15.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 448/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2222 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Meán Fómhair 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha mionsonraithe maidir le hoibriú an lárstórais um thuairisciú agus staidreamh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (1), agus go háirithe Airteagal 39(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/818, in éineacht le Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaítear creat chun idir-inoibritheacht a áirithiú idir na córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha, na víosaí, an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce.

(2)

Cuimsíonn an creat sin roinnt comhchodanna agus uirlisí a thacaíonn leis an idir-inoibritheacht, lena n-áirítear lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (“an lárstóras”). Is éard a stóráiltear sa lárstóras, sonraí i ndíth ainm a asbhaineadh as na córais faisnéise AE fholuiteacha, an tseirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha, an stóras coiteann sonraí céannachta, agus an brathadóir ilchéannachtaí, ar mhaithe le tuairisciú staidrimh traschórais a sholáthar chun críoch beartais, oibriúcháin agus cáilíochta sonraí.

(3)

Tá bunú, cur chun feidhme agus óstáil an lárstórais mar aon lena bhainistiú oibríochtúil faoi chúram na Gníomhaireachta Eorpaí chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (“eu-LISA”).

(4)

Ionas gur féidir leis an lárstóras sonraí staidrimh traschórais a sholáthar, is gá rialacha mionsonraithe maidir lena oibriú a leagan síos, lena n-áirítear caighdeáin shonracha maidir le próiseáil sonraí pearsanta, agus rialacha slándála.

(5)

Chun go mbeidh sé dodhéanta daoine aonair a shainaithint ó na sonraí staidrimh sa lárstóras, ba cheart do eu-LISA uirlis anaithnidithe sonraí a fhorbairt mar chuid d’ailtireacht an lárstórais. Próiseas uathoibrithe ba cheart a bheith sa phróiseas anaithnidithe sonraí.

(6)

Níor cheart rochtain a thabhairt ach do bhaill foirne chuí-údaraithe ó na húdaráis inniúla agus ó institiúidí agus gníomhaireachtaí AE, ar rochtain í atá rialaithe agus slán, ionas gur féidir leo na sonraí sa lárstóras a cheadú. Chun na críche sin, ba cheart do eu-LISA uirlis tuairiscithe a fhorbairt mar chuid dá ailtireacht. Níor cheart rochtain dhíreach a bheith ag baill foirne eu-LISA ar aon sonraí pearsanta atá stóráilte sna córais faisnéise AE ná sna comhchodanna idir-inoibritheachta.

(7)

Ionas gur féidir rianú a dhéanamh ar chrosmheaitseáil na gcomhad céannachta laistigh de na córas faisnéise AE comhfhreagracha nó idir na córais sin chun críocha ábhartha an staidrimh, ba cheart don lárstóras uimhir thagartha uathúil a choimeád. Níor cheart é a bheith indéanta an uimhir sin a úsáid chun faisnéis ó na comhaid chéannachta a aisghabháil.

(8)

An réiteach teicniúil a óstálann an lárstóras, ba cheart é a chur chun feidhme ar shuíomh teicniúil eu-LISA agus ar an suíomh cúltaca chun a áirithiú go mbeidh fáil air i gcónaí.

(9)

Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2019/818 le acquis Schengen, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, thug an Danmhairg fógra faoi chur chun feidhme Rialachán (AE) 2019/818 ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an Rialachán seo ina cheangal uirthi.

(10)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu (3). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(11)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (4), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (5).

(12)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (6), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (7).

(13)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (8), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (9).

(14)

A mhéid a bhaineann leis an gCipir, an Bhulgáir, an Rómáin agus an Chróit, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011.

(15)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus thug sé tuairim uaidh an 17 Meitheamh 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “sonraí staidrimh” na sonraí, iad i ndíth ainm, a úsáidtear chun tuarascálacha a sholáthar de bhun Rialachán (AE) 2017/2226 (11), Rialachán (AE) 2018/1240 (12), Rialachán (AE) 2018/1860 (13), Rialachán (AE) 2018/1861 (14), Rialachán (AE) 2018/1862 (15), agus Rialachán (AE) 2019/816 (16) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus chun na críche sin amháin;

(2)

ciallaíonn “tuarascálacha (staidrimh)” bailiúchán eagraithe de shonraí staidrimh, arna chur le chéile ag an lárstóras ar bhealach uathoibrithe de réir tacar rialacha réamhshocraithe agus arna stóráil sa lárstóras;

(3)

ciallaíonn “tuarascálacha in-saincheaptha” tuarascálacha staidrimh a asbhaintear ar bhonn sonraí staidrimh arna stóráil sa lárstóras, i gcomhréir le rialacha sonracha arna gcinneadh ar bhonn ad hoc ag an úsáideoir, agus a stóráiltear sa lárstóras;

(4)

ciallaíonn “sonraí céannachta criticiúla” aon cheann de na sonraí seo a leanas, nó teaglaim díobh, trínar féidir daoine aonair a shainaithint:

(a)

ainm, céadainm, ainm sloinne, ainm teaghlaigh, ainmneacha baiste nó ailias aon duine a bhféadfadh a chuid sonraí a bheith stóráilte in aon chóras faisnéise de chuid an Aontais;

(b)

uimhir an doiciméid taistil;

(c)

seoladh (ainm sráide, uimhir tí);

(d)

uimhir theileafóin, seoladh IP;

(e)

seoltaí ríomhphoist;

(f)

sonraí bithmhéadracha.

Airteagal 2

Faisnéis atá le stóráil sa lárstóras

1.   Na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 39(2) de Rialachán (AE) 2019/818, déanfar iad a chur ar fáil agus a stóráil sa lárstóras i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Déanfar sonraí staidrimh a stóráil sa lárstóras, lena n-áirítear tuarascálacha maidir le húsáid an chórais, ar mhaithe le faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú na gcomhchodanna idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2019/818.

3.   Stórálfar tuarascálacha teicniúla sa lárstóras chun a áirithiú go ndéanfaidh eu-LISA faireachán ar fhorbairt agus ar fheidhmiú na gcomhchodanna idir-inoibritheachta i gcomhréir le hAirteagal 74(1) de Rialachán (AE) 2019/818.

4.   Úsáidfidh an lárstóras uimhir thagartha uathúil lenar féidir rianú a dhéanamh ar chrosmheaitseáil na gcomhad céannachta laistigh de na córais faisnéise AE comhfhreagracha nó idir na córais sin, chun críocha an staidrimh. Ní bheifear in ann an uimhir thagartha sin a úsáid chun na comhaid chéannachta fholuiteacha a aisghabháil.

5.   De thairbhe an lárstórais, beidh na baill foirne chuí-údaraithe ó na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 39(2) de Rialachán (AE) 2019/818 in ann an méid seo a leanas a fháil:

(a)

tuarascálacha de bhun Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2018/1862, ina bhfuil na staitisticí seo a leanas maidir le taifid a choimeádtar i gCóras Faisnéise Schengen:

(i)

staitisticí laethúla, míosúla agus bliantúla a léiríonn líon na dtaifead de réir na catagóire foláirimh le haghaidh gach Ballstáit ar leith agus le haghaidh na mBallstát trí chéile, de bhun Airteagal 74(3) den Rialachán sin;

(ii)

tuarascálacha bliantúla ar an líon amas de réir na catagóire foláirimh, an méid uaireanta a rinneadh Córas Faisnéise Schengen a chuardach agus an méid uaireanta a ndearnadh é a rochtain chun foláireamh a iontráil, a nuashonrú nó a scriosadh, le haghaidh gach Ballstáit ar leith agus le haghaidh na mBallstát trí chéile, de bhun Airteagal 74(3) den Rialachán sin;

(iii)

ach a n-iarrfaidh an Coimisiún sin, tuarascálacha staidrimh breise ar leith, ar bhonn tráthrialta, sin nó ar bhonn ad hoc, maidir le feidhmíocht agus úsáid Chóras Faisnéise Schengen agus maidir le malartú faisnéise forlíontaí, de bhun Airteagal 74(6), an dara fomhír, den Rialachán sin;

(iv)

ach a n-iarrfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sin, tuarascálacha staidrimh breise ar leith, ar bhonn tráthrialta, sin nó ar bhonn ad hoc, chun anailísí riosca agus measúnuithe leochaileachta a dhéanamh, de bhun Airteagal 74(6), an tríú fomhír, den Rialachán sin;

(v)

tuarascálacha agus staitisticí chun críocha na cothabhála teicniúla, an tuairiscithe, an tuairiscithe ar cháilíocht sonraí agus an staidrimh de bhun Airteagal 74(2) den Rialachán sin;

(vi)

tuairiscí ar cháilíocht sonraí i gcomhréir le hAirteagal 15(4) den Rialachán sin.

(b)

tuarascálacha de bhun Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/816 ina bhfuil na staitisticí seo a leanas maidir leis na taifid a choimeádtar sa Chóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Chóiriúla le haghaidh Náisiúnaigh Tríú Tír (ECRIS-TCN) agus sna bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS:

(i)

tuarascálacha in-saincheaptha agus staitisticí maidir le taifeadadh, stóráil agus malartú faisnéise a asbhaintear ó thaifid choiriúla tríd an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla le haghaidh Náisiúnaigh Tríú Tír;

(ii)

tuarascálacha agus staitisticí chun críocha na cothabhála teicniúla, an tuairiscithe ar cháilíocht sonraí agus an staidrimh de bhun Airteagal 32(3) den Rialachán sin.

6.   Sna tuarascálacha teicniúla dá dtagraítear i mír 2, beidh staitisticí maidir le húsáid an chórais, infhaighteacht, teagmhais, acmhainneacht feidhmíochta, cruinneas bithmhéadrach, cáilíocht sonraí, agus i gcás inarb infheidhme, idirbhearta atá ar feitheamh.

7.   Na tuarascálacha gnó a ghineann an lárstóras, beidh siad in-saincheaptha ag an úsáideoir ionas gur féidir na sonraí a scagadh nó a ghrúpáil trí bhíthin uirlis tuairiscithe a chuirfear ar fáil leis an lárstóras.

8.   Cuirfear catalóg de na tuarascálacha ar fáil. Iarrataí ar thuarascálacha nua nó ar thuarascálacha atá ann cheana a athrú, cloífidh siad leis an mbeartas bainistithe athruithe atá ag eu-LISA.

Airteagal 3

An stóras sonraí agus an uirlis tuairiscithe

1.   Úsáidfidh an lárstóras réiteach teicniúil a óstálfaidh sonraí a asbhaineadh as na córais faisnéise AE agus as na comhchodanna idir-inoibritheachta foluiteacha.

2.   Beidh uirlis tuairiscithe ag gabháil leis an réiteach teicniúil a bheidh cumraithe chun na tuarascálacha agus na tuarascálacha in-saincheaptha dá dtagraítear in Airteagal 2 a chruthú, a stóráil agus a rith.

3.   Leis an uirlis tuairiscithe, beidh úsáideoirí in ann tuarascálacha gnó agus tuarascálacha teicniúla a ghiniúint agus a aisghabháil.

4.   De thairbhe na huirlise tuairiscithe, beifear in ann sonraí staidrimh traschórais agus tuairisciú anailíseach a chur ar fáil chun críoch beartais, oibriúcháin agus cáilíochta sonraí i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin i ndlí an Aontais.

5.   Déanfar gach tuarascáil a bhainistiú laistigh den réiteach teicniúil. Na bearta slándála agus sláine is iomchuí, cuirfear chun feidhme sa réiteach teicniúil iad ionas go gcomhlíonfar ceanglais an phlean slándála dá bhforáiltear in Airteagal 42(3) de Rialachán (AE) 2019/818.

6.   Cuirfear an réiteach teicniúil chun feidhme ar shuíomh teicniúil eu-LISA agus ar an suíomh cúltaca.

Airteagal 4

Asbhaint sonraí

Na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 39(2) agus Airteagal 62(1), (2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/818, is cóipeanna inléite amháin de na sonraí sin a gheobhaidh an lárstóras ó chórais faisnéise AE chun na staitisticí agus na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 39 agus Airteagal 62 den Rialachán sin a sholáthar. Gheofar na sonraí go tráthrialta, ar bhonn laethúil ar a laghad, trí bhíthin asbhaint aontreo.

Airteagal 5

Uirlis anaithnidithe sonraí

1.   Na sonraí a asbhaintear ó na córais faisnéise AE agus ó na comhchodanna idir-inoibritheachta foluiteacha, déanfar iad a anaithnidiú trí bhíthin uirlis anaithnidithe sonraí. Ní stórálfar ach sonraí i ndíth ainm sa lárstóras.

2.   Leis an uirlis anaithnidithe sonraí, sainaithneofar sonraí céannachta criticiúla sna córais faisnéise AE agus déanfar iad a anaithnidiú trí bhíthin próiseas uathoibrithe sula stórálfar na sonraí staidrimh sa lárstóras. Is próiseas do-athraithe é an próiseas anaithnidithe sonraí.

Airteagal 6

Rochtain

1.   Ceadófar rochtain do bhaill foirne chuí-údaraithe agus déanfar an rochtain sin a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 74 de Rialachán (AE) 2018/1862, agus Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/816.

2.   Beidh rochtain ag na Ballstáit, ag an gCoimisiún agus ag gníomhaireachtaí an Aontais ar an lárstóras, i gcomhréir lena gcearta rochtana faoi dhlí an Aontais, trí nasc gréasáin slán (TESTA).

3.   An uirlis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo, ní cheadófar rochtain uirthi ach amháin do bhaill foirne chuí-údaraithe ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 39(2) agus Airteagal 62(1) go (5) de Rialachán (AE) 2019/818.

4.   Is trí bhíthin próifílí úsáideora a gheobhaidh na húdaráis inniúla rochtain ar an lárstóras. Coimeádfaidh eu-LISA liosta de na próifílí úsáideora. Féadfaidh roinnt próifílí a bheith ag údarás amháin, ag brath ar a chearta rochtana.

5.   Déanfar rochtain ar an lárstóras a logáil. Áireofar san fhaisnéis a logálfar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

stampa ama;

(b)

an t-údarás;

(c)

an cineál tuarascála lena mbaineann.

6.   Na logaí trínar féidir na húsáideoirí a fhaigheann rochtain ar an lárstóras a shainaithint, is ar an leibhéal náisiúnta a choimeádfar iad, agus coimeádfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, agus Europol iad freisin. Coimeádfaidh eu-LISA logaí maidir le gach oibríocht rochtana. Déanfar na logaí a stóráil sa lárstóras ar feadh bliain amháin agus déanfar iad a léirscriosadh go huathoibríoch ina dhiaidh sin.

7.   Róil laistigh den lárstóras nach bhfuil i gcomhréir lena chéile, déanfar iad a shainaithint agus is i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas a cheadófar an rochtain:

(a)

an prionsabal “ar bhonn riachtanais eolais”;

(b)

prionsabal an údaráis is lú;

(c)

prionsabal dheighilt na ndualgas.

8.   Tuarascálacha a eisítear de bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2018/1862, beidh uirlis ag gabháil leo lenar féidir leis na Ballstáit aiseolas a thabhairt do eu-LISA maidir le ceartú na bhfadhbanna a thagann chun cinn.

Airteagal 7

Próiseálaí sonraí

Chun sonraí pearsanta a anaithnidiú de bhun Airteagal 5, beidh eu-LISA ina phróiseálaí sonraí de réir bhrí Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 8

Gnéithe eile maidir le cosaint sonraí agus slándáil

1.   Is chun críoch an tuairiscithe agus an staidrimh amháin a dhéanfar na sonraí a stóráiltear sa lárstóras a cheadú.

2.   Is é eu-LISA a chuirfidh na bearta slándála is gá chun feidhme ar mhaithe le sláine na sonraí sa lárstóras a áirithiú. Aon athrú a dhéanfar ar na sonraí, beidh sé inrianaithe chun críoch iniúchóireachta.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 135, 22.5.2019, lch. 85.

(2)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

(3)  Ní thagann an Rialachán seo faoi raon feidhme na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(4)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(5)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(6)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(7)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(8)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(9)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a mhéid a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(10)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(11)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).

(12)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Chóras Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lch. 1).

(14)  Rialachán(AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14).

(15)  Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).

(16)  Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).