20.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 455/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2268 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Meán Fómhair 2021

lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht agus leis an gcur i láthair is bonn taca le cásanna feidhmíochta, cur i láthair costas agus an modheolaíocht chun táscairí achomair costais a ríomh, cur i láthair agus inneachar na faisnéise maidir le feidhmíocht roimhe seo agus cur i láthair na gcostas de réir táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) ina dtairgtear raon roghanna infheistíochta agus ailíniú an tsocraithe eatramhaigh le haghaidh monaróirí PRIIPanna a thairgeann aonaid cistí dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar roghanna bunúsacha infheistíochta leis an socrú eatramhach buan a leagtar síos san Airteagal sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (1), agus go háirithe Airteagal 8(5) agus Airteagal 10(2) de sin,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thaispeáin an taithí a fuarthas i rith chéad bhlianta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún (2) nach mór gnéithe áirithe de chur i láthair agus d’inneachar na ndoiciméad faisnéise bunriachtanaí a athbhreithniú. Tá gá le hathbhreithniú den sórt sin lena áirithiú go leantar de sholáthar faisnéise iomchuí d’infheisteoirí miondíola thar an raon de chineálacha difriúla táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (“PRIIPanna”), gan beann ar imthosca áirithe an mhargaidh, go háirithe le linn tréimhse leanúnach feidhmíochta dearfaí ar an margadh.

(2)

Chun faisnéis intuigthe, nach bhfuil míthreorach, agus ábhartha le haghaidh cineálacha difriúla PRIIPanna a sholáthar, níor cheart do chásanna feidhmíochta a thaispeántar sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí tuar ródheimhneach a sholáthar le haghaidh torthaí ionchasacha sa todhchaí. Tá feidhmíocht infheistíochtaí bunúsacha agus feidhmíocht cistí infheistíochta neamh-struchtúracha agus PRIIPanna comhchosúla eile nasctha go díreach. Ba cheart an modheolaíocht atá mar bhonn taca chun cásanna feidhmíochta a chur i láthair a chur in oiriúint dá bhrí sin ionas nach mbeifear ag brath ar mhodh staidrimh ina gcruthaítear cásanna feidhmíochta a d’fhéadfadh torthaí breathnaithe a fhairsingiú. Ba cheart an mhodheolaíocht atá mar bhonn taca do chur i láthair na gcásanna feidhmíochta a chur in oiriúint lena áirithiú go mbeidh na cásanna sin bunaithe ar thréimhse níos faide torthaí breathnaithe, ag gabháil an dá thréimhse d’fhás dearfach agus diúltach, rud lena soláthraítear dá bhrí sin cásanna feidhmíochta níos cobhsaí le himeacht aimsire agus lena n-íoslaghdaítear torthaí comhthimthriallacha. Léiríodh cumas na modheolaíochta chun cásanna feidhmíochta a chur i láthair chun meastacháin réamhbhreathnaitheacha iomchuí a sholáthar trí chúltástáil ina ndearnadh comparáid idir torthaí na modheolaíochta sin agus feidhmíocht bhreathnaithe iarbhír PRIIPanna.

(3)

Ionas nach meastar cásanna feidhmíochta mar réamhaisnéisí den mheastachán is fearr, is gá foláirimh níos feiceálaí a fhorchur maidir leis na cásanna sin. Ba cheart an nochtadh, i dtéarmaí simplí, maidir le sonraí breise ar na toimhdí ar a bhfuil na cásanna sin bunaithe an riosca maidir le hionchais mhíchuí ar thorthaí féideartha sa todhchaí a laghdú freisin.

(4)

Tá faisnéis maidir le costais thábhachtacha d’infheisteoirí miondíola nuair a bhítear ag cur PRIIPanna difriúla i gcomparáid lena chéile. D’fhonn é a chur ar a gcumas d’infheisteoirí miondíola tuiscint níos fearr a fháil ar na cineálacha difriúla struchtúr costais sPRIIPanna difriúla agus ábharthacht na struchtúr sin lena n-imthosca aonair, ba cheart go n-áireofaí tuairisc ar na príomhghnéithe de na costais san fhaisnéis sna doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Ina theannta sin, d’fhonn an chomhairle a thugtar maidir le PRIIPanna agus maidir le díol PRIIPanna a éascú, ba cheart na táscairí le haghaidh gnéithe costais aonair a ailíniú le faisnéis a nochtar faoi reachtaíocht earnála an Aontais, go háirithe Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). An tráth céanna, is gá comparáideacht a áirithiú thar gach cineál PRIIP maidir le costais iomlána. Ba cheart soiléiriú a thabhairt ar an mbrí atá le táscairí achomair costais i ndoiciméid faisnéise bunriachtanaí, ionas go mbeidh infheisteoirí miondíola in ann tuiscint níos fearr a fháil ar tháscairí achomair costais den sórt sin.

(5)

Chun gnéithe eacnamaíocha aicmí sócmhainní áirithe a chur san áireamh ar bhealach níos fearr agus PRIIPanna sin nach ngineann dóthain idirbheart chun gluaiseachtaí margaidh a dhíothú le dóthain cinnteachta staidrimh, ba cheart go n-úsáidfí cur chuige níos difreálaí agus níos comhréire sa mhodheolaíocht athbhreithnithe chun costais idirbhirt a ríomh. Ba cheart go bhfágfaí as an áireamh freisin sa mhodheolaíocht sin costais idirbhirt dhiúltacha a d’fhéadfadh tarlú ionas nach gcuirfí mearbhall ar infheisteoirí miondíola.

(6)

I gcás PRIIPanna lena dtairgtear raon roghanna i gcomhair infheistíochta, ba cheart cur i láthair coigeartaithe maidir leis an bhfaisnéis ar chostais a leagan síos chun feabhas a chur ar an tuiscint atá ag infheisteoirí miondíola ar impleachtaí costais na roghanna infheistíochta difriúla sin.

(7)

Chun gur féidir le hinfheisteoirí miondíola breathnú, tuiscint agus comparáid a dhéanamh idir an luaineacht a bhaineann le torthaí PRIIPanna líneacha agus na roghanna bunúsacha infheistíochta líneacha chomh maith le feidhmíocht roimhe seo in imthosca margaidh ar leith, is gá ceanglais áirithe a leagan síos maidir le hinneachar agus cur i láthair caighdeánaithe na feidhmíochta roimhe seo i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653, trí rialacha áirithe atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 583/2010 ón gCoimisiún (5) a ionchorprú agus a oiriúnú. Ba cheart d’inneachar agus do chur i láthair na feidhmíochta roimhe seo an fhaisnéis arna soláthar ag cásanna feidhmíochta a chomhlánú. Sna doiciméid faisnéise bunriachtanaí maidir le PRIIPanna líneacha sin agus roghanna bunúsacha infheistíochta líneacha ba cheart go mbeadh sa roinn dar teideal “Faisnéis ábhartha eile” crostagairtí do dhoiciméid nó do shuíomhanna gréasáin ar leithligh le faisnéis maidir le feidhmíocht roimhe seo.

(8)

De bhun Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, maidir le cuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta agus daoine a thugann comhairle i dtaobh aonaid de GCUInna nó a dhíolann iad, tá díolúine acu ó na hoibleagáidí faoin Rialachán sin go dtí an 31 Nollaig 2021. Nuair a chuireann Ballstát rialacha i bhfeidhm maidir le formáid agus inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, a leagtar síos in Airteagail 78 go 81 de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ar chistí neamh-GCUInna a thairgtear d’infheisteoirí miondíola, beidh feidhm ag an díolúine a leagtar síos in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 maidir le cuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta agus daoine a thugann comhairle maidir le haonaid de chistí den sórt sin le hinfheisteoirí miondíola nó a dhíolann iad. Chun córas dlí eatramhach comhsheasmhach a sholáthar do na cistí sin, ceadaítear le hAirteagal 14(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653, a bheidh i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán Tarmligthe sin, go dtí 31 Nollaig 2021, do mhonaróirí táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe (“monaróirí PRIIP”) leanúint de bheith ag úsáid doiciméad den sórt sin arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 78 go 81 de Threoir 2009/65/CE, i gcás gurb ionann ceann amháin ar a laghad de na roghanna bunúsacha infheistíochta agus ciste GCUI nó neamh-GCUI. Leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, beartaítear síneadh ama a chur leis na socruithe idirthréimhseacha dá dtagraítear in Airteagal 32 de go dtí an 30 Meitheamh 2022. Is gá go mbeidh monaróirí PRIIP in ann leanúint de dhoiciméid arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 78 go 81 de Threoir 2009/65/CE a úsáid chomh fada agus a fhanfaidh na socruithe idirthréimhseacha sin i bhfeidhm.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 a leasú dá réir sin.

(10)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (na “hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha”) faoi bhráid an Choimisiúin.

(11)

Reáchtáil na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne siad anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, agus d’iarr comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(12)

Toisc go bhfuil dlúthcheangal ag na caighdeáin theicniúla rialála lena chéile agus chun a áirithiú go bhfuil na ceanglais a tugadh isteach leo comhsheasmhach go hiomlán, is iomchuí é gníomh dlí aonair a ghlacadh lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653.

(13)

Chun dóthain ama a thabhairt do mhonaróirí PRIIP, agus do dhaoine a dhíolann nó a thugann comhairle maidir le PRIIPanna, ullmhú don oibleagáid maidir le doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas i gcomhréir le ceanglais nua ba cheart go mbeadh an Rialachán seo i bhfeidhm ón 1 Iúil 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

sa chéad mhír, cuirtear pointí (f) go (i) seo a leanas leis:

“(f)

i gcás inarb infheidhme, i gcásanna ina bhfuil an monaróir PRIIP mar chuid de ghrúpa cuideachtaí chun críocha dlíthiúla, riaracháin nó margaíochta, ainm an ghrúpa sin;

(g)

i gcás ina bhfuil an PRIIP i bhfoirm gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) nó i bhfoirm ciste infheistíochta malartaí (CIM), beidh aitheantas an GCUI nó CIM lena n-áirítear an aicme scaireanna nó an urrann infheistíochta de sin, luaite go soiléir;

(h)

tuairisc maidir le húdarú, i gcás inarb infheidhme;

(i)

i gcás ina bhfuil an PRIIP i bhfoirm GCUI nó CIM agus i gcásanna ina bhfuil GCUI á bhainistiú ag cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE nó i gcás inar cuideachta infheistíochta é dá dtagraítear in Airteagal 27 den Treoir sin (‘cuideachta bainistíochta GCUI’ go comhchoiteann) atá ag feidhmiú i leith an GCUI sin cearta faoi Airteagal 16 den Treoir sin, nó i gcásanna ina bhfuil CIM á bhainistiú ag bainisteoir cistí infheistíochta malartacha (BCIM) atá ag feidhmiú i leith an CIM sin cearta faoi Airteagail 31, 32 agus 33 de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), áireofar ráiteas breise maidir leis sin.

(*1)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).’,"

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘Chun críocha na chéad mhíre, pointe (g), i gcás urrainn infheistíochta nó aicme scaireanna, leanfaidh ainm an GCUI nó an CIM ainm na hurrainne nó na haicme scaireanna. I gcás gurb ann do chóduimhir lena sainaithnítear an GCUI nó an CIM, an urrann infheistíochta nó an aicme scaireanna, beidh sé mar chuid d’aitheantas an GCUI nó CIM.”;

(2)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír 2a, an mhír 2b agus an mhír 2c seo a leanas:

“2a.   I gcás ina mbeidh an PRIIP i bhfoirm GCUI nó CIM, san fhaisnéis sa roinn dar teideal ‘Cad é an táirge seo?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí cumhdófar na gnéithe riachtanacha sin de GCUI nó CIM a gcuirfear infheisteoir miondíola ar an eolas maidir leo, fiú mura bhfuil na gnéithe sin mar chuid den tuairisc ar na cuspóirí agus ar an mbeartas infheistíochta i réamheolaire GCUI dá dtagraítear in Airteagal 68 de Threoir 2009/65/CE nó den tuairisc ar an straitéis infheistíochta agus ar chuspóirí CIM dá dtagraítear in Airteagal 23(1), de Threoir 2011/61/AE, lena n-áirítear:

(a)

príomh-chatagóirí na n-ionstraimí airgeadais incháilithe is ábhar don infheistíocht;

(b)

an fhéidearthacht go bhféadfaidh an t-infheisteoir miondíola aonaid de GCUI nó CIM a fhuascailt ar éileamh, ag cáiliú an ráitis sin le tásc maidir le minicíocht na ndéileálacha in aonaid, nó i gcás inarb infheidhme ráiteas nach bhfuil aon fhéidearthacht ann chun aonaid a fhuascailt ar éileamh;

(c)

cibé atá sprioc áirithe ag an GCUI nó CIM i ndáil le haon earnáil thionsclaíoch, geografach nó earnálacha eile den mhargadh nó aicmí sonracha sócmhainní;

(d)

cibé a cheadaíonn an GCUI nó CIM le haghaidh roghanna lánroghnacha i dtaca leis na hinfheistíochtaí áirithe atá le déanamh, agus cibé a áirítear leis an gcur chuige sin nó go dtuigtear tagairt leis do thagarmharc agus más amhlaidh atá, cén ceann;

(e)

cibé a dhéantar ioncam ó dhíbhinní a dháileadh nó a athinfheistiú.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), i gcás ina dtuigtear tagairt do thagarmharc leis, tabharfar le fios cé mhéid saoirse a bheidh ar fáil i ndáil leis an tagarmharc sin, agus i gcás ina bhfuil cuspóir rianúcháin innéacs ag GCUI nó CIM, luafar é sin.

2b.   Áireofar é seo a leanas leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2a, i gcás inarb ábhartha:

(a)

i gcás ina n-infheistíonn GCUI nó CIM in urrúis fiachais, tásc maidir le cibé a eisíonn comhlachtaí corparáideacha, rialtais nó eintitis eile na hurrúis fiachais sin, agus, i gcás inarb infheidhme, aon íoscheanglas rátála;

(b)

i gcás inar ciste infheistíochta struchtúrach é an GCUI nó CIM, míniú i dtéarmaí simplí ar gach gné is gá le haghaidh tuiscint cheart ar an eis-íocaíocht agus na sonraí a mheastar a chinnfidh feidhmíocht, lena n-áirítear tagairtí, i gcás inar gá, do na mionsonraí maidir leis an algartam agus a oibreacha a bhíonn le feiceáil i réamheolaire an GCUI nó sa tuairisc ar straitéis infheistíochta agus ar chuspóirí an CIM;

(c)

i gcás ina mbíonn treoir ag an rogha sócmhainní ó chritéir shonracha, míniú ar na critéir sin, amhail ‘fás’, ‘luach’ nó ‘díbhinní arda’;

(d)

i gcás ina n-úsáidtear teicnící bainistíochta sócmhainní sonracha, ina bhféadfaí fálú, arbatráiste nó giaráil a áireamh, míniú i dtéarmaí simplí ar na tosca a mheastar a chinnfidh feidhmíocht an GCUI nó CIM.

2c.   An fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2a agus 2b déanfar idirdhealú inti idir na catagóirí leathana infheistíochtaí mar a shonraítear i mír 2a, pointí (a) agus (c), agus mír 2b, pointe (a), agus an cur chuige maidir leis na hinfheistíochtaí sin a ghlacfaidh cuideachta bainistíochta GCUI nó BCIM mar a shonraítear i mír 2a, pointe (d) agus i mír 2b, pointí (b), (c) agus (d).

Sa roinn dar teideal ‘Cad é an táirge seo?’ féadfaidh gnéithe eile seachas iad sin atá liostaithe i míreanna 2a agus 2b a bheith sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, lena n-áirítear an tuairisc ar an GCUI nó ar straitéis infheistíochta an CIM, i gcás ina bhfuil gá leis na gnéithe sin chun tuairisc leordhóthanach a thabhairt ar chuspóirí agus ar bheartas infheistíochta an GCUI nó an CIM.”;

(b)

cuirtear an mhír 6 agus an mhír 7 seo a leanas leis:

“6.   I gcás ina bhfuil an PRIIP i bhfoirm GCUI nó CIM, beidh sainaithint agus míniú ar na rioscaí dá dtagraítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an Rialachán seo comhsheasmhach leis an bpróiseas inmheánach chun an riosca arna ghlacadh ag cuideachta bainistíochta GCUI a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú agus a fhaire i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE nó ag BCIM i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE. I gcás ina mbainistíonn cuideachta bainistíochta níos mó ná GCUI amháin nó i gcás ina mbainistíonn BCIM níos mó ná CIM amháin, déanfar na rioscaí a shainaithint agus a mhíniú ar bhealach comhsheasmhach.

7.   I gcás ina bhfuil an PRIIP i bhfoirm GCUI nó CIM, sa roinn dar teideal ‘Cad é an táirge seo?’ beidh an fhaisnéis seo a leanas sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí le haghaidh gach Ballstáit ina ndéantar an GCUI nó CIM a mhargú:

(a)

ainm na taisclainne;

(b)

cá háit agus cén chaoi le tuilleadh faisnéise a fháil faoin GCUI nó CIM, cóipeanna de réamheolaire GCUI nó cóipeanna den tuairisc ar straitéis agus ar chuspóirí infheistíochta CIM, an tuarascáil bhliantúil is déanaí agus aon tuarascáil leathbhliantúil ina dhiaidh sin maidir leis an GCUI dá dtagraítear in Airteagal 68(1), pointe (b) agus (c), de Threoir 2009/65/CE, nó an tuarascáil bhliantúil is déanaí den CIM dá dtagraítear in Airteagal 22 de Threoir 2011/61/AE, á lua cén teanga nó teangacha ina bhfuil na doiciméid sin ar fáil, agus go bhféadfar iad a fháil saor in aisce;

(c)

cá háit agus cén chaoi faisnéis phraiticiúil eile a fháil, lena n-áirítear cá bhfaighfear na praghsanna aonad is déanaí.”;

(3)

Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“Cuirfear foláireamh feiceálach isteach, i gcás inarb infheidhme, maidir leis na costais bhreise a fhéadfaidh daoine a bheidh ag tabhairt comhairle maidir leis an PRIIP, nó á dhíol, a fhorchur.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Sa tábla ‘Comhdhéanamh na gcostas’ sa roinn dar teideal ‘Cad iad na costais?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí, sonróidh na monaróirí PRIIP na táscairí achomair de na cineálacha costas seo a leanas:

(a)

aon chostas aonuaire, amhail costais iontrála agus costais scoir;

(b)

aon chostas athfhillteach, ag deighilt costais idirbhirt punainne agus costais eile athfhillteacha;

(c)

aon chostas teagmhasach, amhail táillí feidhmíochta nó ús iompartha.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Tabharfaidh monaróirí PRIIP tuairisc ar na costais difriúla a bheidh áirithe sa tábla ‘Comhdhéanamh na gcostas’ sa roinn dar teideal ‘Cad iad na costais?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí, i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII, agus sonróidh siad cá háit agus conas a d’fhéadfadh difear a bheith idir na costais sin agus na costais iarbhír a d’fhéadfadh an t-infheisteoir miondíola a thabhú, agus cá háit agus conas a d’fhéadfadh costais den sórt sin a bheith ag brath ar cibé a fheidhmíonn nó nach bhfeidhmíonn an t-infheisteoir miondíola roghanna áirithe.’;

(4)

in Airteagal 8, cuirtear an mhír 3 seo a leanas isteach:

‘3.   Maidir le GCUInna mar a shainmhínítear i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn VIII, áireofar in CIManna mar a shainmhínítear i bpointe 1(b) den Iarscríbhinn sin, nó táirgí infheistíochta aonadnasctha atá árachas-bhunaithe mar a shainmhínítear i bpointe 1(c) den Iarscríbhinn sin, sa roinn dar teideal ‘Faisnéis ábhartha eile’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí:

(a)

nasc chuig an suíomh gréasáin, nó tagairt do dhoiciméad, i gcás ina gcuirtear an fhaisnéis maidir le feidhmíocht roimhe seo arna foilsiú ag an monaróir PRIIP i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII ar fáil;

(b)

an líon blianta dá gcuirtear na sonraí maidir le feidhmíocht roimhe seo i láthair.

I gcás PRIIPanna dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, Cuid 1, pointe 5, ar cistí iata iad, nó PRIIPanna eile atá oscailte i gcomhair suibscríbhinne, déanfar ríomhanna maidir le cás feidhmíochta roimhe seo a fhoilsiú ar bhonn míosúil agus luafar sa roinn dar teideal ‘Faisnéis ábhartha eile’ cá háit ar féidir na ríomhanna sin a aimsiú.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil II:

“CAIBIDIL II

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS NA DOICIMÉID FAISNÉISE BUNRIACHTANAÍ DE RÉIR PRIIPanna A THAIRGEANN RAON ROGHANNA I gCOMHAIR INFHEISTÍOCHTA”;

(6)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

“(a)

doiciméad faisnéise bunriachtanaí maidir le gach rogha bhunúsach infheistíochta laistigh den PRIIP, i gcomhréir le Caibidil I, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an PRIIP ina iomláine, agus gach doiciméad faisnéise bunriachtanaí ag léiriú nach n-infheistíonn an t-infheisteoir miondíola ach i rogha infheistíochta amháin;

(b)

doiciméad faisnéise bunriachtanaí ginearálta ina dtugtar tuairisc ar an PRIIP i gcomhréir le Caibidil I, mura sonraítear a mhalairt in Airteagail 11 go 14, lena n-áirítear tuairisc ar cá háit ar féidir an fhaisnéis shonrach maidir le gach rogha bhunúsach infheistíochta a aimsiú.”;

(7)

in Airteagal 11, scriostar pointe (c).

(8)

Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

scriostar pointe (d) i mír 1;

(b)

scriostar mír 2;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 13 agus Airteagal 14:

“Airteagal 13

An roinn ‘Cad iad na costais?’ sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí ginearálta

Sa roinn dar teideal ‘Cad iad na costais?’, de mhaolú ar Airteagal 5(1), pointe (b), sonróidh monaróirí PRIIP iad seo a leanas:

(a)

i gcás nach féidir costais an PRIIP seachas costais na rogha bunúsaí infheistíochta a sholáthar i bhfigiúr aonair, lena n-áirítear i gcás ina mbíonn éagsúlacht ag baint leis na costais sin ag brath ar an rogha bhunúsach infheistíochta a roghnaítear:

(i)

raon na gcostas le haghaidh an PRIIP sna táblaí ‘Costais thar thréimhse ama’ agus ‘Comhdhéanamh na gcostas’ a leagtar amach in Iarscríbhinn VII;

(ii)

ráiteas ina dtugtar le fios go mbíonn éagsúlacht ag baint leis na costais don infheisteoir miondíola ar bhonn na roghanna bunúsacha infheistíochta;

(b)

i gcás ina féidir na costais le haghaidh an PRIIP seachas costais na roghanna bunúsacha infheistíochta a sholáthar i bhfigiúr aonair:

(i)

na costais sin a thaispeántar ar leithligh ó raon na gcostas le haghaidh na roghanna bunúsacha infheistíochta arna dtairiscint ag an PRIIP sna táblaí ‘Costais thar thréimhse ama’ agus ‘Comhdhéanamh na gcostas’ a leagtar amach in Iarscríbhinn VII;

(ii)

ráiteas ina dtugtar le fios go gcuimsítear leis na costais iomlána ar an infheisteoir miondíola teaglaim de na costais ar na roghanna bunúsacha infheistíochta a roghnaíodh agus costais eile an PRIIP agus bíonn siad éagsúil ar bhonn na roghanna bunúsacha infheistíochta.

Airteagal 14

Faisnéis shonrach maidir le gach rogha bhunúsach infheistíochta

Soláthrófar an fhaisnéis shonrach maidir le gach rogha bhunúsach infheistíochta, dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (b), i ndoiciméad faisnéise sonrach lena bhforlíontar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí ginearálta. Áireoidh monaróirí PRIIP le haghaidh gach rogha bhunúsach infheistíochta gach ceann díobh seo a leanas:

(a)

foláireamh cuimsitheach, i gcás inarb ábhartha;

(b)

na cuspóirí infheistíochta, na bealaí chun iad a bhaint amach, agus an spriocmhargadh beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus (3);

(c)

táscaire achomair riosca agus cur síos mionsonraithe, agus cásanna feidhmíochta, dá dtagraítear in Airteagal 3;

(d)

cur i láthair na gcostas, i gcomhréir le hAirteagal 5, lena n-áirítear ráiteas maidir le cibé a áirítear leis na costais sin costais uile an PRIIP i gcás ina n-infheistíonn an t-infheisteoir miondíola sa rogha infheistíochta shonrach sin amháin;

(e)

le haghaidh roghanna bunúsacha infheistíochta arb ionann iad agus GCUI mar a shainmhínítear i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn VIII, CIManna mar a shainmhínítear i bpointe 1(b) den Iarscríbhinn sin, nó táirgí infheistíochta aonadnasctha atá árachas-bhunaithe mar a shainmhínítear i bpointe 1(c) den Iarscríbhinn sin, faisnéis maidir le feidhmíocht roimhe seo arna cheangal le hAirteagal 8(3).

Leanfaidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) den mhír seo struchtúr na gcodanna ábhartha den teimpléad atá leagtha síos in Iarscríbhinn I.”;

(10)

cuirtear isteach an Chaibidil IIa seo a leanas:

“CAIBIDIL IIa

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS NA DOICIMÉID FAISNÉISE BUNRIACHTANAÍ DE RÉIR GCUInna agus CIManna ÁIRITHE

Airteagal 14a

Urrann infheistíochta de chuid GCUInna nó CIManna

1.   I gcás ina gcuimsítear dhá urrann infheistíochta nó níos mó le GCUInna nó CIManna, táirgfear doiciméad faisnéise bunriachtanaí ar leithligh le haghaidh gach urrainne aonair.

2.   Beidh i ngach doiciméad faisnéise bunriachtanaí dá dtagraítear i mír 1, sa roinn dar teideal ‘Cad é an táirge seo?’, an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

ráiteas go dtugtar tuairisc sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí ar urrann de chuid GCUI nó CIM, agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéantar réamheolaire an GCUI nó an tuairisc ar straitéis agus ar chuspóirí infheistíochta an CIM agus na tuarascálacha tréimhsiúla a ullmhú do GCUI nó CIM iomlán a ainmnítear ag tús an doiciméid faisnéise bunriachtanaí;

(b)

cibé atá nó nach bhfuil sócmhainní agus dliteanais gach urrainne deighilte de réir dlí agus an difear a d’fhéadfadh sé sin a dhéanamh don infheisteoir;

(c)

cibé atá nó nach bhfuil sé de cheart ag an infheisteoir miondíola a infheistíocht a mhalartú in aonaid in urrann amháin ar aonaid in urrann eile, agus más amhlaidh atá, cá háit a gheofar an fhaisnéis faoi conas an ceart sin a fheidhmiú.

3.   I gcás ina socraíonn an chuideachta bainistíochta GCUI nó an BCIM muirear don infheisteoir miondíola chun a infheistíocht a mhalartú i gcomhréir le mír 2, pointe (c), agus go bhfuil difear idir an muirear sin agus an muirear caighdeánach chun aonaid a cheannach nó a dhíol, luafar an muirear sin ar leithligh sa roinn dar teideal ‘Cad iad na costais?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí.

Airteagal 14b

Aicmí scaireanna de GCUI nó CIManna

1.   I gcás ina bhfuil níos mó ná aicme amháin aonad nó scaireanna i gceist le GCUI nó CIM, ullmhófar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí le haghaidh gach aicme aonad nó scaireanna.

2.   Féadfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a bhaineann le dhá aicme nó níos mó de GCUI nó CIM céanna a chomhcheangal in aon doiciméad faisnéise bunriachtanaí amháin, ar choinníoll go gcomhlíonann an doiciméad a tháirgfear dá bharr gach ceanglas maidir le fad, teanga agus cur i láthair an doiciméid faisnéise bunriachtanaí.

3.   Féadfaidh an chuideachta bainistíochta GCUI nó BCIM aicme a roghnú chun ionadaíocht a dhéanamh ar aicme amháin nó níos mó de GCUI nó CIM, ar choinníoll go bhfuil an rogha cothrom, soiléir agus nach bhfuil sí míthreorach d’infheisteoirí miondíola ionchais sna haicmí eile sin. I gcásanna den sórt sin, beidh sa roinn dar teideal ‘Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí an míniú ar an riosca ábhartha is infheidhme maidir le haon cheann de na haicmí eile ar a ndéantar ionadaíocht. Féadfar doiciméad faisnéise bunriachtanaí bunaithe ar an aicme ionadaíoch a sholáthar d’infheisteoirí miondíola sna haicmí eile.

4.   Ní dhéanfar aicmí difriúla a chomhcheangal in aicme ionadaíoch ilchodach dá dtagraítear i mír 3.

5.   Coimeádfaidh cuideachta bainistíochta GCUI nó BCIM taifead de na haicmí eile ar a ndéanann an aicme ionadaíoch dá dtagraítear i mír 3 ionadaíocht orthu agus na forais a bheidh mar údar ag an rogha sin.

6.   I gcás inarb infheidhme, déanfar an roinn dar teideal ‘Cad é an táirge seo?’ sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí a fhorlíonadh trí thásc maidir le cén aicme a roghnaíodh mar aicme ionadaíoch, ag úsáid an téarma faoina ndéantar é a ainmniú i réamheolaire GCUI nó sa tuairisc ar straitéis agus ar chuspóirí infheistíochta an CIM.

7.   Tabharfar le fios freisin sa roinn sin cá háit ar féidir le hinfheisteoirí miondíola faisnéis a fháil maidir leis na haicmí eile de GCUI nó CIM a mhargaítear ina mBallstát féin.

Airteagal 14c

GCUI nó CIManna mar chistí cistí

1.   I gcás ina n-infheistíonn GCUI cuid shubstaintiúil dá shócmhainní in GCUInna eile nó i ngnóthais chomhinfheistíochta eile dá dtagraítear in Airteagal 50(1), pointe (e), de Threoir 2009/65/CE, áireofar leis an tuairisc ar chuspóirí agus ar bheartas infheistíochta an GCUI sin sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí míniú gairid ar conas a roghnófar na gnóthais chomhinfheistíochta eile ar bhonn leanúnach. I gcás inar ciste de chistí fálaithe é an GCUI áireofar sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí faisnéis maidir le ceannach CIManna neamh-AE nach bhfuil faoi mhaoirseacht.

2.   I gcás ina n-infheistíonn an CIM cuid shubstaintiúil dá shócmhainní in GCUInna nó CIManna eile, beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 mutatis mutandis.

Airteagal 14d

Fothaire GCUI

1.   Maidir le fothaire GCUI, mar a shainmhínítear in Airteagal 58 de Threoir 2009/65/CE, beidh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, sa roinn dar teideal ‘Cad é an táirge seo?’ an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann go sonrach leis an bhfothaire GCUI:

(a)

ráiteas go bhfuil réamheolaire an mháistir GCUI, an doiciméad faisnéise bunriachtanaí, agus na tuarascálacha agus na cuntais thréimhsiúla ar fáil d’infheisteoirí miondíola den fhothaire GCUI arna iarraidh, conas a d’fhéadfaí iad a fháil, agus an teanga(cha) ina mbeidh siad;

(b)

cibé atá na míreanna atá liostaithe i bpointe (a) den mhír seo ar fáil i gcóipeanna páipéir amháin nó i meáin mharthanacha eile, agus cibé atá aon táille iníoctha ar mhíreanna nach bhfuil faoi réir saor sheachadta i gcomhréir le hAirteagal 63(5) de Threoir 2009/65/CE;

(c)

i gcás ina bhfuil an máistir GCUI bunaithe i mBallstát difriúil don fhothaire GCUI, agus i gcás ina bhféadfadh sé sin difear a dhéanamh do chóireáil cánach an fhothaire GCUI, ráiteas maidir leis sin;

(d)

faisnéis maidir leis an gcion de shócmhainní fothaire GCUI atá infheistithe sa mháistir GCUI;

(e)

tuairisc ar chuspóirí agus ar bheartas infheistíochta an mháistir GCUI, arna bhforlíonadh, de réir mar is iomchuí, ag ceachtar díobh seo a leanas:

(i)

tásc go mbeidh torthaí infheistíochta an fhothaire GCUI a n-chosúil leo sin atá sa mháistir GCUI; nó

(ii)

míniú ar conas agus cén fáth go bhféadfadh difear a bheith idir torthaí infheistíochta an fhothaire agus an mháistir GCUI.

2.   I gcás ina bhfuil difear idir próifíl riosca agus luaíochta an fhothaire GCUI in aon ghné ábhartha agus próifíl riosca agus luaíochta an mháistir GCUI, déanfar é sin agus an chúis atá leis a mhíniú sa roinn dar teideal ‘Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí.

3.   Déanfar aon riosca leachtachta agus an gaol idir socruithe ceannacháin agus fuascailte le haghaidh an mháistir GCUI agus an fhothaire GCUI a mhíniú sa roinn dar teideal ‘Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí.

Airteagal 14e

GCUI nó CIM struchtúrach

Is ionann cistí infheistíochta struchtúracha agus GCUI nó CIManna a sholáthraíonn eisíocaíochtaí bunaithe ar algartam d’infheisteoirí miondíola, ar dhátaí réamhchinntithe áirithe, atá nasctha le feidhmíocht, nó le réadú athruithe ar phraghsanna nó ar choinníollacha eile, de shócmhainní airgeadais, innéacsanna nó punann infheistíochta GCUInna nó CIManna lena mbaineann gnéithe den chineál céanna.”;

(11)

in Airteagal 15, mír 2, cuirtear an pointe (d) seo a leanas leis:

“(d)

i gcás ina bhfuil cásanna feidhmíochta bunaithe ar thagarmharcanna nó ar ionadaithe iomchuí, comhsheasmhacht an tagarmhairc nó an ionadaí le cuspóirí an PRIIP.”;

(12)

Cuirtear an Caibidil IVa seo a leanas isteach:

“CAIBIDIL IVa

CROSTAGAIRTÍ

Airteagal 17a

Úsáid as crostagairtí d’fhoinsí eile faisnéise

Gan dochar d’Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, féadfar crostagairtí d’fhoinsí eile faisnéise, lena n-áirítear an réamheolaire agus tuarascálacha bliantúla nó tuarascálacha leathbhliantúla, a áireamh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis go léir atá bunúsach maidir le tuiscint na n-infheisteoirí miondíola ar na heilimintí riachtanacha den infheistíocht áirithe sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí.

Ceadófar crostagairtí do shuíomh gréasáin an PRIIP nó an mhonaróra PRIIP, lena n-áirítear cuid d’aon suíomh gréasáin den sórt sin ina bhfuil an réamheolaire agus na tuarascálacha tréimhsiúla.

Na crostagairtí dá dtagraítear sa chéad fomhír, treoróidh siad an t-infheisteoir miondíola chuig an roinn shonrach den fhoinse faisnéise ábhartha. Féadfar roinnt crostagairtí difriúla a úsáid laistigh den doiciméad faisnéise bunriachtanaí ach ní bheidh iontu ach an laghad agus is féidir.”;

(13)

in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír: ‘Beidh feidhm ag Airteagal 14(2) go dtí an 30 Meitheamh 2022.’;

(14)

Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I;

(15)

Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(16)

Leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;

(17)

Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn IV.

(18)

Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn V;

(19)

Leasaítear Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo;

(20)

Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VII;

(21)

déantar an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII den Rialachán seo a chur isteach mar Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022. Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe 13 ón 1 Eanáir 2022, áfach.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 352, 9.12.2014, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún an 8 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí i gcomhair táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair, ábhar, athbhreithniú agus leasú doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus maidir leis na coinníollacha chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir le doiciméid den sórt sin a sholáthar (IO L 100, 12.4.2017, lch. 1).

(3)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(4)  Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 583/2010 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2010 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir agus coinníollacha atá le comhlíonadh agus faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir nó an réamheolaire á soláthar i meán marthanach seachas páipéar nó trí shuíomh gréasáin (IO L 176, 10.7.2010, lch. 1).

(6)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) a chomhordú (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(7)  COM(2021)397.

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).