16.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 450/10


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2236 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Nollaig 2021

maidir leis na rialacha sonracha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (1), agus go háirithe Airteagal 16 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta i dtaca le cúnamh a chur chun feidhme, atá infheidhme maidir le cúnamh IPA III. Le haithris 52 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/1529 tugtar de chumhacht don Choimisiún rialacha sonracha a leagan amach lena mbunaítear coinníollacha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin. Ba cheart rialacha sonracha a leagan síos chun aghaidh a thabhairt go háirithe ar na cásanna sonracha maidir le bainistíocht indíreach leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1529 (“tairbhithe IPA III”), le haghaidh comhar trasteorann mar a shainítear in Airteagal 2(b) de Rialachán (AE) 2021/1529 agus cúnamh forbartha tuaithe.

(2)

Chun a áirithiú go gcuirfear cúnamh réamhaontachais chun feidhme i ngach tairbhí IPA III ar mhodh comhionann agus prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais á urramú, ba cheart don Choimisiún agus do thairbhithe IPA III socruithe a thabhairt i gcrích i bhfoirm comhaontuithe comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais agus comhaontuithe earnála lena leagtar síos na prionsabail le haghaidh an chomhair eatarthu faoin Rialachán seo.

(3)

Ba cheart don Choimisiún tacú le tairbhithe IPA III ina n-iarrachtaí a n-acmhainneacht a fhorbairt chun cistí de chuid an Aontais a bhainistiú de réir na bprionsabal agus na rialacha dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais. Chuige sin agus i gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún dul in iontaoibh thairbhithe IPA III maidir le cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid.

(4)

Is gá rialacha sonracha a leagan amach chun dul in iontaoibh thairbhithe IPA III maidir le cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(5)

Is gá rialacha mionsonraithe a leagan amach maidir le faireachán agus meastóireacht ag tairbhithe IPA III agus cúnamh IPA III á chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach.

(6)

Is gá rialacha sonracha maidir le tuairisciú a shocrú chun na ceanglais tuairiscithe nach mór do thairbhithe IPA III a chomhlíonadh a mhionsonrú a thuilleadh.

(7)

Le IPA III leanfar de thacaíocht a thabhairt do bhunú agus neartú córas comhordaithe agus faireacháin earnála atá comhréireach le freagrachtaí an tairbhí IPA. Féadfaidh na struchtúir a cuireadh ar bun i gcomhthéacs an chur chuige earnála faoi IPA agus faoi IPA II leanúint dá bhfreagrachtaí a chomhlíonadh agus ba cheart coistí faireacháin earnála nua a bhunú i gcás ina bhfuil údar cuí leis i bhfianaise fhreagrachtaí an tairbhí IPA.

(8)

Is gá rialacha sonracha a leagan amach chun ceartú airgeadais a bhunú mar aon leis an nós imeachta atá le cur i bhfeidhm i leith thairbhithe IPA III agus cúnamh IPA III á chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach.

(9)

Ba cheart cúnamh IPA III a úsáid chun comhar trasteorann idir tairbhithe IPA III a chur chun cinn. Maidir le comhar trasteorann dílis idir tairbhithe IPA III, ba cheart a chumhdach ann forbairt, cur chun feidhme agus maoiniú comhpháirteach gníomhaíochtaí a mbeidh dea-chaidreamh comharsanachta níos dlúithe, comhpháirtíochtaí inbhuanaithe le haghaidh forbairt shocheacnamaíoch nó baint chonstaicí na forbartha sin mar thoradh orthu.

(10)

Dá bhrí sin, is gá rialacha aonfhoirmeacha a shainiú maidir leis an gcomhar trasteorann idir tairbhithe IPA III a bhainistiú, lena n-áirítear róil agus freagrachtaí na struchtúr agus na n-údarás a bhfuil páirt acu i mbainistiú na gclár um chomhar trasteorann.

(11)

Níor cheart comhar trasteorann idir Ballstát amháin nó níos mó agus tairbhí amháin IPA III nó níos mó, mar a shainítear in Airteagal 2(a) de Rialachán (AE) 2021/1529, a chumhdach leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo, mura dtagraítear don Rialachán Cur Chun Feidhme seo, do chomhaontú comhpháirtíochta ar leith maidir le creat airgeadais nó d’fhoráil shonrach den Rialachán sin i gcomhaontuithe maoiniúcháin arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(12)

Le cúnamh forbartha tuaithe faoi IPA III, ba cheart iomaíochas na hearnála agraibhia a mhéadú agus ailíniú céimseach leis an acquis maidir le Comhbheartas Talmhaíochta an Aontais a chur chun cinn. Tá gá le rialacha sonracha chun cúnamh a mhaoiniú, atá ar an gcineál céanna leis sin faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, trí chórais bhainistíochta agus rialaithe atá cosúil leis na struchtúir ar leith a bhfuil feidhmeanna den chineál céanna acu sna Ballstáit agus lena n-urramaítear an dea-rialachas.

(13)

Chun go bhféadfar cláir IPA III le haghaidh 2021 a chlársceidealú agus a chur chun feidhme go tráthúil, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó choiste IPA III,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR AGUS CREAT GINEARÁLTA CHUN CÚNAMH IPA A CHUR CHUN FEIDHME

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Chun Rialachán (AE) 2021/1529 a chur chun feidhme, leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha sonracha lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir leis na struchtúir lena gcuirfear cúnamh IPA III chun feidhme, an bhainistíocht indíreach le tairbhithe IPA III, na rialacha sonracha le haghaidh comhar trasteorann, agus le haghaidh cúnamh talmhaíochta agus forbartha tuaithe. Leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo, ní chumhdaítear comhar trasteorann idir Ballstát amháin nó níos mó agus tairbhí amháin IPA III nó níos mó, mar a shainítear in Airteagal 2(a) de Rialachán (AE) 2021/1529, mura dtagraítear don Rialachán Cur Chun Feidhme seo, do chomhaontú comhpháirtíochta ar leith maidir le creat airgeadais nó d’fhoráil shonrach den chreat airgeadais sin i gcomhaontuithe maoiniúcháin arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “tairbhí IPA III” duine de na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1529;

(b)

ciallaíonn “comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais” socrú a thugtar i gcrích idir an Coimisiún agus tairbhí IPA III lena leagtar síos prionsabail an chomhair airgeadais idir an tairbhí IPA III agus an Coimisiún faoin Rialachán seo;

(c)

ciallaíonn “comhaontú earnála” socrú a thugtar i gcrích idir an Coimisiún agus tairbhí IPA III chun clár sonrach IPA III a chur chun feidhme, lena leagtar amach na rialacha agus na nósanna imeachta nach mór a urramú agus nach bhfuil sa chomhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais ná sna comhaontuithe maoiniúcháin;

(d)

ciallaíonn “comhaontú maoiniúcháin” comhaontú bliantúil nó ilbhliantúil a thugtar i gcrích idir an Coimisiún agus tairbhí IPA III chun an cúnamh IPA III a chur chun feidhme;

(e)

ciallaíonn “údarás” eintitis nó comhlacht poiblí de chuid tairbhí IPA III nó de chuid Ballstáit ar an leibhéal lárnach, réigiúnach nó áitiúil;

(f)

ciallaíonn “mórthionscadal” tionscadal a chuimsíonn sraith oibreacha, gníomhaíochtaí nó seirbhísí lena bhfuil sé beartaithe, as féin, cúram cinnte agus doroinnte de chineál beacht eacnamaíoch nó teicniúil a chur i gcrích, ag a bhfuil spriocanna atá sainaitheanta go soiléir agus ar mó a chostas iomlán ná an méid a shonraítear sa chomhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais;

(g)

ciallaíonn “tairbhí” comhlacht poiblí nó príobháideach atá freagrach as oibríochtaí a thionscnamh agus a chur chun feidhme laistigh de chlár um chomhar trasteorann;

(h)

ciallaíonn “oibríocht” tionscadal, conradh, gníomhaíocht nó grúpa de thionscadail arna roghnú ag údarás conarthach an chláir lena mbaineann, nó faoi chúram an údaráis sin, agus a rannchuidíonn le cuspóirí na tosaíochta nó na dtosaíochtaí lena mbaineann sé;

(i)

ciallaíonn “príomhthairbhí IPA III” an tairbhí IPA III, a ceapadh ina cheannaire agus a óstálann, dá bhrí sin, an t-údarás conarthach le haghaidh an chláir trasteorann.

Airteagal 3

Prionsabail i leith mhaoiniú an Aontais

Tacóidh cúnamh IPA III le glacadh agus cur chun feidhme athchóirithe thairbhithe IPA III dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1529. D’fhéadfadh sé go dteastódh ranníocaíochtaí airgeadais ó thairbhí IPA III agus ón Aontas le haghaidh cláir shonracha agus gníomhaíochtaí aonair.

Airteagal 4

Prionsabal na húinéireachta

1.   Is é an tairbhí IPA III a ghlacfaidh úinéireacht go príomha ar chlársceidealú agus cur chun feidhme cúnaimh IPA III.

2.   Ceapfaidh an tairbhí IPA III Comhordaitheoir Náisiúnta IPA.

3.   Áiritheoidh an Comhordaitheoir Náisiúnta IPA dlúthnasc idir úsáid chúnamh IPA III agus an próiseas aontachais ginearálta.

4.   Beidh an Comhordaitheoir Náisiúnta IPA ina phríomh-chontrapháirt ag an gCoimisiún sa phróiseas foriomlán chun an clársceidealú a chomhordú i gcomhréir le cuspóirí agus tosaíochtaí téamacha chreat clársceidealaithe IPA III dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/1529 (“creat clársceidealaithe IPA III”), chun faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme, chun meastóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar chúnamh IPA III, lena n-áirítear an comhordú laistigh de chóras riaracháin an tairbhí IPA III agus le deontóirí eile. Féachfaidh an Comhordaitheoir Náisiúnta IPA chuige go ndéanfaidh córas riaracháin an tairbhí IPA III gach beart is gá chun cur chun feidhme na gclár gaolmhar a éascú.

5.   Comhordóidh an Comhordaitheoir Náisiúnta IPA rannpháirtíocht tairbhithe IPA III sna cláir ábhartha um chomhar críochach agus trasteorann faoi Rialachán (AE) 2021/1529 agus Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. De réir mar is iomchuí, féadfaidh an Comhordaitheoir Náisiúnta IPA an cúram comhordúcháin sin a tharmligean chuig struchtúr arna bhunú chun an comhar trasteorann a bhainistiú.

6.   Beidh an Comhordaitheoir Náisiúnta IPA ina ionadaí ardchéimiúil de chuid rialtas nó chóras riaracháin lárnach an tairbhí IPA III agus beidh an t-údarás iomchuí aige.

Airteagal 5

Comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais, comhaontuithe earnála agus comhaontú maoiniúcháin

1.   Tabharfaidh an Coimisiún agus tairbhí IPA III comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais i gcrích lena leagfar amach socruithe sonracha chun bainistíocht, rialú, maoirseacht, faireachán, meastóireacht, tuairisciú agus iniúchóireacht a dhéanamh ar chúnamh IPA III, rud a chuirfidh de cheangal ar an tairbhí IPA III na ceanglais rialála ábhartha de chuid an Aontais a thrasuí ina dhlíchóras. Féadfar an comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais a chomhlánú le comhaontuithe earnála lena leagtar amach forálacha sonracha chun cúnamh IPA III a bhainistiú agus a chur chun feidhme i réimsí beartais sonracha nó i gcláir shonracha.

2.   Seachas i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo, ní dheonófar cúnamh IPA III don tairbhí IPA III ach amháin tar éis theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais agus, i gcás inarb ábhartha, tar éis theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe earnála is infheidhme.

3.   Déanfar foráil sna comhaontuithe maoiniúcháin maidir leis na téarmaí ar a dtabharfar an cúnamh IPA III, lena n-áirítear na modhanna is infheidhme le cúnamh IPA III a chur chun feidhme, spriocdhátaí cur chun feidhme, mar aon le rialacha maidir le hincháilitheacht an chaiteachais.

4.   I gcás ina gcuireann tairbhí IPA III cláir chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach, comhlíonfaidh an comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais, an comhaontú earnála, i gcás inarb infheidhme, agus an comhaontú maoiniúcháin ina n-iomláine le hAirteagal 129, Airteagal 155(6) agus Airteagal 158 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

5.   Beidh feidhm ag an gcomhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais le gach comhaontú maoiniúcháin. Beidh feidhm ag comhaontuithe earnála, i gcás inarb ábhartha, maidir leis na comhaontuithe maoiniúcháin uile a thugtar i gcrích i ndáil leis an réimse beartais nó leis an gclár a chumhdaítear leis an gcomhaontú earnála.

6.   I dteannta na ngnéithe dá bhforáiltear in Airteagal 130 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, leis na comhaontuithe comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais agus, i gcás inarb ábhartha, leis na comhaontuithe earnála, leagfar síos forálacha mionsonraithe, go háirithe, i dtaca leis an méid seo a leanas:

(a)

na struchtúir agus na húdaráis is gá chun bainistíocht, rialú, maoirseacht, faireachán, meastóireacht, tuairisciú agus iniúchóireacht a dhéanamh ar chúnamh IPA III, mar aon lena bhfeidhmeanna agus lena bhfreagrachtaí;

(b)

na coinníollacha agus ceanglais rialaithe le haghaidh bhunú na struchtúr agus na n-údarás riachtanach ag an tairbhí IPA III chun go bhféadfar na cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid i dtaca le cúnamh IPA III a chur ar a iontaoibh;

(c)

rialacha maidir le cánacha, dleachtanna agus muirir i gcomhréir le hAirteagal 27(9) agus (10) de Rialachán (AE) 2021/947;

(d)

ceanglais le haghaidh íocaíochtaí, scrúdú agus glacadh cuntas agus nósanna imeachta ceartuithe airgeadais, saoradh cistí neamhúsáidte agus dúnadh na gclár.

Airteagal 6

Tuairisciú

Faoin 15 Feabhra den bhliain airgeadais dár gcionn, soláthróidh an Comhordaitheoir Náisiúnta IPA tuarascáil bliantúil don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an chúnaimh airgeadais faoi IPA III. Leagfar amach ceanglais tuairiscithe eile sa chomhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais.

Airteagal 7

An coiste faireacháin IPA

1.   Beidh an coiste faireacháin IPA i bhfeidhm ag an gCoimisiún agus ag an tairbhí IPA III tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chéad chomhaontaithe mhaoiniúcháin. Comhlíonfaidh an coiste sin freagrachtaí an choiste faireacháin IPA faoi Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle (5) agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

2.   Déanfaidh an coiste faireacháin IPA athbhreithniú ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, cáilíocht, comhleanúnachas, comhordú agus comhlíonadh foriomlán chur chun feidhme gach gníomhaíochta chun na torthaí a leagtar amach sna comhaontuithe maoiniúcháin agus i gcreat clársceidealaithe IPA III a bhaint amach. Chun na críche sin, beidh mar bhonn aige, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis a sholáthraíonn coistí faireacháin earnála dá dtagraítear in Airteagal 10 agus struchtúir eile comhordaithe lárnaigh de chuid tairbhí IPA III.

3.   Sa choiste faireacháin IPA beidh ionadaithe ón gCoimisiún, ón gComhordaitheoir Náisiúnta IPA agus ó údaráis agus comhlachtaí ábhartha eile de chuid an tairbhí IPA III agus, i gcás inarb ábhartha, ó dheontóirí déthaobhacha, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus ó pháirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí ón earnáil phríobháideach.

4.   Déanfaidh ionadaí den Choimisiún agus ionadaí den Chomhordaitheoir Náisiúnta IPA comhchathaoirleacht ar chruinnithe an choiste faireacháin IPA.

5.   Glacfaidh an coiste faireacháin IPA a rialacha nós imeachta.

6.   Tiocfaidh an coiste faireacháin IPA le chéile uair sa bhliain ar a laghad. Féadfar cruinnithe ad hoc a ghairm ar thionscnamh an Choimisiúin nó an tairbhí IPA III, go háirithe ar bhonn téamach.

TEIDEAL II

BAINISTÍOCHT INDÍREACH AG TAIRBHITHE IPA III

Airteagal 8

Struchtúir agus údaráis

1.   I gcás bainistíocht indíreach ag an tairbhí IPA III, bunóidh an tairbhí IPA III na struchtúir agus na húdaráis seo a leanas:

(a)

an Comhordaitheoir Náisiúnta IPA;

(b)

an tOifigeach Údarúcháin Náisiúnta;

(c)

an Struchtúr Bainistíochta a bheidh comhdhéanta d’Oifig Tacaíochta an Oifigigh Údarúcháin Náisiúnta agus an Comhlacht Cuntasaíochta;

(d)

na hÚdaráis Bhainistíochta agus na Comhlachtaí Idirmheánacha;

(e)

an tÚdarás Iniúchóireachta.

2.   Saineofar róil agus freagrachtaí na struchtúr dá dtagraítear i mír 1 sa chomhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais.

3.   Áiritheoidh an tairbhí IPA III go ndéanfar na dualgais a scaradh go leordhóthanach idir na struchtúir agus na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 agus laistigh díobh sin.

Airteagal 9

Bainistíocht indíreach le tairbhí IPA III

1.   Féadfaidh an Coimisiún cúnamh IPA III a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach le tairbhí IPA III trí chomhaontú maoiniúcháin a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagail 154 agus 158 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

2.   Sula síneoidh an Coimisiún comhaontú maoiniúcháin, baileoidh sé fianaise ina léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 154(4), an chéad fhomhír, pointí (a) go (f) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Áiritheoidh an Coimisiún, freisin, gur bunaíodh na struchtúir agus na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo.

3.   Déanfaidh an tOifigeach Údarúcháin Náisiúnta faireachán ar chomhlíonadh leanúnach na gceanglas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ag na struchtúir agus na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 8. I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais sin, cuirfidh an tOifigeach Údarúcháin Náisiúnta an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach, agus déanfaidh sé gach beart cosanta iomchuí maidir le híocaíochtaí a rinneadh nó conarthaí a síníodh.

4.   Maidir le cláir ilbhliantúla a chumhdaítear le comhaontú maoiniúcháin agus lena mbaintear úsáid as forálacha d’Airteagal 30(3), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2021/947, cuirfear iad chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach le tairbhithe IPA III. Maidir le cinntí lena nglacfar pleananna gníomhaíochtaí ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2021/947, áireofar iontu liosta táscach de mhórthionscadail. Cuirfidh an Coimisiún Airteagal 30(3), an dara agus an tríú fomhír de Rialachán (AE) 2021/947 i bhfeidhm, mura sonraítear spriocdháta níos luaithe maidir leis an saoradh uathoibríoch i gcomhaontú earnála nó maoiniúcháin.

5.   Laghdófar an méid lena mbaineann an saoradh dá dtagraítear i mír 4 leis na méideanna atá coibhéiseach leis an gcuid sin den ghealltanas buiséadach a bhfuil feidhm ag ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an gníomhaíocht ar fionraí de thoradh imeachtaí dlíthiúla nó trí achomharc riaracháin a bhfuil éifeacht fionraíochta aige;

(b)

ní rabhthas in ann iarratas ar íocaíocht a dhéanamh ar chúiseanna force majeure a imríonn tionchar tromchúiseach ar chur chun feidhme an chláir ina iomláine nó i bpáirt.

Maidir leis an tairbhí IPA III a mhaíonn go raibh force majeure ann, léireoidh sé tionchar díreach an force majeure ar chur chun feidhme an chláir ina iomláine nó i bpáirt.

6.   Cuirfidh an tairbhí IPA III faisnéis chuig an gCoimisiún faoi na coinníollacha dá dtagraítear i mír 5, pointí (a) agus (b) den Airteagal seo sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 6.

Airteagal 10

Coistí faireacháin earnála

1.   Beidh coistí faireacháin earnála IPA i bhfeidhm ag an tairbhí IPA III chun faireachán a dhéanamh ar chláir bhliantúla agus ilbhliantúla a chuireann an tairbhí IPA III chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach, ar cláir iad a mhaoinítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006, Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 agus Rialachán (AE) 2021/1529 in earnáil shonrach. Beidh coistí den sórt sin i bhfeidhm tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chéad chomhaontaithe maoiniúcháin san earnáil sin.

2.   I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, i gcás cláir bhliantúla a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach, féadfar an oibleagáid i ndáil le coiste faireacháin earnála IPA a bheith i bhfeidhm a tharscaoileadh sa chomhaontú maoiniúcháin.

3.   I gcás inar bunaíodh coiste faireacháin earnála, de bhreis ar na cláir ilbhliantúla a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach, féadfaidh an coiste sin faireachán a dhéanamh ar chláir bhliantúla eile a mhaoinítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006, Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 agus Rialachán (AE) 2021/1529 agus a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach san earnáil shonrach chéanna.

4.   Maidir le cláir um chomhar trasteorann, comhlíonfaidh an Comhchoiste Faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 18 feidhmeanna an choiste faireacháin earnála IPA.

5.   Déanfaidh gach coiste faireacháin earnála IPA faireachán ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cur chun feidhme an chláir. Déanfaidh sé athbhreithniú ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, cáilíocht, comhleanúnachas, comhordú agus comhlíonadh chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sa chlár agus ar chomhsheasmhacht na ngníomhaíochtaí sin leis na straitéisí ábhartha.

6.   Glacfaidh gach coiste faireacháin earnála IPA a rialacha nós imeachta.

7.   Sa choiste faireacháin earnála maidir le IPA beidh ionadaithe ó údaráis agus comhlachtaí náisiúnta ábhartha an tairbhí IPA III, ó pháirtithe leasmhara eile amhail páirtithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus an tsochaí shibhialta. Beidh an Coimisiún rannpháirteach in obair an choiste. Déanfaidh ionadaí sinsearach den tairbhí IPA III cathaoirleacht ar chruinnithe an choiste faireacháin earnála IPA. Ag brath ar an réimse beartais nó ar an gclár, féadfaidh an Coimisiún comhchathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe an choiste.

8.   Tiocfaidh na coistí faireacháin earnála IPA le chéile faoi dhó gach dhá mhí dhéag.

Airteagal 11

Meastóireachtaí ag an tairbhí IPA III i gcás bhainistíocht indíreach

1.   Maidir leis an tairbhí IPA III a chuireann cúnamh IPA III faoi bhainistíocht indíreach chun feidhme, beidh sé freagrach as meastóireachtaí a dhéanamh ar na cláir a bhainistíonn sé, i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/947 agus leis na treoirlínte is infheidhme ón gCoimisiún.

2.   I gcomhairle leis an gCoimisiún, tarraingeoidh an tairbhí IPA III plean meastóireachta suas ina léirítear na gníomhaíochtaí meastóireachta a bheidh le déanamh.

Airteagal 12

Ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún

1.   Chun a áirithiú gur úsáideadh an cúnamh IPA III i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, cuirfidh an Coimisiún sásraí ceartúcháin airgeadais i bhfeidhm.

2.   Féadfaidh ceartúchán airgeadais eascairt as aon cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a)

aon earráid, neamhrialtacht nó calaois a shainaithnítear;

(b)

laige nó easnamh a shainaithnítear i gcórais bhainistíochta agus rialaithe an tairbhí IPA III;

(c)

mainneachtain maidir le baint amach na dtorthaí agus/nó inbhuanaitheacht na gníomhaíochta a áirithiú, nó an dá rud;

(d)

bearta leantacha ón gCoimisiún maidir leis na tuarascálacha ar an ngníomhaíocht iniúchóireachta. agus tuairimí an údaráis iniúchóireachta.

3.   Maidir le caiteachas faoi na cláir a chumhdaítear faoi IPA III, má chinneann an Coimisiún gur tabhaíodh agus gur íocadh an caiteachas sin ar bhealach a sháraíonn na rialacha is infheidhme, cinnfidh sé na méideanna atá le heisiamh ó mhaoiniú an Aontais.

4.   Déanfar ceartúcháin airgeadais le cúiteamh de réir mar is iomchuí, sna cásanna dá dtagraítear i mír 2.

5.   Cuirfidh an Coimisiún na ceartúcháin airgeadais i bhfeidhm ar bhonn na méideanna a caitheadh go míchuí agus na himpleachtaí airgeadais don bhuiséad a shainaithint. I gcás nach féidir na méideanna sin a shainaithint go beacht chun ceartúcháin aonair a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún ceartúcháin ar ráta comhréidh nó ceartúcháin bunaithe ar eachtarshuíomh na dtorthaí a chur i bhfeidhm. Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh méid ceartúcháin, cuirfidh an Coimisiún cineál agus tromchúis agus/nó méid agus impleachtaí airgeadais aon cháis dá dtagraítear i mír 2 san áireamh.

Airteagal 13

Cuntais a scrúdú agus a ghlacadh

An nós imeachta maidir le cuntais a iniúchadh agus a ghlacadh, a shonraítear sa chomhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais, nó sa chomhaontú earnála i gcás inarb infheidhme, tríd an nós imeachta sin a chur i bhfeidhm, deimhneoidh an Coimisiún dó féin go bhfuil na cuntais iomlán, cruinn agus fíor.

TEIDEAL III

COMHAR TRASTEORANN IDIR THAIRBHITHE IPA III

Airteagal 14

Tosaíochtaí téamacha agus cómhaoiniú

1.   Is iad na tosaíochtaí a shainítear in Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) 2021/1529 na tosaíochtaí téamacha a bheidh ag cúnamh IPA III le haghaidh comhar trasteorann.

2.   Ní bheidh ráta cómhaoinithe an Aontais ar leibhéal gach tosaíochta téamaí os cionn 85 % de chaiteachas incháilithe cláir comhair trasteorann.

Airteagal 15

Cúnamh teicniúil

1.   Beidh leithdháileadh buiséid sonrach le haghaidh tacaíocht cúnaimh theicniúil san áireamh i ngach clár um chomhar trasteorann, leithdháileadh a bheidh teoranta do 10 % de ranníocaíocht an Aontais don chlár um chomhar trasteorann.

Le cúnamh teicniúil féadfar tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faireacháin, meastóireachta, faisnéise, cumarsáide, líonraithe, réitithe díospóidí, rialaithe agus iniúchóireachta a bhaineann le cur chun feidhme an chláir mar aon le gníomhaíochtaí chun an inniúlacht riaracháin a threisiú maidir leis an gclár a chur chun feidhme. Leis an gcúnamh teicniúil féadfar tacaíocht a thabhairt go háirithe do mhaoiniú na hArdrúnaíochta Comhpháirtí Teicniúla, do ghníomhaíochtaí chun an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú, lena n-áirítear córais malartaithe sonraí leictreonacha, agus gníomhaíochtaí chun daingniú a dhéanamh ar inniúlacht na n-údarás sna tíortha rannpháirteacha agus na dtairbhithe chun cúnamh IPA III a bhainistiú agus gníomhaíochtaí chun malartú dea-chleachtas eatarthu a dhaingniú.

2.   Féadfaidh baint a bheith ag tacaíocht cúnaimh theicniúil le tréimhsí clársceidealaithe roimhe sin agus ina dhiaidh sin.

Airteagal 16

Clársceidealú agus roghnú oibríochtaí

1.   Tarraingeofar cláir um chomhar trasteorann suas i gcomhréir leis an gclár samhla a sholáthraíonn an Coimisiún agus ullmhóidh tairbhithe rannpháirteacha IPA III iad i gcomhpháirt agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin trí mheán leictreonach iad. Comhaontóidh tairbhithe rannpháirteacha IPA III agus an Coimisiún liosta na réigiún incháilithe, liosta a áireofar sa chlár um chomhar trasteorann ábhartha.

2.   Beidh tionchair shoiléire agus buntáistí trasteorann soiléire mar thoradh ar oibríochtaí a roghnaítear faoi chlár um chomhar trasteorann.

3.   Roghnóidh an t-údarás conarthach oibríochtaí faoi chláir um chomhar trasteorann trí ghlaonna ar thograí lena gcumhdaítear an limistéar incháilithe iomlán.

4.   Féadfaidh tairbhithe rannpháirteacha IPA III oibríochtaí a shainaithint lasmuigh de ghlao ar thograí freisin. Sa chás sin, luafar na hoibríochtaí go sonrach sa chlár um chomhar trasteorann dá dtagraítear i mír 1.

5.   Beidh tairbhithe ó bheirt tairbhithe rannpháirteacha IPA III ar a laghad páirteach sna hoibríochtaí a roghnaítear le haghaidh comhar trasteorann. Comhoibreoidh tairbhithe i bhforbairt agus cur chun feidhme oibríochtaí. Ina theannta sin, comhoibreoidh siad chun baill foirne a sholáthar d’oibríochtaí, oibríochtaí a mhaoiniú nó an dá rud.

6.   Féadfar oibríocht a chur chun feidhme i dtairbhí aonair IPA III, ar choinníoll go sainaithneofar tionchair agus buntáistí trasteorann.

Airteagal 17

Tairbhithe

1.   Beidh na tairbhithe bunaithe i gcríoch tairbhí IPA III atá rannpháirteach sa chlár.

2.   Ceapfaidh na tairbhithe ceann díobh ina phríomhthairbhí. Áiritheoidh an príomhthairbhí cur chun feidhme na hoibríochta iomláine, déanfaidh sé faireachán lena áirithiú go gcuirtear an oibríocht chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa chonradh agus leagfaidh sé síos na socruithe le tairbhithe eile chun bainistíocht fhónta airgeadais na gcistí a leithdháiltear ar an oibríocht a ráthú, lena n-áirítear na socruithe chun méideanna a íocadh go míchuí a aisghnóthú.

Airteagal 18

Struchtúir agus údaráis

1.   Beidh na struchtúir seo a leanas páirteach i mbainistiú na gclár um chomhar trasteorann i gcríocha na dtairbhithe IPA III:

(a)

na Comhordaitheoirí Náisiúnta IPA de thairbhithe IPA III atá rannpháirteach sa chlár um chomhar trasteorann, atá freagrach go comhpháirteach as a áirithiú go bhfuil na cuspóirí a leagtar amach sna cláir um chomhar trasteorann atá beartaithe comhsheasmhach leis na cuspóirí i gcreat clársceidealaithe IPA III;

(b)

an tOifigeach Údarúcháin Náisiúnta agus Struchtúr Bainistíochta phríomhthairbhí IPA III, dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (c), nuair a chuirtear an clár trasteorann chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach;

(c)

na struchtúir um chomhar trasteorann de thairbhithe rannpháirteacha uile IPA a chomhoibreoidh go dlúth i gclársceidealú agus cur chun feidhme an chláir ábhartha um chomhar trasteorann. I gcás bainistíocht indíreach, déanfaidh an struchtúr um chomhar trasteorann de phríomhthairbhí IPA III cúraimí an Údaráis Bhainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (d). Ainmneoidh an tÚdarás Bainistíochta comhlachtaí idirmheánacha;

(d)

an tÚdarás Iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) pointe (e) nuair a chuirtear an clár trasteorann chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach leis an tairbhí IPA III. I gcás nach bhfuil an t-údarú ag an tÚdarás Iniúchóireachta a fheidhmeanna a chomhlíonadh sa chríoch iomlán a chumhdaítear le clár um chomhar trasteorann, gheobhaidh sé cúnamh ó ghrúpa iniúchóirí ina mbeidh ionadaí ó gach tír atá rannpháirteach sa chlár um chomhar trasteorann.

2.   Sa chomhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais, déanfar sainiú breise ar róil agus freagrachtaí na struchtúr dá dtagraítear i mír 1.

3.   Le haghaidh gach clár um chomhar trasteorann, bunóidh tairbhithe rannpháirteacha IPA III Comhchoiste Faireacháin (“CCF”) a chomhlíonfaidh ról an choiste faireacháin earnála dá dtagraítear in Airteagal 10 freisin.

4.   Cuirfear Ardrúnaíocht Chomhpháirteach Theicniúil (“ACT”) ar bun chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do struchtúir agus údaráis eile, lena n-áirítear CCF, chomh maith. Féadfaidh an ACT céanna cúnamh a thabhairt in ullmhú agus i gcur chun feidhme níos mó ná clár um chomhar trasteorann amháin.

5.   I gcás bainistíocht indíreach ag tairbhí IPA III, cuirfidh tairbhithe rannpháirteacha IPA III socrú déthaobhach nó iltaobhach i gcrích lena leagtar amach a bhfreagrachtaí faoi seach chun an clár ábhartha um chomhar trasteorann a chur chun feidhme. Déanfar na ceanglais íosta le haghaidh socrú den sórt sin a shainiú sa chomhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais.

Airteagal 19

Forálacha ginearálta maoinithe

Cuirfear cláir um chomhar trasteorann faoi IPA III chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach, trí chláir ilbhliantúla.

TEIDEAL IV

TALMHAÍOCHT AGUS FORBAIRT TUAITHE

Airteagal 20

Forálacha sonracha maidir le cúnamh forbartha tuaithe

1.   Beidh cúnamh forbartha tuaithe faoi réir clár ilbhliantúla, ar plean gníomhaíochta ilbhliantúil i gcomhréir le hAirteagail 23 agus 24 de Rialachán (AE) 2021/947 é, a bheidh le tarraingt suas ar an leibhéal lárnach, a ullmhóidh na húdaráis ábhartha arna n-ainmniú ag an tairbhí IPA III agus a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara iomchuí.

2.   Cuirfidh tairbhithe IPA III cláir forbartha tuaithe chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), pointe (c) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus cumasóidh siad maoiniú cineálacha roghnaithe gníomhaíochtaí mar a mhaoinítear faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.

3.   Le haghaidh cláir forbartha tuaithe, is éard a bheidh sna struchtúir dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (d) an Ghníomhaireacht Forbartha Tuaithe IPA agus an tÚdarás Bainistíochta Forbartha Tuaithe IPA, a oibreoidh i ndlúthchomhar.

4.   Agus sciar an chaiteachais phoiblí á chinneadh mar chéatadán de chostas incháilithe iomlán na hinfheistíochta, níor cheart cabhair náisiúnta a chur san áireamh chun rochtain a éascú ar iasachtaí a dheonaítear gan aon ranníocaíocht ón Aontas dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2021/1529.

5.   Beidh tionscadail infheistíochta faoi chláir forbartha tuaithe fós incháilithe le haghaidh maoinithe ón Aontas ar choinníoll nach ndéantar modhnú substaintiúil orthu laistigh de 5 bliana ón íocaíocht deiridh.

6.   Le haghaidh cláir forbartha tuaithe, is é an coiste faireacháin earnála um fhorbairt tuaithe IPA a bheidh sa choiste faireacháin earnála dá dtagraítear in Airteagal 10.

TEIDEAL V

FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 330, 20.9.2021, lch. 1

(2)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh (IO L 231, 30.6.2021, lch. 94).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 an 17 Iúil 2006 ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) (IO L 210, 31.7.2006, lch. 82).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) (IO L 77, 15.3.2014, lch. 11).