an údaráis inniúil] (i gcás inarb infheidhme) tá [ainm an BCIM] is údaraithe in [ainm an Bhallstáit] agus rialaithe ag [céannacht an údaráis inniúil] [dáta táirgthe an doiciméid faisnéise bunriachtanaí] |
|
|
[Foláireamh (i gcás inarb infheidhme) Tá tú ar tí táirge nach bhfuil simplí a cheannach agus d’fhéadfadh sé a bheith deacair an táirge a thuiscint] |
|
|
Cad é an táirge seo? Cineál na gCuspóirí Téarma Infheisteoir miondíola beartaithe [Sochair agus costais árachais] |
|
|
Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu? |
|
|
Riosca |
Tuairisc ar an bpróifíl riosca-luaíochta |
|
Táscaire |
Táscaire Achomair Riosca Teimpléad Táscaire Achomair Riosca agus insintí mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear maidir le huaschaillteanas féideartha: an bhféadfaidh mé an caipiteal infheistithe uile a chailleadh? An dtitfidh ualach an riosca orm maidir le hoibleagáidí nó le gealltanais bhreise airgeadais? An bhfuil cosaint chaipitil ann in aghaidh riosca margaidh? |
|
Feidhmíocht |
Teimpléid agus insintí maidir le Cásanna Feidhmíochta mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn V |
|
Cásanna |
Cásanna lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na coinníollacha maidir le torthaí d’infheisteoirí miondíola nó uasteorainneacha feidhmíochta ionsuite, agus ráiteas go bhféadfadh reachtaíocht chánach Bhallstát baile an infheisteora miondíola tionchar a imirt ar an eisíocaíocht iarbhír |
|
Cad a tharlaíonn mura bhfuil [ainm an mhonaróra PRIIP] in ann an íocaíocht a thabhairt? Faisnéis faoi cibé acu atá nó nach bhfuil scéim ráthaíochta ann, ainm an rathóra nó oibreoir na scéime cúitimh d’infheisteoirí, lena n-áirítear na rioscaí a chumhdaítear agus nach gcumhdaítear. |
|
|
Cad iad na costais? Cur síos mionsonraithe ar fhaisnéis le cur san áireamh i gcostais díola eile |
|
|
Costais thar Thréimhse Ama |
Teimpléad agus insintí de réir Iarscríbhinn VII |
|
Comhdhéanamh na gCostas |
Teimpléad agus insintí de réir Iarscríbhinn VI |
|
Cén fhad ar cheart dom é a choimeád agus an féidir liom mo chuid airgid a tharraingt siar go luath? |
|
|
Tréimhse shealbhaíochta [íosta a éilítear] mholta: [x] |
|
|
Faisnéis faoin gcumas aon dí-infheistiú a dhéanamh roimh aibíocht, agus na coinníollacha a ghabhfaidh leis sin, lena n-áirítear na táillí agus na pionóis uile is infheidhme, más ann dóibh. Faisnéis faoi na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith i gceist le scor ar airgead sula mbeidh deireadh leis an téarma nó leis an tréimhse shealbhaíochta mholta. |
|
|
Conas is féidir liom gearán a dhéanamh? |
|
|
Faisnéis ábhartha eile I gcás inarb infheidhme, scríobh cur síos gearr ar an bhfaisnéis a foilsíodh faoin bhfeidhmíocht roimhe seo |
|
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Cuid 1 mar a leanas:
|
|
(2) |
i gCuid 3, cuirtear isteach an pointe 52a seo a leanas:
|
IARSCRÍBHINN III
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 1:
|
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:
|
|
(3) |
cuirtear isteach an pointe 6a seo a leanas:
|
IARSCRÍBHINN IV
“IARSCRÍBHINN IV
CÁSANNA FEIDHMÍOCHTA
An líon cásanna
|
1. |
Seo a leanas na cásanna feidhmíochta faoin Rialachán seo a bhfuil raon éagsúil torthaí féideartha ag gabháil leo:
|
|
2. |
Sa chás struis, leagfar amach tionchair mhífhabhracha shuntasacha PRIIP nach gcumhdaítear sa chás mífhabhrach dá dtagraítear i bpointe 1(c) den Iarscríbhinn seo. Sa chás struis, taispeánfar tréimhsí idirmheánacha i gcás go dtaispeántar na tréimhsí sin do na cásanna feidhmíochta faoi phointe 1(a) go (c) den Iarscríbhinn seo. |
|
3. |
Déanfar cás breise le haghaidh táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe a bhunú ar an gcás measartha dá dtagraítear i bpointe 1(b) den Iarscríbhinn seo, i gcás go mbeidh an fheidhmíocht ábhartha i leith an toraidh a bheidh ar an infheistíocht. |
|
4. |
Taispeánfar an toradh íosta ar an infheistíocht freisin, gan a thabhairt san áireamh nach mbeadh sé d’acmhainn ag an monaróir PRIIP nó an páirtí atá faoi cheangal íocaíochtaí ábhartha a dhéanamh leis an infheisteoir miondíola, go díreach nó go hindíreach, na híocaíochtaí sin a dhéanamh. |
Luachanna cásanna mífhabhracha, measartha agus fabhracha a ríomh don tréimhse shealbhaíochta mholta le haghaidh PRIIPanna Chatagóir 2
Cás 1: PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VIII a bhfuil sonraí stairiúla leordhóthanacha ag gabháil leo
|
5. |
Beidh na rialacha seo a leanas i bhfeidhm maidir le PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VIII, i gcás go sásófar na critéir a leanas an tráth a dhéanfar an ríomh, i ndáil le fad na luachanna stairiúla bliantúla comhleantacha don PRIIP:
|
|
6. |
I gcás gur 5 bliana nó níos giorra atá sa tréimhse shealbhaíochta mholta, ríomhfar na cásanna mífhabhracha, measartha agus fabhracha thar na 10 mbliana dheireanacha ón tráth a dhéantar an ríomh. I gcás gur faide ná 5 bliana atá sa tréimhse shealbhaíochta, ríomhfar na cásanna mífhabhracha, measartha agus fabhracha thar thréimhse ama a bheidh comhionann leis an tréimhse shealbhaíochta mholta móide 5 bliana ón tráth a dhéantar an ríomh. |
|
7. |
Beidh na céimeanna seo a leanas sa ríomh a dhéantar ar na cásanna mífhabhracha, measartha agus fabhracha:
|
|
8. |
Tabharfaidh an cás mífhabhrach léiriú ar an bhforbairt is measa ar luach an PRIIP i gcomhréir le i bpointe 7(e) den Iarscríbhinn seo. |
|
9. |
Tabharfaidh an cás measartha léiriú ar an bhforbairt mheánach ar luach an PRIIP i gcomhréir le pointe 7(d) den Iarscríbhinn seo. |
|
10. |
Tabharfaidh an cás fabhrach léiriú ar an bhforbairt is fearr ar luach an PRIIP i gcomhréir le pointe 7(d) den Iarscríbhinn seo. |
|
11. |
Déanfar na cásanna a ríomh ar a laghad ar bhonn míosúil. |
Cás 2: PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VIII nach bhfuil sonraí stairiúla leordhóthanacha ann ina leith agus a bhféadfar pointe cóimheasa a úsáid ina leith
|
12. |
Maidir le PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VIII, ríomhfar na cásanna mífhabhracha, measartha agus fabhracha mar a shonraítear i bpointí 6 go 11 den Iarscríbhinn seo, agus sonraí ó phointe cóimheasa á n-úsáid chun luachanna don PRIIP lúide gach costas is infheidhme a fhorlíonadh, i gcás:
I gcás go ndéantar tagairt san fhaisnéis faoi chuspóirí an PRIIP do phointe cóimheasa, bainfear úsáid as an bpointe cóimheasa sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha sa chéad fhomhír. |
Cás 3: PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VIII nach bhfuil sonraí stairiúla leordhóthanacha acu, nach bhfuil pointe cóimheasa acu nó a bhfuil pointe cóimheasa acu gan sonraí stairiúla leordhóthanacha aige, nó aon PRIIP Chatagóir 2 eile
|
13. |
Maidir le PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VIII nach gcumhdaítear le cás 1 nó le cás 2 thuas ná le haon PRIIP Chatagóir 2 eile, ríomhfar na cásanna mífhabhracha, measartha agus fabhracha mar a shonraítear i bpointí 6 go 11 den Iarscríbhinn seo trí úsáid a bhaint as tagarmharcanna arna rialú le Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11 *2 12). Tugann na tagarmharcanna sin léiriú ar na cineálacha sócmhainní a ndéanann an PRIIP infheistíocht iontu nó ar na hinfheistíochtaí bunúsacha a bhfuil nochtadh ag an PRIIP ina leith, chun na luachanna don PRIIP nó an tagarmharc dá dtagraítear i bpointe 12 den Iarscríbhinn seo a fhorlíonadh. Breithneofar gach cineál sócmhainne a d’fhéadfadh an PRIIP níos mó ná 25 % dá shócmhainní a infheistiú ann nó infheistíochtaí bunúsacha arb ionann iad agus níos mó ná 25 % den risíocht. I gcás nach ann do phointe cóimheasa den sórt sin, bainfear úsáid as difríocht iomchuí. |
|
14. |
I gcás go ndéanann an PRIIP infheistíocht i gcineálacha sócmhainní difriúla nó go dtairgeann risíocht ar chineálacha difriúla infheistíochtaí bunúsacha agus gur sainaithníodh níos mó ná tagarmharc amháin dá dtagraítear i bpointe 13 den Iarscríbhinn seo, ríomhfar na cásanna trí “thagarmharc ilchodach’ a úsáid, agus aird á tabhairt ar thosca ualúcháin na hinfheistíochta measta i ngach cineál sócmhainne nó infheistíochta bunúsaí. |
|
15. |
Maidir le PRIIPanna Chatagóir 2 nach bhfuil tagarmharc iomchuí ná difríocht ann ina leith a bhfuil sonraí stairiúla leordhóthanacha acu a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i bpointe 5 den Iarscríbhinn seo don PRIIP, ríomhfar cásanna feidhmíochta i gcomhréir le pointí 21 go 27 den Iarscríbhinn seo, agus 15 bliana de thorthaí stairiúla an PRIIP nó tagarmharc nó difríocht iomchuí á n-úsáid. |
Cásanna 2 agus 3: Tagarmharcanna nó difríochtaí iomchuí a úsáid
|
16. |
D’fhonn measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil sé iomchuí tagarmharc nó difríocht áirithe a úsáid chun meastachán a thabhairt ar na cásanna feidhmíochta, bainfidh monaróirí PRIIP úsáid as na critéir seo a leanas, ar choinníoll go bhfuil na critéir sin comhsheasmhach le cuspóirí an PRIIP agus na cineálacha sócmhainní a ndéanann an PRIIP infheistíocht iontu nó na hinfheistíochtaí bunúsacha dá dtairgeann an PRIIP risíocht agus atá ábhartha don PRIIP:
Féadfaidh monaróirí PRIIP úsáid a bhaint as critéir sa bhreis ar na cinn atá liostaithe sa chéad fhomhír ar choinníoll go léiríonn siad go bhfuil na critéir bhreise sin ábhartha i dtéarmaí cuspóirí an PRIIP agus an cineál sócmhainní a ndéanann an PRIIP infheistíocht iontu nó an cineál infheistíochta bunúsaí dá dtairgeann an PRIIP risíocht. |
|
17. |
Beidh monaróirí PRIIP ábalta comhsheasmhacht na dtagarmharcanna le cuspóirí an PRIIP a léiriú agus déanfaidh siad a gcinneadh a dhoiciméadú, lena n-áirítear réasúnú soiléir don tagarmharc a úsáidfear. |
Ríomh an cháis struis le haghaidh PRIIPanna Chatagóir 2
|
18. |
Maidir le PRIIPanna Chatagóir 2, beidh na céimeanna seo a leanas i ríomh an cháis struis:
|
|
19. |
Maidir le PRIIPanna Chatagóir 2, seo a leanas a bheidh sna luachanna ionchasacha ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta molta maidir leis an gcás struis:
I gcás:
|
|
20. |
Ní bheidh luach an cháis struis a thaispeántar níos fearr ná luach an cháis mhífhabhraigh. |
Luachanna cásanna a ríomh don tréimhse shealbhaíochta mholta le haghaidh PRIIPanna áirithe Chatagóir 1, PRIIPanna Chatagóir 3 agus PRIIPanna Chatagóir 4
|
21. |
Is é luach an PRIIP ag an 90ú peircintíl de dháileadh measta torthaí thar an tréimhse shealbhaíochta mholta lúide na costais infheidhme ar fad a bheidh i gceist leis an gcás fabhrach. |
|
22. |
Is é luach an PRIIP ag an 50ú peircintíl de dháileadh measta torthaí thar an tréimhse shealbhaíochta mholta lúide na costais infheidhme ar fad a bheidh i gceist leis an gcás measartha. |
|
23. |
Is é luach an PRIIP ag an 10ú peircintíl de dháileadh measta torthaí thar an tréimhse shealbhaíochta mholta lúide na costais infheidhme ar fad a bheidh i gceist leis an gcás mífhabhrach. |
|
24. |
I gcás ina measann an monaróir PRIIP go bhfuil riosca ábhartha ann go bhféadfadh na cásanna sin ionchais mhíchuí a thabhairt d’infheisteoirí miondíola faoi na torthaí a d’fhéadfadh siad a fháil, féadfaidh siad peircintílí níos ísle ná na cinn a shonraítear i bpointí 21, 22 agus 23 den Iarscríbhinn seo a úsáid. |
|
25. |
Maidir le PRIIPanna Chatagóir 3, beidh an modh chun dáileadh measta torthaí na PRIIPanna thar an tréimhse shealbhaíochta mholta a fháil díreach mar an gcéanna leis an modh a shonraítear i bpointí 19 go 23 d’Iarscríbhinn II. Mar sin féin, is é an toradh a bhreathnófar thar an tréimhse arna ríomh gan an fheidhmíocht ionchasach a lascainiú agus an fachtóir lascainithe saor ó riosca á úsáid, a bheidh i gceist le toradh ionchasach gach sócmhainne. |
|
26. |
Maidir le PRIIPanna Chatagóir 3, déanfar na coigeartuithe seo a leanas chun an cás struis a ríomh i gcomparáid leis an ríomh le haghaidh PRIIPanna Chatagóir 2:
|
|
27. |
Maidir le PRIIPanna Chatagóir 3, is é luach an PRIIP ag an bpeircintíl fhoircneach zα a bheidh i gceist leis an gcás struis mar a shainmhínítear i bpointe 19 den Iarscríbhinn seo den dáileadh ionsamhlaithe mar a leagtar amach i bpointe 26 den Iarscríbhinn seo. |
|
28. |
Maidir le PRIIPanna Chatagóir 4, bainfear úsáid as an modh a leagtar amach i bpointe 27 d’Iarscríbhinn II i leith na bhfachtóirí sin nach mbreathnaítear sa mhargadh, in éineacht leis an modh le haghaidh PRIIPanna Chatagóir 3. Bainfear úsáid as na modhanna ábhartha le haghaidh PRIIPanna Chatagóir 2 a leagtar amach i bpointí 5 go 20 den Iarscríbhinn seo agus as na modhanna ábhartha le haghaidh PRIIPanna Chatagóir 3 a leagtar amach i bpointí 21 go 27 den Iarscríbhinn seo do na comhpháirteanna ábhartha den PRIIP i gcás go mbeidh an PRIIP comhdhéanta de chomhpháirteanna difriúla. Is éard a bheidh i gceist leis na cásanna feidhmíochta meánaibíocht ualaithe de na comhpháirteanna ábhartha. Cuirfear gnéithe táirgí agus ráthaíochtaí caipitil san áireamh sna ríomhanna feidhmíochta. |
|
29. |
Maidir le PRIIPanna Chatagóir 1 mar a shainmhínítear i bpointe 4(a) d’Iarscríbhinn II, agus PRIIPanna Chatagóir 1 mar a shainmhínítear i bpointe 4(b) d’Iarscríbhinn II nach ndéantar iad a thrádáil i margadh rialáilte nó i margadh tríú tíre a mheastar é a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ríomhfar cásanna feidhmíochta i gcomhréir le pointí 21 go 27 den Iarscríbhinn seo. |
Luachanna cásanna mífhabhracha, measartha agus fabhracha a ríomh don tréimhse shealbhaíochta mholta le haghaidh PRIIPanna Chatagóir 1
|
30. |
Maidir le PRIIPanna Chatagóir 1 ar todhchaíochtaí, céadroghanna ar cheannach agus céadroghanna ar dhíol iad arna dtrádáil i margadh rialáilte nó i margadh tríú tíre a mheastar é a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, taispeánfar cásanna feidhmíochta i bhfoirm ghraif de struchtúr deathoraidh. Cuirfear graf san áireamh chun feidhmíocht a thaispeáint maidir le gach cás le haghaidh na leibhéal difriúla den luach bunúsach. Taispeántar praghsanna féideartha éagsúla an luacha bhunúsaigh ar an ais chothrománach den ghraf agus taispeántar an brabús nó caillteanas ar phraghsanna difriúla an luacha foluitigh ar an ais cheartingearach. Taispeánfar an brabús nó caillteanas a bhíonn mar thoradh ar gach praghas den luach bunúsach ar an ngraf agus an praghas den luach foluiteach arb é nialas a bheidh sa bhrabús nó caillteanas ina leith. |
|
31. |
Maidir le PRIIPanna Chatagóir 1 mar a shainmhínítear i bpointe 4(c) d’Iarscríbhinn II, soláthrófar meastachán is fearr a bheidh réasúnach agus coimeádach ar na luachanna ionchasacha do na cásanna feidhmíochta a leagtar amach i bpointí 1(a), (b) agus (c) den Iarscríbhinn seo ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta a molta.
Beidh na cásanna a roghnófar agus a thaispeánfar comhsheasmhach agus comhlántach leis an bhfaisnéis eile sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, lena n-áirítear próifíl riosca foriomlán an PRIIP. Cinnteoidh an monaróir PRIIP go mbeidh na cásanna comhsheasmhach le conclúidí rialachais táirgí inmheánacha, lena n-áirítear, i measc cinn eile, aon tástáil struis arna déanamh ag an monaróir PRIIP, agus na sonraí agus an anailís arna n-úsáid chun críocha an fhaisnéis eile sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tháirgeadh. Roghnófar na cásanna éagsúla chun cur i láthair cothromaithe a thabhairt maidir le torthaí féideartha an PRIIP, i dtéarmaí coinníollacha fabhracha agus mífhabhracha araon, ach ní thaispeánfar ach cásanna is féidir a bheith ag súil leo go réasúnach. Ní roghnófar na cásanna ar bhealach a thabharfadh suntasacht mhíchuí do thorthaí fabhracha agus a d’fhágfadh cásanna mífhabhracha faoi mhíbhuntáiste. |
Luachanna cásanna a ríomh do thréimhsí sealbhaíochta idirmheánacha
|
32. |
Maidir le PRIIPanna lena ngabhann tréimhse shealbhaíochta mholta idir bliain amháin agus 10 mbliana, taispeánfar feidhmíocht ag dhá thréimhse shealbhaíochta dhifriúla: ag deireadh na chéad bhliana agus ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta molta. |
|
33. |
Maidir le PRIIPanna lena ngabhann tréimhse shealbhaíochta mholta de 10 mbliana nó níos mó, taispeánfar feidhmíocht ag trí thréimhse shealbhaíochta dhifriúla: ag deireadh na chéad bhliana, i ndiaidh leath den tréimhse shealbhaíochta mholta slánaithe suas go deireadh na bliana is gaire, agus ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta molta. |
|
34. |
Maidir le PRIIPanna lena ngabhann tréimhse shealbhaíochta mholta de bhliain amháin nó níos giorra, ní thaispeánfar aon chás feidhmíochta do thréimhsí sealbhaíochta idirmheánacha. |
|
35. |
Maidir le PRIIPanna Chatagóir 2, ríomhfar na luachanna atá le taispeáint do na tréimhsí idirmheánacha le haghaidh na gcásanna mífhabhracha, measartha agus idirmheánacha i gcomhréir le pointí 5 go 14 den Iarscríbhinn seo, agus úsáid á baint as an tréimhse ama a shonraítear i bpointe 6, ach bunaithe ar na torthaí a baineadh amach le linn na tréimhse sealbhaíochta idirmheánaí. |
|
36. |
Maidir le PRIIPanna Chatagóir 2, ríomhfar na luachanna atá le taispeáint do na tréimhsí idirmheánacha don chás struis agus úsáid á baint as na foirmlí i bpointí 18 agus 19 den Iarscríbhinn seo, agus an N sainmhínithe mar an líon tréimhsí trádála ón dáta tosaigh go dtí an dáta deiridh den tréimhse idirmheánach. Beidh feidhm ag pointe 20 den Iarscríbhinn seo maidir leis na tréimhsí idirmheánacha freisin. |
|
37. |
Maidir le PRIIPanna dá dtagraítear i bpointí 15 agus 29 den Iarscríbhinn seo, PRIIPanna Chatagóir 3 agus PRIIPanna Chatagóir 4, ach amháin sa chás go mbeidh feidhm ag pointe 38 den Iarscríbhinn seo, tabharfaidh an monaróir PRIIP meastachán ar na luachanna cáis atá le taispeáint don tréimhse shealbhaíochta idirmheánach ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis an meastachán ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta molta. |
|
38. |
Maidir le PRIIPanna Chatagóir 1 ar todhchaíochtaí, céadroghanna ar cheannach agus céadroghanna ar dhíol iad arna dtrádáil i margadh rialáilte nó i margadh tríú tíre i gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, nó maidir le PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 90(d) d’Iarscríbhinn VI, féadfar cásanna feidhmíochta a thaispeáint ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta molta agus sin amháin. |
Ceanglais Ghinearálta
|
39. |
Déanfar cásanna feidhmíochta an PRIIP a ríomh mar ghlanmhéid ar gach costas is infheidhme i gcomhréir le hIarscríbhinn VI don chás agus don tréimhse shealbhaíochta atá á gcur i láthair. |
|
40. |
Déanfar cásanna feidhmíochta a ríomh agus úsáid á baint as méideanna atá comhsheasmhach leo siúd a úsáidtear chun costais a ríomh, mar a shonraítear i bpointí 90 agus 91 d’Iarscríbhinn VI. |
|
41. |
Maidir leis na PRIIPanna sin ar conarthaí réamhcheaptha, conarthaí todhchaíochtaí, conarthaí difríochta nó babhtála iad, ríomhfar cásanna feidhmíochta ag glacadh leis gurb é an méid a shonraítear i bpointe 40 an méid barúlach. |
|
42. |
Cuirfear cásanna feidhmíochta i láthair in aonaid airgeadaíochta. Slánófar figiúirí go dtí an 10 EUR (nó airgeadra ábhartha) is gaire mar réamhshocrú, ach amháin i gcás go bhfuil coinníollacha sonracha i gceist leis an eisíocaíocht, a d’fhágfadh go bhféadfadh sé a bheith míthreorach na figiúirí a shlánú go dtí an 10 EUR is gaire, agus sa chás sin, féadfaidh an monaróir PRIIP figiúirí a chur i láthair ag an Euro is gaire. Gan dochar do phointe 7 den Iarscríbhinn seo, taispeánfar sna figiúirí airgeadaíochta suim na méideanna a bhfaigheadh an t-infheisteoir miondíola (glan ó chostais) i rith na tréimhse sealbhaíochta, lena gcumhdaítear:
|
|
43. |
Maidir leis na PRIIPanna sin ar conarthaí réamhcheaptha, conarthaí todhchaíochtaí, conarthaí difríochta nó babhtála iad, taispeánfar an brabús nó caillteanas a fuarthas le linn na tréimhse sealbhaíochta i gcásanna feidhmíochta in aonaid airgeadaíochta. |
|
44. |
Cuirfear cásanna feidhmíochta i láthair i dtéarmaí céatadáin, mar an meántoradh bliantúil ar an infheistíocht. Déanfar an figiúr sin a ríomh agus luach an cháis a bhreithniú mar uimhreoir agus méid na hinfheistíochta tosaigh nó an praghas a íocadh mar ainmneoir i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
(luach an cháis/infheistíocht tosaigh)^(1/T) – 1, i gcás ina bhfuil T > 1. I gcás inarb ionann T agus fad na tréimhse sealbhaíochta molta i mblianta |
|
45. |
Maidir le tréimhsí sealbhaíochta níos giorra ná bliain amháin, léireoidh cásanna feidhmíochta i dtéarmaí céatadáin an toradh réamh-mheasta le linn na tréimhse sin, agus é neamh-bhliantúlaithe. |
|
46. |
Maidir leis na PRIIPanna sin ar conarthaí réamhcheaptha, conarthaí todhchaíochtaí, conarthaí difríochta nó babhtála iad, ríomhfar an toradh céatadáin agus méid barúlach an chonartha á bhreithniú agus cuirfear fonóta leis chun a ríomh sin a mhíniú. Seo a leanas an fhoirmle don ríomh:
(glanbhrabús nó glanchaillteanas/Méid Barúlach)^(1/T) -1, i gcás go bhfuil T> 1. Tabharfar le tuiscint san fhonóta go ríomhtar an toradh ionchasach mar chéatadán thar an méid barúlach. |
|
47. |
Maidir le táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe, beidh feidhm ag an méid seo a leanas i dteannta na modhanna dá dtagraítear thuas, lena n-áirítear faoi phointe 28 den Iarscríbhinn seo, agus na cásanna feidhmíochta á ríomh i leith na hinfheistíochta:
|
IARSCRÍBHINN V
“IARSCRÍBHINN V
MODHEOLAÍOCHT MAIDIR LE CÁSANNA FEIDHMÍOCHTA A CHUR I LÁTHAIR
CUID 1
Sonraíochtaí ginearálta maidir le cur i láthair
|
1. |
Déanfar na cásanna feidhmíochta a chur i láthair ar bhealach atá cruinn, cothrom, soiléir agus nach bhfuil míthreorach, agus ar bhealach a fhágfaidh gur dócha go dtuigfidh an gnáth-infheisteoir miondíola iad. |
|
2. |
I ngach cás, cuirfear na mínithe insinte seo a leanas as Cuid 2 den Iarscríbhinn seo san áireamh:
|
|
3. |
Maidir le gach PRIIP seachas PRIIPanna Chatagóir 1 dá dtagraítear bpointe 30 d’Iarscríbhinn IV:
|
|
4. |
I gcás ina dtaispeántar cás struis, cuirfear gné insinte D i gCuid 2 den Iarscríbhinn seo san áireamh. |
|
5. |
Maidir le PRIIPanna Chatagóir 2, seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe 15 d’Iarscríbhinn IV, cuirfear mínithe insinte san áireamh le haghaidh na gcásanna mífhabhracha, measartha agus fabhracha agus úsáid á baint as gné E i gCuid 2 den Iarscríbhinn seo. |
|
6. |
Maidir le PRIIPanna Chatagóir 1 seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe 30 d’Iarscríbhinn IV, PRIIPanna Chatagóir 2 dá dtagraítear i bpointe 15 d’Iarscríbhinn IV, PRIIPanna Chatagóir 3 agus PRIIPanna Chatagóir 4, cuirfear míniú achomair, de 300 carachtar ar a mhéid, i dteanga simplí, ar na cásanna a thaispeántar. |
|
7. |
Cuirfear gnéithe H, I, J agus K i gCuid 2 den Iarscríbhinn seo san áireamh freisin i gcás PRIIPanna Chatagóir 1 dá dtagraítear i bpointe 30 d’Iarscríbhinn IV. |
|
8. |
Taispeánfar tréimhsí sealbhaíochta idirmheánacha i gcomhréir le pointí 32, 33 agus 34 d’Iarscríbhinn IV. Féadfaidh na tréimhsí sealbhaíochta a bheith difriúil óna chéile ag brath ar fhad na tréimhse sealbhaíochta molta. |
|
9. |
Maidir le PRIIPanna nach dtaispeánann cásanna feidhmíochta ag tréimhsí sealbhaíochta idirmheánacha, cuirfear gné insinte F i gCuid 2 den Iarscríbhinn seo san áireamh, sa chás inarb ábhartha. |
|
10. |
Mura sonraítear a mhalairt, maidir le gach PRIIP ach amháin PRIIPanna Chatagóir 1 dá dtagraítear i bpointe 30 d’Iarscríbhinn IV, bainfidh monaróirí PRIIP úsáid as na teimpléid a leagtar amach i gCuid 3 den Iarscríbhinn seo chun na cásanna feidhmíochta a chur i láthair, ag brath ar cibé is infheistíocht aonair nó príomh-PRIIP, gnáth-íocaíocht nó príomh-PRIIP atá i gceist, nó PRIIP dá dtagraítear i bpointe 76c d’Iarscríbhinn VI. |
|
11. |
Bainfear úsáid as an téarma “scor’ i dtábla an cháis feidhmíochta chun deireadh na hinfheistíochta a léiriú, ach amháin sa chás go mbeadh an téarma sin míthreorach maidir le cineálacha sonracha PRIIPanna, agus sa chás sin féadfar téarma eile a úsáid, amhail “foirceannadh’ nó “géilleadh’. |
|
12. |
Maidir le PRIIPanna Chatagóir 1 mar a shainmhínítear iad i bpointe 4(b) d’Iarscríbhinn II, déanfar an téarmaíocht a úsáidtear a choigeartú, i gcás inarb iomchuí, chun gnéithe sonracha an PRIIP a léiriú, amhail chun tagairt a dhéanamh do mhéid barúlach an PRIIP. |
|
13. |
Maidir le táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe, cuirtear rónna breise san áireamh i leith na préimhe riosca bithmhéadraigh agus cás le haghaidh na sochar árachais, mar a léirítear i dteimpléid A agus B i gCuid 3 den Iarscríbhinn seo. Ní thaispeánfar torthaí don chás sin ach amháin i dtéarmaí airgeadaíochta. |
|
14. |
Maidir le PRIIPanna a bhaineann le préimheanna nó íocaíochtaí tráthrialta, cuirfear faisnéis faoin méid carntha infheistíochta agus faoin bpréimh riosca bithmhéadraigh charntha san áireamh, i gcás inarb infheidhme, mar a léirítear i dteimpléad B i gCuid 3 den Iarscríbhinn seo. |
|
15. |
Maidir le PRIIPanna a bheartaítear iad a choimeád ar feadh an tsaoil, féadfar a thabhairt le tuiscint leis an tréimhse shealbhaíochta mholta a shonraítear sna cásanna feidhmíochta go mbeartaítear an PRIIP a choimeád ar feadh an tsaoil agus féadfar an líon blianta a úsáideadh mar shampla don ríomh a shonrú. |
|
16. |
Maidir le PRIIPanna ar bhlianachtaí láithreacha iad nó maidir le PRIIPanna eile nach mbeartaítear íocaíocht amach a dhéanamh ina leith ach amháin i gcás go dtarlaíonn an t-imeacht árachaithe, léireofar an méid seo a leanas i dtábla an cháis feidhmíochta, de réir mar is iomchuí:
|
|
17. |
I gcás go nglaoitear nó go gcealaítear an PRIIP roimh dheireadh na tréimhse sealbhaíochta molta de réir an ionsamhlaithe, déanfar cur i láthair na gcásanna feidhmíochta a choigeartú dá réir sin, mar a léirítear i dteimpléad C i gCuid 3 den Iarscríbhinn seo, agus cuirfear nóta míniúcháin leis, ar bhealach a shoiléireoidh cibé acu atá nó nach bhfuil glao nó cealú luath san áireamh i gcás áirithe agus nár cuireadh aon toimhde athinfheistíochta i bhfeidhm. I gcásanna ina nglaoitear nó ina gcealaítear an PRIIP go huathoibríoch, taispeánfar an figiúr sa cholún “I gcás go scoireann tú ag glao nó aibíocht’ i dteimpléad C i gCuid 3 den Iarscríbhinn seo. Beidh na tréimhsí ama a thaispeántar do na tréimhsí sealbhaíochta idirmheánacha mar an gcéanna do na cásanna feidhmíochta difriúla agus bunófar iad ar an tréimhse shealbhaíochta mholta sa chás nach nglaoitear an PRIIP, a bhfuiltear ag súil go mbeidh sé ailínithe lena haibíocht. Ní thaispeánfar figiúirí le haghaidh tréimhsí sealbhaíochta idirmheánacha ach amháin sa chás nár glaodh an PRIIP fós nó nár cealaíodh é roimh an tréimhse shealbhaíochta idirmheánach sin nó ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta idirmheánaí sin agus beidh aon chostas scoir a bheadh infheidhme an tráth sin san áireamh sna figiúirí. Sa chás go nglaofaí an PRIIP roimh an tréimhse shealbhaíochta idirmheánach sin nó ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta idirmheánaí sin, bunaithe ar an ionsamhlú, ní thaispeánfar aon fhigiúr an tráth sin. |
CUID 2
Gnéithe insinte forordaithe
[Gné A] Áirítear leis na figiúirí a thaispeántar costais iomlána an táirge féin, (i gcás inarb infheidhme) [ach d’fhéadfadh nach n-áirítear leo na costais a íocann tú le do chomhairleoir nó le do dháileoir/agus áirítear leo costais do chomhairleora nó do dháileora]. Ní chuirtear do chúrsaí cánach pearsanta san áireamh leis na figiúirí sin, rud a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an méid a gheobhaidh tú ar ais.
[Gné B] Braitheann an méid a gheobhaidh tú ón táirge seo ar fheidhmíocht an mhargaidh amach anseo. Baineann éiginnteacht le forbairt margaidh amach anseo agus ní féidir í a thuar go cruinn.
[Gné C] [Is léirithe iad na cásanna mífhabhracha, measartha agus fabhracha a thaispeántar agus úsáideann siad an fheidhmíocht is measa, an mheán-fheidhmíocht agus an fheidhmíocht is fearr a bhí ag [an táirge/tagarmharc oiriúnach] le [x] (m)b(h)liain/(m)bliana anuas.] (maidir le PRIIPanna Chatagóir 2 seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe 15 d’Iarscríbhinn IV) [Is léirithe iad na cásanna a thaispeántar agus tá siad bunaithe ar thorthaí ón am atá caite agus ar thoimhdí áirithe] (maidir le cineálach eile PRIIPanna). D’fhéadfadh forbairt teacht ar mhargaí ar bhealach thar a bheith difriúil amach anseo.
[Gné D] Taispeánann an cás struis an méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i gcúinsí margaidh foircneacha.
[Gné E] Tharla cás den chineál seo d’infheistíocht [cuir isteach tagairt do thagarmharc i gcás inarb infheidhme] idir [cuir isteach dátaí i mblianta].
[Gné F] Ní féidir an táirge seo a scor ar airgead [go héasca]. I gcás go scorann tú ón infheistíocht níos luaithe ná an tréimhse shealbhaíochta mholta [níl ráthaíocht agat](i gcás nach bhfuil ráthaíocht ann ach amháin ag an tréimhse shealbhaíochta mholta) [agus beidh/[seans go mbeidh ort costais bhreise a íoc] (i gcás ina bhfuil costais scoir ann).
[Gné G] Ní ráthaítear toradh ach amháin sa chás [tabhair tuairisc ar choinníollacha ábhartha nó déan tagairt don áit a bhfuil tuairisc ar na coinníollacha sin sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, amhail na mínithe insinte a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hIarscríbhinn III].
[Gné H] Léirítear sa ghraf seo an fheidhmíocht a d’fhéadfadh a bheith ag d’infheistíocht. Féadfaidh tú í a chur i gcomparáid le graif dheathoraidh ionstraimí díorthacha eile.
[Gné I] Tugtar raon torthaí féideartha sa ghraf a chuirtear i láthair agus ní tásc cruinn é ar an méid a d’fhéadfá a fháil ar ais. Braithfidh an méid a gheobhaidh tú ar an tslí a bhforbróidh an t-urrús bunúsach. Maidir le gach luach den urrús bunúsach, taispeántar ar an ngraf an méid a bheadh i mbrabús nó i gcaillteanas an táirge. Taispeántar praghsanna féideartha éagsúla an luacha bhunúsaigh amhail an dáta éaga ar an ais chothrománach agus taispeántar an brabús nó caillteanas ar an ais cheartingearach.
[Gné J] Ach an táirge seo a cheannach, glactar leis go gceapann tú go dtiocfaidh [méadú/laghdú] ar an bpraghas foluiteach.
[Gné K] An caillteanas uasta a bheadh agat ná go gcaillfeá d’infheistíocht iomlán (an phréimh íoctha).
CUID 3
Teimpléid
Teimpléad A: Infheistíocht aonair nó préimh aonair íoctha
|
An tréimhse shealbhaíochta mholta: |
[] |
|||
|
Sampla d’infheistíocht: |
[EUR 10 000 ] |
|||
|
(I gcás inarb infheidhme) Préimh árachais: |
[méid airgeadaíochta] |
|||
|
|
I gcás ina [scorann] tú tar éis bliain amháin |
I gcás go [scorann] tú i ndiaidh [] |
I gcás go [scorann] tú i ndiaidh |
|
|
(i gcás inarb infheidhme) |
(i gcás inarb infheidhme) |
[na tréimhse sealbhaíochta molta] |
||
|
Cásanna [Marthanais] |
||||
|
Íosmhéid |
[Méid airgeadaíochta] nó [Ní rathaítear aon toradh íosta [i gcás go [scorann] tú roimh […bliain/mí/lá]] (i gcás inarb infheidhme) . D’fhéadfá roinnt de d’infheistíocht nó í ar fad a chailleadh [nó d’fhéadfadh go mbeadh ort íocaíochtaí breise a dhéanamh chun caillteanas a chumhdach] (i gcás inarb infheidhme)] |
|||
|
Strus |
An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas |
[] EUR |
[] EUR |
[] EUR |
|
|
Meántoradh gach bliain |
[] % |
[] % |
[] % |
|
Mífhabhrach |
An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas |
[] EUR |
[] EUR |
[] EUR |
|
|
Meántoradh gach bliain |
[] % |
[] % |
[] % |
|
Measartha |
An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas |
[] EUR |
[] EUR |
[] EUR |
|
|
Meántoradh gach bliain |
[] % |
[] % |
[] % |
|
Fabhrach |
An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas |
[] EUR |
[] EUR |
[] EUR |
|
|
Meántoradh gach bliain |
[] % |
[] % |
[] % |
|
(I gcás inarb infheidhme) Cás [Báis] |
||||
|
[Imeacht árachaithe] |
An méid a d’fhéadfadh do thairbhithe a fháil ar ais i ndiaidh costas |
[] EUR |
[] EUR |
[] EUR |
Teimpléad B: Infheistíochtaí tráthrialta nó préimheanna íoctha
|
An tréimhse shealbhaíochta a mholta: |
[] |
|||
|
Sampla d’infheistíocht: |
[EUR 1 000 ] in aghaidh na bliana |
|||
|
(I gcás inarb infheidhme) Préimh árachais: |
[méid airgeadaíochta] in aghaidh na bliana |
|||
|
|
I gcás ina [scorann] tú tar éis bliain amháin |
I gcás go [scorann] tú i ndiaidh [] |
I gcás go [scorann] tú i ndiaidh |
|
|
(i gcás inarb infheidhme) |
(i gcás inarb infheidhme) |
[na tréimhse sealbhaíochta molta] |
||
|
Cásanna [Marthanais] |
||||
|
Íosmhéid |
[Méid airgeadaíochta] nó [Ní rathaítear aon toradh íosta [i gcás go [scorann] tú roimh […bliain/mí/lá]] (i gcás inarb infheidhme) . D’fhéadfá roinnt de d’infheistíocht nó í ar fad a chailleadh [nó d’fhéadfadh go mbeadh ort íocaíochtaí breise a dhéanamh chun caillteanas a chumhdach] (i gcás inarb infheidhme)] |
|||
|
Strus |
An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas |
[] EUR |
[] EUR |
[]EUR |
|
|
Meántoradh gach bliain |
[] % |
[] % |
[] % |
|
Mífhabhrach |
An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas |
[] EUR |
[] EUR |
[] EUR |
|
|
Meántoradh gach bliain |
[] % |
[] % |
[]% |
|
Measartha |
An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas |
[] EUR |
[] EUR |
[] EUR |
|
|
Meántoradh gach bliain |
[] % |
[]% |
[] % |
|
Fabhrach |
An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas |
[] EUR |
[] EUR |
[] EUR |
|
|
Meántoradh gach bliain |
[] % |
[] % |
[] % |
|
Méid infheistithe thar thréimhse ama |
[] EUR |
[] EUR |
[] EUR |
|
|
(I gcás inarb infheidhme) Cás [Báis] |
||||
|
[Imeacht árachaithe] |
An méid a d’fhéadfadh do thairbhithe a fháil ar ais i ndiaidh costas |
[] EUR |
[] EUR |
[] EUR |
|
Préimh árachais tógtha thar thréimhse ama |
[] EUR |
[] EUR |
[] EUR |
|
Teimpléad C: PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 76c d’Iarscríbhinn VI (Táirgí arna nGlaoch go hUathoibríoch)
|
An tréimhse shealbhaíochta mholta: |
Go dtí go nglaoitear an táirge nó go dtagann sé in aibíocht D’fhéadfadh sin a bheith difriúil i ngach cás agus léirítear sin sa tábla |
|||
|
Sampla d’infheistíocht: |
[EUR 10 000 ] |
|||
|
|
I gcás ina [scorann] tú tar éis bliain amháin |
I gcás go [scorann] tú i ndiaidh [] |
I gcás go [scorann] tú ag glao nó ar aibíocht |
|
|
(i gcás inarb infheidhme) |
(i gcás inarb infheidhme) |
|
||
|
Cásanna |
||||
|
Íosmhéid |
[Méid airgeadaíochta] nó [Ní ráthaítear aon toradh íosta [i gcás go [scorann] tú roimh […bliain/mí/lá]] (i gcás inarb infheidhme) . D’fhéadfá roinnt de d’infheistíocht nó í ar fad a chailleadh [nó d’fhéadfadh go mbeadh ort íocaíochtaí breise a dhéanamh chun caillteanas a chumhdach] (i gcás inarb infheidhme)] |
|||
|
Strus |
An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas |
[] EUR |
[] EUR |
[] EUR |
|
(tagann deireadh le táirge i ndiaidh []) |
Meántoradh gach bliain |
[] % |
[] % |
[] % |
|
Mífhabhrach |
An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas |
[] EUR |
[] EUR |
[] EUR |
|
(tagann deireadh le táirge i ndiaidh []) |
Meántoradh gach bliain |
[] % |
[] % |
[] % |
|
Measartha |
An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas |
[] EUR |
[] EUR |
[] EUR |
|
(tagann deireadh le táirge i ndiaidh []) |
Meántoradh gach bliain |
[] % |
[] % |
[] % |
|
Fabhrach |
An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas |
[] EUR |
[] EUR |
[] EUR |
|
(tagann deireadh le táirge i ndiaidh []) |
Meántoradh gach bliain |
[] % |
[] % |
[] % |
IARSCRÍBHINN VI
Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 mar a leanas:
|
(1) |
i bpointe 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(2) |
leasaítear pointe 5 mar a leanas:
|
|
(3) |
i bpointe 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 7 agus 8:
|
|
(5) |
cuirtear isteach an pointe 8a seo a leanas:
|
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 10:
|
|
(7) |
i bpointe 11 cuirtear isteach an pointe (c) seo a leanas:
|
|
(8) |
cuirtear na pointí 11a agus 11b seo a leanas isteach:
|
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 14 agus 15:
|
|
(10) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 18:
|
|
(11) |
cuirtear an ceannteideal agus pointe 18a seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 18: “ Idirbhearta a dhéantar ar bhonn thar an gcuntar
|
|
(12) |
cuirtear isteach an pointe 20a seo a leanas:
|
|
(13) |
cuirtear an ceannteideal agus pointe 23a seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 23: “ Líon íseal idirbheart agus cásanna comhchosúla eile
|
|
(14) |
cuirtear an ceannteideal agus pointí 23b agus 23c seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 23a: “ Úsáid sonraí roimh 31 Nollaig 2024 ”
|
|
(15) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal I i gCuid 2:
|
|
(16) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 61 agus 62:
|
|
(17) |
scriostar an ceannteideal i ndiaidh phointe 62; |
|
(18) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 63:
|
|
(19) |
cuirtear an ceannteideal II de Chuid 2 agus an fo-cheannteideal seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 63:
|
|
(20) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 64:
|
|
(21) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil i ndiaidh phointe 64 agus phointí 65, 66 agus 67: “ Táscairí costas athfhillteach: Costais idirbheart agus costais athfhillteacha eile
|
|
(22) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil i ndiaidh phointe 67 agus phointí 68 agus 69: “ Costais theagmhasacha agus táscairí chostais theagmhasacha (táillí feidhmíochta agus ús iompartha)
|
|
(23) |
cuirtear an ceannteideal leanas isteach i ndiaidh phointe 69:
|
|
(24) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 70 agus 71:
|
|
(25) |
cuirtear an ceannteideal seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 75: “ Ceanglais shonracha le haghaidh PRIIPanna lena ngabhann tréimhse shealbhaíochta mholta níos giorra ná bliain amháin ”; |
|
(26) |
i ndiaidh phointe 76, scriostar an ceannteideal “Cóimheasa a ríomh”; |
|
(27) |
cuirtear isteach an pointe 76a a seo a leanas:
|
|
(28) |
cuirtear an ceannteideal seo a leanas agus pointe 76b isteach i ndiaidh phointe 76a: “ Ceanglais shonracha do PRIIPanna ar conarthaí réamhcheaptha, conarthaí todhchaíochtaí, conarthaí difríochta nó babhtála iad
|
|
(29) |
cuirtear an ceannteideal seo a leanas agus pointe 76c isteach i ndiaidh phointe 76b: “ Ceanglais shonracha do PRIIPanna a d’fhéadfaí iad a ghlao nó a chealú go huathoibríoch roimh dheireadh na tréimhse sealbhaíochta molta i gcás go gcomhlíontar coinníollacha réamhshainithe áirithe
Ríomhfar na figiúirí costais ag glacadh le feidhmíocht atá comhleanúnach le gach cás.”; |
|
(30) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 78, 79 agus 80:
Maidir le cistí infheistíochta, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
|
|
(31) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 82:
|
|
(32) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 84:
|
|
(33) |
scriostar ceannteideal II de Chuid 2; |
|
(34) |
cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 90:
|
|
(35) |
scriostar pointí 92, 93 agus 94.; |
IARSCRÍBHINN VII
“IARSCRÍBHINN VII
COSTAIS A CHUR I LÁTHAIR
Díreach thíos faoi cheannteideal na roinne dar teideal “Cad iad na costais?”, cuirfear an rabhadh seo a leanas san áireamh, ach amháin i gcás gur eol don mhonaróir PRIIP nach ngearrfaidh an duine a bhfuil comhairle faoi PRIIP á tabhairt aige nó atá á dhíol, aon chostas breise:
“Féadfaidh an duine a chuireann comhairle faoin táirge seo ort nó a dhíolann an táirge seo leat costais eile a ghearradh ort. Más amhlaidh an scéal, cuirfidh an duine sin faisnéis ar fáil duit faoi na costais sin agus faoin tslí a ndéanfaidh siad difear do d’infheistíocht.”
Sna táblaí costais a leagtar amach thíos, bainfear úsáid as an téarma “scoir” chun deireadh na hinfheistíochta a chur in iúl. I gcás go mbeadh an téarma sin míthreorach maidir le cineálacha áirithe PRIIPanna, féadfar téarma eile a úsáid, amhail “foirceannadh” nó “géilleadh”.
Tábla 1 le haghaidh na PRIIPanna ar fad seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagail 13, pointe (b) agus i bpointe 76c d’Iarscríbhinn VI (Táirgí arna nGlaoch go hUathoibríoch)
Cuirfidh an monaróir PRIIP na ceannteidil agus insintí seo a leanas san áireamh, chomh maith leis an tábla 1 ina dtaispeántar na figiúirí costais chomhiomlánaithe i dtéarmaí airgeadaíochta agus céatadáin a shonraítear i bpointí 61 agus 62 d’Iarscríbhinn VI leis na tréimhsí sealbhaíochta dá dtagraítear i bpointe 90 den Iarscríbhinn sin:
“ Costais thar thréimhse ama
Taispeántar sna táblaí na méideanna a thógtar as d’infheistíocht chun cineálacha difriúla costas a chumhdach. Braitheann na méideanna sin ar an méid a infheistíonn tú, ar an achar a choimeádann tú an táirge [agus ar cé chomh maith a éiríonn leis an táirge (i gcás i gcás inarb infheidhme)]. Is léirithe iad na méideanna a thaispeántar anseo bunaithe ar shampla de mhéid infheistíochta agus ar thréimhsí infheistíochta féideartha difriúla.
Ghlacamar leis:
|
— |
[Sa chéad bhliain] go bhfaighfeá ar ais an méid a d’infheistigh tú (toradh bliantúil 0 %). [Maidir leis na tréimhsí sealbhaíochta eile, ghlacamar leis go bhfeidhmeoidh an táirge mar a thaispeántar sa chás measartha] |
|
— |
Déantar [EUR 10 000/1 000 in aghaidh na bliana] a infheistiú” |
|
|
I gcás ina [scorann] tú tar éis bliain amháin (i gcás inarb infheidhme) |
I gcás ina [scorann] tú tar éis [leath den tréimhse shealbhaíochta mholta] (i gcás inarb infheidhme) |
I gcás go [scorann] tú i ndiaidh [na tréimhse sealbhaíochta molta] |
||||
|
Costas iomlán |
[] EUR |
[] EUR |
[] EUR |
||||
|
Tionchar bliantúil ar chostais (11 *2 12) |
[] % |
[] % gach bliain |
[] % gach bliain |
||||
|
|||||||
Tábla 1 le haghaidh PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagail 13
Cuirfidh an monaróir PRIIP na ceannteidil agus insintí seo a leanas san áireamh, chomh maith leis an tábla 1 ina dtaispeántar na figiúirí costais chomhiomlánaithe i dtéarmaí airgeadaíochta agus céatadáin a shonraítear i bpointí 61 agus 62 d’Iarscríbhinn VI leis na tréimhsí sealbhaíochta dá dtagraítear i bpointe 90 den Iarscríbhinn sin agus lena soláthraítear deighilt idir costais an PRIIP seachas costais na roghanna bunúsacha infheistíochta (“conradh árachais”) agus raon costas na roghanna bunúsacha infheistíochta (“roghanna infheistíochta”):
“ Costais thar thréimhse ama
Taispeántar sna táblaí na méideanna a thógtar as d’infheistíocht chun cineálacha difriúla costas a chumhdach. Braitheann na méideanna sin ar an méid a infheistíonn tú, ar an achar a choimeádann tú an táirge [agus cá fheabhas a éiríonn leis an táirge (i gcás inarb infheidhme)]. Is léirithe iad na méideanna a thaispeántar anseo bunaithe ar shampla de mhéid infheistíochta agus ar thréimhsí infheistíochta féideartha difriúla.
Ghlacamar leis:
|
— |
Sa chéad bhliain, go bhfaighfeá ar ais an méid a d’infheistigh tú (toradh bliantúil 0 %). Maidir leis na tréimhsí sealbhaíochta eile, ghlacamar leis go bhfeidhmeoidh an táirge mar a thaispeántar sa chás measartha |
|
— |
Déantar [EUR 10 000/1 000 in aghaidh na bliana] a infheistiú |
[Ráiteas ina dtugtar le fios go gcuimsítear leis na costais iomlána ar an infheisteoir miondíola teaglaim de chostais an PRIIP seachas costais na roghanna bunúsacha infheistíochta agus costais an rogha infheistíochta agus go mbíonn siad éagsúil ar bhonn na roghanna bunúsacha infheistíochta.]”
|
|
I gcás ina [scorann] tú tar éis bliain amháin (i gcás inarb infheidhme) |
I gcás ina [scorann] tú tar éis [leath den tréimhse shealbhaíochta mholta] (i gcás inarb infheidhme) |
I gcás go [scorann] tú i ndiaidh [na tréimhse sealbhaíochta molta] |
||||
|
Costas iomlán |
|||||||
|
[] EUR [] – [] EUR |
[] EUR [] – [] EUR |
[] EUR [] – [] EUR |
||||
|
Tionchar bliantúil ar chostais (*3) |
|||||||
|
[] % [] – [] % |
[] % gach bliain [] – [] % gach bliain |
[] % gach bliain [] – [] % gach bliain |
||||
|
|||||||
Tábla 1 le haghaidh PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 76c d’Iarscríbhinn VI (Táirgí arna nGlaoch go hUathoibríoch)
Maidir le PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 76c d’Iarscríbhinn VI, is iad seo a leanas a bheidh sa cheannteideal, san insint agus i dTábla 1 “Costais thar Thréimhse Ama”:
“Costais thar thréimhse ama
Taispeántar sna táblaí na méideanna a thógtar as d’infheistíocht chun cineálacha difriúla costas a chumhdach. Braitheann na méideanna sin ar an méid a infheistíonn tú, ar an achar a choimeádann tú an táirge [agus ar cé chomh maith a éiríonn leis an táirge (i gcás i gcás inarb infheidhme)]. Is léirithe iad na méideanna a thaispeántar anseo bunaithe ar shampla de mhéid infheistíochta agus ar thréimhsí infheistíochta féideartha difriúla.
Tá fad an táirge seo éiginnte mar d’fhéadfadh sé foirceannadh ag amanna difriúla ag brath ar an bhforbairt a thiocfaidh ar an margadh. Breithnítear dhá chás dhifriúla (glao luath agus aibíocht) sna méideanna a thaispeántar anseo. I gcás go gcinneann tú scor sula dtiocfaidh deireadh leis an táirge, d’fhéadfadh go mbeadh feidhm ag costais scoir sa bhreis ar an méid a thaispeántar anseo.
Ghlacamar leis:
|
— |
Déantar [EUR 10 000/1 000 in aghaidh na bliana] a infheistiú |
|
— |
feidhmíocht táirge atá comhsheasmhach le gach tréimhse shealbhaíochta a thaispeántar.” |
|
|
I gcás go nglaoitear an táirge ar an gcéad dáta is féidir [] |
I gcás go mbaineann an táirge aibíocht amach |
||||
|
Costas iomlán |
[] EUR |
[] EUR |
||||
|
Tionchar bliantúil ar chostais (*4) |
[] % |
[] % gach bliain |
||||
|
||||||
Tábla 2 le haghaidh na PRIIPanna ar fad seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 13
Cuirfidh an monaróir PRIIP miondealú ar chostais san áireamh, de réir an aicmithe dá dtagraítear i bpointí 64 go 69 d’Iarscríbhinn VI, agus úsáid á baint as na ceannteidil agus tábla 2 thíos.
Cuirfear tuairisc an-ghearr ar chineál gach saghas costais san áireamh. Áireofar leis sin táscaire uimhriúil (méid airgeadaíochta nó céatadán) agus an bonn a úsáidtear don ríomh i gcás gur féidir sin a chur i láthair i dtéarmaí simplí ar dócha go dtuigfidh an cineál infheisteora miondíola a bhfuil sé beartaithe an PRIIP a mhargú lena aghaidh. Bunófar an tuairisc ar cheann amháin nó níos mó de na samplaí a áirítear sa tábla thíos, ach amháin i gcás nach bhfuil siad infheidhme.
“ Comhdhéanamh na gCostas
|
Costais aonuaire ar iontráil nó scor |
(PRIIPanna): I gcás ina [scorann] tú tar éis [bliain amháin/na tréimhse sealbhaíochta molta (más lú ná bliain amháin í)] (Táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe): Tionchar bliantúil ar chostais i gcás go [scorann] tú i ndiaidh [na tréimhse sealbhaíochta molta] |
|||||||||||
|
Costais iontrála |
[Tabhair tuairisc ar chineál i líon nach mó ná 300 carachtar. Samplaí:
|
[Chomh hard le] [] EUR (PRIIPanna) nó [] % (táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe) |
||||||||||
|
Costais scoir |
[Tabhair tuairisc ar chineál i líon nach mó ná 300 carachtar. Samplaí:
(I gcás nach bhfuil feidhm ag costais scoir ach i gcúinsí sonracha) – “Ní bhíonn feidhm ag na costais seo ach amháin (mínigh na cúinsí nó tabhair sampla i líon nach mó ná 200 carachtar)” Maidir le táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe i gcás nach bhfuil feidhm ag costais scoir ach amháin roimh scor ag an tréimhse shealbhaíochta mholta, sloinnfear “N/A” sa cholún ar dheis agus cuirfear an ráiteas seo a leanas san áireamh sa cholún seo i na tuairiscí thuas: “Sloinntear costais scoir mar “N/A” sa chéad cholún eile mar níl feidhm acu i gcás go gcoimeádann tú an táirge go dtí an tréimhse shealbhaíochta mholta” |
[] EUR (PRIIPanna) nó [] % (táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe) |
||||||||||
|
Costais leanúnacha [a thógtar gach bliain] |
|
|||||||||||
|
Táillí bainistíochta agus costais oibriúcháin nó riaracháin eile |
[Tabhair tuairisc ar an mbonn i líon nach mó ná 150 carachtar. Sampla: “[] % de luach d’infheistíochta in aghaidh na bliana”]. Is meastachán é seo atá bunaithe ar na costais iarbhír le linn na bliana deiridh. |
[] EUR (PRIIPanna) nó [] % (táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe) |
||||||||||
|
Costais idirbhirt |
[] % de luach d’infheistíochta in aghaidh na bliana. Is meastachán é seo ar na costais a thabhaítear nuair a cheannaímid agus nuair a dhíolaimid na hinfheistíochtaí bunúsacha don táirge. Beidh éagsúlacht i gceist leis an méid iarbhír ag brath ar an méid a cheannaímid agus a dhíolaimid. |
[] EUR (PRIIPanna) nó [] % (táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe) |
||||||||||
|
Costais theagmhasacha a thógtar faoi choinníollacha sonracha |
|
|||||||||||
|
Táillí feidhmíochta [agus ús iompartha] |
[[Tabhair tuairisc i líon nach mó ná 300 carachtar]. Beidh éagsúlacht i gceist leis an méid iarbhír ag brath ar cé chomh maith a éiríonn le d’infheistíocht. Tá an meánmhéid sna 5 bliana deireanacha san áireamh sa mheastachán thuas ar chostas comhiomlánaithe.] nó [Níl aon táille feidhmíochta i gceist leis an táirge seo]. |
[] EUR (PRIIPanna) nó [] % (táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe) |
||||||||||
|
||||||||||||
Maidir le PRIIPanna a thairgeann raon roghanna infheistíochta, bainfidh monaróirí PRIIP úsáid as tábla 1 agus tábla 2 den Iarscríbhinn seo agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad le gach PRIIP seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 13, pointe (b) agus i bpointe 76c d’Iarscríbhinn VI chun na costais a chur i láthair, agus taispeánfar raon na gcostas le haghaidh na bhfigiúirí i ngach tábla, de réir mar is ábhartha.
Maidir le PRIIPanna lena ngabhann tréimhse shealbhaíochta níos giorra ná bliain amháin, in áit “tionchar bliantúil ar chostais”, is “tionchar ar chostais” a bheidh mar lipéad ar an gcóimheas costais i dtéarmaí céatadáin i dtábla 1 agus i dtábla 2, agus sloinnfear an méid seo a leanas san fhonóta faoi thábla 1 “Léirítear leis seo éifeacht na gcostas thar thréimhse shealbhaíochta níos giorra ná bliain amháin. Ní féidir an céatadán seo a chur i gcomparáid go díreach leis na figiúirí tionchar ar chostais a chuirtear ar fáil do PRIIPanna eile”.
Maidir le PRIIPanna ina ríomhtar cóimheasa costais agus úsáid á baint as luach barúlach, cuirfear an fonóta seo a leanas isteach faoin tábla: “Léirítear leis seo costais i ndáil le luach barúlach an PRIIP”. ”
Tábla 2 le haghaidh PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagail 13
Cuirfidh an monaróir PRIIP miondealú ar chostais san áireamh, de réir an aicmithe dá dtagraítear i bpointí 64 go 69 d’Iarscríbhinn VI, agus úsáid á baint as na ceannteidil agus tábla 2 thíos. I gcás inarb infheidhme don chineál costais, taispeánfar deighilt costas idir costais an PRIIP seachas costais na roghanna bunúsacha infheistíochta (“conradh árachais”) agus raon costas na roghanna bunúsacha infheistíochta (“roghanna infheistíochta”).
Cuirfear tuairisc an-ghearr ar chineál gach saghas costais san áireamh. Áireofar leis sin táscaire uimhriúil (méid seasta nó céatadán) agus an bonn a úsáidtear don ríomh i gcás gur féidir sin a chur i láthair i dtéarmaí simplí ar dócha go dtuigfidh an cineál infheisteora miondíola a bhfuil sé beartaithe an PRIIP a mhargú lena aghaidh. Bunófar an tuairisc ar cheann amháin nó níos mó de na samplaí a áirítear sa tábla thíos, ach amháin i gcás nach bhfuil siad infheidhme.
“ Comhdhéanamh na gCostas
|
Costais aonuaire ar iontráil nó scor |
Tionchar bliantúil ar chostais i gcás go [scorann] tú i ndiaidh [na tréimhse sealbhaíochta molta] |
|||||||||||
|
Costais iontrála |
[Tabhair tuairisc ar chineál i líon nach mó ná 300 carachtar. Samplaí:
|
“[] %” nó “Conradh árachais [] % Rogha infheistíochta [] – [] %” |
||||||||||
|
Costais scoir |
[Tabhair tuairisc ar chineál i líon nach mó ná 300 carachtar. Samplaí:
(I gcás nach bhfuil feidhm ag costais scoir ach i gcúinsí sonracha) – “Ní bhíonn feidhm ag na costais seo ach amháin (mínigh na cúinsí nó tabhair sampla i líon nach mó ná 200 carachtar)” Maidir le táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe i gcás nach bhfuil feidhm ag costais scoir ach amháin roimh scor ag an tréimhse shealbhaíochta mholta, sloinnfear “N/A” sa cholún ar dheis agus cuirfear an ráiteas seo a leanas san áireamh sa cholún seo in éineacht leis na tuairiscí thuas: “Sloinntear costais scoir mar “N/A” sa chéad cholún eile mar níl feidhm acu i gcás go gcoimeádann tú an táirge go dtí an tréimhse shealbhaíochta mholta” |
“[] %” nó “Conradh árachais [] % Rogha infheistíochta [] – [] %” |
||||||||||
|
Costais leanúnacha a thógtar gach bliain |
|
|||||||||||
|
Táillí bainistíochta agus costais oibriúcháin nó riaracháin eile |
[Tabhair tuairisc ar an mbonn i líon nach mó ná 150 carachtar. Sampla: “[] % de luach d’infheistíochta in aghaidh na bliana”]. Is meastachán é seo atá bunaithe ar na costais iarbhír le linn na bliana deiridh. |
“[] %” nó “Conradh árachais [] % Rogha infheistíochta [] – [] %” |
||||||||||
|
Costais idirbhirt |
[] % de luach d’infheistíochta in aghaidh na bliana. Is meastachán é seo ar na costais a thabhaítear nuair a cheannaímid agus nuair a dhíolaimid na hinfheistíochtaí bunúsacha don táirge. Beidh éagsúlacht i gceist leis an méid iarbhír ag brath ar an méid a cheannaímid agus a dhíolaimid. |
“[] %” nó “Conradh árachais [] % Rogha infheistíochta [] – [] %” |
||||||||||
|
Costais theagmhasacha a thógtar faoi choinníollacha sonracha |
|
|||||||||||
|
Táillí feidhmíochta [agus ús iompartha] |
[[Tabhair tuairisc i líon nach mó ná 300 carachtar]. Beidh éagsúlacht i gceist leis an méid iarbhír ag brath ar cé chomh maith a éiríonn le d’infheistíocht. Tá an meánmhéid sna 5 bliana deireanacha san áireamh sa mheastachán thuas ar chostas comhiomlánaithe.] nó [Níl aon táille feidhmíochta i gceist leis an táirge seo]. |
“[] %” nó “Conradh árachais [] % Rogha infheistíochta [] – [] %” |
||||||||||
|
||||||||||||
IARSCRÍBHINN VIII
“IARSCRÍBHINN VIII
INNEACHAR AGUS CUR I LÁTHAIR FAISNÉISE FAOI FHEIDHMÍOCHT ROIMHE SEO
Sainmhínithe
|
1. |
Chun críche faisnéis faoi fheidhmíocht roimhe seo a chur i láthair, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
Feidhmíocht GCUInna nó CIManna roimhe seo a ríomh
|
2. |
Beidh ríomh na bhfigiúirí feidhmíochta roimhe seo bunaithe ar luach glansócmhainní na GCUInna nó na CIManna, agus ríomhfar iad ar an mbonn go bhfuil aon ioncam indáilte ón gciste athinfheistithe. |
Sonraí “ionsamhlaithe” a úsáid le haghaidh feidhmíocht roimhe seo maidir le GCUInna nó CIManna
|
3. |
Ní cheadófar taifead feidhmíochta ionsamhlaithe don tréimhse sula raibh sonraí ar fáil ach amháin sna cásanna seo a leanas, ar choinníoll go mbainfear úsáid chothrom, shoiléir as agus nach mbeidh sé míthreorach:
|
Ríomh ar fheidhmíocht roimhe seo le haghaidh táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe aonadnasctha
|
4. |
Beidh ríomh ar fheidhmíocht roimhe seo mar a dtugtar tuairisc air i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo i bhfeidhm mutatis mutandis le táirgí infheistíocht árachas-bhunaithe aonadnasctha. Beidh an ríomh comhsheasmhach leis an míniú ar thionchar na préimhe riosca bithmhéadraigh nó cuid costais na préimhe riosca bithmhéadraigh ar an toradh infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 2(4). |
Cur i láthair fheidhmíocht roimhe seo le haghaidh GCUInna nó CIManna
|
5. |
Cuirfear an fhaisnéis faoi fheidhmíocht na GCUInna nó an CIM roimhe seo i láthair i mbarrachairt a chuimseoidh feidhmíocht na GCUInna nó an CIM le 10 mbliana anuas. Beidh an bharrachairt sách mór le bheith inléite. |
|
6. |
Maidir le GCUInna nó CIManna a bhfuil feidhmíocht níos giorra ná 5 bliana féilire iomlána acu, bainfear úsáid as cur i láthair a chumhdaíonn na 5 bliana deireanacha agus sin amháin. |
|
7. |
Taispeánfar bliain ar bith nach bhfuil ar fáil mar bhliain fholamh gan aon anótáil ann ina leith seachas an dáta. |
|
8. |
Maidir le GCUInna nó CIManna nach bhfuil sonraí feidhmíochta le haghaidh bliain féilire iomlán ann maidir leo fós, cuirfear ráiteas san áireamh ina míneofar nach bhfuil sonraí leordhóthanacha ann chun táscaire áisiúil ar fheidhmíocht roimhe seo a chur ar fáil d’infheisteoirí miondíola. |
|
9. |
Beidh na ráitis seo a leanas, a bheidh le feiceáil go soiléir, mar fhorlíonadh ag leagan amach na barrachairte:
|
|
10. |
Ní bheidh aon taifead feidhmíochta roimhe seo i gcuid ar bith den bhliain féilire reatha san áireamh san fhaisnéis. |
Tagarmharc a úsáid le cois na feidhmíochta roimhe seo
|
11. |
I gcás go ndéantar tagairt do thagarmharc sa roinn dar teideal “Cad é an táirge seo?” den doiciméad faisnéise bunriachtanaí, cuirfear barra a thaispeánann feidhmíocht an tagarmhairc sin san áireamh sa chairt le cois gach barra a thaispeánann feidhmíocht roimhe seo ag an GCUI nó ag an CIM. Beidh feidhm aige sin maidir le GCUInna nó CIManna a rianaíonn tagarmharc, chomh maith le do na cinn a bhainistítear mar thagairt do thagarmharc. Meastar go bhfuil GCUI nó CIM á bhainistiú mar thagairt do thagarmharc i gcás go bhfuil ról ag innéacs an tagarmhairc i mbainistiú an GCUI nó an CIM, amhail maidir le comhdhéanamh punainne agus/nó bearta feidhmíochta. |
|
12. |
Maidir le GCUInna nó CIManna nach bhfuil sonraí faoi fheidhmíocht roimhe seo acu do na 5 bliana nó do na 10 mbliana á éilítear, ní thaispeánfar an tagarmharc do na blianta nárbh ann do GCUI nó don CIM. |
|
13. |
I gcás go mbainistítear an GCUI nó an CIM mar thagairt do thagarmharc dá dtagraítear i bpointe 11 den Iarscríbhinn seo, cuirfear forlíonadh leis na hinsintí i bpointe 9 den Iarscríbhinn seo mar seo a leanas i gcló trom:
“ Taispeántar sa chairt seo feidhmíocht an chiste mar chéatadán den chaillteanas nó den ghnóthachan in aghaidh na bliana le [x] (m)b(h)liain/(m)bliana anuas in aghaidh a thagarmhairc. ” “ Féadfaidh sé cabhrú leat measúnú a dhéanamh ar an tslí ar bainistíodh an ciste roimhe seo agus comparáid a dhéanamh lena thagarmharc. ” |
Cur i láthair na barrachairte
|
14. |
Comhlíonfaidh an bharrachairt lena gcuirtear feidhmíocht roimhe seo i láthair na critéir seo a leanas:
|
Tionchar agus cóireáil athruithe ábhartha
|
15. |
I gcás go dtagann athrú ábhartha ar chuspóirí an GCUI nó an CIM agus ar an mbeartas infheistíochta i rith na tréimhse a thaispeántar sa bharrachairt dá dtagraítear i bpointí 5 go 10 den Iarscríbhinn seo, leanfar d’fheidhmíocht an GCUI nó an CIM roimhe seo sular tharla an t-athrú ábhartha sin. |
|
16. |
Léireofar an tréimhse roimh an athrú ábhartha dá dtagraítear i bpointe 15 den Iarscríbhinn seo ar an mbarrachairt agus cuirfear lipéad uirthi le rabhadh soiléir gur baineadh an fheidhmíocht sin amach i gcúinsí nach bhfuil feidhm leo a thuilleadh. |
Sonraí “ionsamhlaithe” a úsáid le haghaidh feidhmíochta roimhe seo
|
17. |
I ngach cás ina ndearnadh feidhmíocht a ionsamhlú i gcomhréir le pointe 3 den Iarscríbhinn seo, nochtfar go soiléir ar an mbarrachairt gur ionsamhlaíodh an fheidhmíocht. |
|
18. |
Maidir le GCUI nó CIM atá ag athrú a stádais dhlíthiúil ach atá ag fanacht ar bun sa Bhallstát céanna, ní choimeádfaidh sé a thaifead ar fheidhmíocht ach amháin sa chás go measann údarás inniúil an Bhallstáit sin go réasúnta nach mbeadh tionchar ag an athrú stádais ar fheidhmíocht an GCUI nó CIM. |
|
19. |
I gcás cumasc dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (p)(i) agus (iii),) de Threoir 2009/65/CE, ní choimeádfar ach feidhmíocht roimhe seo an GCUI glactha. |
|
20. |
Cuirfidh pointe 19 den Iarscríbhinn seo mutatis mutandis i bhfeidhm i gcás chumasc CIManna. |
Cur i láthair fheidhmíocht fothairí GCUInna nó CIManna roimhe seo
|
21. |
Bainfidh cur i láthair fheidhmíocht fothairí GCUInna nó CIManna roimhe seo go sonrach leis na fothairí GCUInna nó CIManna agus ní atáirgfear taifead feidhmíochta an mháistir-GCUI ná an mháistir-CIM. |
|
22. |
Ní bheidh feidhm ag pointe 21 den Iarscríbhinn seo sna cásanna seo a leanas:
|
Cur i láthair fheidhmíocht roimhe seo maidir le táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe aonadnasctha
|
23. |
Cuirfidh pointí 5 go 16 den Iarscríbhinn seo mutatis mutandis i bhfeidhm i gcás táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe aonadnasctha. Beidh an cur i láthair comhsheasmhach leis an tuairisc ar thionchar na préimhe riosca bithmhéadraigh nó cuid costais na préimhe riosca bithmhéadraigh ar an toradh infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 2(4). |
(*1) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).’,
(1) IO L 352, 9.12.2014, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún an 8 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí i gcomhair táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair, ábhar, athbhreithniú agus leasú doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus maidir leis na coinníollacha chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir le doiciméid den sórt sin a sholáthar (IO L 100, 12.4.2017, lch. 1).
(3) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(4) Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 583/2010 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2010 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir agus coinníollacha atá le comhlíonadh agus faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir nó an réamheolaire á soláthar i meán marthanach seachas páipéar nó trí shuíomh gréasáin (IO L 176, 10.7.2010, lch. 1).
(6) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) a chomhordú (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(7) COM(2021)397.
(8) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(11) Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).
(*2) “Léirítear leis seo an tslí a laghdaíonn costais do thoradh gach bliain thar an tréimhse shealbhaíochta. Mar shampla, taispeánann sé, sa chás go scorann tú ag an tréimhse shealbhaíochta mholta, go réamh-mheastar go mbeidh do mheántoradh in aghaidh na bliana [] % roimh chostais agus [] % i ndiaidh costas.”
(*3) “Léirítear leis seo an tslí a laghdaíonn costais do thoradh gach bliain thar an tréimhse shealbhaíochta. Mar shampla, taispeánann sé, sa chás go scorann tú ag an tréimhse shealbhaíochta mholta, go réamh-mheastar go mbeidh do mheántoradh in aghaidh na bliana [] % roimh chostais agus [] % i ndiaidh costas.”
(*4) “Léirítear leis seo an tslí a laghdaíonn costais do thoradh gach bliain thar an tréimhse shealbhaíochta. Mar shampla, taispeánann sé, sa chás go scorann tú amhail aibíocht an táirge go réamh-mheastar go mbeidh do mheántoradh in aghaidh na bliana [] % roimh chostais agus [] % i ndiaidh costas.”
(12) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 694/2014 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2013 lena bhforlíontar Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun cineálacha bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha a chinneadh (IO L 183, 24.6.2014, lch. 18).