|
20.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 455/26 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2266 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Nollaig 2021
lena leagtar síos rialacha chun Treoir 92/83/CEE ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le táirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha a dheimhniú agus a fhéindeimhniú chun críocha dleachta máil
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 92/83/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le struchtúir na ndleachtanna máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha a chomhchuibhiú (1), agus go háirithe Airteagal 23a(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar amach i dTreoir 92/83/CEE na coinníollacha chun bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i réimse an chánachais alcóil a áirithiú. |
|
(2) |
Le Treoir (AE) 2020/1151 ón gComhairle (2), treoir lenar leasaíodh Treoir 92/83/CEE, leathnaíodh an fhéidearthacht a bhí ag na Ballstáit rátaí dleachta máil laghdaithe a chur i bhfeidhm, ar féidearthacht í nach raibh ar fáil ach amháin i gcás beorach agus alcól eitile a tháirgeann táirgeoirí beaga neamhspleácha i méideanna beaga, chun na deochanna alcólacha eile a tháirgeann táirgeoirí beaga neamhspleácha i méideanna beaga a chur san áireamh. I gcomhréir le hAirteagal 23a(1) de Threoir 92/83/CEE, ceanglaítear ar na Ballstáit deimhniú bliantúil a sholáthar, arna iarraidh sin, do tháirgeoirí beaga neamhspleácha atá bunaithe ar a gcríocha faoi seach, ar deimhniú é lena ndeimhnítear táirgeacht bhliantúil iomlán na dtáirgeoirí chomh maith lena gcomhlíontacht leis na critéir a leagtar amach i dTreoir 92/83/CEE (“an deimhniú”). Chun gur éasca a aithneofar stádas na dtáirgeoirí mar tháirgeoirí beaga neamhspleácha i ngach Ballstát, ní mór foirm choiteann a úsáid le haghaidh an deimhnithe. |
|
(3) |
Is inmhianaithe gurb é an Ballstát ina bhfuil an táirgeoir beag neamhspleách bunaithe a dhéanfadh táirgeoirí beaga neamhspleácha a dheimhniú. Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le féindeimhniú ag an táirgeoir beag neamhspleách, ar choinníoll go bhfuil bearta iomchuí glactha ag na Ballstáit chun cosc a chur ar imghabháil, ar sheachaint nó ar mhí-úsáid an chórais. |
|
(4) |
Ba cheart tagairt don deimhniú le haghaidh táirgeoirí beaga neamhspleácha a áireamh sa doiciméad riaracháin maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil IV nó Caibidil V de Threoir 2008/118/CE ón gComhairle (3), mar a cheanglaítear le hAirteagal 23a(1) de Threoir 92/83/CEE, chun gur éasca a aithneofar stádas táirgeoirí beaga neamhspleácha. |
|
(5) |
Chun a shoiléiriú cén fhianaise atá le húsáid i gcás féindeimhniúcháin ag táirgeoirí beaga neamhspleácha, is gá a shonrú cén fhaisnéis atá le háireamh sa doiciméad riaracháin agus sa doiciméad simplithe tionlacain maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil IV nó faoi Chaibidil V de Threoir 2008/118/CE. |
|
(6) |
Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2022 ionas go mbeidh sé ailínithe le cur i bhfeidhm na mbeart náisiúnta arna n-achtú chun Treoir (AE) 2020/1151 a thrasuí. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Dhleacht Mháil, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Deimhniú táirgeora bhig neamhspleách
Leagtar amach foirm an deimhnithe le haghaidh táirgeoirí beaga neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 23a(1) de Threoir 92/83/CEE (“an deimhniú”) san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tagairt don deimhniú sa doiciméad riaracháin maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil IV de Threoir 2008/118/CE
Chun críoch tagairt don deimhniú sa doiciméad riaracháin maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil IV de Threoir 2008/118/CE, is í seo a leanas an fhaisnéis atá le háireamh sa doiciméad riaracháin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Tábla 1, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún (4) í:
|
(a) |
i mbosca 17l: “An táirge ar a bhfuil cur síos déanta arna tháirgeadh ag” agus ina dhiaidh sin, de réir mar is infheidhme, ceann de na téarmaí seo a leanas:
|
|
(b) |
i mbosca 18e: cineál doiciméid an deimhnithe; |
|
(c) |
i mbosca 18f: sraithuimhir an deimhnithe. |
Airteagal 3
Tagairt don deimhniú sa doiciméad riaracháin maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil V de Threoir 2008/118/CE
1. Chun críoch tagairt a dhéanamh don deimhniú sa doiciméad riaracháin maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil V de Threoir 2008/118/CE, is é a bheidh san fhaisnéis atá le háireamh i mbosca 14 den doiciméad simplithe tionlacain, mar a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92 ón gCoimisiún (5), sraithuimhir an deimhnithe agus an téarma “Deimhniú”, agus, de réir mar is infheidhme, ceann amháin de na téarmaí seo a leanas:
|
(a) |
“grúdlann bheag neamhspleách”; |
|
(b) |
“táirgeoir beag fíona neamhspleách”; |
|
(c) |
“táirgeoir beag deochanna coipthe seachas fíon agus beoir”; |
|
(d) |
“táirgeoir beag táirgí idirmheánacha neamhspleácha”; |
|
(e) |
“drioglann bheag neamhspleách”. |
2. I gcásanna ina n-áirítear deochanna alcólacha éagsúla le gluaiseacht earraí agus nach bhfuil sé beartaithe an dleacht mháil laghdaithe a chur i bhfeidhm ach ar dheochanna áirithe, sonrófar an tuairisc tráchtála ar na deochanna alcólacha a tháirgeann an táirgeoir beag neamhspleách i mbosca 14 den doiciméad simplithe tionlacain, mar a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92.
Airteagal 4
Féindeimhniúchán ag táirgeoirí beaga neamhspleácha
I gcás ina dtagann táirgeoirí beaga neamhspleácha faoi na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagail 4(2), 9a(2), 13a(4), 18a(3) nó 22(2) de Threoir 92/83/CEE, agus i gcás ina gceadóidh na Ballstáit do tháirgeoirí beaga neamhspleácha atá bunaithe ina gcríocha féin féindeimhniúchán a dhéanamh, déanfar stádas na dtáirgeoirí chomh maith lena dtáirgeadh bliantúil a dhearbhú sa doiciméad riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 5 agus Airteagal 6 den Rialachán seo.
Airteagal 5
Ceanglais le haghaidh chomhlánú an doiciméid riaracháin i gcás féindeimhniúcháin maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil IV de Threoir 2008/118/CE
1. Maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil IV de Threoir 2008/118/CE, dearbhófar stádas na dtáirgeoirí beaga neamhspleácha i mbosca 17l den doiciméad riaracháin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Tábla 1, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009, sna téarmaí seo a leanas: “An táirge ar a bhfuil cur síos déanta arna tháirgeadh ag” agus ina dhiaidh sin, de réir mar is infheidhme, ceann de na téarmaí seo a leanas:
|
(a) |
“grúdlann bheag neamhspleách”; |
|
(b) |
“táirgeoir beag fíona neamhspleách”; |
|
(c) |
“táirgeoir beag deochanna coipthe seachas fíon agus beoir neamhspleách”; |
|
(d) |
“táirgeoir beag táirgí idirmheánacha neamhspleácha”; |
|
(e) |
“drioglann bheag neamhspleách”. |
2. I gcás nach é coinsíneoir na ndeochanna alcólacha an táirgeoir beag neamhspleách féindeimhnithe, dearbhófar an uimhir sa chóras malartaithe sonraí máil dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle (6) (“uimhir SEED”) nó uimhir chánach bhreisluacha (“uimhir CBL”) an táirgeora freisin i mbosca 17l.
Is í an uimhir SEED an uimhir údaraithe a bhaineann le máil arna deonú ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012. Ní shonrófar an uimhir CBL, dá dtagraítear in Airteagal 214 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (7), ach amháin i gcás nach bhfuil uimhir SEED ag an táirgeoir beag neamhspleách.
3. Dearbhófar táirgeadh bliantúil deochanna alcólacha an táirgeora bhig neamhspleách i mbosca 17n den doiciméad riaracháin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Tábla 1, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009. Sonrófar an chainníocht i heictilítir, ach amháin i gcás alcóil eitile, ar i heictilítir d’alcól íon a shonrófar é.
Airteagal 6
Ceanglais le haghaidh chomhlánú an doiciméid riaracháin i gcás féindeimhniúcháin maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil V de Threoir 2008/118/CE
Maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil V de Threoir 2008/118/CE, dearbhófar an fhaisnéis seo a leanas i mbosca 14 den doiciméad simplithe tionlacain, mar a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92:
|
(a) |
stádas an táirgeora bhig neamhspleách sna téarmaí seo a leanas: “An táirge ar a bhfuil cur síos déanta arna tháirgeadh ag” agus ina dhiaidh sin, de réir mar is infheidhme, ceann de na téarmaí seo a leanas:
|
|
(b) |
sonrófar an táirgeadh bliantúil iomlán i heictilítir, ach amháin i gcás alcóil eitile, ar i heictilítir d’alcól íon a dhearbhófar é. |
|
(c) |
uimhir SEED nó CBL an táirgeora bhig neamhspleách fhéindeimhnithe, de réir mar a leagtar síos in Airteagal 5(2) den Rialachán seo, i gcás nach é coinsíneoir na ndeochanna alcólacha an táirgeoir; |
|
(d) |
tuairisc tráchtála ar na deochanna alcólacha a tháirgeann an táirgeoir beag neamhspleách i gcás ina n-áirítear deochanna alcólacha éagsúla i ngluaiseacht earraí agus ina mbeartaítear dleacht mháil laghdaithe a chur i bhfeidhm ar dheochanna áirithe agus ar na deochanna sin amháin. |
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 31.10.1992, lch. 21.
(2) Treoir (AE) 2020/1151 ón gComhairle an 29 Iúil 2020 lena leasaítear Treoir 92/83/CEE maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 256, 5.8.2020, lch. 1).
(3) Treoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na comhshocruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE (IO L 9, 14.1.2009, lch. 12).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2009 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/118/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta ríomhairithe maidir le gluaiseacht earraí máil a bhfuil an dleacht mháil ina leith ar fionraí (IO L 197, 29.7.2009, lch. 24).
(5) Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 1992 maidir le doiciméad simplithe tionlacain le haghaidh gluaiseacht táirgí laistigh den Chomhphobal atá faoi réir dleachta máil agus a scaoileadh lena dtomhailt sa Bhallstát seolta (IO L 369, 18.12.1992, lch. 17).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lch. 1).
(7) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
AN tAONTAS EORPACH
DEIMHNIÚ DLEACHTA MÁIL DO THÁIRGEOIRÍ BEAGA NEAMHSPLEÁCHA DEOCHANNA ALCÓLACHA
(Treoir 92/83/CEE ón gComhairle - Airteagal 23a)
|
Sraithuimhir: |
||||||||||||
|
||||||||||||
|
Ainmniúchán/ainm |
||||||||||||
|
Sráid agus Uimh. |
||||||||||||
|
Postchód, áit |
||||||||||||
|
Ballstát bunaíochta Uimhir SEED/Uimhir CBL |
||||||||||||
|
||||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
Cineál deochanna alcólacha |
Tuairisc |
Táirgeacht bhliantúil iomlán |
|
||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
||||||||||
|
|
||||||||||||
Ainm Uimhir Thagartha Oifige (más infheidhme) Seoladh Uimhir theileafóin Seoladh ríomhphoist |
||||||||||||
Deimhníonn an t-údarás náisiúnta a bhfuil a shíniú anseo thíos an méid seo a leanas:
|
||||||||||||
|
|
|
|
|
Ainm agus stádas an tsínitheora | |
||||||||
|
Áit, dáta: |
Stampa (más infheidhme) |
Síniú |
||||||||||
Nótaí míniúcháin
|
1. |
Is éard atá sa deimhniú seo doiciméad tacaíochta chun ráta dleachta máil laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le deochanna alcólacha a tháirgeann táirgeoirí beaga neamhspleácha, dá dtagraítear in Airteagal 23a de Threoir 92/83/CEE. Dá réir sin, tarraingeofar suas deimhniú amháin in aghaidh na bliana lena dtagraítear do gach cineál deochanna alcólacha a tháirgtear le haghaidh gach táirgeora bhig neamhspleách. |
|
2. |
210 × 297 mm a bheidh san fhoirm ar a n-eiseofar an deimhniú. I gcás ina gclóitear an fhoirm, is ar pháipéar bán nach bhfuil laíon meicniúil ann a dhéanfar í. |
|
3. |
Déanfar an deimhniú a chomhlánú go soléite agus ar shlí a mbeidh na hiontrálacha doscriosta. Ní cheadófar aon scriosadh ná aon fhorscríbhneoireacht. Déanfar an deimhniú a chomhlánú i dteanga atá aitheanta ag an mBallstát ina bhfuil an táirgeoir beag neamhspleách bunaithe. Ciallóidh an téarma “teanga aitheanta” ceann de na teangacha atá in úsáid go hoifigiúil i mBallstát an táirgeora bhig neamhspleách nó aon teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais ar dhearbhaigh an Ballstát sin go bhfuil sí inghlactha chun na críche sin. |
|
4. |
I gcás ina dtarraingeofar suas an deimhniú i dteanga seachas teanga atá aitheanta ag an mBallstát cinn scríbe, déanfaidh an coinsíní, aistriúchán a chur i gceangal leis an deimhniú, arna iarraidh sin d’údaráis an Bhallstáit sin, nuair a bheidh sé á thíolacadh. Féadfaidh an Ballstát sin, dá rogha féin, an oibleagáid an t-aistriúchán a cheangal a ligean thar ceal. |
|
5. |
Ceithre dhigit déag a bheidh sa tsraithuimhir. An uimhir dhá dhigit lena dtagraítear don bhliain ina n-eisítear an deimhniú a bheidh i dtús na sraithuimhreach; ina diaidh sin beidh aitheantóir de chuid an Bhallstáit agus cód dhá litir le haghaidh na tíre eisiúna i gcomhréir le hIarscríbhinn II, pointe 3, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009; beidh aitheantóir uathúil arb é a bheidh ann uimhir náisiúnta alfa-uimhriúil 10 ndigit ina diaidh sin, aitheantóir arna shainiú ag an mBallstát ina bhfuil an táirgeoir beag neamhspleách bunaithe. Sampla de shraithuimhir den sórt sin is ea: 22ES01ABCD234E. |
|
6. |
I mbosca 1 den deimhniú, sonrófar na sonraí ábhartha is gá chun an táirgeoir beag neamhspleách a shainaithint, lena n-áirítear a uimhir SEED. Más rud é nach bhfuil uimhir SEED ag an táirgeoir beag neamhspleách, agus sa chás sin amháin, sonrófar uimhir CBL. |
|
7. |
I mbosca 2 den deimhniú, sonróidh an t-údarás inniúil táirgeadh iomlán bliantúil deochanna alcólacha an táirgeora bhig neamhspleách dá n-iarrtar an deimhniú, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
|
8. |
I mbosca 3 den deimhniú, sonrófar na sonraí ábhartha is gá chun an t-údarás inniúil a shainaithint, lena n-áirítear Uimhir Thagartha na hOifige Custaim, i gcás inarb infheidhme, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, pointe 5, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009. |
|
9. |
Féadfaidh na húdaráis inniúla an oibleagáid an deimhniú eisithe a stampáil a ligean thar ceal más rud é go bhfuil sé fíordheimhnithe ar bhealach eile, amhail ríomhshíniú. |