15.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 448/58


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2230 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Nollaig 2021

lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte trí allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe a choinsínítear ón Tuirc, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear, agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (“an bun-Rialachán”) (1), agus go háirithe Airteagal 13(3) agus 14(5) de,

Tar éis dóibh na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

A.   IARRAIDH

(1)

Fuair an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) iarraidh de bhun Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, chun imscrúdú a dhéanamh ar imchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairiú fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte agus chun allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe a choinsínítear ón Tuirc, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear, a chur faoi réir a gcláraithe.

(2)

Chuir TECH-FAB Europe e.V an iarraidh isteach an 3 Samhain 2021.

B.   TÁIRGE

(3)

Is é an táirge a bhaineann leis an imchéimniú féideartha fabraicí de chaisirníní snáithíní gloine filiméadaí leanúnaí fite agus/nó fuaite agus/nó snáthanna a bhfuil eilimintí eile iontu nó nach bhfuil, gan táirgí atá tuilithe nó réamhthuilithe (réamhthuilithe) a áireamh, agus gan fabraicí mogaill oscailte a áireamh le cealla oscailte nach faide ná 8 mm ná nach leithne ná 1,8 mm araon agus a bhfuil meáchan níos mó ná 35 g/m2 iontu, arna n-aicmiú ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún (2) faoi chóid AC ex 7019 39 00, ex 7019 40 00, ex 7019 59 00 agus ex 7019 90 00 (cóid TARIC 7019390080, 7019400080, 7019590080 agus 7019900080) agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (“an táirge lena mbaineann”). Is é sin an táirge a bhfuil feidhm ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ina leith.

(4)

Is ionann an táirge atá faoi imscrúdú agus an táirge a shainmhínítear san aithris roimhe seo, táirge a luaitear faoi láthair faoi chóid AC ex 7019 39 00, ex 7019 40 00, ex 7019 59 00 agus ex 7019 90 00, ach a choinsínítear ón Tuirc, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear (cóid TARIC 7019390083, 7019400083, 7019590083 agus 7019900083) (“an táirge atá faoi imscrúdú”).

C.   BEARTA ATÁ ANN CHEANA

(5)

Na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair agus a bhféadfadh sé go bhfuiltear á n-imchéimniú, is bearta frithdhumpála iad a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha maidir le hallmhairiú fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (“na bearta atá ann cheana”) (3).

D.   FORAIS

(6)

Is éard atá san iarraidh fianaise leordhóthanach go bhfuil na bearta frithdhumpála atá ann cheana maidir le hallmhairiú an táirge lena mbaineann á n-imchéimniú trí allmhairiú an táirge atá faoi imscrúdú.

(7)

Léiríonn an fhianaise san iarraidh an méid seo a leanas:

(8)

Tháinig athrú ar phatrún na trádála a bhaineann le honnmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Éigipt agus ón Tuirc go dtí an tAontas i ndiaidh bearta a fhorchur ar an táirge lena mbaineann.

(9)

Is cosúil go n-eascraíonn an t-athrú sin ó choinsíneacht an táirge lena mbaineann tríd an Tuirc go dtí an tAontas i ndiaidh oibríochtaí cóimeála a rinneadh sa Tuirc. Léiríonn an fhianaise gurb ionann oibríochtaí cóimeála den sórt sin agus imchéimniú mar is ón uair a tionscnaíodh an t-imscrúdú frithdhumpála, nó díreach roimhe sin, a cuireadh tús leis na hoibríochtaí sin nó a méadaíodh go suntasach iad. Thairis sin, tá fianaise leordhóthanach san iarraidh a léiríonn gurb ionann na codanna ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Éigipt agus 60 % nó níos mó de luach iomlán an táirge tar éis a chóimeáilte, agus is luach níos lú ná 25 % den chostas monaraithe an luach a tógadh isteach sna codanna le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe.

(10)

Ina theannta sin, tugann an fhianaise le fios go mbaineann an cleachtas thuasluaite an bonn d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithdhumpála atá ann cheana ar an táirge lena mbaineann ó thaobh cainníochta agus praghsanna de. Is cosúil gur tháinig líon suntasach allmhairí den táirge atá faoi imscrúdú isteach i margadh an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, tá fianaise leordhóthanach ann gur ar phraghsanna díobhálacha a dhéantar allmhairiú an táirge atá faoi imscrúdú.

(11)

Ar deireadh, tugann an fhianaise le fios gur ag praghsanna dumpáilte atá an táirge atá faoi imscrúdú á dhéanamh, le hais an ghnáthluacha a socraíodh roimhe sin don táirge lena mbaineann.

(12)

Má aithnítear san imscrúdú cleachtais imchéimnithe eile a chumhdaítear le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán, seachas na cinn thuasluaite, féadfaidh an t-imscrúdú na cleachtais sin a chumhdach freisin.

E.   NÓS IMEACHTA

(13)

I bhfianaise an mhéid sin thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil go leor fianaise ann chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán agus chun allmhairiú an táirge atá faoi imscrúdú a chur faoi réir a chláraithe, i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán.

(14)

Chun an fhaisnéis is gá a fháil don imscrúdú sin, ba cheart do gach páirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach, ach tráth nach déanaí ná an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo. Tá feidhm ag an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo maidir leis na páirtithe leasmhara uile. Más iomchuí, féadfar faisnéis a lorg ar thionscal an Aontais chomh maith.

(15)

Tabharfar fógra d’údaráis na Tuirce, d’údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne agus d’údaráis na hÉigipte gur tionscnaíodh an t-imscrúdú.

(a)   Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlíonta agus comhfhreagras a sheoladh

(16)

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipchirt. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchirt tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear a) don Choimisiún an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críche an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gceart chun cosanta a fheidhmiú.

(17)

Cuirfear an lipéad ‘Íogair (4)’ ar gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar sa Rialachán seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras atá curtha ar fáil ag na páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo. Páirtithe a thíolacann faisnéis le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu cúis a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfí i modh rúin leo.

(18)

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘Íogaire’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2016/1036, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad ‘Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara’. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a tíolacadh faoi rún a thuiscint go réasúnta.

(19)

Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thaispeáint le hiarraidh gur i modh rúin a gcaithfí leo nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus sa cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

(20)

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear cumhachtaí aturnae agus bileoga deimhniúcháin scanta.

Chun rochtain a fháil ar TRON.tdi, tá cuntas EU Login ag teastáil ó pháirtithe leasmhara. Tá treoracha iomlána maidir le conas clárú agus conas TRON.tdi a úsáid ar fáil ar https://webgate.ec.europa.eu/tron/resources/documents/gettingStarted.pdf.

Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad “COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA”, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2011/june/tradoc_148003.pdf.

Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir teileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil, agus gur seoladh é a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí ríomhphost, seachas i gcás ina n-iarrfaidh siad go soiléir na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura rud é gur gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí ríomhphost, ba cheart do na páirtithe leasmhara na treoracha cumarsáide a cheadú leis na páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Stiúrthóireacht G

Oifig: CHAR 04/039

1049 An Bhruiséil

BELGIQUE/BELGIË/AN BHEILG

TRON.tdi: https://webgate.ec.europa.eu/tron/tdi

R-phost: TRADE-GFFTU-AC@ec.europa.eu

(b)   Faisnéis a bhailiú agus éisteachtaí a thionól

(21)

Iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí agus aon chomhlachas ábhartha a dtuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil, ar choinníoll go ndéantar na haighneachtaí sin faoin spriocdháta dá bhforáiltear in Airteagal 3(2). Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún éisteacht le páirtithe leasmhara, ar choinníoll go ndéanfaidh siad iarraidh i scríbhinn agus go gcuirfidh siad in iúl go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht a thabhairt dóibh.

(c)   Iarrataí ar dhíolúintí

(22)

I gcomhréir le hAirteagal 13(4) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú a dhíolmhú ó bhearta mura bhfuil imchéimniú i gceist maidir leis an allmhairiú.

(23)

Ós rud é gur lasmuigh den Aontas a tharlaíonn an t-imchéimniú féideartha, féadfar díolúintí a dheonú, i gcomhréir le hAirteagal 13(4) den bhun-Rialachán, do tháirgeoirí an táirge atá faoi imscrúdú sa Tuirc, táirgeoirí a léiríonn nach bhfuil siad páirteach sna cleachtais imchéimnithe mar a shainmhínítear in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán. Táirgeoirí ar mian leo díolúine a fháil, más ann dá leithéid, ba cheart dóibh iad féin a chur i láthair laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo. Tá cóipeanna den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairithe i nDaon-Phoblacht na Síne agus san Éigipt, is é sin an fhoirm cheistneora éilimh dhíolúine le haghaidh táirgeoirí onnmhairithe sa Tuirc agus ceistneoirí d’allmhaireoirí san Aontas, ar fáil sa chomhad atá le himscrúdú ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2571. Ní mór na ceistneoirí a thíolacadh laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

F.   CLÁRÚCHÁN

(24)

De bhun Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, má léiríonn toradh an imscrúdaithe go raibh imchéimniú á dhéanamh, cuirfear allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú faoi réir a gcláraithe d’fhonn a áirithiú gur féidir dleachtanna frithdhumpála de mhéid iomchuí a ghearradh, méid nach mó ná dleacht ‘gach cuideachta eile’ arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 i leith Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte faoi seach, ón dáta ar a forchuireadh clárú na n-allmhairí sin.

G.   TEORAINNEACHA AMA

(25)

Ar mhaithe le dea-riarachán, ba cheart teorainneacha ama a lua:

gur féidir leis na páirtithe leasmhara iad féin a chur i láthair don Choimisiún lena linn, ceistneoirí a thíolacadh, a dtuairimí a chur in iúl i scríbhinn nó aon fhaisnéis eile a bheidh le cur san áireamh le linn an imscrúdaithe,

gur féidir le táirgeoirí sa Tuirc díolúintí a iarraidh ó bhearta lena linn,

gur féidir le páirtithe leasmhara iarraidh i scríbhinn a dhéanamh lena linn chun éisteacht a fháil ón gCoimisiún.

(26)

Tugtar chun suntais dá bhrí sin go bhfuil feidhmiú na gceart nós imeachta a leagtar amach sa bhun-Rialachán ag brath ar pháirtithe a chuirfidh iad féin i láthair laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán seo.

H.   NEAMH-CHOMHOIBRIÚ

(27)

Má dhiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí dearfacha nó diúltacha a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(28)

I gcás inar léir gur chuir páirtí leasmhar faisnéis ar fáil a bhí bréagach nó míthreorach, déanfar neamhaird den fhaisnéis agus úsáidfear na fíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(29)

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má bhíonn na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh dá ndéanadh sé comhoibriú.

I.   SCEIDEAL AN IMSCRÚDAITHE

(30)

Tabharfar an t-imscrúdú i gcrích, de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, laistigh de 9 mí ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

J.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(31)

Tugtar faoi deara gur i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chaithfear le sonraí pearsanta a bhaileofar san imscrúdú seo (5).

(32)

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine aonair ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: http://ec.europa.eu/trade/policy/accessing-markets/trade-defence/.

K.   OIFIGEACH ÉISTEACHTA

(33)

Féadfaidh na páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh i gcomhair imeachtaí trádála. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe faoi mar a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an imeachta.

(34)

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí/na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú go hiomlán. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

(35)

Ní mór aon iarraidh a thíolacadh in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do na páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais arb é is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina dtíolactar iarrataí éisteachta lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú freisin ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a tarraingíodh anuas agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.

(36)

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://ec.europa.eu/trade/trade-policy-and-you/contacts/hearing-officer/.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tionscnaítear imscrúdú de bhun Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2016/1036, chun a chinneadh i gcás allmhairí d’fhabraicí de chaisirníní snáithíní gloine filiméadaí leanúnaí fite agus/nó fuaite agus/nó snáthanna a bhfuil eilimintí eile iontu nó nach bhfuil, gan táirgí atá tuilithe nó réamhthuilithe (réamhthuilithe) a áireamh, agus gan fabraicí mogaill oscailte a áireamh le cealla oscailte nach faide ná 1,8 mm ná nach leithne ná 1,8 mm araon agus a bhfuil meáchan is mó ná 35 g/m2 iontu, arna n-aicmiú faoi láthair faoi chóid AC ex 7019 39 00, ex 7019 40 00, ex 7019 59 00 agus ex 7019 90 00, a choinsínítear ón Tuirc, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear (cóid TARIC 7019390083, 7019400083, 7019590083 agus 7019900083), má tá na hallmhairí sin ag dul timpeall bearta arna bhforchur le Rialachán Cur chun feidhme (AE) 2020/492.

Airteagal 2

1.   De bhun Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, glacfaidh údaráis chustaim na mBallstát na céimeanna iomchuí chun na hallmhairí atá sainaitheanta in Airteagal 1 den Rialachán seo a chlárú.

2.   Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

1.   Ní mór do na páirtithe leasmhara scéala a thabhairt don Choimisiún le hiad féin a chur i láthair laistigh de 15 lá ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

2.   Chun a n-uiríll a chur san áireamh le linn an imscrúdaithe, ní mór do na páirtithe leasmhara a dtuairim a chur in iúl i scríbhinn agus freagraí ceistneora, iarrataí ar dhíolúintí, nó aon fhaisnéis eile a thíolacadh laistigh de 37 lá ón dáta a fhoilseofar an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ach amháin má shonraítear a mhalairt.

3.   Féadfaidh na páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh freisin ar éisteacht a fháil os comhair an Choimisiúin laistigh den teorainn ama chéanna de 37 lá. Maidir le héisteachtaí a bhaineann le céim thionscnaimh an imscrúdaithe, ní mór an iarraidh a thíolacadh laistigh de 15 lá ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Maidir le hiarraidh ar éisteacht a fháil, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna cinntitheacha frithdhumpála ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO L 108, 6.4.2020, lch. 1).

(3)  IO L 108, 6.4.2020, lch. 1.

(4)  Is doiciméad ‘Íogair’ doiciméad a meastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.